26 1925


Uimhir 26 de 1925.


ACHT LEICTREACHAIS NA SIONAINNE, 1925.


ACHT CHUN A ÚDARÚ AGUS A SHOCRÚ GO nDÉANFIDH AN STÁT LEICTREACHAS A GEINFAR LE hUISCE-CHOMHACHT A GHEOBHFAR Ó UISCÍ ABHA NA SIONAINNE AGUS GO ROINNFIDH AGUS GO SOLÁTHRÓIDH AN STÁT LEICTREACHAS A GEINFAR AMHLAIDH AGUS I gCÓIR NITHE EILE A BHAINEAS LEIS AN MÉID SIN NO A ÉIREOIDH LE N-A LINN NO AS.

[4adh Iúl, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an focal “connarthóir” duine a dhineann obair don Aire fé chonnra no fé chó-aontú a dhin sé fén Acht so leis an Aire;

cialluíonn agus foluíonn an focal “údarás áitiúil” comhairle chontae, comhairle chontae-bhuirge no bhuirge eile, comhairle bhailecheanntair, agus coimisinéiri baile.

Féadfidh an tAire a thógaint air féin leictreachas do dhéanamh.

2. —Féadfidh an tAire a thógaint air féin mar ghnó leictreachas do dhéanamh agus do gheiniúint le huisce-chomhacht a gheobhfar o uiscí Abha na Sionainne agus an leictreachas a geinfar amhlaidh do roinnt agus do sholáthar, agus san Acht so gairmtear “an gnó” den ghnó san.

Comhachta generálta an Aire.

3. —(1) Chun críche an ghnótha féadfidh an tAire gach ní no éinní acu so a leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) tithe no cóiríocht chomhnaithe eile agus ceantíní, clubanna, agus áiteanna eile úrúcháin no caitheamh aimsire d'fháil, do dhéanamh, no do sholáthar ar shlí eile agus do choinneáil i dtreo do dhaoine a bheidh ar fostú (pe'ca ag an Aire é no ag connarthóir) i ndéanamh oibreacha, i mbainistí, in oibriú, no i stiúra an ghnótha, no i ndéanamh aon ghnímh no ní eile a húdaruítear don Aire leis an Acht so a dhéanamh;

(b) uiscí Abha na Sionainne agus uiscí aon abhann no srotha a théigheann isteach inti agus uiscí aon locha, linne, no canála atá uirthi no i gceangal léi do chruinniú, do stop, do chasa, do thógaint, agus d'úsáid;

(c) Abha na Sionainne no aon abha no sruth a théigheann isteach intí do phortú, do chosc, do dhreidireacht, do dhoimhniú, do leathnú, do dhíriú, do chasa agus d'atharú ar aon tslí eile;

(d) aon loch, linn, no uisce eile ar Abha na Sionainne, no i gceangal léi díreach no nea-dhíreach, do phortú, do chosc, do dhreidireacht, a leibhéal d'atharú, agus baint leis ar aon tslí eile;

(e) comhlaí uisce, coraí, iadhtáin, bancánachtaí, agus oibreacha eile d'aistriú, no d'atharú, do dheisiú, do dhéanamh, agus do choinneáil i dtreo, pé cinn is gá chun éinní dá luaidhtear sna míreanna san roimhe seo do dhéanamh no a bhaineann le n-a dhéanamh;

(f) stáisiúin gheiniúna, tithe comhachta, stáisiúin atharúcháin, agus stáisiúin agus áiteanna eile chun leictreachas do gheiniúint, d'atharú, no do stóráil, no chun deighleáil leis ar aon tslí eile—iad do dhéanamh agus do choinneáil i dtreo;

(g) meaisíní, gléasra, agus fearaistí do cheannach, do thógaint ar cíos, no do sholáthar ar shlí eile, agus do choinneáil i dtreo do gach stáisiún geiniúna, tigh comhachta, stáisiún atharúcháin, agus stáisiún agus áit eile a déanfar fén mír sin roimhe seo, ach san i dtreo, an cumas a bheidh ag na meaisíní, ag an ngléasra, agus ag na fearaistí a soláthrófar amhlaidh chun leictreachas do gheiniúint, ná ragha sé thar céad míle each-neart go dtí go socróidh an tOireachtas a mhalairt;

(h) bóithre iarainn agus trambhealaighe (pe'ca le gail, le dógha inmheánach, no le comhacht leictriciúil a hoibrítear iad), duganna agus piaranna do dhéanamh, do chonneáil i dtreo agus d'oibriú;

(i) línte do dhéanamh agus do choinneáil i dtreo chun leictreachas d'aon voltáiste áirithe d'iompar os cionn aon tailimh no uisce, puiblí no príobháideach, no aon bhóthair, sráide, slí, bóthair iarainn, trambhealaighe no duga, no aon bhealaigh uisce no cuain, nádúrtha no déanta, no air no fé;

(j) aon áit go n-údaruítear don Aire leis an Acht so línte do dhéanamh os a chionn no air no fé chun leictreachas d'iompar—a uachtar do bhrise agus mór-phíopaí do chur sios agus do choinneáil i dtreo ann agus polaí agus tacaí eile (i dteanta no d'éamais atharathóirí leictreachais) do chur suas agus do choinneáil i dtreo ann;

(k) aon tsráid, bóthar, slí no droichead, puiblí no príobháideach, do dhúna, do chasa no d'aistriú;

(l) dul isteach ar aon tailte no áitreabh chun go ndéanfadh sé ortha-san no ar aon tailte no áitreabh eile gach ní no éinní dá n-údaruítear do leis an bhfo-alt so a dhéanamh ortha, no chun go ndéanfadh sé ortha-san no ar aon tailte no áitreabh eile aon fhiosrú, scrúdú no iniúcha a théigheann roimh éinní den tsórt san do dhéanamh no a bhaineann leis sin;

(m) aon ghníomh no ní do dhéanamh is gá chun aon rud do dhéanamh no a bhaineann le haon rud do dhéanamh a húdaruítear do leis an bhfo-alt so a dhéanamh.

