|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Seadchomharthai Naisiunta do Chosaint agus do Bhuan Chimead.) | Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.) |
ACHT NA SÉADCHOMHARTHAÍ NÁISIÚNTA, 1930
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Ilghneitheach. | |
[EN] |
Féadfaidh na Coimisinéirí séadchomharthaí náisiúnta do scrúdú. |
20. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí, aon uair agus o am go ham, a chur fé ndeár go ndéanfaidh a n-oifigigh scrúduithe agus tuarasgabhála ar shéadchomharthaí náisiúnta fé mar ordóidh na Coimisinéirí go generálta no maidir le haon tséadchomhartha áirithe. |
[EN] | (2) Chun séadchomhartha náisiúnta ar bith do scrúdú fén alt so, féadfaidh oifigeach ar bith do sna Coimisinéirí dul isteach ar an séadchomhartha náisiúnta san agus ar aon tailte agus in aon áitreabhacha eile agus gach ní do dhéanamh ansan a mheasfa sé do bheith riachtanach chun crícheanna an scrúduithe sin. | |
[EN] | (3) Gach duine dhéanfaidh bac no aon chur-isteach eile ar oifigeach do sna Coimisinéirí agus é ag feidhmiú comhachta ar bith dá mbeidh aige fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint do chur air. | |
[EN] |
Comhairle Chomhairlitheach na Séadchomharthaí Náisiúnta. |
21. —(1) Déanfaidh an tAire, le hordú, comhairle chomhairlitheach ar a dtabharfar mar theideal agus mar ainm Comhairle Chomhairlitheach na Séadchomharthaí Náisiúnta (dá ngairmtear an Chomhairle Chomhairlitheach san Acht so) do bhunú chun comhairle agus congnamh do thabhairt do sna Coimisinéirí i dtaobh éinní thiocfaidh de dhruim forálacha an Achta so do chur i bhfeidhm no a bhainfidh leis sin no i dtaobh éinní eile bhaineann le séadchomharthaí náisiúnta agus le n-a gcosaint agus le n-a mbuan n-chimeád. |
[EN] | (2) Isiad a bheidh ar an gComhairle Chomhairlitheach ná Cimeádaí Sean-sheod Éireann sa Mhúsaeum Náisiúnta agus oifigeach do sna Coimisinéirí ainmneoidh an tAire chuige sin o am go ham, mar bhaill ex-officio, agus pé méid daoine eile (ar a n-áirítear ionadaithe do sna cóluchtaí seo leanas, eadhon, Acadamh Ríoga na hÉireann, Cumann Ríoga Seanchaí na hÉireann agus Fundúireacht Ríoga Ailtirí na hÉireann), mar bhaill ainmnithe, ainmneoidh an tAire chun bheith ina mbaill di. | |
[EN] | (3) Marab éag no eirghe as roimhe sin do beidh gach ball ainmnithe den Chomhairle Chomhairlitheach ina bhall amhlaidh go ceann trí mblian o dháta a ainmnithe agus ní níos sia ná san ach beidh sé ion-athainmnithe. | |
[EN] | (4) Tiocfaidh an Chomhairle Chomhairlitheach le chéile pé uair a ghairmfidh na Coimisinéirí chun teacht le chéile iad agus fós ar pé ocáidí eile chinnfidh an Chomhairle o am go ham. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an Chomhairle Chomhairlitheach a dtuairmí ar ní ar bith a bhaineann le séadchomharthaí náisiúnta do chur in úil do sna Coimisinéirí agus tabharfaid do sna Coimisinéirí, má iarraid sin ortha é, a gcomhairle i dtaobh aon cheiste bhaineann leis na séadchomharthaí sin. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an tAire íocaíochta do dhéanamh, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le baill den Chomhairle Chomhairlitheach agus le coistí den Chomhairle sin i pé méideanna mheasfaidh an tAire do bheith cothrom mar aisíoc ar chostaisí taistil agus chun liúntas cothuithe d'íoc. | |
[EN] |
Coistí Comhairlitheacha Áitiúla. |
22. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil coiste comhairlitheach (dá ngairmtear coiste comhairlitheach áitiúil san Acht so) do bhunú chun na feidhmeanna luaidhtear san alt so do chólíona agus isé bheidh mar theideal agus mar ainm ar gach coiste den tsórt san ná ainm líomatáiste fheidhmiúcháin an údaráis áitiúla bhunóidh é agus na focail “Coiste Comhairlitheach na Séadchomharthaí Náisiúnta” roimhe. |
[EN] | (2) Beidh ar gach coiste comhairlitheach áitiúil pé líon daoine, nách lú ná triúr ná nách mó ná cúigear, a cheapfaidh an t-údarás áitiúil a bhunóidh é chun bheith ina mbaill de. | |
[EN] | (3) Na daoine a ceapfar chun bheith ina mbaill de choiste chomhairlitheach áitiúil, féadfaidh an t-údarás áitiúil a cheapfaidh iad a shocrú, fé mar is rogha leo féin, ce'ca is gá no nách gá iad do bheith ina mbaill den údarás áitiúil sin, ach ní foláir do gach duine acu taithí agus cleachta no eolas speisialta do bheith aige ar ailtireacht, ar ársaíocht no ar abhar éigin den tsórt san no suim do bheith aige i ní de sna nithe sin agus beid i seilbh oifige mar bhaill den choiste sin ar feadh pé tréimhse shocróidh an t-údarás áitiúil le linn iad do cheapa. | |
[EN] | (4) Tabharfaidh coiste comhairlitheach áitiúil don údarás áitiúil do bhunuigh é, pé uair iarrfaidh an t-údarás san air é, comhairle agus congnamh maidir leis na séadchomharthaí náisiúnta no le haon tséadchomhartha náisiúnta áirithe i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis áitiúla san do chosaint agus do bhuanchimeád no maidir le héinní eile thiocfaidh le linn an údarás áitiúil sin do chólíona a dhualgaisí agus a fheidhmeanna fén Acht so. | |
[EN] | (5) Féadfaidh coiste comhairlitheach áitiúil pé aithris chúise is oiriúnach leis, i dtaobh séadchomharthaí náisiúnta ina líomatáiste fheidhmiúcháin, do chur fé bhráid an údaráis áitiúla do bhunuigh é no fé bhráid na gCoimisinéirí no na Comhairle Chomhairlithighe. | |
[EN] |
Tuarasgabhála go dtánathas ar rudaí ársa. |
23. —(1) Gach duine thiocfaidh ar rud ársa ar bith, déanfa sé, laistigh de cheithre lá déag tar éis teacht ar an rud san do, tuarasgabháil ar a theacht air do thabhairt do bhall den Ghárda Síochána ar diuité sa cheanntar ina dtánathas ar an rud san amhlaidh no do Chimeádaí Sean-sheod Éireann sa Mhúsaeum Náisiúnta agus ag tabhairt na tuarasgabhála san uaidh do luadhfaidh a ainm agus a sheola féin, cineál no carachtar an ruda san agus an t-am agus an áit ina dtáinig air agus gach ar bhain le n-a theacht air agus, pe'ca bheidh tuarasgabháil mar adubhradh tugtha uaidh aige no ná beidh agus pé hé an duine dá dtug an tuarasgabháil sin (má thug in aon chor), déanfaidh fós faisnéis ar bith a bheidh aige i dtaobh an ruda san no i dtaobh a theachta air do thabhairt do bhall ar bith den Ghárda Síochána no don Chimeádaí sin ar a iarraidh sin air agus leigfidh d'aon bhall den Ghárda Síochána no don Chimeádaí sin an rud san d'iniúcha no do scrúdú no grianghraf de do thógaint. |
[EN] | (2) Gach duine thiocfaidh ar rud ársa agus— | |
[EN] | (a) go dteipfidh air, gan leathscéal réasúnta, tuarasgabháil ar a theacht ar an rud san do thabhairt uaidh do réir an ailt seo, no | |
[EN] | (b) a thabharfaidh uaidh fén alt so tuarasgabháil ar a theacht ar an rud san agus an tuarasgabháil sin bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach go bhfios do, no | |
[EN] | (c) go dteipfidh air no a dhiúltóidh, contrárdha don alt so, faisnéis do thabhairt do bhall den Ghárda Síochána no do Chimeádaí Sean-sheod Éireann sa Mhúsaeum Náisiúnta i dtaobh an ruda ársa san no i dtaobh a theachta air, no | |
