|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VIII. Foralacha Speisialta i dTaobh Feithicli Seirbhise Sraide.) | Ar Aghaidh (CUID X. Feithicli do Shoillsiu.) |
ACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1933
[EN] | ||
[EN] |
CUID IX. Tracht do Rialail. | |
[EN] |
Fo-dhlithe chun tráchta do stiúradh go generálta. |
147. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire, fo-dhlithe do dhéanamh chun tráchta do rialáil agus do stiúradh go generálta, le n-a n-áirmhítear gach críoch no aon chríoch acu so leanas, sé sin le rá :— |
[EN] | (a) trácht do roinnt ina chineálacha; | |
[EN] | (b) a chur mar cheangal ar an trácht uile dul fan taobh áirithe den ród gach tráth no i gcásanna áirithe no in áiteanna áirithe; | |
[EN] | (c) na cearta fé seach um thosaíocht slí gluaiseachta do chineálacha deifriúla tráchta ag dul sa treo chéanna d'ordú; | |
[EN] | (d) na cearta fé seach um thosaíocht slí gluaiseachta do thrácht ag dul i dtreodhanna deifriúla, pe'ca i dtreodhanna i gcoinnibh a chéile no treasna ar a chéile é, d'ordú; | |
[EN] | (e) rialacha d'ordú maidir le cineálacha deifriúla tráchta agus go sonnrách maidir le rothaithe troightheáin d'úsáid bóthar, agus codanna deifriúla den bhóthar do cheapadh do chineálacha deifriúla tráchta; | |
[EN] | (f) na bealaighe no na cúrsaí d'ordú a geobhaidh trácht le linn iompála as ród isteach i ród eile ag siúnta ród; | |
[EN] | (g) stopadh feithiclí ar ródanna do rialáil agus do stiúradh; | |
[EN] | (h) rialáil agus stiúradh do dhéanamh maidir le tiomáint feithiclí ar ródanna le linn bualadh um ainmhithe no dul thársa, pe'ca bheidh éinne i dteanta na n-ainmhithe sin no ná beidh no pe'ca bheid gabhtha fé aon fheithicil no ceangailte dhi no ná beid; | |
[EN] | (i) rialáil agus stiúradh do dhéanamh maidir le tiomáint ainmhithe ar ródanna gan éinne ag marcuíocht ar na hainmhithe sin ná á ngiollacht agus gan iad gabhtha fé aon fheithicil ná ceangailte dhi; | |
[EN] | (j) rialáil agus stiúradh do dhéanamh maidir leis an slí ina gceanglófar feithicil d'fheithicil eile chun na feithicle sin is déanaí luaidhtear no chun aon fheithicle eile dá tarrac, agus maidir leis an líon feithicil is ceaduithe bheith á tharrac aon tráth áirithe ag aon fheithicil áirithe go generálta no i gcásanna áirithe no in áiteanna áirithe, agus maidir leis an slí ina stiúrfar feithicil a bheidh ceangailte amhlaidh d'fheithicil eile; | |
[EN] | (k) rialáil agus stiúradh do dhéanamh maidir leis an slí ina gceanglófar d'fheithicil ainmhí bheidh gabhtha fé fheithicil eile chun na céad fheithicle sin a luaidhtear no chun aon fheithicle eile do threorú an ainmhí sin agus maidir leis an líon de sna hainmhithe sin is ceaduithe do bheith á threorú amhlaidh in éineacht ag aon fheithicil áirithe; | |
[EN] | (l) rialáil agus stiúradh do dhéanamh maidir leis an gcuma ina n-iompróidh coisithe iad féin ar ródanna agus go sonnrách maidir le coisithe do dhul treasna ródanna; | |
[EN] | (m) toirmeasc do chur le hainmhithe no le saghsanna áirithe ainmhithe do dhul ar chosáin; | |
[EN] | (n) toirmeasc do chur le feithiclí no le cineálacha áirithe feithiclí do dhul ar chosáin; | |
[EN] | (o) a chur mar cheangal ar dhaoine i mbun tráchta no cineál áirithe tráchta rabhadh so-chlosta go bhfuilid ag teacht do thabhairt i gcásanna áirithe no in áiteanna áirithe, agus cineál agus neart na rabhadh san do rialáil agus do stiúradh; | |
[EN] | (p) a chur mar cheangal ar thiománaithe feithiclí comharthaí do thabhairt uatha chun a chur in úil go bhfuiltear chun atharú do dhéanamh ar threo no ar ráta gluaiseachta na bhfeithiclí sin a céad-luaidhtear, agus na comharthaí bheidh le tabhairt amhlaidh d'ordú; | |