(2) Féadfidh an tAire connra do dhéanamh le héinne chun gach ni no éinní do dhéanamh dá n-údaruítear don Aire le fo-alt (1) den alt so do dhéanamh, agus chuige sin féadfidh an tAire, le cead an Aire Airgid, connracha agus có-aontuithe do dhéanamh.

(3) Má dhineann an tAire fén alt so aon chonnra no có-aontú chun éinní do dhéanamh a húdaruítear don Aire le fo-alt (1) den alt so do dhéanamh féadfidh an tAire, le hordú, ceart do bhronna ar an gconnarthóir chun nithe do dhéanamh a húdaruítear don Aire leis an bhfo-alt san (1) do dhéanamh, pé cinn acu is ceart dar leis an Aire agus a luadhfa sé san ordú, agus leis sin beidh ceart ag an gconnarthóir sin (i gcó-réim leis an Aire) chun gach ní no éinní a luaidhtear amhlaidh san ordú do dhéanamh agus san chó hiomlán is dá mba leis an Acht so a bronnfí an ceart san air agus sa mhéid gur gá é chun an connra no an có-aontú d'fheidhmiú go cuibhe agus ní níos mó ná san.

Féadfidh an tAire talamh, etc., do thógaint go héigeanta.

4. —(1) Chun críche an ghnótha no chun éinní do dhéanamh a húdaruítear don Aire leis an Acht so do dhéanamh (pe'ca uaidh féin a dhéanfidh an tAire an ní sin no tré chonnarthóir) féadfidh an tAire gach ní no éinní acu so a leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) aon tailte no áitreabh do thógaint go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é);

(b) aon éasáid, cead slí, ceart uisce, ceart iascaigh, no ceart eile ar aon tailte, áitreabh, no uisce, no maidir leis an gcéanna, do thógaint go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é);

(c) aon éasáid, cead slí, ceart uisce, ceart iascaigh, no ceart eile atá ar aon tailte, áitreabh, no uisce, no maidir leis an gcéanna, do chríochnú no do shriana, no cur isteach do dhéanamh air in aon tslí eile, go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é);

(d) aon bhóthar, slí, no droichead, puiblí no príobháideach, no aon chanáil no bealach uisce déanta eile no aon chúrsa uisce déanta do chasa, do dhúna no d'aistriú, no cur isteach do dhéanamh air in aon tslí eile, go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é).

(2) Aon uair tar éis rithte an Achta so agus roimh leithliú no fáil amach an phraghais no an chúitimh, ach fé réir fógra mí ar a luíod roimh ré no, i gcás tighe chomhnaithe ina gcomhnuítear, fógra trí mí ar a luíod roimh ré, do thabhairt i scríbhinn do shealbhaire na dtailte no an áitribh no d'únaer an chirt slí no maoine eile le n-a mbaineann an scéal, féadfidh an tAire dul isteach agus seilbh do thógaint ar aon tailte no áitreabh no aon cheart d'fheidhmiú a húdaruitear don Aire, leis an alt so, a thógaint go héigeanta, no, aon cheart go n-údaruítear don Aire leis an alt so é chríochnú no é shriana no cur isteach do dhéanamh air go héigeanta, féadfa sé é chríochnú no é shriana no cur isteach do dhéanamh air in aon tslí eile, no, aon bhóthar, slí, droichead, bealach uisce, no cúrsa uisce go n-údarúitear don Aire leis an alt so é chasa, é dhúna, é aistriú, no cur isteach do dhéanamh air go héigeanta féadfa sé é chasa, é dhúna, é aistriú, no cur isteach do dhéanamh air in aon tslí eile.

(3) Féadfidh an tAire, le hordú, ceart do bhronna ar chonnarthóir chun nithe do dhéanamh a húdaruítear don Aire, le fo-alt (2) den alt so, do dhéanamh, pé nithe acu is dó leis an Aire is ceart agus a luadhfa sé san ordú, agus leis sin, fé réir an fógra do thabhairt a héilítear leis an bhfo-alt san (2) beidh ceart ag an gconnarthóir sin (i gcó-réim leis an Aire) chun gach ní no éinní dá luadhfar amhlaidh san ordú do dhéanamh agus san chó hiomlán is dá mba leis an Acht so a bronnfí an ceart san air, agus sa mhéid gur gá é chun a chonnra no a chó-aontú d'fheidhmiú go cuibhe agus ní níos mó ná san.

Socrú praghais no cúitimh.

5. —(1) Mara gcó-aontuítear ina thaobh, is fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus dá réir a socrófar méid an phraghais no an chúitimh a bheidh le n'íoc ag an Aire, as tailte agus as áitreabh a thógfa sé go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é) fén Acht so, leis na daoine uile agus fé seach go bhfuil teideal acu chúcha no go bhfuil estáit no leasanna acu ionta, no, as éasáidí, ceadanna slí, ceartanna uisce, ceartanna iascaigh agus ceartanna eile a thógfa sé go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é), no ar scór na nithe sin, le húnaer na nithe sin, no leis na daoine uile agus fé seach go bhfuil teideal acu chun na dtailte agus an áitreibh, no go bhfuil estáit no leasanna acu sna tailte agus an áitreabh, gur ortha no maidir leo a tógfar na ceartanna san amhlaidh.

