39 1926


Uimhir 39 de 1926.


ACHT NA nÚDARÁS nÁITIÚIL (OIFIGIGH AGUS FOSTAITHE), 1926.


ACHT CHUN COIMISIÚN DO BHUNÚ AR A mBEIDH SÉ DE CHÚRAM NA DAOINE DO THOGHA AMACH A BHEIDH LE CEAPA CHUN BEARTA I bhFOSTAÍOCHT ÚDARÁSANNA ÁITIÚLA, AGUS CHUN FORÁLACHA EILE DO DHÉANAMH CHUN A CHUR IN ÁIRITHE GUR DAOINE OIRIÚNACHA A CEAPFAR CHUN BEARTA DEN tSÓRT SAN AGUS FÓS CHUN SOCRÚ NÍOS FEARR DO DHÉANAMH CHUN DAOINE A BHEIDH I SEILBH NA mBEART SAN DO CHUR AR FIONNRAÍ.

[28adh Iúl, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so cialluíonn agus foluíonn an focal “údarás áitiúil” na cóluchtaí agus na daoine seo a leanas sé sin le rá:—

(a) comhairle chontae, chontae-bhuirge, bhuirge, bhailecheanntair, no thuathcheanntair, bord caomhnóirí, údarás sláintíochta puirt, agus coimisinéirí baile, agus

(b) aon chólucht, daoine, no duine a bunuíodh no a ceapadh le reacht no fé reacht chun feidhmeanna no aon cheann d'fheidhmeanna aon chomhairle, búird, no coimisinéirí den tsórt san do chólíona, agus

(c) coiste no có-choiste d'aon cheann no níos mó no a ceapadh ag aon cheann no níos mó de sna comhairlí, de sna búird, de sna coimisinéirí, de sna cóluchtaí no de sna daoine sin, agus

(d) coiste freastail scoile a ceapadh fén Acht Freastal Scoile, 1926 (Uimh. 17 de 1926) .

(2) San Acht so cialluíonn an focal “an tAire”—

(a) an tAire Tailte agus Talmhaíochta nuair a tráchtar ar choiste no ar chó-choiste a ceapadh ag comhairle no ag comhairlí contaethe no bailecheanntar fé sna Technical Instruction Acts, 1889 and 1891, no fé alt 14 den Agriculture and Technical Instruction Act, 1899, chun dualgaisí do dhéanamh chun crícheanna talmhaíochta agus tuathcheárdaisí eile, no nuair a tráchtar ar aon oifigeach no seirbhíseach a ceapadh ag aon choiste no có-choiste den tsórt san, agus

(b) an tAire Oideachais nuair a tráchtar ar choiste no ar chó-choiste a ceapadh ag comhairle no comhairlí contaethe no bailecheanntar fé sna hAchtanna no fén alt roimhráite chun dualgaisí do dhéanamh maidir le ceárd-oideachas no nuair a tráchtar ar aon oifigeach no seirbhíseach a ceapadh ag aon choiste no có-choiste den tsórt san, agus

(c) an tAire Oideachais nuair a tráchtar ar choiste freastail scoile no ar aon oifigeach a ceapadh ag aon choiste den tsórt san, agus

(d) an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí nuair a tráchtar ar aon údarás áitiúil eile no ar aon oifigeach a ceapadh ag aon údarás áitiúil eile den tsórt san.

Oifigí le n-a mbaineann an tAcht.

2. —(1) San Acht so cialluíonn agus foluíonn an focal “oifig le n-a mbaineann an tAcht so”—

(a) an phríomh-oifig fheidhmiúcháin fé gach údarás áitiúil, agus

(b) gach oifig agus gach fostaíocht (nách oifig ná fostaíocht mhúinteora) fé údarás áitiúil gur cáilíochta gairme no teicniciúla i bpáirt no go hiomlán na cáilíochta ina cóir, agus

(c) gach ceann de pé oifigí agus fostaíochtaí eile fé údarás áitiúil a fhaisnéisfidh an tAire o am go ham le haontú na gCoimisinéirí a bheith ina n-oifigí le n-a mbaineann an tAcht so.

(2) Socróidh an tAire tar éis do dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí gach ceist no aighneas i dtaobh ce'ca is oifig le n-a mbaineann an tAcht so no nách ea aon oifig no fostaíocht áirithe, agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.

Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla do cheapa.

