An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Ceadunaisi chun Feithicli Inneall-Ghluaiste do Thiomaint.)

11 1933

ACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1933

CUID II.

Feithiclí Inneall-Ghluaiste do Roinnt ina gCineálacha, etc.

Feithiclí inneallghluaiste do roinnt ina gcineálacha.

14. —(1) Déanfar, chun crícheanna an Achta so, feithicli inneall-ghluaiste do roinnt ina gceithre cineálacha, eadhon, mótarrothair, mótar-fheithiclí éadtroma, mótar-fheithiclí troma, agus gluaisteoirí.

(2) Chun crícheanna an Achta so is mótar-rothar feithicil inneall-ghluaiste i gcás í bheith agus pé uair agus faid a bheidh sí do réir na gconníoll uile seo leanas, sé sin le rá :—

(a) gan a meáchaint gan ualach do bheith thar ocht gcéad meáchainte; agus

(b) gan a bheith fúithi ach rotha agus iad i dteangmháil dhírigh leis an talamh; agus

(c) gan thar trí roth do bheith fúithi; agus

(d) buinn aeir do bheith ar a rotha uile.

(3) Chun crícheanna an Achta so is mótar-fheithicil éadtrom feithicil inneall-ghluaiste i gcás í bheith agus pé uair agus faid a bheidh sí do réir na gcoinníoll uile seo leanas, sé sin le rá :—

(a) gan í bheith ina mótar-rothar; agus

(b) i gcás cabhail do bheith uirthi ar n-a ceapadh agus ar n-a déanamh chun paisnéirí d'iompar, gan a meáchaint gan ualach do bheith thar trí tonna no, i gcás cabhail do bheith uirthi agus gan í ar n-a ceapadh agus ar n-a déanamh amhlaidh no gan cabhail do bheith uirthi. gan a meáchaint gan ualach do bheith thar dhá thonna; agus

(c) i gcás cabhail do bheith uirthi ar n-a ceapadh agus ar n-a déanamh chun paisnéirí d'iompar, gan ionaid suidhte do bheith inte do níos mó ná seisear gan a tiománaí d'áireamh; agus

(d) gan a bheith fúithi ach rotha agus iad i dteangmháil dhírigh leis an talamh; agus

(e) buinn aeir do bheith ar a rotha uile; agus

(f) gan í bheith á húsáid chun níos mó ná feithicil amháin eile do tharrac; agus

(g) má deintear agus nuair a déanfar í d'úsáid chun feithicle eile do tharrac, gan a bheith fén bhfeithicil eile sin (sa mhéid nách taca dhi an fheithicil inneall-ghluaiste sin) ach rotha agus iad i dteangmháil dhírigh leis an talamh agus buinn aeir do bheith ar rotha uile na feithicle eile sin.

(4) Chun crícheanna an Achta so is mótar-fheithicil trom feithicil inneall-ghluaiste i gcás í bheith agus pé uair agus faid a bheidh sí do réir na gcoinníoll uile seo leanas, sé sin le rá :—

(a) gan í bheith ina mótar-rothar ná ina mótar-fheithicil éadtrom; agus

(b) gan a meáchaint gan ualach do bheith thar seacht dtonna go gceathrúin; agus

(c) má deintear agus nuair a déanfar í d'úsáid chun feithicle eile do tharrac, gan meáchaint gan ualach na feithicle inneall-ghluaiste sin agus na feithicle eile sin le chéile do bheith thar naoi dtonna go dtrí ceathrúna; agus

(d) gan a bheith fúithi ach rotha agus iad i dteangmháil dhírigh leis an talamh; agus

(e) buinn aeir no buinn eile d'abhar bhog no d'abhar phlaisc do bheith ar a rotha uile; agus

(f) gan í bheith á húsáid chun níos mó ná feithicil amháin eile do tharrac; agus

(g) má deintear agus nuair a déanfar í d'úsáid chun feithicle eile do tharrac, gan a bheith fen bhfeithicil eile sin (sa mhéid nách taca dhi an fheithicil inneall-ghluaiste sin) ach rotha agus iad i dteangmháil dhírigh leis an talamh agus buinn aeir no buinn eile d'abhar bhog no d'abhar phlaisc do bheith ar rotha uile na feithicle eile sin.

(5) Chun crícheanna an Achta so is gluaisteoir feithicil inneallghluaiste i gcás gan í bheith agus pé uair agus faid a bheidh sí gan bheith ina mótar-rothar, ná ina mótar-fheithicil éadtrom, ná ina mótar-fheithicil trom.