(2) Mara gcó-aontuítear ina thaobh, is fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus dá réir, agus fé is dá mba phraghas é ar thalamh a tógfí go héigeanta, a socrófar méid an chúitimh a bheidh le n'íoc ag an Aire mar gheall ar aon éasáid, ceart uisce, ceart iascaigh, no ceart eile atá ann, ar no maidir le haon tailte, áitreabh, no uisce, do chríochnú no do shriana, no mar gheall ar chur isteach do dhéanamh air i slí eile, go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é) fén Acht so, no mar gheall ar aon bhóthar, slí no droichead príobháideach, no aon chanáil no bealach uisce déanta eile, no aon chúrsa uisce déanta eile, do chasa, do dhúna, no d'aistriú, no cur isteach do dhéanamh air i slí eile go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é) fén Acht so.

(3) Nuair a bheidh aon phraghas no cúiteamh á mheas do réir an ailt seo maidir le haon mhaoin, corpardha no nea-chorpardha, go bhfuiltar á sealbhú no ag baint úsáide no tairbhe aisti in éineacht le haon mhaoin eile, no atá ina cuid d'aon mhaoin eile, tabharfar aire d'aon tsochar i bhfuirm dréineála no feabhsú ar sholáthar uisce nách miste do réir reasúin súil a bheith le n-a theacht don mhaoin sin de bharr aon oibreacha a dhin an tAire no atá sé a dhéanamh no ar tí a dhéanamh fén Acht so.

(4) Gach éileamh ar phraghas no ar chúiteamh maidir le haon talamh, áitreabh, no ceart a tógadh go héigeanta, no le haon cheart, slí no maoin eile gur cuireadh isteach air go héigeanta fén Acht so, déanfar é laistigh de bhliain tar éis don Aire no do chonnarthóir dul isteach no feidhmiú no cur isteach do dhéanamh, ar an talamh, ar an áitreabh, ar an gceart, ar an slí, no ar an maoin sin mar an gcéad uair fén Acht so, ach amháin, i gcás cúitimh i gcur-isteach buan ar cheart iascaigh, go bhféadfar an t-éileamh do dhéanamh aon uair laistigh de dheich mbliana tar éis críochnú na n-oibreacha le n-a gcuirtar isteach ar an gceart iascaigh amhlaidh.

(5) Bainfidh ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, le haon phraghas no cúiteamh is iníoctha ag an Aire fén alt so agus leis an leithliú chun an Aire a déanfar ar mhaoin, corpardha no nea-chorpardha, a thóg sé go héigeanta fén Acht so, agus chun na críche sin tuigfar gurb é an tAire bunathóir an ghnótha.

(6) Ní luighfidh aon aicsean, do réir dlí ná cothruim, i gcoinnibh an Aire ná aon chonnarthóra ná i gcoinnibh aon oifigigh ná seirbhísigh don Aire ná d'aon chonnarthóir a los ná ar son aon ghnímh, ní, ná ruda go bhfuil cúiteamh iníoctha mar gheall air de bhua an ailt seo.

Bínse chun praghas no cúiteamh do shocrú.

6. —(1) Má bhíonn méid aon phraghais no cúitimh le socrú, de bhua an Achta so, fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus dá réir, déanfidh moltóir no moltóirí a ceapadh fén alt so an praghas no an cúiteamh san do shocrú amhlaidh in ionad moltóra oifigiúla a ceapadh fén Acht san, agus gach tagairt atá san Acht san do mholtóir oifigiúil léireofar í mar thagairt do mholtóir no do mholtóirí a ceapadh fén alt so.

(2) Déanfidh coiste (dá ngairmtear an Coiste Réitigh san Acht so), gurb iad a bheidh air ná Prímh-Bhreitheamh Shaorstáit Éireann, Uachtarán na hArd-Chúirte, agus Cathaoirleach Fhundúireacht na Suirbhéirí (Brainse na hÉireann), fé mar a iarrfidh agus nuair a iarrfidh an tAire ortha é, pé méid daoine cearta oiriúnacha a ordóidh an tAire, le cead an Aire Airgid, do cheapa chun bheith ina moltóirí chun crícheanna an Achta so.

(3) Gach éinne a ceapfar amhlaidh chun bheith ina mholtóir chun crícheanna an Achta so beidh an ceapachán san aige ar pé téarmaí agus fé réir pé coiníollacha, agus iocfidh an tAire leis mar chuid de chostaisí an ghnótha pé luach saothair, a ordóidh an tAire Airgid.

(4) Gach tagairt atá san Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, don Choiste Réitigh, chun crícheanna an Achta so léireofar í agus beidh éifeacht aici mar thagairt don Choiste Réitigh a hainmnítear san alt so.

(5) An chomhacht a bronntar, le fo-alt (7) d'alt 3 den Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, ar an gCoiste Réitigh chun rialacha do dhéanamh, folóidh sí comhacht chun rialacha do dhéanamh, le cead an Aire Airgid, á ordú cá mhéid moltóir, ceaptha fén alt so, a éistfidh iarrataisí no saghsanna difiriúla iarrataisí le n-a n-iarrfar aon phraghas no cúiteamh do shocrú fén Acht so.