3. —(1) Beidh sé dleathach don Ard-Chomhairle o am go ham daoine cearta oiriúnacha do cheapa chun bheith ina gCoimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla (dá ngairmtear “na Coimisinéirí” san Acht so) chun na feidhmeanna a ceaptar do sna Coimisinéirí sin leis an Acht so do chólíona,

(2) Ní bheidh duine neamh-incheaptha mar Choimisinéir fén Acht so de bhrí a bheith ina Choimisinéir Stát-Sheirbhíse fé Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 (Uimh. 5 de 1924) agus dá bhrí sin amháin.

(3) Ní bheidh thar triúr Coimisinéirí ann aon uair.

(4) Gach éinne a ceapfar fén alt so chun bheith ina Choimisinéir um Cheapacháin Áitiúla beidh sé i seilbh oifige faid is toil leis an Ard-Chomhairle é.

(5) Gach uair a déanfar Coimisinéir a cheapa no a chur as oifig fén alt so foillseofar láithreach san Iris Oifigiúil an ceapa no an cur-as-oifig sin.

Luach saothair agus fuireann na gCoimisinéirí.

4. —(1) Gheobhaidh gach éinne a ceapfar chun bheith ina Choimisinéir fén Acht so pé luach saothair a chinnfidh an tAire Airgid.

(2) Féadfidh an tAire Airgid pé daoine agus pé méid daoine is dó leis is gá do cheapa chun bheith ina n-oifigigh do sna Coimisinéirí, agus beidh na daoine sin i seilbh oifige ar pé téarmaí agus tabharfar luach saothair dóibh do réir pé rátaí agus ar pé slí a ordóidh an tAire Airgid.

Ceapacháin a fhéadfidh údaráis áitiúla a dhéanamh.

5. —(1) Gan mola d'iarraidh ná d'fháil o sna Coimisinéirí fé sna forálacha ina dhiaidh seo den Acht so, féadfidh údarás áitiúil, fé réir chead an Aire, duine do cheapa chun oifig le n-a mbaineann an tAcht so do líona i gcás, ach ní ach i gcás, go ndéanfar an ceapa laistigh de ráithe tar éis folmhuithe na hoifige sin no (i gcás ceapa chun oifige nua) tar éis a bunuithe agus, an té a ceapfar amhlaidh, gur duine é a bhí, le linn folmhuithe no bunuithe (pe'ca aca é) na hoifige sin—

(a) i seilbh oifige inphinsin fén údarás áitiúil sin no fé aon údarás áitiúil eile no fé aon dá údarás áitiúla no níos mó, oifig gur bhain a dualgaisí leis na nithe céanna le n-a mbaineann dualgaisí na hoifige folmha no le nithe cosúil leo, no

(b) ag fáil liúntais ón údarás áitiúil sin no o aon údarás áitiúil eile, no o aon dá údarás áitiúla no níos mó, mar gheall ar gur scuir sé de bheith i seilbh oifige fén údarás áitiúil sin no fé aon údarás áitiúil eile no fé aon dá údarás áitiúla no níos mó, oifig gur bhain a dualgaisí leis na nithe céanna le n-a mbaineann dualgaisí na hoifige folmha no le nithe cosúil leo.

(2) Má dintar oifig le n-a mbaineann an tAcht so d'fholmhú no (i gcás oifige nua) í do bhunú, ansan, más deimhin leis an údarás áitiúil gur gá é sa chás, féadfid, le toil an Aire agus gan mola d'iarraidh ná d'fháil o sna Coimisinéirí fé sna forálacha ina dhiaidh seo den Acht so, éinne do cheapa chun an oifig sin do líona go sealadach, agus gach duine a ceapfar amhlaidh beidh sé i seilbh oifige go dtí go gceapfar duine chun na hoifige sin fé fhorálacha an Achta so (lasmuich den bhfo-alt so) no go dtí go mbeidh sé mhí caithte o folmhuíodh an oifig sin, pe'ca aca is túisce thárlóidh.

Ceapacháin a fhéadfidh an tAire a dhéanamh.

6. —(1) Ach amháin i gcás ina n-údaruítear a mhalairt leis an Acht so, déanfidh gach údarás áitiúil, sara ndinid ceapa chun oifige le n-a mbaineann an tAcht so, a iarraidh ar na Coimisinéirí duine do mhola dhóibh le ceapa chun na hoifige sin.

(2) Más rud é, laistigh de ráithe tar éis folmhuithe oifige le n-a mbaineann an tAcht so no (i gcás oifige nua) tar éis a bunuithe, na hiarrfidh údarás áitiúil ar na Coimisinéirí duine do mhola dhóibh le ceapa chun na hoifige sin ná ná déanfid ceapa (nách ceapa sealadach) chun na hoifige sin fé agus do réir foráil den Acht so le n-a gceaduítear déanamh in éamais an iarratais sin, féadfidh an tAire, thar cheann an údaráis áitiúla san, a iarraidh ar na Coimisinéirí duine do mhola don údarás áitiúil sin le ceapa chun na hoifige sin.

