|
|||||
|
ACHT UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1933
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Foralacha Maidir Leis an mBinse Bothair Iarainn agus le hIarrataisi Chun an Bhinse Bhothair Iarainn o Choluchtai Puibli Airithe. | |
[EN] |
Ailt áirithe d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 , do chur i mbaint. |
46. —(1) Déanfar na tagairtí atá in alt 17 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 ( Uimh. 29 de 1924 ), mar atá san leasuithe le hAcht na mBóthar Iarainn (Leasú), 1929 (Uimh. 23 de 1929) , agus le hAcht na mBóthar Iarainn (Ilghnéitheach), 1932 (Uimh. 3 de 1932) , do Chuid III d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 , adubhradh do léiriú mar thagairtí fholuíonn tagairtí do Chuid III den Acht so agus beidh éifeacht ag an alt san dá réir sin. |
[EN] | (2) Déanfar an abairt “an tAcht so” i ngach áit ina bhfuil sí i bhfo-ailt (1) agus (2) d'alt 18 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924, adubhradh do léiriú mar abairt a chialluíonn an tAcht san no an tAcht so agus beidh éifeacht ag na fo-ailt sin dá réir sin. | |
[EN] |
Nós-imeachta agus táillí. |
47. —(1) Féadfaidh an bínse bóthair iarainn, le haontú an Aire agus an Phrímh-Bhreithimh, rialacha generálta do dhéanamh chun a nós-imeachta agus a gcleachtadh do rialú agus go generalta chun a gcomhacht agus a ndualgas fén Acht so do chur in éifeacht, agus féadfar leis na rialacha san, imeasc nithe eile, socrú do dhéanamh i dtaobh— |
[EN] | (a) an bínse do mholadh costaisí ; | |
[EN] | (b) aon cheist do chur fé bhráid bhaill no oifigigh den bhínse, no fé bhráid éinne eile cheapfaid, chun tuarasgabhála do thabhairt uirthe tar éis fiosrúcháin do dhéanamh go háitiúil ; | |
[EN] | (c) a chur ar chumas an bhínse aon imeachta bheidh os a gcóir do chríochnú, bíodh gur thárla i gcúrsa na n-imeacht atharú maidir leis na daoine ina suidhe mar bhaill den bhínse ; | |
[EN] | (d) ceart chun éisteachta i láthair an bhínse, ach teideal a bheith ag páirtí ar bith chun éisteachta d'fháil i bpearsain, no tré ionadaí ar gnáth-fhostú ag an bpáirtí agus go n-údarás cuibhe i scríbhinn, no tré abhcóide no tré atúrnae ; | |
[EN] | (e) an méid ball den bhínse is quorum ann chun cásanna de shaghsanna deifriúla d'éisteacht ; | |
[EN] | (f) ní no rud ar bith dá dtagartar i gCuid III den Acht so mar ní no rud ceaptha. | |
[EN] | (2) Eileoidh an bínse bóthair iarainn agus íocfar, i dtaobh imeachta bheidh os a gcóir fén Acht so agus i dtaobh gníomhartha dhéanfaid féin no éinne dá n-oifigigh i bhfeidhmiú a gcomhacht agus a ndualgas fé seach fén Acht so, pé táillí socrófar le horduithe dhéanfaidh an tAire ar mholadh an bhínse bhóthair iarainn agus le ceadú an Aire Airgid. | |
[EN] | (3) Bhéarfaidh an tAire don bhínse bhóthair iarainn pé congnamh a theastóidh ón mbínse, agus cuirfidh ar fáil don bhínse aon eolas a bheidh ar seilbh aige agus is dóich leis a bhaineann leis an ní bheidh os cóir an bhínse, agus beidh teideal ag an Aire no ag aon oifigeach don Aire go n-údarás uaidh teacht i láthair agus éisteacht d'fháil in aon imeachta os cóir an bhínse. | |
[EN] | (4) Bhéarfaidh an bínse bóthair iarainn don Aire gach bliain tuarasgabháil ar a n-imeachta fén Acht so, agus leagfaidh an tAire an tuarasgabháil sin fé bhráid gach Tighe den Oireachtas. | |