Féadfidh an tAire socrú le daoine eile chun bóthar iarainn no trambhealach do dhéanamh, etc.

7. —(1) Féadfidh an tAire a shocrú le haon údarás áitiúil no cólucht puiblí eile no le haon chuideachtain—

(a) go ndéanfidh an t-údarás, an cólucht, no an chuideachta san, agus go gcoinneoid i dtreo agus go n-oibreoid, no go ndéanfid no go gcoinneoid i dtreo no go n-oibreoid, ar a gcostas féin, aon bhóthar iarainn no trambhealach a húdaruítear don Aire, leis an Acht so, do dhéanamh, do choinneáil i dtreo, agus d'oibriú, no

(b) go ndéanfidh an tAire agus go gcoinneoidh sé i dtreo agus go n-oibreoidh sé, no go ndéanfa sé no go gcoinneoidh se i dtreo no go n-oibreoidh sé aon bhóthar iarainn no trambhealach den tsórt san don údarás, don chólucht no don chuideachtain sin agus ar a gcostas.

(2) Má dhineann an tAire aon tsocrú den tsórt san roimhráite, féadfidh an tAire, le hordú, na comhachta a bronntar don Aire leis an Acht so do thabhairt agus do bhronna don údarás, don chólucht no don chuideachtain le n-a ndintar an socrú, pé comhachta acu is dó leis an Aire is gá go réasúnta chun go ndéanfidh an t-údarás, an cólucht, no an chuideachta san an socrú san do thabhairt chun críche go cuibhe.

(3) Féadfidh aon údarás áitiúil no cólucht puiblí eile no aon chuideachta, in ainneoin aon teorann reachtúla no eile le n-a gcomhachta, aon tsocrú den tsórt san roimhráite do dhéanamh leis an Aire agus gan dochar d'aon tseana-chomhachta chun iasachtaí d'fháil agus in ainneoin aon tseana-shrianta le hiasachtaí d'fháil féadfid, chun an socrú do thabhairt chun críche, airgead d'fháil ar iasacht ar pé slí agus ar pé téarmaí, coiníollacha, agus urrús a ordóidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí i gcás údaráis áitiúla go ndineann iniúchóir don Aire sin a gcuntaisí d'iniúcha, no a cheadóidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála in aon chás eile.

(4) Ar bheith críochnuithe d'aon bhóthar iarainn a dineadh fé shocrú a dineadh fén alt so agus ar bheith có-líonta do sna héilithe reachtúla a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le bóthar iarainn d'oscailt i gcóir tráchta phuiblí, féadfidh an tAire a éileamh go ndéanfidh aon chuideachta bhóthair iarainn a bheidh ann an uair sin agus a ainmneoidh seisean an bóthar iarainn d'oibriú ar pé téarmaí agus coiníollacha de gach saghas (ar a n-áirítear na héilithe a éileoidh an chuideachta san ar an mbóthar iarainn sin) a socrófar le có-aontú a déanfar idir an chuideachta bhóthair iarainn sin agus an t-údarás, an cólucht, no an chuideachta a dhin no dar dineadh an bóthar iarainn, agus a cheadóidh an tAire.

(5) Nuair a hosclófar i gcóir tráchta phuiblí bóthar iarainn a dhin an tAire fén Acht so no a dineadh fé shocrú a dineadh fén alt so agus nuair a bheidh sé á oibriú ag an Aire, no ag an údarás áitiúil, ag an gcólucht puiblí, no ag an gcuideachtain a dhin no dar dineadh é, isé an Bínse Bóthair Iarainn a shocróidh na héilithe a héileofar ar an mbóthar iarainn agus féadfidh an Bínse Bóthair Iarainn na héilithe sin no aon cheann acu d'athscrúdú aon uair ar a iarraidh sin don té a bheidh ag oibriú an bhóthair iarainn no d'aon chólucht ionadathach de lucht an bhóthair iarainn d'úsáid, no d'aon trádálaí a úsáideann an bóthar iarainn.

Féadfidh an tAire slí loingseoireachta abhann, etc., d'fheabhsú.

8. —(1) Féadfidh an tAire gach bancánacht, piara, caladh, biordhoras, comhla uisce, agus obair eile do dhéanamh, agus gach dreidireacht, díriú, doimhniú, leathnú, agus nithe eile do dhéanamh chun feabhas do chur ar shlí loingseoireachta Abha na Sionainne no aon abhann no srotha a théigheann isteach inti, no aon locha atá uirthi no i gceangal léi, gach obair agus ní acu a bhaineann no a ghabhann leis an ngnó no is féidir a dhéanamh go saoráideach, dar leis an Aire, le linn éinní eile do bheith á dhéanamh a húdaruítear don Aire, leis an Acht so, a dhéanamh.

(2) Má dhineann an tAire aon oibreacha fén alt so coinneoidh sé i dtreo iad mara ndinidh agus go dtí go ndéanfidh an tOireachtas socrú eile chun iad do choinneáil i dtreo.

Féadfidh an tAire tailte do dhréineáil.

9. —(1) Féadfidh an tAire oibreacha do dhéanamh agus gach ní do dhéanamh chun aon tailte atá i gcomhgar no i gcomhsursanacht Abha na Sionainne no aon abhann no srotha a théigheann isteach inti, no aon locha, linne, no uisce eile uirthi no i gceangal léi, do dhréineáil no d'fheabhsú le dréineáil, gach obair agus ní acu a bhaineann no a ghabhann leis an ngnó no is féidir a dhéanamh go saoráideach, dar leis an Aire, le linn éinní eile do bheith á dhéanamh a húdaruítear don Aire, leis an Acht so, a dhéanamh.