(3) Ar fháil iarratais den tsórt san roimhráite dhóibh ón údarás áitiúil no ón Aire (pe'ca aca é) toghfidh na Coimisinéirí amach do réir an Achta so agus molfid don údarás áitiúil duine amháin le ceapa chun na hoifige sin no, más dó leo gur ceart é, toghfid amach do réir an Achta so agus molfid don údarás áitiúil beirt no níos mó don cheapachán san.

(4) Ar fháil mola na gCoimisinéirí o sna Coimisinéirí fén alt so dhóibh, ceapfidh an t-údarás áitiúil chun na hoifige sin an té do moladh ag na Coimisinéirí no, más mó ná éinne amháin do moladh amhlaidh, pé duine de sna daoine do moladh amhlaidh is dó leo is ceart.

Cáilíochta i gcóir ceapachán.

7. —(1) Má iarrann údarás áitiúil no an tAire ar na Coimisinéirí duine do mhola le ceapa chun oifige le n-a mbaineann an tAcht so ordóidh na Coimisinéirí le toil an Aire, na cáilíochta, maidir le haois, sláinte, oideachas, tréineáil, taithí, agus (má sé tuairim na gCoimisinéirí go n-éilíonn dualgaisí na hoifige é) innscin, i gcóir na hoifige sin.

(2) Le toil an Aire agus tar éis dul i gcomhairle mar is féidir no is caothúil dóibh le pé comhlachaisí no cóluchtaí is dó leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí do bheith ionadathach d'údaráis áitiúla, féadfidh na Coimisinéirí aon uair, más oiriúnach leo é, na cáilíochta d'ordú go generálta i gcóir na n-oifigí uile a háirítear ar aon tsaghas no aicme no grád áirithe d'oifigí le n-a mbaineann an tAcht so agus féadfid a ordú amhlaidh go generálta aon cháilíocht d'fhéadfidís a ordú go speisialta fé fho-alt (1) den alt so i gcóir aon oifige áirithe a háirítear ar an saghas, ar an aicme no ar an ngrád san.

(3) Sara molaid duine d'údarás áitiúil le ceapa chun oifige le n-a mbaineann an tAcht so déanfidh na Coimisinéirí deimhin de dhóibh féin ar pé slí is dó leo is ceart go bhfuil ag an duine sin na cáilíochta a horduítear fén alt so i gcóir na hoifige sin.

Daoine do thogha amach tré scrúdú chomórtais.

8. —(1) Fé réir pé eisceachtaí a diutar leis an Acht so no a déanfar fé, is tré scrúdú chomórtais a stiúrófar do réir rialachán a dhéanfidh na Coimisinéirí a thoghfidh na Coimisinéirí amach gach éinne a bheidh acu le mola d'údarás áitiúil fén Acht so agus sa tslí sin amháin.

(2) Beidh gach scrúdú comórtais den tsórt san ar oscailt do gach éinne le n-ar mian dul fé agus ag á mbeidh no adéarfidh go bhfuil aige na cáilíochta a horduítear leis an Acht so no fé i gcóir na hoifige 'na ndéanfar an scrúdú ina cóir agus a íocfidh na táillí a ordóidh na Coimisinéirí i gcóir an scrúduithe sin.

(3) Féadfidh na Coimisinéirí, tar eis dul i gcomhairle leis an Aire, rialacháin do dhéanamh i gcóir stiúra (le n-a n-áirítear am agus áit agus abhair) scrúduithe comórtais a dhéanfid chun críche an ailt seo, agus féadfidh na rialacháin sin bheith i dtaobh na scrúdúithe sin go generálta no i dtaobh aicme no aicmí áirithe de sna scrúduithe sin no i dtaobh scrúdú no scrúduithe áirithe.

Daoine do thogha amach do cheapacháin gur gá gairmthaithí ina gcóir.

9. —Má iarrann údarás áitiúil no an tAire ar na Coimisinéirí duine do mhola dhóibh le ceapa chun oifige le n-a mbaineann an tAcht so agus, mar gheall ar nádúir dhualgaisí na hoifige sin, ar an eolas agus ar an taithí is gá chun na dualgaisí sin do chólíona go héifeachtúil, agus ar na cáilíochta a horduíodh fén Acht so i gcóir na hoifige sin, gur dó leis na Coimisinéirí, le haontú an Aire, nách féidir an duine no na daoine a molfar le ceapa chun na hoifige sin do thogha amach go sásúil tré scrúdú chomórtais, féadfidh na Coimisinéirí déanamh in éamais an scrúduithe chomórtais a héilítear leis an Acht so agus an duine no na daoine a bheidh acu le mola don údarás áitiúil don thogha amach tré pé meáin agus ar pé slí is dó leo is ceart.