[EN] | (q) rialáil do dhéanamh maidir le baill den Ghárda Síochána ar diúité chun tráchta do stiúradh do dhéanamh an stiúrtha san ag siúntaí ródanna no ag uilleanna no cuara no constaicí ar ródanna, agus go sonnrách a chur mar cheangal ar thiománaithe feithiclí agus ar dhaoine i mbun tráchta eile comharthaí do thabhairt do bhaill den Ghárda Síochána ar an diúité sin chun a chur in úil de sna baill sin cadé an treo is mian leis na tiománaithe agus leis na daoine sin gabháil, agus na comharthaí bheidh le tabhairt amhlaidh d'ordú, agus na comharthaí d'ordú bheidh le tabhairt ag na baill sin do sna tiománaithe agus do sna daoine sin chun a chur in úil dóibh sin cad is ceart dóibh a dhéanamh, agus a chur mar cheangal ar na tiománaithe agus ar na daoine sin géilleadh do sna comharthaí sin; | |
[EN] | (r) trácht do stiúradh tré chomharthaí ar n-a dtabhairt go meicniúil ag siúntaí ródanna no ag uileanna no cuara no constaicí ar ródanna, agus go sonnrách saghas agus cineál na gcomharthaí sin d'ordú, agus a chur mar cheangal ar thiománaithe feithiclí agus ar dhaoine i mbun tráchta eile géilleadh do sna comharthaí sin. | |
[EN] | (2) Aon fho-dhlí déanfar fén alt so féadfar í dhéanamh amhlaidh— | |
[EN] | (a) maidir le Saorstát Éireann ar fad no maidir le haon chuid áirithe de líomatáiste i Saorstát Éireann, agus | |
[EN] | (b) go generálta in aghaidh gach trátha agus gach ócáide no go speisialta in aghaidh tréimhsí teoranta áirithe no ócáidí áirithe. | |
[EN] | (3) An chomhairle ar a mbeidh sé de chúram bóthar do choinneáil i dtreo go mbeidh fo-dhlí ar n-a dhéanamh fén alt so i bhfeidhm ina thaobh go generálta in aghaidh gach trátha agus gach ócáide tógfaid no cuirfid no déanfaid, agus coinneoid i dtreo, ar an mbóthar san na fógraí, na treoracha agus na horduithe sin uile (ar a n-áirmhítear fógraí, treoracha, agus orduithe ar n-a gcur no ar n-a ndéanamh ar éadan an róid agus fós ionstruimidí chun comharthaí do thabhairt go meicniúil) ordóidh an tAire chun a chur in úil do dhaoine i mbun tráchta go bhfuil an fo-dhlí sin ann agus cad is ceart dóibh a dhéanamh chun é do chólíonadh. | |
[EN] | (4) An chomhairle ar a mbeidh sé de chúram bóthar do choinneáil i dtreo go mbeidh fo-dhlí déanta fén alt so ina thaobh in aghaidh tréimhse teoranta no ócáide áirithe, tógfaid no cuirfid no déanfaid, roimh an tréimhse no an ócáid sin, agus coinneoid i dtreo, le linn na tréimhse sin no ar an ócáid sin, na fógraí, na treoracha, agus na horduithe sin uile (ar a n-áirmhítear fógraí, treoracha, agus orduithe ar n-a gcur no ar n-a ndéanamh ar éadan an róid) ordóidh an Coimisinéir chun a chur in úil do dhaoine i mbun tráchta go bhfuil an fo-dhlí sin ann agus cad is ceart dóibh a dhéanamh chun é chólíonadh. | |
[EN] | (5) Léireofar alt 36 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), agus beidh éifeacht aige fé réir na bhforálacha so leanas agus dá réir sin, sé sin le rá :— | |
[EN] | (a) déanfar an focal “comhartha” do léiriú san alt san mar fhocal fholuíonn ionstruimid chun comharthaí do thabhairt go meicniúil; | |
[EN] | (b) déanfar tagairtí san alt san do chomharthaí do chur suas do léiriú mar thagairtí fholuíonn comharthaí do chur no do dhéanamh ar éadan an róid; | |
[EN] | (c) cuirfear agus cuirtear tríd seo leis na crícheanna luaidhtear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt san an chríoch so leanas, eadhon, chun a chur in úil do dhaoine i mbun tráchta go bhfuil fo-dhlí ar n-a dhéanamh fén alt so ann agus cad is ceart dóibh a dhéanamh chun é do chólíonadh. | |
[EN] | (6) San alt so foluíonn an focal “trácht” feithiclí agus ainmhithe de gach saghas ach ní fholuíonn sé coisthe. | |
[EN] | (7) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar fho-dhlí ar n-a dhéanamh fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air. | |
[EN] |
Fo-dhlithe chun tráchta do stiúradh maidir le tramanna. |
148. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire, fodhlithe do dhéanamh maidir le haon líonradh trambhealaigh chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) a rialáil conus a stiúrfar feithiclí eile maidir le tramanna ar an líonradh trambhealaigh sin agus go sonnrách cad déanfaidh na feithiclí sin agus iad ag teacht suas le tram; | |
[EN] | (b) na háiteanna inar ceaduithe tramanna ar an líonradh trambhealaigh sin do stad chun paisnéirí do dhul isteach ionta no do theacht amach asta; | |