(2) Má dhineann an tAire aon oibreacha fén alt so coinneoidh sé i dtreo iad mara ndinidh agus go dtí go ndéanfidh an tOireachtas socrú eile chun iad do choinneáil i dtreo.

Lóisteáil phleananna, etc.

10. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis rithte an Achta so agus ar dháta nách déanaí ná mí sara dtosnuítear ar aon oibreacha déanmhachta síbhialta áirithe fén Acht so, no roimh dhul isteach ar aon tailte no áitreabh no roimh fheidhmiú aon chirt no roimh chur isteach ar aon mhaoin, corpardha no nea-chorpordha, fén Acht so chun na críche sin, cuirfidh an tAire fé ndeár mapaí, pleananna, agus leabhra eolais a bhaineann leis na hoibreacha san do lóisteáil mar a luaidhtear ina dhiaidh seo anso.

(2) Na mapaí agus na pleananna atá le lóisteáil fén alt so, ní foláir dóibh bheith líonmhar a ndóthin agus de shaghas is leor chun méid na n-oibreacha déanmhachta síbhialta le n-a mbainid do thaisbeáint ar scálaí is leor, maraon le gach claona agus atharú atá beartuithe, agus fós gach maoin, corpardha agus (san áit ina bhfuil sé oiriúnach) nea-chorpardha, atá beartuithe a thógaint go héigeanta chun críche na n-oibreacha san agus fós gach cur-isteach (sa mhéid gur féidir é thaisbeáint ar tharraic eoireacht) atá beartuithe a dhéanamh go héigeanta chun na críche sin ar aon mhaoin, corpardha no nea-chorpardha, no ar aon bhóthar no droichead.

(3) Beidh sna leabhra eolais atá le lóisteáil fén alt ainmneacha na ndaoine atá ina n-únaerí no in ainm bheith ina n-únaerí, na ndaoine atá ina léasaithe no in ainm bheith ina léasaithe, agus na ndaoine atá ina sealbhairí ar gach talamh agus áitreabh go bhfuil beartuithe iad do thógaint no baint leo ar shlí eile go héigeanta fén Acht so chun críche na n-oibreacha déanmhachta síbhialta go lóisteáltar na leabhra eolais sin ina dtaobh agus ar gach maoin, corpardha no nea-chorpardha (maraon le bóithre agus droichid), go bhfuil beartuithe cur isteach ortha in aon tslí go héigeanta fén Acht so chun críche na n-oibreacha san.

(4) Na mapaí, na pleananna agus na leabhra eolais atá le lóisteáil fén alt so is in oifig éigin leis an Aire i gCathair Bhaile Atha Cliath a lóisteálfar iad agus fós, i gcás mapaí, pleananna, agus leabhra eolais a bhaineann le hoibreacha no le maoin laisteas den droichead atá ar Abha na Sionainne ag an gceann thuaidh de Loch Deirg-dheirc agus dá ngairmtear Droichead Phort Omna, is in áit chaothúil i gCathair Luimnigh a lóisteálfar iad, agus i gcás mapaí, pleananna, agus leabhra eolais a bhaineann le hoibreacha no le maoin lastuaidh den droichead san, is in áit chaothúil i mbaile Phort Omna a lóisteálfar iad, agus fanfidh na mapaí, na pleananna agus na leabhra eolais sin uile ar lóisteáil amhlaidh go dtí go gcríochnófar na hoibreacha le n-a mbainid, agus faid a bheid ar lóisteáil amhlaidh beid ar nochta chun a n-iniúchta ag éinne in aisce in áit na lóisteála idir a deich a chlog ar maidin agus a ceathair a chlog um thráthnóna gach lae ach Domhntaí agus laetheanta saoire bainc.

(5) Chó luath agus is féidir é tar éis aon mhapaí, pleananna, no leabhra eolais do bheith lóisteálta in aon chathair no baile do réir an ailt seo, tabharfidh an tAire fógra puiblí i dtaobh na lóisteála san le fógrán a foillseofar fé dhó i ngach ceann de dhá pháipéar no níos mó a léightear sa chathair no sa bhaile sin, agus déarfa sé i ngach fógra den tsórt san go bhfuil na mapaí, na pleananna, agus na leabhra eolais sin ar nochta chun a n-iniúchta ag an bpuiblíocht do réir an ailt seo.

Airgead i gcóir an ghnótha do sholáthar.

11. —(1) Féadfidh an tAire Airgid, fé réir na dteorann atá leagtha amach ina dhiaidh seo anso, roimh-íoc do dhéanamh amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis i pé suimeanna a theastóidh ón Aire Tionnscail agus Tráchtála chun críche an ghnótha no chun éinní do dhéanamh a húdaruítear do leis an Acht so a dhéanamh no chun aon phraghas, cúiteamh, no airgead eile d'íoc a thiocfidh chun bheith iníoctha aige de bhua an Achta so.

(2) Roimh-íocanna a híocfar amach as an bPrímh-Chiste no a thora fáis fén alt so is isteach i gciste fé leith a bunófar chuige sin a híocfar iad agus gach íocaíocht a bheidh le n'íoc amach as na suimeanna a roimh-íocfar fén alt so is amach as an gciste sin fé leith, agus fé réir ceada an Aire Airgid, a híocfar iad.

