Ar Aghaidh (Cuid I. Radio-Thelegrafaiocht agus Radio-Chomharaiocht.)

45 1926


Uimhir 45 de 1926.


ACHT RADIO-THELEGRAFAÍOCHTA, 1926.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN RADIO-THELEGRAFAÍOCHT AR TÍR, AR MUIR, AGUS SAN AER DO REGLEÁIL AGUS DO STIÚRÚ AGUS CHUN SAGHASANNA ÁIRITHE STÁISIÚN COMHARTHAÍOCHTA RADHAIRC AGUS FUAMA DO REGLEÁIL AGUS DO STIÚRÚ AGUS CHUN STÁISIÚIN FHOIRLEATHA LEIS AN STÁT DO BHUNÚ AGUS DO CHIMEÁD I dTREO AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH I gCÓIR NITHE EILE A BHAINEAS LE RADIO-THELEGRAFAÍOCHT, LE RADIO-CHOMHARTHAÍOCHT AGUS LE FOIRLEATHA FÉ SEACH. [24adh Mí na Nodlag, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Roimh-ra.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Puist agus Telegrafa;

cialluíonn agus foluíonn an focal “radio-thelegrafaíocht” aon mhodh chun teachtaireachtaí, focail labhartha, ceol, íomháigheanna, pictiúirí, priondaí, no scéala, fuaimeanna, no comharthaí eile do chur in úil le tonntracha leictre-mhaighnéadacha leathta as gléas no inneall a dineadh chun scéala, fuaimeanna, no comharthaí den tsórt san do chur amach;

cialluíonn an focal “gléas radio-thelegrafaíochta” gléas chun teachtaireachtaí, focail labhartha, ceol, íomháigheanna, pictiúirí, priondaí, no scéala, fuaimeanna, no comharthaí eile do chur amach agus do ghlaca no chun a gcurtha amach no chun a nglactha agus foluíonn sé aon chuid den ghléas san agus aon earra gur chun í d'úsáid mar chuid den ghléas san is mó atá sí ceaptha agus nách uiriste a úsáid chun aon chríche eile;

cialluíonn an focal “foirleatha” abhar foirleatha do chur amach, d'ath-leatha, no do scaipe le radio-thelegrafaíocht;

cialluíonn an focal “stáisiún foirleatha” foirgint no áit eile atá feistithe agus gléasta i gcóir foirleatha;

cialluíonn agus foluíonn “abhar foirleatha” aon leictiúirí, oráideacha, nuacht, tuairiscí, fógráin, abhar aithriseoireachta, siamsaí drámúla agus focail labhartha eile, agus aon cheol (pe'ca ceol gotha no ceol gléis é) agus fuaimeanna eile a bheidh ceaduithe ag an Aire mar nithe atá oiriúnach chun a bhfoirleatha o stáisiún fhoirleatha a bheidh á chimeád suas fén Acht so;

cialluíonn an focal “stáisiún comharthaíochta” aon ghléas seasmhach no do-aistrithe chun comharthú le comharthaí sofheicse no chun comharthú le comharthaí so-chluinte.