(6) Féadfaidh an tAire am ar bith agus o am go ham, le hordú, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá :—

(a) atharú do dhéanamh, ar pé slí is oiriúnach leis, ar gach ceann no ar aon cheann de sna coinníollacha atá leagtha amach anso roimhe seo mar na coinníollacha nách foláir d'feithicil inneall-ghluaiste bheith dá réir chun gur mótar-rothar chun crícheanna an Achta so í;

(b) atharú do dhéanamh, ar pé slí is oiriúnach leis, ar gach ceann no ar aon cheann de sna coinníollacha atá leagtha amach anso roimhe seo mar na coinníollacha nách foláir d'feithicil inneall-ghluaiste bheith dá réir chun gur mótar-fheithicil éadtrom chun crícheanna an Achta so í;

(c) atharú do dhéanamh, ar pé slí is oiriúnach leis, ar gach ceann no ar aon cheann de sna coinníollacha atá leagtha amach anso roimhe seo mar na coinníollacha nách foláir d'feithicil inneall-ghluaiste bheith dá réir chun gur mótar-fheithicil trom chun crícheanna an Achta so í;

(d) ordú ar bith a rinne sé roimhe sin fén bhfo-alt so do cheiliúradh, do leasú, no d'atharú.

(7) Ní thiocfaidh ordú ar bith a déanfar fén alt so i bhfeidhm mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar é do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas agus é do cheadú le rún o gach Tigh.

Deanamh agus gléasadh feithiclí inneallghluaiste.

15. —(1) Féadfaidh an tAire, maidir le feithiclí inneallghluaiste agus le feithiclí ar n-a dtarrac ag feithiclí inneallghluaiste, féadfaidh, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá :—

(a) déanamh na bhfeithiclí sin;

(b) na coinníollacha fé n-a bhféadfar na feithiclí sin d'úsáid;

(c) an gléasadh, na feistisí agus na hionstruimidí bheidh le feistiú no le hiompar ar na feithiclí sin, agus go sonnrách ionstruimidí chun rabhaidh ionchlosta do thabhairt i dtaobh láithreachais na bhfeithiclí sin agus ionstruimidí chun rabhaidh sho-fheicse do thabhairt ar chúl na bhfeithiclí sin go bhfuiltear chun stad;

(d) mí-úsáid do dhéanamh de mheaisínteacht na bhfeithiclí sin, le n-a n-áirmhítear úsáid do dhéanamh de sna feithiclí sin nuair a bheidh a meaisínteacht i staid lochtach;

(e) sugha, luaithreadh, íle, gal no geas do scaoileadh as na feithiclí sin;

(f) úsáid agus mí-úsáid do dhéanamh den ghléasadh, de sna feistisí, agus de sna hionstruimidí bheidh feistithe no á n-iompar ar na feithiclí sin do dheoin no do réir an Achta so no do réir rialachán ar n-a ndéanamh fén Acht so;

(g) an méid torann a bheidh á dhéanamh ag na feithiclí sin no ag an ualach (más ann do) pe'ca déanamh no staid lochtach na bhfeithiclí sin fé ndeár é no meaisínteacht, gléasadh, feistisí, no ionstruimidí na bhfeithiclí sin, no úsáid no mí-úsáid do dhéanamh de sna feithiclí, den mheaisínteacht, den ghléasadh, de sna feistisí no de sna hionstruimidí sin, no cineál, pacáil no suidheamh an ualaigh (más ann do) a bheidh á iompar ar na feithiclí sin;

(h) cóiriú agus feistiú an taoibh istigh d'fheithiclí seirbhíse puiblí;

(i) na focail, na leitreacha, na figiúirí, agus na marcanna eile bheidh le cur no le péinteáil ar na feithiclí sin agus an tslí agus an áit ina mbeidh na marcanna san le cur no le péinteáil amhlaidh;

(j) an méid feithiclí is ceaduithe bheith á dtarrac san aon am amháin ag feithicil inneall-ghluaiste no ag feithicil inneall-ghluaiste de chineál áirithe, agus an tslí ina ndéanfar feithiclí bheidh á dtarrac ag feithicil inneallghluaiste do cheangal den fheithicil sin agus (i gcás san do bheith oiriúnach) dá chéile.

(2) Féadfar rialacháin deifriúla do dhéanamh fén alt so i dtaobh saghsanna deifriúla feithiclí inneall-ghluaiste agus i dtaobh saghsanna deifriúla feithiclí ar n-a dtarrac ag feithiclí inneall-ghluaiste.

(3) Déanfaidh an tAire, leis na rialacháin a dhéanfaidh fén alt so, a fhoráil é bheith éigeanta go n-iomprófaí ar gach feithicil inneall-ghluaiste ionstruimid cheart chun rabhaidh ionchlosta do thabhairt i dtaobh láithreachais na feithicle sin.