(3) An 1adh lá de Dheire Fomhair no roimhe sin i ngach bliain airgeadais déanfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála cuntas ar an gciste fé leith a bunófar mar adubhradh do thabhairt uaidh i gcóir na bliana airgeadais roimhe sin i pé fuirm a ordóidh an tAire Airgid agus beidh gach cuntas den tsórt san fé réir iniúcha an Ard-Scrúdóra agus leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.

(4) Íocfar ús amach as an gciste sin fé leith, do réir pé rátaí agus pé tráthanna agus i pé slí a ordóidh an tAire Airgid, ar gach roimh-íoc a híocfar fén alt so amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis.

(5) Ní raghaidh méid iomlán na roimh-íoc a bheidh le n-íoc amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis fén alt so, thar suim chúig milleon, dhá chéad agus deich míle púnt.

(6) Chun soláthar do dhéanamh chun suimeanna do roimh-íoc amach as an bPrímh-Chiste fén alt so, no chun gach suim no aon tsuim a roimh-íocfar amhlaidh d'aisíoc isteach sa Chiste sin, no chun urrúsanna a tabharfar amach fén alt so d'íoc sa mhéid ná fuil aon tsoláthar eile déanta chun a n-íoctha, féadfidh an tAire Airgid iasachtaí d'fháil tré pé urrúsanna is do leis is ceart do thabhairt amach.

(7) Íocfar isteach sa Stát-Chiste gach airgead a gheobhfar ar iasacht fén alt so.

(8) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear agus íoc cholann agus ús gach urrúis a tabharfar amach fén alt so.

Conus a deighleálfar le tailte, etc., ná teastóidh.

12. —Maidir le haon tailte, áitreabh no maoin eile, réalta no pearsanta, a thóg no a cheannuigh an tAire fén Acht so, no aon oibreacha a dineadh ag an Aire no dho no fé aon tsocrú a dineadh leis an Aire fén Acht so—

(a) más chun oibreacha do dhéanamh a húdaruítear leis an Acht so a tógadh, a ceannuíodh, no a dineadh iad amhlaidh agus, dar leis an Aire, nách gá chun na críche sin feasta iad agus ná beidh gá leo chun crícheanna an ghnótha nuair a bheidh an gnó críochnuithe, no

(b) má ráinig dóibh, ar aon chúis eile, dar leis an Aire, bhei iomarcach agus nea-riachtanach don ghnó,

féadfidh an tAire na tailte, an t-áitreabh, an mhaoin no na hoibreacha san do dhíol no do léasú, no deighleáil leo ar chuma eile, chun sochair don Stát-Chiste, ar pé slí agus ar pé téarmaí is dó leis an Aire is ceart agus a cheadóidh an tAire Airgid.

Leictreachas do sholáthar.

13. —(1) Fé réir ceada ón Aire Airgid, pe'ca cead generálta é no cead i gcóir cáis áirithe, féadfidh an tAire, le linn oibreacha do bheidh á dhéanamh fén Acht so chun críche an ghnótha, aon mhéid leictreachais dá ndintar sa ghnó le linn déanamh na n-oibreacha san amhlaidh do sholáthar, ar pé téarmaí agus coiníollacha is dó leis is ceart, d'éinne chun úsáide dho féin no chun a ath-dhíolta.

(2) Sara ndintar línte iompair, stáisiúin atharúcháin, ná oibreacha eile chun soláthar leictreachais do sheachada d'aon duine no dream daoine áirithe, no mar choiníoll ar a ndéanfar iad, féadfidh an tAire a éileamh ar an duine no ar na daoine sin có-aontú no có-aontuithe do dhéanamh leis an Aire chun soláthar leictreachais do ghlaca, chun úsáide dho féin no dhóibh féin no chun a ath-dhíolta, nuair a bheidh sé ar fáil, pé méid minimum de atá réasúnta dar leis an Aire, ag cuimhneamh do ar chostas na n-oibreacha is gá chun an soláthar san do sheachada, agus a luadhfa sé agus san ar pé praghas no praghasanna a húdaruíodh don Aire, le reacht no fé reacht, a éileamh air.

(3) D'ainneoin aon teorann reachtúla no eile le n-a gcomhachta, féadfidh aon údarás áitiúil no cólucht puiblí eile no aon chuideachta aon chonnra no có-aontú do dhéanamh leis an Aire fén alt so agus é thabhairt chun críche.

Íocaíochtaí áirithe do chur ar thailte do thairbhigh o dhréineáil, etc.

14. —(1) Más dó leis an Aire agus nuair is dó leis gur dineadh d'aon tailte no áitreabh tairbhe i bhfuirm dréineála, cosaint ar thuile, no feabhsú ar sholáthar uisce de bharr aon oibreacha a dhin an tAire fén Acht so, ansan, le fógra i scríbhinn a seirbheálfar ar shealbhaire rátuithe na dtailte no an áitreibh sin agus (más féidir teacht suas leis) ar an té atá in ainm bheith in únaer ar an gcéanna, no a cuirfar chúcha tríd an bpost roimh-íoctha, féadfidh an tAire a éileamh go gcuirfar mar mhuirear ar na tailte no ar an áitreabh san suim chaipitiúil d'íoc leis an Aire, suim chó mór le méid an mhéaduithe a dineadh ar luach caipitiúil na dtailte no an áitreibh sin de bharr na tairbhe sin.