[EN] | (c) na háiteanna inar ceaduithe do dhaoine bheidh ar aigne dul ar na tramanna san cruinniú chun fuireach go n-iomparófaí iad ar na tramanna san. | |
[EN] | (2) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar fho-dhlí ar n-a dhéanamh fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air. | |
[EN] |
Fo-dhlithe chun tráchta do stiúradh i líomatáistí áirithe. |
149. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire agus tar éis do dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil le n-a mbaineann, fo-dhlithe do dhéanamh, maidir le haon líomatáiste áirithe agus go generálta in aghaidh gach trátha agus gach ócáide no go speisialta in aghaidh tréimhsí teoranta no ócáidí áirithe, chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) chun a ordú cadiad na bealaigh no na cúrsaí geobhaidh feithiclí bheidh ag dul fan bóithre go generálta no fan aon bhóthair áirithe no ag treasnú an chéanna no bheidh ag iompáil isteach i mbóithre go generálta no in aon bhóthar áirithe no amach as an gcéanna, agus go sonnrách chun a chur mar cheangal go gcoimeádfar cineálacha deifriúla feithiclí ar línte no cúrsaí deifriúla agus iad ag gabháil fan bóithre go generálta no fan aon bhóthair áirithe; | |
[EN] | (b) chun a thoirmeasc ar aon chineál áirithe feithicle no ar aon fheithicil a bheidh ag iompar earraí áirithe no ag iompar cineáil áirithe ualaigh dul isteach in aon bhóthar áirithe no gabháil fan an chéanna (ach amháin chun dul go dtí áit no chun teacht o áit ar an mbóthar san) tráth ar bith no le linn uaireanta áirithe; | |
[EN] | (c) chun a chur mar cheangal, maidir le feithiclí bheidh ag dul fan aon bhóthair áirithe tráth ar bith no le linn uaireanta áirithe, go raghaid san i dtreo áirithe agus sa treo san amháin; | |
[EN] | (d) chun a thoirmeasc aon earra bheidh thar faid áirithe no thar leithead áirithe do dhul aon bhóthar áirithe tráth ar bith no le linn uaireanta áirithe ar fheithicil no ar iompar ag duine no daoine no ar aon mhodh eile; | |
[EN] | (e) chun a thoirmeasc aon fheithicil, ar a mbeidh earra agus í ag síneadh amach níos mó ná faid áirithe thar cúl na feithicle sin no thar cliathán na feithicle sin, do dhul aon bhóthar áirithe tráth ar bith no le linn uaireanta áirithe; | |
[EN] | (f) chun rialála agus stiúrtha do dhéanamh maidir leis an gcuma ina n-iompróidh coisithe iad féin ar bhóithre go generálta no ar aon bhóthar áirithe agus go sonnrách maidir le coisithe do dhul treasna an róid ar bhóithre go generálta no treasna an róid ar aon bhóithre áirithe; | |
[EN] | (g) chun a thoirmeasc feithicil, a bheidh á tarrac ag níos mó ná líon áirithe capall no ag níos mó ná líon áirithe capall agus iad gabhtha i slí áirithe, do dhul aon bhóthar áirithe tráth ar bith no le linn uaireanta áirithe; | |
[EN] | (h) chun a thoirmeasc earraí d'aon chineál no saghas áirithe do ládáil no do dhí-ládáil ar an gcosán, no tríd an gcosán no treasna an chosáin, ar aon bhóthar áirithe tráth ar bith no le linn uaireanta áirithe; | |
[EN] | (i) chun a thoirmeasc earraí d'árdú no d'ísliú le rópaí, slabhraí, táclaí, no meaisínteacht eile treasna no os cionn an chosáin ar aon bhóthar áirithe tráth ar bith no le linn uaireanta áirithe; | |
[EN] | (j) chun srianadh agus stiúradh do dhéanamh maidir le pictiúirí, priontaí, cláracha, placárdaí no fógraí d'iompar no do scaipeadh ar bhóithre no do chur ar éadan bóithre mar fhógruíocht; | |
[EN] | (k) chun srianadh agus stiúradh do dhéanamh maidir le hainmhithe (seachas capaill, asail agus miúlacha agus seachas ainmhithe ar iompar i bhfeithiclí) do thiomáint, do ghiollacht no do sheoladh ar shlí eile ar bhóithre; | |
[EN] | (l) chun srianadh agus stiúradh do dhéanamh maidir le hearraí d'fhágaint ar bhóithre agus go sonnrách maidir le hearraí bheidh á ládáil ar fheithicil no isteach inti no á ndí-ládáil aisti d'fhágaint ar bhóithre; | |
[EN] | (m) chun srianadh agus stiúradh do dhéanamh maidir le cosáin ar bhóithre, agus le leaca táirsighe go dtí na cosáin sin, do nighe le huisce ar n-a stealladh as feadán no ar shlí eile fé bhrughadh; | |
