|
|||||
|
ACHT UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1933
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI. Cuiteamh do Dhaoine Airithe Bhi ar Fostu ag Daoine Ba Cheadunaithe fe Cheadunaisi Earrai Ceannaiochta Iomparthora Ata ann Cheana agus fe Cheadunaisi Paisneura Bliantula. | |
[EN] |
Ceadúnaisí earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana agus ceadúnaisí paisneura bliant úla le n-a mbaineann Cuid VI. |
61. —(1) Baineann an Chuid seo den Acht so le gach ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana nách ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana atá ar seilbh ag cuideachtain údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar no ag cuideachtain loingseoireachta no ag duine go bhfuil a ghnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar ar únaeracht no fé stiúradh, go díreach no go nea-dhíreach, ag cuideachtain údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar no ag cuideachtain loingseoireachta. |
[EN] | (2) Baineann an Chuid seo den Acht so le gach ceadúnas paisneura, nách ceadúnas paisneura atá ar seilbh ag cuideachtain údaruithe chun paisnéirí d'iompar no ag duine go bhfuil a bhóthar-sheirbhís do phaisnéirí ar únaeracht no fé stiúradh, go díreach no go nea-dhíreach, ag cuideachtain údaruithe chun paisnéirí d'iompar. | |
[EN] |
Mínithe maidir le Cuid VI. |
62. —Sa Chuid seo den Acht so— |
[EN] | cialluíonn an focal “aistriú”— | |
[EN] | (a) maidir le ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, é d'aistriú fé Chuid II den Acht so no fé Chuid V den Acht so, agus | |
[EN] | (b) maidir le ceadúnas paisneura le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, é d'aistriú fé alt 18 d'Acht 1932 no fé Chuid V den Acht so ; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an dáta cinnteach”— | |
[EN] | (a) maidir le ceadúnas ar n-a aistriú fé alt 18 d'Acht 1932 no fé Chuid II den Acht so, an dáta o n-a dtuigtear an t-aistriú san do dhéanamh ; | |
[EN] | (b) maidir le ceadúnas is abhar d'ordú aistriúcháin no d'ordú laigheadúcháin, dáta iarrtha an orduithe sin. | |
[EN] |
Cúiteamh do dhaoine bhí ar fostú ag ceadúnaithe áirithe. |
63. —I gcás— |
[EN] | (1) ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'aistriú chun cuideachtan údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar, no | |
[EN] | (2) ceadúnas paisneura le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'aistriú chun cuideachtan údaruithe chun paisnéirí d'iompar, no | |
[EN] | (3) ordú laigheadúcháin do dhéanamh maidir le ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, | |
[EN] | beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :— | |
[EN] | (a) an chuideachta gur chúcha a haistreofar an ceadúnas san no gur ar a n-iarratas a déanfar an t-ordú laigheadúcháin sin (do réir mar bheidh) beidh cúiteamh iníoctha acu le gach duine dá dtárlóidh mar leanas sé sin le rá :— | |
[EN] | (i) é bheith ar an dáta cinnteach ar fostú lán-aimsire ag an duine ba cheadúnaí fén gceadúnas san in oibriúchán na bhfeithiclí do bhí á n-úsáid chun crícheanna an ghnótha a húdaruítear leis an gceadúnas san do bheith ar siúl agus é bheith ar fostú amhlaidh go leanúnach ar feadh tréimhse cúig mblian dar chríoch an lá roimh an dáta cinnteach agus é bheith ar feadh na tréimhse sin ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann, agus | |
[EN] | (ii) é dá bhriseadh (ar chúis seachas mí-inniúlacht no mí-iompar) ag an gceadúnaí sin laistigh de shé mhí tar éis an dáta chinntigh, agus | |
[EN] | (iii) gan fostaíocht do thairiscint do fén gcuideachtain sin no, ar an bhfostaíocht san do thairiscint do, é do dhiúltú ar chúis réasúnta don fhostaíocht san do ghlacadh no, i gcás é do ghlacadh na fostaíochta san, é dá bhriseadh (ar chúis seachas mí-inniúlacht no mí-iompar) ag an gcuideachtain sin laistigh de dhá bhliain o dháta thosnuithe na fostaíochta san ; | |
[EN] | (b) isé cúiteamh a bheidh iníoctha leis an duine sin ná aisce déanfar amach do réir an dóú chuid déag de mhéid a luach saothair bhliantúla in aghaidh gach bliana iomláine roimh an dáta cinnteach go raibh sé ar a feadh ar fostú lán-aimsire go leanúnach ag an gceadúnaí sin in oibriúchán na bhfeithiclí do bhí á n-úsáid chun crícheanna an ghnótha a húdaruítear leis an gceadúnas san do bheith ar siúl ; | |
[EN] | (c) tuigfear gurb é ba luach saothair bliantúil an duine sin ná an luach saothair agus an sochar oifige iomlán d'íoc an ceadúnaí sin leis an duine sin ar feadh na bliana caileandair díreach roimh an dáta cinnteach ; | |
[EN] | (d) chun críche an ailt seo tuigfear fostaíocht do bheith leanúnach in ainneoin aon bhearna do thárlachtaint sa bhfostaíocht san de dheascaibh breoiteachta no imreasáin oibreachais agus dá dheascaibh sin amháin. | |
[EN] |
Cúiteamh fé Chuid VI. do bhaint amach. |
64. —I gcás duine do bheith i dteideal cúitimh fén gCuid seo den Acht so beidh an cúiteamh san ina fhiacha bheidh dlite don duine sin ón duine dhlighfidh fén gCuid sin an cúiteamh san d'íoc agus féadfar é do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla. |