(2) Mara gcó-aontuítear ina thaobh, déanfidh moltóir, a cheapfidh an Coiste Réitigh fé alt 6 den Acht so tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Tailte agus Talmhaíochta, a shocrú an fíor gur dineadh an tairbhe sin agus cadé méid an mhéaduithe (más ann do) a dineadh ar luach caipitiúil na dtailte no an áitreibh sin de bharr na tairbhe sin.

(3) Má shocruíonn an moltóir sin gur dineadh tairbhe d'aon tailte no áitreabh agus gur méaduíodh a luach caipitiúil mar adubhradh, déanfa sé ordú á fhaisnéis gur fíor gur dineadh an tairbhe sin agus ag faisnéis méid an mhéaduithe sin, agus oibreoidh an t-ordú san chun a chur, agus déarfar ann go gcuireann sé, mar mhuirear ar na tailte no ar an áitreabh san (roimh gach muirear agus ualach nách muirear ná ualach a bheidh ann an uair sin agus a bunuíodh le hAcht, no fé Acht, a ritheadh roimh an Acht so), méid an mhéaduithe sin ar luacha, mar a faisnéistear leis an ordú san, maraon le hús ar an gcéanna mar a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, d'íoc leis an Aire Airgid tré chíos-mhuirear inchríochnuithe a háireofar ar pé slí agus a leanfidh ar feadh pé tréimhse a luaidhtear ina dhiaidh seo anso.

(4) Mara ndinidh agus go dtí go ndéanfidh an tOireachtas a mhalairt de shocrú ina dtaobh, áireofar an t-ús roimhráite do réir pé ráta agus o pé dáta, agus áireofar an cíos-mhuirear inchríochnuithe roimhráite i pé slí agus beidh sé iníoctha ar feadh pé tréimhse agus i pé slí a hordófar le rialacháin a dhéanfidh an tAire Airgid.

(5) Chun crícheanna an ailt seo ní tuigfar gur tairbhe d'aon tailte ná áitreabh leictreachas do bheith le fáil, ná é bheith le fáil ar aon phraghas áirithe ná in aon chaindíocht ná slí áirithe, ón ngnó.

Séadchomharthaí seanda do chaomhaint.

15. —Más rud é agus nuair is rud é go dtiocfadh no go mb'fhéidir go dtiocfadh as aon oibreacha do dhéanamh fén Acht so go ndéanfí díobháil d'aon tséadchomhartha seanda, no díthiú no cur-isteach air, séadchomhartha ina mbeadh suim ag an bpuiblíocht dar leis an Aire, toisc stair, béaloideas, ársaíocht, no maise do bheith ag baint leis, féadfidh an tAire, le toil Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn agus le hordú, na Coimisinéirí sin do cheapa mar chaomhnóirí don tséadchomhartha san fé sna Ancient Monuments Protection Acts, 1882 and 1892, agus leis sin bainfidh na hAchtanna san leis an séadchomhartha san agus déanfidh na Coimisinéirí sin pé nithe is dó leo is gá chun an séadchomhartha san do chaomhaint pe'ca le haistriú agus le hath-thógaint, le hárdú, le portú no le héinni eile é.

Iascach do chaomhaint.

16. —Nuair a bheidh sé ag déanamh oibreacha fén Acht so ní bheidh ar an Aire ná ar aon chonnarthóir na Fisheries (Ireland) Acts, 1842 to 1909, do chó-líona, ach tabharfidh agus déanfidh an tAire no, i gcás oibreacha a dhéanfidh connarthóir do, cuirfe sé fé ndeár go dtabharfidh agus go ndéanfidh an connarthóir, pé aire agus socruithe is dó leis an Aire is leor, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Iascaigh, chun iascach do chaomhaint agus díobháil do sheachaint le linn no de dheascaibh aon oibreacha do bheith á ndéanamh fén Acht so, maran deimhin leis an Aire, tar éis dul i gcomhairle mar adubhradh, nách féidir an chaomhaint sin do dhéanamh ná an díobháil sin do sheachaint gan dochar mór do theacht as do sna hoibreacha no cosc mór le n-a ndéanamh.

Seirbhísí puist agus telegrafa do chaomhaint.

17. —(1) Ní dhéanfidh an tAire ná aon chonnarthóir a bheidh ag déanamh oibreacha dho fén Acht so aon tailte, áitreabh, foirgintí, oibreacha, gléasra, abhair, ná maoin eile leis an Aire Puist agus Telegrafa do thógaint ná d'aistriú, ná dul isteach ortha ná cur isteach ortha ar aon tslí eile de bhua an Achta so, ná, de bhua an Achta so, aon oibreacha do chur suas, ná éinní ná aon rud eile do dhéanamh is dó leis an Aire Puist agus Telegrafa a bhacfadh, a mhoilleodh, a choiscfadh no a dhíobhálfadh ar aon tslí eile cólíona cuibhe seirbhísí puiblí na Roinne Puist agus Telegrafa maran rud é tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Puist agus Telegrafa—

(a) gur dó leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála go ndéanfadh sé dochar mór don ghnó, no go gcuirfadh sé cosc mór ar an hoibreacha do dhéanamh is gá don ghnó, na forálacha san roimhe seo den bhfo-alt so do chó-líona; agus

(b) go dtabharfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála don Aire Puist agus Telegrafa fógra sé mí (no pé fógra níos giorra ná san le n-a nglacfidh an tAire sin) i scríbhinn i dtaobh na nithe agus na rudaí go bhfuiltar chun gan na forálacha san den bhfo-alt so do chólíona ina dtaobh.