Na Coimisinéirí d'éileamh táillí.

10. —(1) Féadfidh na Coimisinéirí, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an Aire, pé táillí is dó leo is ceart d'éileamh ar gach éinne a ofrálfidh é féin do sna Coimisinéirí mar iarrthóir le togha amach (pe'ca tré scrúdú chomórtais no ar aon tslí eile é) chun a mholta fén Acht so.

(2) Ar pé slí a ordóidh an tAire Airgid íocfidh na Coimisinéirí isteach sa Stát-Chiste no socróid chun tairbhe dho gach táille a bhaileoidh na Coimisinéirí fén alt so.

Oifigigh agus seirbhísigh do chur ar fionnraí.

11. —(1) Má bhíonn, dar le haon údarás áitiúil no leis an Aire, cúis chun a chreidiúint, maidir le hoifigeach no le seirbhíseach don údarás áitiúil sin, nár chólíon sé dualgaisí a bhirte go sásúil no gur dhin sé é féin do mhí-iompar i leith na ndualgaisí sin no go bhfuil sé neamh-oiriúnach ar aon tslí eile chun bheith i seilbh na birte sin, féadfidh an t-údarás áitiúil sin no an tAire (pe'ca aca é) an t-oifigeach no an seirbhíseach san do chur ar fionnraí o chólíona a dhualgaisí faid a beifear ag féachaint isteach sa neachólíona, sa mhí-iompar no sa neamh-oiriúnacht san a cuirtar ina leith agus á shocrú cadé an gníomh smachta (más aon cheann) a déanfar ina thaobh.

(2) Má dhineann údarás áitiúil no an tAire fén alt so oifigeach no seirbhíseach do chur ar fionnraí leanfidh an fionnraí sin go dtí go gcuirfidh an tAire deire leis.

(3) Ní bhfuighidh oifigeach a cuirfar ar fionnraí fén alt so aon luach saothair ón údarás áitiúil faid a leanfidh a fhionuraí agus nuair a bheidh deire le n-a fhionnraí geallbhruidfar i bpáirt no go hiomlán, no íocfar leis, no socrófar ar shlí éigin eile, fé mar a ordóidh an tAire, an luach saothair do gheobhadh sé i rith tréimhse an fhionnraí dá mba ná cuirfí ar fionnraí é.

Forálacha airgeadais.

12. —(1) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, luach saothair na gCoimisinéirí agus a n-oifigeach agus gach costas fé n-a raghaidh na Coimisinéirí no fé n-a raghfar ar aon tslí eile ag cur an Achta so in éifeacht.

(2) Laistigh de mhí tar éis deire gach bliana airgeadais áitiúla deimhneoidh na Coimisinéirí don Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí—

(a) cá mhéid ar fad do caitheadh an bhliain airgeadais áitiúil roimhe sin ag íoc luach saothair na gCoimisinéirí agus na gcostaisí fé n-ar chuaidh na Coimisinéirí ag cur an Achta so in éifeacht, agus

(b) cá mhéid ar fad a fuair na Coimisinéirí an bhliain air geadais áitiúil roimhe sin i riocht táillí do híocadh leo fén Acht so, agus

(c) cadé an bhreis (más ann di) (dá ngairmtear “an bhreis sin” ina dhiaidh seo anso) atá ag an méid sin ar fad do caitheadh ar an méid sin ar fad do fuarthas.

(3) Le hordú fé n-a shéala leagfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí an bhreis sin ar na contaethe agus ar na contae-bhuirgí uile agus fé seach i Saorstát Éireann mar ráta do réir luach bliantúil glan na maoine is ionrátuithe i gcóir ráta dhealbhais sna contaethe agus sna contae-bhuirgí sin fé seach agus cuirfe sé cóip den ordú san chun comhairle gach contae agus contae-bhuirge acu.

(4) Cruinneoidh comhairle gach contae agus contae-bhuirge tríd an ráta dealbhais mar mhuirear ar an gcontae iomlán an cion den bhreis sin a leagfar ar a gcontae no ar a gcontae-bhuirg leis an ordú san agus ar bheith cruinnithe dho íocfid an cion san isteach sa Stát-Chiste ar pé slí a ordóidh an tAire Airgid.

Gearr-theideal.

13. —Féadfar Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 , do ghairm den Acht so.