An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA SÉADCHOMHARTHAÍ NÁISIÚNTA, 1930) Ar Aghaidh (CUID II. Seadchomharthai Naisiunta do Chaomhna, do Thogaint ar Seilbh, etc.)

2 1930

ACHT NA SÉADCHOMHARTHAÍ NÁISIÚNTA, 1930

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgid;

cialluíonn an abairt “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn;

cialluíonn agus foluíonn an abairt “údarás áitiúil” comhairle chontae, comhairle chontae-bhuirge no bhuirge eile, agus comhairle bhailecheanntair;

nuair a húsáidtear an focal “únaer” maidir le séadchomhartha náisiúnta cialluíonn sé an té go bhfuil estát no leas aige sa tséadchomhartha san de thurus na huaire de shaghas a thugann teideal do é bheith ina sheilbh féin aige;

foluíonn an focal “séadchomhartha” foirgint, déanmhas, no tógáil ar bith, ar n-a dhéanamh go saordha i bpáirt no go hiomlán, ar dhruim talmhan no fé, pe'ca greamuithe den talamh do no nách eadh, agus aon uaimh, cloch, no rud aiceanta eile, pe'ca cuid den talamh é no nách eadh, no pe'ca ceangailte den talamh do no nách eadh, do snoigheadh no do dealbhadh no ar ar hoibríodh go saordha no (maran cuid den talamh é) a dheabhruíonn bheith ar n-a chur no ar n-a shocrú in ionad d'aon ghnó, agus aon tuama no uaigh no taisce adhlacain roimh-stairiúil no ársa, ach ní fholuíonn sé aon fhoirgint atá i ngnáth-úsáid de thurus na huaire chun crícheanna eaglasta;

cialluíonn an abairt “séadchomhartha náisiúnta” séadchomhartha no iarsma séadchomhartha gur fiú don náisiún é bhuan-chimeád toisc a shuimiúla atá sé maidir le cúrsaí staire, ailtireachta, béaloidis, ealadhan, no ársaíochta agus foluíonn sí fós (ach ní i slí go gcuirfí teora le léiriú an mhínithe ghenerálta san roimhe seo ná go leathnófaí é ná go ndéanfaí éinní eile leis) gach séadchomhartha i Saorstát Éireann le n-ar bhain an Ancient Monuments Protection Act, 1882, díreach roimh an Acht so do rith, agus léireofar an abairt sin mar abairt fholuíonn ní hamháin an séadchomhartha féin ach ina theanta san ionad an tséadchomhartha agus an tslí isteach chuige agus fós pé méid tailimh atá teoranta leis an ionad san agus a theastóidh chun an séadchomhartha do dhaingniú no do chlúdach no do chosaint ar shlí eile ar dhíobháil no chun a thaithneamhacht do bhuan-chimeád;

nuair a húsáidtear an abairt “cimeád i dtreo” maidir le séadchomhartha náisiúnta foluíonn sí an séadchomhartha san do ghlana agus do dheisiú, ráil do chur timpeal air, agus é do dhaingniú agus do chlúdach, agus pé gníomhartha agus rudaí eile do dhéanamh is riachtanach no is oiriúnach chun a bhuanchimeádtha no a chosanta, agus is dá réir sin a léireofar focail atá gaolmhar di sin;

cialluíonn an abairt “rud ársa” áirnéis ar bith, oibrithe no leathoibrithe no neamh-oibrithe, gur mó go mór an méid is fiú é toisc a shuimiúla atá sé maidir le cúrsaí ársaíochta no toisc baint do bheith aige le haon ní no duine i stair na hÉireann ná mar is fiú ann féin é (agus a luach mar rud ealadhanta d'áireamh), agus foluíonn an abairt sin sean-iarsma duine agus ainmhí ach ní fholuíonn sí éadáil fholuithe do fuarthas agus nár leig an Stát uaidh a cheart inti.

Costaisí.

3. —(1) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh an tAire ag cur an Achta so i bhfeidhm do.

(2) Sa mhéid go gceadóidh an tAire é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh na Coimisinéirí agus an tAire Oideachais fé seach ag cur an Achta so in éifeacht dóibh.

(3) Is tríd an ráta dealbhais agus, i gcás Comhairle contae, mar mhuirear ar an gcontae iomláin a cruinneofar na costaisí fé n-a raghaidh údarás áitiúil ag cur an Achta so in éifeacht dóibh.

(4) An méid d'fho-alt (1) d'alt 25 den Irish Church Act, 1869, le n-a gceangailtear ar na Coimisinéirí an tsuim íocann no Coimisinéirí Maoine Saolta Eaglaise in Éirinn le rúnaí na gCoimisinéirí fén bhfo-alt san do chur chun na heaglaisí, na foirgintí, agus na déanmhaisí luaidhtear sa bhfo-alt san do chimeád i dtreo, scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige agus achtuítear leis seo ina ionad san go n-íocfar isteach sa Stát-Chiste no go gcuirfear chun tairbhe dho, i pé slí ordóidh an tAire, na súncála agus na cistí atá ar seilbh ag na Coimisinéirí no ag á rúnaí le linn an Achta so do rith agus is ionann agus an tsuim sin íocann na Coimisinéirí Maoine Saolta Eaglaise in Éirinn leis an rúnaí sin amhlaidh.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí no údarás áitiúil saor-shíntiúisí airgid do ghlaca chun no mar chabhair chun íoctha an chostais a bheidh ortha maidir le séadchomhartha náisiúnta ar bith darab únaerí no caomhnóirí iad do chimeád i dtreo.

Athghairm.

4. —Na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so athghairmtear leis seo iad sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.