[EN] | (n) chun stiúrtha do dhéanamh maidir leis an gcuma ina n-iompróidh daoine iad féin agus iad ag fuireach ar bhóithre chun go n-iomprófaí iad no go leigfí isteach i bhfoirgint no in áit eile iad no chun aon chríche dleathaighe eile, agus go sonnrách chun a chur mar cheangal ar na daoine sin iad féin do riaradh i scuainí agus chun a rialáil cadé an t-eagar a bheidh ar na scuainí sin. | |
[EN] | (2) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar rialachán ar n-a dhéanamh fén alt so beidh sé (fé réir forálacha an ailt seo) ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air. | |
[EN] | (3) Má cúisítear duine mar gheall ar chionta fén alt so do dhéanamh beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san a chruthú, maidir leis an ngníomh go n-abartar gurb é an cionta san é, go ndearnadh é go bona fide agus go réasúnta chun no le linn duine no maoin éigin do shábháil no chun no le linn bheith a d'iarraidh an céanna do shábháil o bhás no o mhilleadh no o dhíobháil de dheascaibh teine no tuile no tubaiste eile. | |
[EN] |
Aiteanna suidhte. |
150. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire agus tar éis do dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil le n-a mbaineann, fo-dhlithe do dhéanamh, maidir le haon líomatáiste áirithe agus go generálta in aghaidh gach trátha agus gach ócáide no go speisialta in aghaidh tréimhsí teoranta no ócáidí áirithe, chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá :— |
[EN] | (a) chun a ordú cadiad na háiteanna (dá ngairmtear áiteanna suidhte san Acht so) inar ceaduithe feithiclí inneallghluaiste no aon chineál áirithe de sna feithiclí sin d'fhágaint ar stad in áiteanna puiblí ar feadh tréimhse ar bith no ar feadh aon tréimhse nách sia ná tréimhse áirithe i gcás duine do bheith ina mbun no gan a bheith; | |
[EN] | (b) chun a shocrú cadiad na coinníollacha bheidh le cólíonadh maidir le feithielí inneall-ghluaiste fágfar ar stad in áiteanna suidhte; | |
[EN] | (c) chun a ordú cadé an tréimhse gur ar a feadh, cadiad na crícheanna gur chúcha, agus cadiad na coinníollacha gur fútha is ceaduithe feithiclí inneall-ghluaiste no aon chineál áirithe de sna feithiclí sin d'fhágaint ar stad in áiteanna puiblí (seachas áiteanna suidhte) no in aon áit phuiblí áirithe den tsórt san; | |
[EN] | (d) chun a thoirmeasc aon fheithicil inneall-ghluaiste no aon fheithicil inneall-ghluaiste de chineál áirithe do choimeád no d'fhágaint ar stad in aon áit phuiblí (le n-a n-áirmhítear áiteanna suidhte) ar feadh tréimhse is sia ná an tréimhse bheidh údaruithe chuige sin leis na rialacháin no chun críche nách críoch a bheidh údaruithe amhlaidh chuige sin no ar shlí seachas chun críche (más aon cheann é), no ar shlí nách do réir na gcoinníollacha (más ann dóibh), a bheidh orduithe chuige sin leis na fo-dhlithe. | |
[EN] | (2) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar na fo-dhlithe ar n-a ndéanamh fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air. | |
[EN] |
Freastalaithe ag áiteanna suidhte. |
151. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire agus tar éis do dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil le n-a mbaineann, féadfaidh, maidir le haon líomatáiste áirithe ina mbeidh áiteanna suidhte ceaptha de thurus na huaire le fo-dhlithe ar n-a ndéanamh fén gCuid seo den Acht so, fo-dhlithe do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá :— |
[EN] | (a) chun a shocrú go gceadúnóidh an Coimisinéir daoine chun gníomhú mar fhreastalaithe gluaisteán in áiteanna suidhte; | |
[EN] | (b) chun a shocrú go ndéanfaidh an Coimisinéir suaitheantaisí oifigiúla do thabhairt amach d'fhreastalaithe ceadúnuithe gluaisteán agus go ndéanfaidh na freastalaithe sin na suaitheantaisí sin do chaitheamh; | |
[EN] | (c) chun a ordú cadiad dualgaisí freastalaithe ceadúnuithe gluaisteán; | |
[EN] | (d) chun a ordú cadiad na táillí (más ann dóibh) a bheidh le n'íoc ag freastalaithe ceadúnuithe gluaisteán ar cheadúnaisí deonfar dóibh agus ar shuaitheantaisí do bhéarfar amach dóibh fé sna fo-dhlithe; | |
