|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III) |
ACHT CHUN COSANTA NA PUIBLÍOCHTA (COMHACHTA OCÁIDEACHA), 1926
[EN] | ||
[EN] |
SCEIDEAL. | |
[EN] | 1. Daoine do ghríosú chun tabhairt fé fhuirm bhunuithe Rialtas Shaorstáit Éireann do bhrise le fóiréigean no aon iarracht den tsórt san d'ullamhú no, ar aon tslí eile, cabhair no misneach do thabhairt dá leithéid d'iarracht. | |
[EN] | 2. Aon oifigeach do Rialtas Shaorstáit Éireann do mhealla, no tabhairt fé n-a mhealla, go nea-dhleathach, chun diúltú dá dhualgas mar oifigeach den tsórt san do chólíona no chun é leigint i bhfuaire no i bhfaillí. | |
[EN] | 3. Seilbh gan údarás dleathach ar— | |
[EN] | (a) aon arm teine marathach no arm d'aon tsaghas eile as a bhféadfaí aon urchar, pileur no teilgeán eile do chaitheamh; no | |
[EN] | (b) aon amuinisean d'aon arm teine no arm eile den tsaghas san; no | |
[EN] | (c) aon ghranád, búmba no teilgeán eile den tsórt san, pe'ca is féidir é d'úsáid le haon arm teine no arm eile den tsaghas san no nách féidir; no | |
[EN] | (d) aon phléascán talmhan no inneal pléascach eile den tsaghas san; no | |
[EN] | (e) aon dynamite, gelignite no substaint phléascach eile; no | |
[EN] | (f) aon fhíorchuid no táthchuid d'aon earra no substaint den tsórt san roimhráite. | |
[EN] | 4. Seilbh gan údarás dleathach ar aon bhall éadaigh, treallaimh no feistis no ar aon airm no amuinisean is le haon bhall no a tugadh amach d'aon bhall d'fhórsaí mileata no póilíneachta Shaorstáit Éireann. | |
[EN] | 5. Duine do chur no do ghabháil éide no aon chuid d'éide aon bhrainse d'fhórsaí mileata no póilíneachta Shaorstáit Éireann uime gan údarás dleathach. | |
[EN] | 6. Duine do thabhairt ainm, teideal no comharthaí aon chéime, no aon bhaill, d'fhórsaí mileata no póilíneachta Shaorstáit Éireann air féin chun aon ghníomh do dhéanamh no d'fháil déanta ná beadh an té a thug air féin an ainm, an teideal no na comharthaí sin i dteideal do réir dlí chun é dhéanamh ná chun é d'fháil déanta as a údarás féin. | |
[EN] | 7. Dul isteach agus seilbh do chimeád go héagcórach ar thalamh gan dath ná deabhramh teidil ná údaráis. | |
[EN] | 8. Robáil fé arm; sé sin le rá, duine do dhéanamh robála no iarracht ar robáil agus é armtha le héinní atá no a dheabhruíonn a bheith ina arm no ina inneal troda. | |
[EN] | 9. Dógha; sé sin le rá, teine do thabhairt no iarracht ar theine do thabhairt, go nea-dhleathach, d'aon tigh, monarcha, scioból, iothlainn, siopa oibre, no foirgneamh eile, no d'aon mhaoin talmhaíochta, soláthar bidh do dhuine no do bheithíoch, no d'aon mhaoin d'aon tsórt no saghas, so-aistrithe no do-aistrithe, puiblí no príobháideach, maraon le crainn agus barraí ag fás. | |
[EN] | 10. Díobháil no scrios, no iarracht ar dhíobháil no scrios, do dhéanamh go nea-dhleathach ar aon tigh, monarca, scioból, iothlainn, siopa oibre, no foirgneamh eile, no ar aon mhaoin talmh aíochta, soláthar bidh do dhuine no do bheithíoch, no ar aon mhaoin d'aon tsórt no saghas, so-aistrithe no do-aistrithe, puiblí no príobháideach, maraon le crainn agus barraí ag fás. | |
[EN] | 11. Cuir-isteach no cosc do dhéanamh, go nea-dhleathach, ar aon talamh no áitreabh do shealbhú no d'úsáid go dleathach no ar thairfe do bhaint as go dleathach. | |
[EN] | 12. Bac do chur, no iarracht ar bhac do chur, ar riara cirt. | |
[EN] | 13. Cabhrú le héinne, é ghríosú, cuidiú leis no é mhisniú, no cogar do dhéanamh, chun aon chionta dá luaidhtear sa Sceideal so do dhéanamh, no cabhrú chun éinne atá ciontach in aon chionta den tsórt san do chur i bhfolach no chun é do dhul saor, agus san go feasach. | |
[EN] | 14. Aon ghníomh gur tréasún no ceilt tréasúin no feleontacht no mí-iompar fén Acht um Chiontaí Tréasúnta, 1925 (Uimh. 18 de 1925) no dá bhua é do dhéanamh. |