|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IX. Tracht do Rialail.) | Ar Aghaidh (CUID XI. Ilghneitheach.) |
ACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1933
[EN] | ||
[EN] |
CUID X. Feithicli do Shoillsiu. | |
[EN] |
Soillse d'iompar ar fheithiclí. |
161. —(1) Iomparófar ar gach feithicil inneall-ghluaiste (seachas rothar inneall-ghluaiste le n-a mbaineann an chéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so) san ionad agus sa tslí orduithe, faid a bheidh an fheithicil sin ar aon bhóthar le linn uaireanta soillsiúcháin, na lampaí seo leanas agus iad ar lasadh go cuibhe agus i dtreo éifeachtúil, sé sin le rá :— |
[EN] | (a) dhá lampa agus solus geal a bheidh so-fheicse achar réasúnta ón bhfeithicil sin á chaitheamh ag gach ceann acu roimh an bhfeithicil sin amach; agus | |
[EN] | (b) lampa eile agus solus dearg a bheidh so-fheicse achar réasúnta ón bhfeithicil sin á chaitheamh aige laistiar de chúl na feithicle sin. | |
[EN] | (2) Iomparófar ar gach rothar inneall-ghluaiste a húsáidfear gan aon fheithicil ná ní i bhfuirm feithicle ceangailte dá thaoibh, iomprófar air san ionad agus sa tslí orduithe, faid a bheidh an rothar san ar aon bhóthar le linn uaireanta soillsiúcháin, na lampaí seo leanas agus iad ar lasadh go cuibhe agus i dtreo éifeachtúil, sé sin le rá :— | |
[EN] | (a) lampa amháin agus solus geal a bheidh so-fheicse achar réasúnta ón rothar san á chaitheamh aige roimh an rothar san amach; agus | |
[EN] | (b) lampa eile agus solus dearg a bheidh so-fheicse achar réasúnta ón rothar san á chaitheamh aige laistiar de chúl an rothair sin. | |
[EN] | (3) Iomparófar ar gach feithicil inneall-ghluaiste, faid a bheidh sí ar aon bhóthar le linn uaireanta soillsiúcháin, lampa (is féidir a bheith ina lampa ar leithligh no ar cheann de sna lampaí is gá do réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so d'iompar ar an bhfeithicil sin) agus é ar lasadh go cuibhe agus é déanta agus suidhte i slí go ndéanfaidh an comhartha aitheantais fén Roads Act, 1920, ar n-a iompar ar chúl na feithicle sin, do shoillsiú le solus geal. | |
[EN] | (4) Iomparófar ar gach feithicil nách feithicil inneall-ghluaiste ná feithicil ar n-a tarrac ag feithicil inneall-ghluaiste, iomprófar uirthi san ionad agus sa tslí orduithe, faid a bheidh sí ar aon bhóthar le linn uaireanta soillsiúcháin :— | |
[EN] | (a) lampa amháin agus é ar lasadh go cuibhe agus i dtreo éifeachtúil agus solus geal a bheidh so-fheicse achar réasúnta ón bhfeithicil sin á chaitheamh aige roimh an bhfeithicil sin amach, agus | |
[EN] | (b) friothán dearg i dtreo éifeachtúil agus é feistithe i slí go mbeidh an friothán san, le linn soluis do luighe ar an bhfeithicil sin ón taobh thiar, so-fheicse ag duine bheidh laistiar den fheithicil sin agus laistigh d'achar réasúnta uaithi, agus | |
[EN] | (c) má bhíonn agus nuair a bheidh an fheithicil sin ag iompar ualaigh a bheidh ag síneadh níos sia ná sé troigh thar cúl na feithicle sin, lampa eile agus solus dearg a bheidh so-fheicse achar réasúnta ón bhfeithicil sin á chaitheamh aige laistiar de chúl na feithicle sin. | |
[EN] | (5) I gcás feithicle no ní i bhfuirm feithicle do bheith ceangailte go teann de rothar inneall-ghluaiste, pe'ca buan don cheangal san no nách eadh, tuigfear gurb aon fheithicil amháin chun crícheanna an ailt seo an rothar san agus an fheithicil no an ní sin a bheidh ceangailte dhe. | |