[EN] | (e) chun a údarú d'fhreastalaithe ceadúnuithe gluaisteán táillí d'éileamh maidir le feithiclí inneall-ghluaiste fágfar ar stad in áiteanna suidhte, chun a ordú cadiad méideanna na dtáillí sin, agus chun socrú do dhéanamh maidir leis na freastalaithe sin do bhailiú na dtáillí sin agus do bhaint na dtáillí sin amach; | |
[EN] | (f) chun a thoirmeasc ar dhuine ar bith nách freastalaí ceadúnuithe gluaisteán gníomhú mar fhreastalaí ceadúnuithe gluaisteán no é féin do thairiscint mar dhuine atá ullamh ar ghníomhú mar fhreastalaí ceadúnuithe gluaisteán in aon áit suidhte; | |
[EN] | (g) chun a thoirmeasc ar dhaoine cur isteach ar fhreastalaí ceadúnuithe gluaisteán no é chosc no ceataighe do dhéanamh do agus é ag cólíonadh a dhualgaisí mar fhreastalaí den tsórt san. | |
[EN] | (2) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “freastalaí ceadúnuithe gluaisteán” duine bheidh ceadúnuithe go cuibhe fé fho-dhlithe ar n-a ndéanamh fén alt so chun gníomhú mar fhreastalaí gluaisteán in áiteanna suidhte. | |
[EN] | (3) Ní tuigfear, maidir le freastalaí ceadúnuithe gluaisteán, gurb eisean an duine i mbun na bhfeithiclí inneall-ghluaiste, do réir bhrí an Achta so, san áit suidhte ina mbeidh seisean mar fhreastalaí ceadúnuithe gluaisteán. | |
[EN] | (4) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar fho-dhlithe ar n-a ndéanamh fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air. | |
[EN] |
E d'oblagáid táillí d'íoc in áiteanna suidhte. |
152. —(1) I gcás ina mbeidh sé údaruithe d'fhreastalaí ceadúnuithe gluaisteán le fo-dhlithe ar n-a ndéanamh fén gCuid seo den Acht so táillí d'éileamh maidir le feithiclí inneallghluaiste fágfar ar stad in áit suidhte áirithe, déanfaidh gach duine thiomáinfidh feithicil inneall-ghluaiste isteach san áit suidhte sin, déanfaidh, sara n-úsáidfidh an áit sin mar áit suidhte, íoc leis an bhfreastalaí ceadúnuithe gluaisteán san sa táille bheidh údaruithe amhlaidh don fhreastalaí sin a éileamh maidir leis an bhfeithicil sin. |
[EN] | (2) Pé uair a thárlóidh do dhuine, ar a gceangailtear leis an alt so táille d'íoc le freastalaí ceadúnuithe gluaisteán, é do theip air an táille sin d'íoc no é do dhiúltú don táille sin d'íoc do réir an ailt seo, beidh an duine sin agus fós únaer na feithicle inneallghluaiste gur maidir léi bheidh an táille sin iníoctha amhlaidh, beidh gach duine acu san ar leithligh ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air. | |
[EN] |
Údaráis áitiúla do chur stáisiún feithicle ar fáil. |
153. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “údarás áitiúil” údarás sláintíochta do réir bhrí na nAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, agus cialluíonn an abairt “stáisiún feithicle” áit (nách cuid de bhóthar) ar n-a cur ar fáil ag údarás áitiúil fén alt so chun bheith ina hionad chun feithiclí inneall-ghluaiste d'fhágaint ann go sealadach chun a slán-choimeádtha no chun bheith ina hionad chun paisnéirí do dhul agus chun earraí do thógaint isteach i bhfeithiclí seirbhíse puiblí no chun paisnéirí do theacht agus chun earraí do thógaint amach as na feithiclí sin no chun an dá chríoch san. |
[EN] | (2) Féadfaidh údarás áitiúil, le toiliú an Aire, pé staisiún feithicle no stáisiúin fheithicle is dóich leo is oiriúnach do chur ar fáil d'fhonn iombrugha thráchta do laigheadú no do chosc, agus chuige sin féadfaid, le toiliú an Aire, aon talamh no aon éasáid i dtalamh no chun tailimh no ar thalamh do cheannach no do thógaint ar léas no aon talamh d'úsáid is féidir a leithreasú go dleathach chun na críche sin. | |