(2) Má thugann an tAire Tionnscail agus Tráchtála fógra don Aire Puist agus Telegrafa fén bhfo-alt san roimhe seo go bhfuil sé chun gan forálacha an fho-ailt sin do chó-líona, féadfidh an tAire Puist agus Telegrafa pé saoráidí agus cóiríocht eile agus pé abhair, gléasra, apparatus agus rudaí d'fháil, agus na hoibreacha san uile do dhéanamh is dó leis is gá chun a mhaoin agus seirbhísí puiblí a Roinne do chosaint ar dhíobháil no ar bhac a thiocfadh de dheascaibh an nea-chó-líonta san, agus íocfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála leis an Aire Puist agus Telegrafa gach costas (in aon tsuim amháin no i bhfuirm éilimh fhilltigh) go ndeimhneoidh an tAire deiridh sin a luadhadh go ndeachaidh sé fé ag fáil na saoráidí, na cóiríochta, agus na rudaí sin do agus ag déanamh na n-oibreacha san.

(3) Má bhíonn an tAire Tionnscail agus Tráchtála no aon chonnarthóir ar aigne aon oibreacha no aon ghníomh, ní no rud do dhéanamh fén Acht so a chuirfadh isteach, no d'fhéadfadh cur isteach, in aon tslí, ar mhaoin an Aire Puist agus Telegrafa no ar sheirbhísí puiblí a Roinne, ansan, sé mhí ar a luíod (no pé aimsir, níos giorra ná san, le n-a n-aontóidh an tAire Puist agus Telegrafa) roimh thosnú ar na hoibreacha san no ar an ngníomh, ar an ní, no ar an rud san do dhéanamh, tabharfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no an connarthóir (pe'ca aca is gá sa chás) don Aire Puist agus Telegrafa fógra i scríbhinn go bhfuil sé chun na hoibreacha san no an gníomh, an ní no an rud san, do dhéanamh.

Bóithre agus droichid phuiblí do chaomhaint.

18. —Más rud é agus nuair is rud é go dtiocfadh as aon oibreacha do dhéanamh fén Acht so go gcasfí no go n-aistreofí aon bhóthar no droichead puiblí no go gcuirfí isteach air ar shlí eile beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas, sé sin le rá:—

(a) má sé dúna an bhóthair no an droichid do thrácht a thiocfadh as na hoibreacha do dhéanamh, déanfidh an tAire agus coinneoidh sé i dtreo, faid a bheidh an bóthar no an droichead san dúnta amhlaidh do thrácht, bóthar no droichead sealadach sa tsuidheamh chéanna no i suidheamh éigin eile caothúil, bóthar no droichead is leor chun an méid agus an saghas céanna tráchta d'iompar a théigheann ar an mbóthar no ar an droichead san do ghnáth;

(b) le linn críochnú na n-oibreacha no roimhe sin cuirfidh an tAire an bóthar no an droichead sa riocht ina raibh sé no, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, déanfa sé bóthar no droichead nua buan sa tsuidheamh chéanna no i suidheamh éigin eile caothúil, bóthar no droichead is leor chun an trácht céanna (an méid agus an saghas céanna) d'iompar a bhíodh an seana-bhóthar no an seana-dhroichead in án a iompar, agus ná beidh puinn níos neamh-oiriúnaí fánaidh agus lúb ná an seana-bhóthar no an seanadhroichead san;

(c) má dhineann an tAire droichead nua buan agus gur mó go mór na buntáistí a thugann an droichead san do phuiblíocht aon chontae no bailecheanntair ná an seanadhroichead, tré shlí chonbharsáide fheabhsuithe do thabhairt dóibh no ar aon tslí eile, deimhneoidh an tAire costas an droichid nua san agus deimhneoidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí cadé an chuid den chostas san is dó leis ba chóir, do réir réasúin, a bheith ar chomhairle na contae no an bhailecheanntair sin, agus leis sin déanfidh an chomhairle sin suim chó mór leis an gcuid a deimhníodh amhlaidh den chomhairle san do chruinniú mar chuid de chostaisí na mbóithre contae no bailecheanntair sin (pe'ca aca é) do choinneáil i dtreo, agus íocfidh an chomhairle sin leis an Aire í;

(d) má eirghíonn aon amhrus, aighneas no ceist i dtaobh ce'ca do chó-líon an tAire forálacha an ailt seo no nár dhin, agus é ag déanamh aon bhóthair no droichid, sealadach no buan, no á choinneáil i dtreo no á chur ina sheana-riocht, do réir an ailt seo, no i dtaobh ce'ca is mó go mór na buntáistí atá ag puiblíocht aon chontae no bailecheanntair o dhroichead nua bhuan a dhin an tAire ná ón seana-droichead, no nach ea, tabharfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí breith ar an amhrus, ar an aighneas, no ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.

Seirbheáil fógraí.

19. —Aon fhógra a héilítear, leis an Acht so no le haon Acht eile, a sheirbheáil ar éinne no a chur chuige no a thabhairt do chun aon chríche a bhaineann leis an ngnó, seirbheálfar, cuirfar chun siúil, no tabharfar sa cheart é má cuirtar é tríd an bpost cláruithe i gclúdach fén seola a bhí ag an duine sin san áit chomhnaithe is déanaí is eol a bheith aige agus tuigfar gur seirbheáladh, gur cuireadh chun siúil, no gur tugadh é amhlaidh an uair a seachadfí an clúdach san i ngnáth-chúrsa an phuist san áit gurb é a seola atá air.

Gearr-theideal.

20. —Féadfar Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 , do ghairm den Acht so.