[EN] | (6) Gach rialachán a déanfar fén Acht so, ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san alt so mar ní no mar rud atá orduithe, leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus, má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san. | |
[EN] |
Soillse ar fheithiclí thairgeann agus ar fheithiclí tarraigthe. |
162. —(1) d'ainneoin éinní atá san alt deiridh sin roimhe seo, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas i gcás feithicle (pe'ca feithicil inneall-ghluaiste í no nách eadh) a bheidh ag tarrac feithicle no feithiclí eile ar aon bhóthar le linn uaireanta soillsiúcháin, sé sin le rá :— |
[EN] | (a) maran sia ná cúig troigh an spás idir an bhfeithicil a bheidh ag tarrac agus an fheithicil is neasa dhi sin agus a bheidh á tarrac aici, ní gá aon lampa go solus dearg d'iompar ar chúl na feithicle sin a bheidh ag tarrac ná ní gá aon lampa d'iompar ar an bhfeithicil sin a bheidh á tarrac aici ’na mbeidh solus á chaitheamh aige roimh an bhfeithicil sin amach; | |
[EN] | (b) maran sia ná cúig troigh an spás idir aon dá fheithicil a bheidh á dtarrac, ní gá aon lampa go solus dearg d'iompar ar chúl na céad fheithicle acu san ná ní gá aon lampa d'iompar ar an dara feithicil acu san ’na mbeidh solus á chaitheamh aige roimh an bhfeithicil sin amach; | |
[EN] | (c) más sia ná cúig troigh an spás idir an bhfeithicil a bheidh ag tarrac agus an fheithicil is neasa dhi sin agus a bheidh á tarrac aici no idir aon dá fheithicil a bheidh á dtarrac, bainfidh an Chuid seo den Acht so leis an bhfeithicil sin a bheidh ag tarrac agus an fheithicil sin a bheidh á tarrac aici no leis an dá fheithicil sin a bheidh á dtarrac (do réir mar bheidh) fé is dá mbeidís sin fé seach gan bheith ag tarrac feithicle eile no á dtarrac aici. | |
[EN] | (2) Chun crícheanna an ailt seo is idir na puíntí is neasa dá chéile de dhá fheithicil a déanfar an spás idir na feithiclí sin do thomhas ach san i slí ná tuigfear gur cuid de cheachtar feithicil acu an barra tarraicthe no an tsreang mhiotail no an rópa is snaidhm idir na feithiclí sin ná an feisteas speisialta (más ann do) chun an bharra tarraicthe no na sreinge miotail no an rópa san do cheangal. | |
[EN] |
Rialacháin i dtaobh lampaí ar fheithiclí. |
163. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá :— |
[EN] | (a) srian do chur le líon, ionad, dath agus saghas na lampaí is ceaduithe d'iompar ar lasadh, agus na bhfriothán is ceaduithe d'iompar, ar aon fheithicil no ar aon fheithicil de chineál áirithe, ar bhóithre go generálta no ar bhóithre d'aon chineál áirithe no ar aon bhóthar áirithe, le linn uaireanta soillsiúcháin, i dteanta na lampaí agus na bhfriothán (más ann dóibh) is gá do réir na Coda so den Acht so no fúithi d'iompar ar lasadh, no d'iompar, ar an bhfeithicil sin faid a bheidh sí ar aon bhóthar le linn uaireanta soillsiúcháin; | |
[EN] | (b) a ordú cadé líon, dath, saghas, ionad agus modh ceangail na lampaí bheidh le hiompar ar lasadh, agus na bhfriothán a bheidh le hiompar, ar gach feithicil no ar gach feithicil de chineál áirithe, faid a bheidh sí ag iompar ualaigh go mbeidh cuid de ar crochadh no ag síneadh thar an bhfeithicil sin, ar aon bhóthar le linn uaireanta soillsiúcháin, i dteanta no in ionad gach ceann no aon cheann de sna lampaí is gá do réir aon fhorála eile no fé aon fhoráil eile den Chuid seo den Acht so d'iompar ar lasadh ar an bhfeithicil sin; | |