[EN] | (3) Bainfidh ailt 203, 214, agus 215 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar a leasuítear san le halt 8 den Public Health (Ireland) Act, 1896, agus alt 68 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 , bainfid san le húdarás áitiúil d'fháil tailimh fén alt so ach san gus an atharú go bhféadfar na fógráin a luaidhtear i bhfo-alt (2) d'alt 203 den Public Health (Ireland) Act, 1878, d'fhoillsiú mí ar bith, agus go ndéanfar na fógraí luaidhtear sa bhfo-alt san do sheirbheáil an mí díreach ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (4) Féadfaidh údarás áitiúil gach ní do dhéanamh is gá chun aon tailimh a gheobhaid no bheidh á úsáid acu mar stáisiún feithicle do chur in oiriúint chun a úsáidthe mar stáisiún feithicle den tsórt san, agus féadfaid oifigigh do cheapadh no seirbhísigh d'fhostú chun maoirseachta agus bainistí do dhéanamh ar an stáisiún feithicle sin. | |
[EN] | (5) Féadfaidh údarás áitiúil fo-dhlithe do dhéanamh maidir le húsáid aon stáisiúin fheithicle chuirfidh an t-údarás áitiúil ar fáil fén alt so, agus go sonnrách maidir le héinní acu so leanas, sé sin le rá :— | |
[EN] | (a) na cineálacha feithiclí is ceaduithe a leigint isteach sa stáisiún feithicle sin do shrianadh; | |
[EN] | (b) na táillí a héileofar as úsáid an stáisiúin fheithicle sin no as úsáid aon choda dhe do cheapadh; | |
[EN] | (c) an fhaid aimsire is ceaduithe d'aon fheithicil fanúint sa stáisiún feithicle sin do cheapadh. | |
[EN] | (6) Bainfidh ailt 219 go 223 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar a hoiriúnuítear san le haon Acht den Oireachtas no fé, le fo-dhlithe déanfar fén alt so fé mar a bhaineann na hailt sin le fo-dhlithe ar n-a ndéanamh fén Acht san. | |
[EN] | (7) Nuair a dhéanfaidh údarás áitiúil aon talamh d'fháil no d'úsáid i gcóir stáisiúin fheithicle agus a beifear ar intinn feithiclí seirbhíse puiblí d'úsáid an stáisiúin sin, féadfaidh an t-údarás áitiúil, le toiliú an Aire, seomraí feithimh, oifigí ticéad, ionnaltáin agus cóiríocht eile dá samhail sin, a bheidh ag gabháil leis an stáisiún feithicle sin, do chur ar fáil mar chuid den stáisiún san. | |
[EN] | (8) Beidh comhacht ag údarás áitiúil chun aon chostaisí fé ná raghaid fén alt so do chruinniú tré rátaí no tré iasacht d'fháil sa tslí chéanna agus fé réir na gcoinníollacha céanna ina bhfuil agus gur fé n-a réir atá comhacht ag an údarás áitiúil sin chun aon chostaisí do chruinniú ar n-a dhul fútha dhóibh fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931. | |
[EN] |
Bac tráchta do thoirmeasc. |
154. —(1) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) tré n-a dtárlóidh dul na tráchta tré aon áit phuiblí do bhac i bpáirt no go hiomlán ar shlí seachas le húdarás dleathach no tré thionóisc dho-sheachanta, no tré n-a gcuirfear no tré n-arbh fhéidir go gcuirfí bac amhlaidh ar dhul san na tráchta, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air. |
[EN] | (2) San alt so foluíonn an focal “trácht” feithiclí agus ainmhithe de gach saghas agus coisithe. | |
[EN] |
Taisteal neamhúdaruithe ar fheithiclí do thoirmeasc. |
155. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith greim do choimeád ar fheithicil a bheidh ag gluaiseacht ná dul suas uirthi ná dul isteach inti, ná bheith ná fanúint uirthi ná inti, gan cead ón tiománaí no ón duine eile i mbun na feithicle sin. |
[EN] | (2) Gach duine dhéanfaidh gníomh is sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air. | |
[EN] |
Rothaithe ag coimeád ghreama ar fheithiclí eile. |
156. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar rothar no ar rothar trianach in áit phuiblí greim do bhreith ná do choimeád ar aon fheithicil eile (seachas rothar troightheáin ná beidh éinne air) a bheidh ag gluaiseacht ná ar aon duine ná ní a bheidh ar aon fheithicil den tsórt san no inti no ceangailte dhi mara mbeidh toiliú o thiománaí na feithicle eile sin aige chuige sin. |
[EN] | (2) Gach duine bhéarfaidh no choimeádfaidh greim ar fheithicil no ar dhuine no ar ní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air. | |
[EN] |
Cosc le haontaí agus margaí do chur hac le trácht. |
157. —(1) I gcás aon aonach no margadh do bheith ar siúl in aon áit phuiblí laistigh de líomatáiste feidhmiúcháin chomhairle contae, contae-bhuirge no buirge eile, no bailecheanntair no laistigh de líomatáiste feidhmiúcháin choimisinéirí baile, beidh sé de dhualgas ar an gcomhairle sin no ar na coimisinéirí sin pé fo-dhlithe do dhéanamh is gá chun a chur in áirithe go bhféadfaidh trácht feithicle dul tríd an áit sin gan cosc le linn na n-aontaí no na margaí sin do bheith ar siúl. |