[EN] | (d) a thabharfaidh faisnéis do bhall den Ghárda Síochána no don Chimeádaí sin i dtaobh an ruda ársa san no i dtaobh a theachta air agus an fhaisnéis sin bréagach no mí-threorach i bponc táchtach go bhfios do, | |
beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpuint do chur air. | ||
[EN] |
Srian le rudaí ársa d'easportáil. |
24. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon rud ársa d'easportáil ná tabhairt fé n-a easportáil ná do dhíol chun a easportála gan ceadúnas ar n-a thabhairt amach ón Aire Oideachais fén alt so ná ar chaoi ar bith seachas do réir a leithéide sin de cheadúnas. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire Oideachais, más rogha leis é, ceadúnas do thabhairt amach do dhuine ar bith chun aon rud ársa áirithe d'easportáil agus féadfaidh pé coiníollacha agus sriantachtaí is dó leis is ceart do chur in aon cheadúnas den tsórt san. | |
[EN] | (3) Duine ar bith easportálfaidh rud ársa no a thabharfaidh fé n-a easportáil no a dhíolfaidh é chun a easportála contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile. | |
[EN] |
Toirmeasc ar dhíobháil, etc. do dhéanamh do rudaí ársa. |
25. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith rud ársa ar bith do dhíobhálú, d'agha-lot no do mhille, ná ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith rud ársa ar bith d'atharú ar chaoi ar bith seachas fé cheadúnas agus do réir cheadúnais chuige sin ar n-a dheona fén alt so. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire Oideachais más oiriúnach leis é ceadúnas do thabhairt amach do dhuine ar bith chun rud áirithe ársaíochta d'atharú i pé slí, i pé méid agus fé réir pé coiníollacha a bheidh luaidhte sa cheadúnas san. | |
[EN] | (3) Gach duine a dhíobhálfaidh, a agha-loitfidh, a mhillfidh no a atharóidh rud ársa contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile. | |
[EN] |
Srian le tochailt do dhéanamh chun crícheanna ársaíochta. |
26. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith, gan ceadúnas ar n-a thabhairt amach o sna Coimisinéirí fén alt so ná ar chaoi ar bith seachas do réir a leithéide sin de cheadúnas, romhar ná tochailt do dhéanamh in ná fé aon talamh (pe'ca deintear barr na talmhan d'aistriú no ná deintear) chun cuardach generálta do dhéanamh do rudaí ársa ná chun aon déanmhas no rud áirithe atá suimiuil maidir le cúrsaí ársaíochta agus is col no a creidtear do bheith sa talamh san no fé do chuardach no do nochta no do scrúdú ná chun aon chríche eile ársaíochta. |
[EN] | (2) Féadfaidh na Coimisinéirí, más rogha leo é, ceadúnas do thabhairt amach do dhuine ar bith chun romhar no tochailt in no fé aon talamh áirithe chun aon chríche áirithe ársaíochta agus féadfaid pé coiníollacha agus sriantachtaí is dó leo is ceart do chur in aon cheadúnas den tsórt san. | |
[EN] | (3) Duine ar bith a romharfaidh no a thochlóidh in no fé aon talamh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint fhichead do chur air. | |
[EN] | (4) Ní bhainfidh ní ar bith san alt so le romhar no tochailt in no fé aon talamh, ná ní bheidh sé nea-dhleathach dá dhruim san do dhéanamh, chun no le linn aon oibriú talmhaíochta no céardais do dhéanamh ná ní oibreoidh ceadúnas fén alt so chun é dhéanamh dleathach ní ar bith do dhéanamh do bheadh neadhleathach mara mbeadh an t-alt so do rith. | |
[EN] |
Alt 14 den Irish Land Act, 1903, do leasú. |
27. —In alt 14 den Irish Land Act, 1903, ciallóidh an abairt “ancient monument” an ní chialluíonn an abairt “séadchomhartha náisiúnta” san Acht so, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin. |