|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1932) | Ar Aghaidh (CUID II. Bothar-Sheirbhisi do Phaisneiri.) |
ACHT UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1932
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Roimhraiteach agus Generalta. | |
[EN] |
Gearr-theideal. |
1. —Féadfar an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1932 , do ghairm den Acht so. |
[EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála; | |
[EN] | cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so; | |
[EN] | foluíonn an abairt “feithicil inneall-ghluaiste” feithicil á tarrac ag feithicil inneall-ghluaiste, ach ní fholuíonn sí inneall, carráiste, ná bhaigín bóthair iarainn, ná tram ná aon fheithicil eile ghluaiseann ar bhuan-ráileacha; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “iompar ar bhóithre” paisnéirí, bagáiste paisnéirí, earraí ceannaíochta agus postanna, no aon cheann acu san d'iompar de bhóthar ar luach saothair i bhfeithiclí inneallghluaiste; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “bóthar-sheirbhís do phaisnéirí” seirbhís feithicle no feithiclí inneall-ghluaiste théigheann ar fad no nách mór ar fad ar bhóithre puiblí agus iompruíonn paisnéirí (pe'ca iompruítear bagáiste paisnéirí, earraí ceannaíochta agus postanna no aon cheann acu san chó maith no ná hiompruítear) idir puíntí cinn scríbe áirithe no fan chúrsa áirithe ar íocaíocht ar leithligh ar gach paisnéir; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “bóthar-sheirbhís leanúnach do phaisnéirí” bóthar-sheirbhís do phaisnéirí bhíonn ar siúl gach seachtain sa bhliain pe'ca bhíonn sí ar siúl gach lá de gach seachtain no ná bíonn; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “bóthar-sheirbhís shaosúrach do phaisnéirí” bóthar-sheirbhís do phaisnéirí ná bíonn ar siúl ach gach seachtain de chuid áirithe den bhliain pe'ca bhíonn sí ar siúl gach lá de gach seachtain acu san no ná bíonn; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “bóthar-sheirbhís ócáideach do phaisnéirí” bóthar-sheirbhís do phaisnéirí ná bíonn ar siúl ach ar ócáid no ócáidí áirithe; | |
[EN] | foluíonn an abairt “earraí ceannaíochta” earraí, áirnéis, minearáil, agus ainmhithe, ach ní fholuíonn sí bagáiste paisnéirí ná postanna; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “bagáiste paisnéirí” bagáiste pearsanta bhíonn ag paisnéir; | |
[EN] | foluíonn an focal “postanna” málaí puist agus pacáidí puist (seachas telegrama) mar a mínítear iad san sa Post Office Act, 1908; | |
[EN] | foluíonn an focal “íocaíochta” fiacha turuis, rátaí, agus dleachtanna; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá cheapfaidh an tAire fén Acht so chun bheith mar lá cheaptha chun crícheanna an Achta so. | |
[EN] |
An lá ceaptha. |
3. —Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh, nách luatha ná trí mhí ná nách déanaí ná sé mhí tar éis an Achta so do rith, chun bheith mar lá cheaptha chun crícheanna an Achta so. |
[EN] |
Rialacháin. |
4. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamb chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) ag ordú éinní dá dtagartar san Acht so mar ní orduithe; | |
[EN] | (b) ag ordú éinní go n-údaruítear don Aire leis an Acht so é d'ordú le rialacháin a déanfar fén Acht so. | |
[EN] |
Costaisí. |
5. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm. |
[EN] |
Athghairm. |
6. —Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den sceideal san. |