[EN] |
Athchomhairc. |
48. —(1) Ní luighfidh aon athchomharc i gcoinnibh aon bhreithe bhéarfaidh an bínse bóthair iarainn fén Acht so ar cheist fírinne ná ar aon cheist i dtaobh locus standi éinne thiocfaidh no éileoidh éisteacht d'fháil ina láthair. |
[EN] | (2) Fé réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo, luighfidh athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe i gcoinnibh gach breithe bhéarfaidh an bínse bóthair iarainn fén Acht so, ach ní cuirfear aon athchomharc den tsaghas san ar siúl ach do réir rialacha cúirte de chuid na Cúirte Uachtaraighe. | |
[EN] | (3) Ar éisteacht athchomhairc fén alt so i gcoinnibh breithe ón mbínse bhóthair iarainn, féadfaidh an Chúirt Uachtarach gach brí do bhaint as an scéal ná beidh bunoscionn leis na fíora a chinn an bínse bóthair iarainn go soiléir, agus is gá chun breithe do thabhairt ar na ceisteanna tarraiceofar anuas san athchomharc, agus beidh gach comhacht aice chuige sin do bheadh aice dá mb'athchomharc i gcoinnibh breithe ón Ard-Chúirt an t-athchomharc, agus féadfaidh aon ordú do dhéanamh a fhéadfadh an bínse bóthair iarainn a dhéanamh, agus fós aon ordú eile bheidh ceart, agus fé mar is toil leis an gCúirt Uachtarach iseadh bheidh costaisí athchomhairc agus na costaisí de dhruim athchomhairc, ach ní bheidh an bínse bóthair iarainn ná aon bhall de ná aon oifigeach do ionchurtha fé aon chostaisí de chionn ná alos athchomhairc ar bith. | |
[EN] |
Socrú i dtaobh údarás puiblí, etc., do dhéanamh iarratas i gcásanna áirithe. |
49. —(1) I gcás ina bhféadfaidh cólucht ionadathach trádálaithe no cólucht daoine ionaduíonn ceárd no áit iarratas do dhéanamh fén Acht so chun an bhínse bhóthair iarainn, féadfaidh aon údarás no cólucht acu so leanas an t-iarratas do dhéanamh :— |
[EN] | (a) aon bhord cuain, no comhairle aon chontae no buirge no ceanntair ; no | |
[EN] | (b) aon chomhlachas tráchtála no aon chomhlachas ionaduíonn loingseoireacht, talmhaíocht, trádálaithe, lastairí no gnóthairí iompair agus a gheobhaidh deimhniú ón Aire gur cólucht ceart é chun iarratais den tsaghas san do dhéanamh. | |
[EN] | (2) Fé réir mar a socruítear san alt so ní bheidh aon chuideachta, cólucht, ná duine ná bainfidh abhar aon iarratais áirithe leo go díreach i dteideal an iarratais sin do dhéanamh. | |
[EN] | (3) Féadfaidh údarás no cólucht ar bith den tsaghas san roimhráite teacht i láthair i gcoinnibh aon iarratais no éinní cuirfear fé bhráid an bhínse i gcás ar bith ina bhfeictear don Aire gur cosúil go ndéanfadh an bhreith ar aon iarratas no ní den tsaghas san deifir don údarás san no do sna daoine ionaduíd. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a chur mar choinníoll ar a dtabharfar deimhniú fén alt so urrús, i pé slí agus i pé méid is dóich leis is gá, do thabhairt in aghaidh costas fé n-a raghfar. | |
[EN] | (5) Aon deimhniú deonfar fén alt so, agus ná tarraiceofar siar. beidh sé i bhfeidhm go ceann bliana o dháta a dheonta. | |
[EN] | (6) Aon chostaisí fé n-a raghaidh aon údarás den tsaghas san i ndéanamh aon iarratais no cur-i-gcoinnibh den tsórt san no de dhruim an chéanna íocfar iad amach as an ráta no as an gciste as a n-íoctar na costaisí fé n-a dtéigheann an t-údarás chun a ngnáth-dhualgaisí d'fheidhmiú. |