[EN] | (2) Bainfidh ailt 219 go 223 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar a hoiriúnuítear san le haon Acht den Oireachtas no fé, le fo-dhlithe déanfar fén alt so fé mar a bhaineann na hailt sin le fo-dhlithe ar n-a ndéanamh fén Acht san ach san fé réir an atharuithe go ndéanfar tagairtí sna hailt sin d'údarás sláintíochta do léiriú mar thagairtí do chomhairle chontae, chontae-bhuirge no bhuirge eile, no bhailecheanntair no do choimisinéirí baile, fé mar is gá sa chás. | |
[EN] | (3) Más dóich leis an Aire gur cheart fo-dhlithe do dhéanamh fén alt so agus má bhíonn an chomhairle no na coimisinéirí ag á bhfuil comhacht fén alt so chun na bhfo-dhlithe sin do dhéanamh gan aon fho-dhlithe den tsórt san do dhéanamh no gan na fo-dhlithe sin do dhéanamh is dóich leis an Aire is gá, féadfaidh an tAire féin na fo-dhlithe sin uile, ar a n-áirmhítear fo-dhlithe ag ceiliúradh no ag leasú fo-dhlithe bheidh déanta ag an gcomhairle no ag na coimisinéirí sin, do dhéanamh is dóich leis a bheith riachtanach no ceart agus d'fhéadfadh an chomhairle no na coimisinéirí sin a dhéanmh fén alt so, agus gach fo-dhlí dhéanfaidh an tAire amhlaidh beidh éifeacht aige fé is dá mbé an chomhairle no na coimisinéirí sin do dhéanfadh é ach ní bheidh sé incheiliúrtha ná inleasuithe ag an gcomhairle no ag na coimisinéirí sin gan ceadú an Aire. | |
[EN] | (4) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar fho-dhlí ar n-a dhéanamh fén alt so ag comhairle chontae, chontae-bhuirge no bhuirge eile, no bhailecheanntair no ag coimisinéirí baile no ag an Aire beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air. | |
[EN] | (5) Chun crícheanna an ailt seo ní fholuíonn líomatáiste feidhmiúcháin chomhairle contae aon bhuirg ná bailecheanntar sa chontae sin ná aon bhaile sa chontae sin ag á bhfuil bailechoimisinéirí. | |
[EN] |
Droichid do chosaint ar ualaighe ró-throma. |
158. —(1) Féadfaidh aon údarás áitiúil no aon chuideachta bhóthair iarainn no chanála no duine ar bith eile, dhlighfidh droichead is cuid de bhóthar puiblí do choimeád i dtreo, féadfaidh, tré fhógraí sa bhfuirm orduithe ar n-a gcur sa tslí orduithe ar na bealaighe chun an droichid sin, a thoirmeasc aon fheithicil gur truime, go n-a hualach (más aon cheann é), a meáchaint ná an mheáchaint a bheidh luaidhte sna fógraí sin do dhul thar an droichead san in aon chor no ar luas is mó ná an luas a bheidh luaidhte sna fógraí sin (fé mar a bheidh luaidhte sna fógraí sin). |
[EN] | (2) Ní déanfar fógraí do chur suas fén alt so alos droichid maran gá do réir réasúin srian éigin do chur le húsáid an droichid sin d'fhonn a chur in áirithe ná déanfaidh trácht a bheidh ag dul thar an droichead san ualach do chur ar an droichead san is mó ná an t-ualach is féidir leis d'iompar agus ní dhéanfaidh aon fhógra den tsórt san srian do chur le húsáid an droichid sin is mó ná an tsrian is gá do réir réasúin chun na críche sin. | |
[EN] | (3) Duine ar bith adeir go ndearnadh fógraí, thugann le tuiscint iad do bheith curtha suas fén alt so, do chur suas amhlaidh contrárdha don fho-alt san roimhe seo den alt so, féadfaidh athchomharc do dhéanamh sa tslí orduithe chun an Aire agus ar an athchomharc san d'éisteacht bhéarfaidh an tAire pé orduithe uaidh (pe'ca chun na bhfógraí sin do choinneáil ar taisbeáint, do bhaint anuas, no d'atharú é) is dóich leis is ceart agus beidh na horduithe sin ina n-orduithe deiridh gan aon dul thársa. | |
[EN] | (4) Pé uair a dhéanfaidh an tAire, de dhruim athchomhairc ar n-a dhéanamh chuige fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, orduithe do thabhairt uaidh chun na bhfógraí le n-a mbaineann an t-athchomharc san do bliaint anuas no d'atharú déanfaidh an duine do chuir suas na fógraí sin, déanfaidh laistigh de thrí lá tar éis na n-orduithe sin do chur in úil do, na fograí sin do bhaint anuas no iad d'atharú (fé mar is gá sa chás) do réir na n-orduithe sin agus má theipeann air san do dhéanamh beidh an duine sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air agus fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfar den chionta. | |
