|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CEAD SCEIDEAL. Aireamh Seirbhise Mileata.) | Ar Aghaidh (TRIU SCEIDEAL. Aireamh an Mheide den Phinsean a cuirfar ar Fionnraoi.) |
ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA, 1924
[EN] | ||
[EN] |
DARA SCEIDEAL. Aireamh Meid an Phinsin. | |
[EN] | Le gach iarratasóir gur tugadh deimhniú seirbhíse mileata amach in thaobh beidh iníoctha— | |
[EN] | (a) i gcás iarratasóra a bhí ag fónamh mar shaighdiúir no mar oifigeach nea-choimisiúnta ar dháta a scurtha o sna Fórsaí Náisiúnta no o Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann, pinsean seirbhíse mileata a háireofar do réir cúig púint per annum in aghaidh gach bliana no cuid de bhliain seirbhíse mileata mar a háireofar san chun crícheanna an Achta so; | |
[EN] | (b) i gcás iarratasóra a bhí ag fónamh i gcéim choimisiúnta mar dhara leftenant, mar chéad leftenant, no mar chaptaen ar dháta a scurtha o sna Fórsaí Náisiúnta no o Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann, pinsean seirbhíse mileata a háireofar do réir deich bpúint per annum in aghaidh gach bliana no cuid de bhliain seirbhíse mileata mar a háireofar san chun crícheanna an Achta so; | |
[EN] | (c) i gcás iarratasóra a bhí ag fónamh mar cheannphort no mar mhaor ar dháta a scurtha o sna Fórsaí Náisiúnta no o Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann, pinsean seirbhíse mileata a háireofar do réir cúig púint déag per annum in aghaidh gach bliana no cuid de bhliain seirbhíse mileata mar a háireofar san chun crícheanna an Achta so; | |
[EN] | (d) i gcás iarratasóra a bhí ag fónamh mar chornal no mar mhaor-ghenerál ar dháta a scurtha o sna Fórsaí Náisiúnta no o Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann, pinsean seirbhíse mileata a háireofar do réir fiche púnt per annum in aghaidh gach bliana no cuid de bhliain seirbhíse mileata mar a háireofar san chun crícheanna an Achta so; | |
[EN] | (e) i gcás iarratasóra a bhí ag fónamh i gcéim ab aoirde ná céim maor-gheneráil ar dháta a scurtha o sna Fórsaí Náisiúnta no o Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann, pinsean seirbhíse mileata a háireofar do réir cúig púint ar fhichid per annum in aghaidh gach bliana no cuid de bhliain seirbhíse mileata mar a háireofar san chun crícheanna an Achta so. | |
[EN] | Einne ba bhall d'Ard-Chomhairle na Irish Volunteers no d'Fhuireann Ard-Oifige Oglach na hÉireann aon uair roimh an 11adh Iúl, 1921, no ba bhall de Chomhairle an Airm no den Chomhairle Cosanta aon uair tar éis an 1adh Iúl, 1922, agus roimh an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1923, tuigfar, chun crícheanna an Sceidil seo, go raibh sé ag fónamh i gcéim ab aoirde ná céim Maor-Gheneráil ar dháta a scurtha o sna Fórsaí Náisiúnta no o Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann. | |
[EN] | Chun críche an Sceidil seo tuigfar go raibh ag oifigeach de Bhrainse na Seirbhísí Leighis de sna Fórsaí Náisiúnta, no dá shamhail sin de Bhrainse d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann, ceann de sna céimeanna sna fórsaí sin a luaidhtear sa bhfo-mhír den Sceideal so díreach i ndiaidh no fo-mhíre ina luaidhtear an chéim a bhí aige. | |
[EN] | Má b'aoirde an chéim a bhí ag iarratasóir ar an 1adh lá d'Fheabra, 1924, sna Fórsaí Náisiúnta no i bhFórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann ná an chéim a bhí aige i gceachtar de sna Fórsaí sin ar dháta a scurtha uatha, déanfar ina chás san, chun crícheanna an Sceidil seo, an chéim a bhí aige mar sin ar an 1adh lá d'Fheabhra, 1924, do chur in ionad na céime a bhí aige ar dháta a scurtha. |