[EN] | (c) srianadh no stiúradh do dhéanamh maidir le comhacht, aoirde, leithead agus raon an tsoluis a theilgfidh na lampaí a hiomparófar ar lasadh uirthi ar aon bhóthar no ar aon bhóthar áirithe no ar aon bhóithre de chineál áirithe agus maidir le huille theilgin gaethe an tsoluis sin agus le haon tsolus den tsórt san do dhalladh go sealadach no do lag-dhalladh agus le méid agus le modh déanta an dallta san; | |
[EN] | (d) srianadh no stiúradh do dhéanamh i dtaobh na treo, maidir le feithicil, ina mbeidh an solus o aon lampa bheidh á iompar ar lasadh ar an bhfeithicil sin á theilgean d'atharú le linn na feithicle sin do bheith ar gluaiseacht ar aon bhóthar, pe'ca atharú é a deintear tríd an lampa no aon chuid de do chasadh no d'aistriú ar shlí eile no tríd an solus a bheidh á theilgean ón lampa san do chlaonadh; | |
[EN] | (e) a rialáil agus a ordú cadé líon, dath, saghas, ionad, agus modh ceangail na lampaí a bheidh le hiompar ar lasadh, agus na bhfriothán a bheidh le hiompar, ar fheithiclí d'aon chineál áirithe go generálta no in áiteanna áirithe no i gcásanna áirithe, agus i dteanta no in ionad gach ceann no aon cheann de sna lampaí agus de sna friotháin is gá, do réir aon fhorála eile no fé aon fhoráil eile den Chuid seo den Acht so, d'iompar ar lasadh agus d'iompar fé seach ar an bhfeithicil sin; | |
[EN] | (f) socrú speisialta do dhéanamh maidir le feithiclí no le haon chineál áirithe feithiclí le linn dóibh bheith ag iompar earraí áirithe so-lasta no pléascacha no bheith in áit ina mbeidh earraí den tsórt san i dtaisce agus, chun críche an tsocruithe speisialta san, chun feithiclí le n-a mbaineann an socrú san do shaoradh o aon fhorálacha áirithe den Chuid seo den Acht so; | |
[EN] | (g) feithiclí bheidh ar stad in áit is áit suidhte do réir bhrí an Achta so do shaoradh o oibriú aon fhorálacha áirithe den Chuid seo den Acht so no o oibriú aon rialachán ar n-a ndéanamh fútha san. | |
[EN] | (2) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san. | |
[EN] |
Ciontaí agus pionóisí fén gCuid seo den Acht so. |
164. —Gach duine— |
[EN] | (a) a bheidh ag tiomáint feithicle no ’na mbeidh feithicil fén-a chúram in áit phuiblí le linn uaireanta soillsiúcháin agus ar a dteipfidh no do bhéarfaidh faillí maidir leis an lampa no na lampaí uile agus fé seach (do réir mar bheidh) d'iompar ar lasadh ar an gcéanna is gá, do réir na Coda so den Acht so no do réir aon rialacháin ar n-a dhéanamh fúithi sin, d'iompar ar lasadh ar an bhfeithicil sin san áit sin le linn na n-uaireanta san, no | |
[EN] | (b) a bheidh ag tiomáint feithicle no ’na mbeidh feithicil fén-a chúram in áit phuiblí le linn uaireanta soillsiúcháin agus ar a dteipfidh no do bhéarfaidh faillí maidir leis an bhfriothán san (más aon cheann é) d'iompar is gá, do réir na Coda so den Acht so no do réir aon rialacháin ar n-a dhéanamh fúithi sin, d'iompar ar an bhfeithicil sin san áit sin le linn na n-uaireanta san, no | |
[EN] | (c) dhéanfaidh éinní eile, tré ghníomh no tré fhaillí, is sárú ar an gCuid seo den Acht so, no ar rialachán ar n-a dhéanamh fúithi sin, agus nách inphionósuithe do réir aon ailt eile den Chuid seo den Acht so, | |
[EN] | beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint. |