[EN] | (5) Gach doine thiomáinfidh feithicil thar droichead contrárdha d'fhógra ar n-a chur suas fén alt so maidir leis an droichead san beidh sé (d'ainneoin go mb'fhéidir gur contrárdha d'fho-alt (2) den alt so do cuireadh suas an fógra san) ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air. | |
[EN] | (6) Pé uair a tiomáinfear feithicil thar droichead sa tslí sin gur cionta fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so an tiomáint sin, dlighfidh únaer na feithicle sin airgead damáiste d'íoc, leis an údarás no leis an gcuideachtain no leis an duine eile dhligheann an droichead san do choimeád i dtreo, mar gheall ar an díobháil uile (más aon díobháil é) do rinneadh don droichead san toisc an fheithicil sin do thiomáint amhlaidh thar an droichead san, agus féadfaidh an duine sin an t-airgead damáiste sin do bhaint den únaer san tré aicsean síbhialta in aon chúirt dlighinse inniúla. | |
[EN] |
Bóithre áirithe do dhúnadh i gcoinnibh feithiclí. |
159. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis do fiosrúchán puiblí do dhéanamh, féadfaidh le hordú toirmeasc do chur, fé réir pé eisceachtaí no coinníollacha maidir le húsáid ócáidigh no le ní eile a luadhfar san ordú san, le feithiclí no le haon chineál no cineálacha áirithe feithiclí do thiomáint ar aon bhóthar áirithe go bhfeictear do ina thaobh, de dhruim an fhiosrúcháin sin, é do bheith cruthuithe go ndéanfadh tiomáint feithiclí, no tiomáint an chineáil no na gcineálacha san feithiclí, ar an mbóthar san na feithiclí sin no na daoine ionta no trácht eile do chur i gcontabhairt no é do bheith cruthuithe go bhfuil an bóthar san, toisc aon chúise eile, neamh-oiriúnach chun feithiclí no chun an chineáil no na gcineálacha san feithiclí dá úsáid. |
[EN] | (2) Pé uair a déanfar ordú fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so beidh sé de dhualgas ar an gcomhairle ar a mbeidh sé de chúram an bóthar le n-a mbaineann an t-ordú san do choimeád i dtreo fógraí, i bhfuirm le n-a n-aontóidh an tAire agus ina ndéarfar cadé éifeacht an orduithe sin, do chur suas agus do choinneáil ar taisbeáint sna háiteanna san a luadhfar san ordú san. | |
[EN] | (3) Pé uair a bheidh an tAire tar éis orduithe do dhéanamh fé fho-alt (1) den alt so, féadfaidh an tAire tráth ar bith, tar éis do fógra do thabhairt don chomhairle ar a mbeidh sé de chúram an bóthar le n-a mbaineann an t-ordú san do choimeád i dtreo agus tar éis do aon chúis a phléidhfidh an chomhairle sin leis do bhreithniú, féadfaidh, le hordú, an t-ordú san a céad-luaidhtear do cheiliúradh no do leasú, agus leis sin beidh sé de dhualgas ar an gcomhairle sin na fógraí bheidh curtha suas agus á gcoinneáil ar taisbeáint acu fé fho-alt (2) den alt so maidir leis an ordú san a céad-luaidhtear do bhaint anuas no d'atharú fé mar is gá sa chás. | |
[EN] | (4) Gach ordú ar n-a dhéanamh fé alt 12 den Roads Act, 1920, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, ag cur toirmisc no sriain le feithiclí d'aon chineál áirithe do thiomáint ar aon bhóthar áirithe in aon líomatáiste áirithe, tuigfear, o dháta an tosach feidhme sin amach agus chun gach críche (le n-a n-áirmhítear ciontaí agus pionóisí), é do dhéanamh fén alt so agus leanfaidh i bhfeidhm agus beidh sé incheiliúrtha agus inleasuithe dá réir sin. | |
[EN] | (5) Gach duine thiomáinfidh feithicil ar bhóthar contrárdha d'ordú ar n-a dhéanamh fé fho-alt (1) den alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air. | |
[EN] |
Cosaint do chomhacht ghenerálta an Choimisineura. |
160. —Ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so dochar maidir le comhacht agus dualgas generálta an Choimisineura agus ball eile den Ghárda Síochána i dtaobh ordú do choimeád in áiteanna puiblí agus i dtaobh tráchta ionta do rialáil agus do stiúradh ná ní bhainfidh ón gcéanna. |