(4) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith feithicil inneallghluaiste go mbeidh rialacháin do rinneadh fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire ag baint léi ach ná beidh do réir na rialachán san ar gach slí d'úsáid ar aon bhóthar ná feithicil go mbeidh rialacháin do rinneadh fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire ag baint léi ach ná beidh do réir na rialachán san ar gach slí do tharrac le feithicil inneall-ghluaiste ar aon bhóthar.

(5) Gach duine dhéanfaidh feithicil inneall-ghluaiste d'úsáid contrárdha don alt so no dhéanfaidh feithicil do tharrac le feithicil inneall-ghluaiste contrárdha don alt so nó dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar rialachán ar n-a dhéanamh fén alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(6) San Acht so cialluíonn an abairt “rialacháin maidir le déanamh agus gléasadh feithiclí inneall-ghluaiste” na rialacháin a bheidh déanta fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh na feithicle no an chineáil fheithiclí gur ina thaobh a húsáidtear an abairt.

(7) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhalidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Meáchaintí maximum feithiclí inneallghluaiste.

16. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá :—

(a) ag ordú na meáchainte maximum gan ualach do ghluaisteoirí;

(b) ag ordú na meáchainte maximum gan ualach d'fheithiclí bheidh á dtarrac ag feithiclí inneall-ghluaiste;

(c) ag ordú na meáchainte maximum go n-ualach d'fheithiclí inneall-ghluaiste agus d'fheithiclí bheidh á dtarrac ag feithiclí inneall-ghluaiste;

(d) ag ordú na meáchainte maximum a bheidh le cur ag aon chuid d'fheithicil inneall-ghluaiste no d'fheithicil a bheidh á tarrac ag feithicil inneall-ghluaiste ar an talamh no ar aon achar áirithe den talamh;

(e) ag ordú na slí ina ndéanfar agus na gcoinníollacha fé n-a ndéanfar aon mheáchaintí áirithe d'fháil amach a bheidh orduithe leis na rialacháin.

(2) Féadfar rialacháin deifriúla do dhéanamh fén alt so i dtaobh áiteanna no líomatáistí deifriúla agus i dtaobh cineálacha deifriúla feithiclí.

(3) Gach duine dhéanfaidh—

(a) feithicil gur mó a meáchaint gan ualach ná an mheáchaint mhaximum gan ualach a bheidh orduithe le rialacháin a bheidh déanta fén alt so agus a bheidh ag baint leis an bhfeithicil sin, no

(b) feithicil go n-ualach gur mó a meáchaint, agus an t-ualach san uirthi, ná an mheáchaint mhaximum go n-ualach a bheidh orduithe le rialacháin a bheidh déanta fén alt so agus a bheidh ag baint leis an bhfeithicil sin, no

(c) feithicil a bheidh ag cur no go mbeidh cuid di ag cur meáchainte ar an talamh is mó ná an mheáchaint mhaximum a bheidh orduithe, i dtaobh an churtha san, le rialacháin a bheidh déanta fén alt so agus a bheidh ag baint leis an bhfeithicil sin,

d'úsáid ar aon bhóthar, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(4) Pé uair do bhéarfaidh ball den Ghárda Síochána feithicil fé ndeara gur amhras leis í bheith á húsáid an uair sin i slí gur cionta fén alt so an úsáid sin, féadfaidh an ball san a éileamh ar an duine i mbun na feithicle sin gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá :—

(a) an fheithicil sin go n-a hualach (más ann do) do thabhairt láithreach go dtí droichead meáchana ar n-a choinneáil i dtreo fén Acht so agus ainmneoidh an ball san agus nách mó ná dhá mhíle, ar an mbealach is comhgaraí atá ar fáil, o áit dhéanta an éilimh sin;

(b) an ball san d'iompar go dtí an droichead meáchana san sa bhfeithicil sin;

(c) an fheithicil sin go n-a hualach (más ann do) do chur á meádh ar an droichead meáchana san i láthair an bhaill sin.

Pé uair a theipfidh ar dhuine i mbun feithicle éinní do dhéanamh no a dhiúltóidh d'éinní do dhéanamh éileoidh ball den Ghárda Síochána air fén bhfo-alt so a dhéanamh beidh an teip no an diúltú san ina chionta fén alt so agus ar an duine sin do chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air in aghaidh gach cionta fé leith den tsórt san.

(5) Gach rialachán a déanfar fén alt so, leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Ceadanna speisialta i gcóir feithiclí áirithe.

17. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá :—

(a) ceadanna speisialta do thabhairt amach á údarú feithiclí áirithe sháruíonn rialachán no rialacháin ar n-a ndéanamh fén gCuid seo den Acht so do thiomáint ar bhóithre d'ainneoin an tsáruithe sin;

(b) á ordú cadiad na teoranta, na sriantachtaí agus na coinníollacha cuirfear no féadfar a chur sna ceadanna speisialta san ar a n-áirmhítear coinníollacha maidir le cúiteamh, no maidir le n-a chur in áirithe tré airgead do lóisteáil go n-íocfar cúiteamh, i ndamáiste is féidir a déanfaí do bhóithre as tiomáint na bhfeithiclí le n-a mbaineann na ceadanna speisialta san;

(c) á ordú cé hiad na daoine fhéadfaidh na ceadanna speisialta san do thabhairt amach agus go sonnrách ag déanamh socruithe chun oifigeach áirithe d'údaráis áitiúla do thabhairt na gceadanna speisialta san amach;

(d) á ordú cadé an tslí ina n-iarrfar agus cé hiad na daoine ar a n-iarrfar na ceadanna speisialta san.

(2) d'ainneoin éinní atá sa Chuid seo den Acht so, ní sárú ar aon fhoráil den Chuid seo den Acht so feithicil inneall-ghluaiste do thiomáint ar bhóthar fé chead speisialta ar n-a thabhairt amach alos na feithicle sin fé rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so agus do réir an cheada speisialta san ar gach slí.

Meáchaint feithiclí inneallghluaiste do dhéanamh amach.

18. —(1) Chun crícheanna an Achta so agus gach Achta eile (ar n-a rith roimh an Acht so no dá éis) a bhaineann le feithiclí inneall-ghluaiste tuigfear, lasmuich de chás dá bhforáltar no dá bhforálfar a mhalairt leis an Acht so no fé, gurb é is meáchaint gan ualach d'aon fheithicil ná meáchaint na feithicle, agus an chabhail agus gach páirt is gá bheith ag gabháil leis an bhfeithicil no a húsáidtear léi de ghnáth nuair a bhíonn sí ag obair ar bhóthar d'áireamh, ach gan áireamh do dhéanamh ar mheáchaint an uisce, an abhair theine, ná na n-athchadhnradh (nách coirí) a húsáidtear chun tiomána ná ar mheáchaint úirlisí scaoilte ná fearas scaoilte.

(2) I gcás feithicle inneall-ghluaiste—

(a) gur mhó ná seacht dtonna go gceathrúin a meáchaint gan ualach ar san do dhéanamh amach fén bhfo-alt san roimhe seo, agus

(b) ar a mbeidh cabhail no uachtar, buan no nách mór buan, a bheidh ceaptha agus déanta chun críche speisialta seachas chun paisnéirí no earraí no aon tsaghas áirithe earraí d'iompar,

tuigfear (lasmuich de chás dá bhforáltar no dá bhforálfar a mhalairt leis an Acht so no fé) gurb é is meáchaint gan ualach don fheithicil sin, chun crícheanna an Achta so agus gach Achta eile (ar n-a rith roimh an Acht so no dá éis) a bhaineann le feithiclí inneall-ghluaiste, ná seacht dtonna go gceathrúin.

Droichid mheáchana do chur ar fáil.

19. —(1) Féadfaidh gach comhairle go mbeidh ortha bóthar do choinneáil i dtreo meaisíní do thógáil i pé áiteanna ar an mbóthar san no le n-a ais is dóich leo is ceart agus déanfaid, ar an Aire dá cheangal san ortha, meaisíní do thógáil i pé áiteanna ar na bóithre sin no le n-a n-ais a ordóidh an tAire, meaisíní (dá ngairmtear droichid mheáchana san Acht so) a bheidh do réir na dtomhas, na comhachta, an chrota agus an déanta orduithe chun feithiclí do mheádh.

(2) Déanfaidh gach comhairle gur leo droichead meáchana ar n-a thógaint fé achtachán a hathghairmtear leis an Acht so, no ar n-a thógaint fén alt so, an droichead meáchana san do choinneáil i dtreo agus in ordú cheart agus cuirfid an droichead meáchana san ar fáil chun feithiclí do mheádh gach tráth réasúnta agus chuige sin beidh pé fuireann acu is gá chun an droichid mheáchana san d'oibriú.

(3) Féadfaidh gach comhairle ag á mbeidh droichead meáchana á choinneáil i dtreo fén alt so táillí d'éileamh ar fheithiclí do mheádh air (seachas feithiclí meádhfar air le hordú baill agus i láthair baill den Ghárda Síochána), pe táillí cheadóidh an tAire.

(4) Déanfar na costaisí uile fé n-a raghaidh comhairle chun droichid mheáchana do thógáil no do choinneáil i dtreo agus d'oibriú fén alt so d'íoc amach as na táillí a héileofar fén alt so ar fheithiclí do mheádh air agus, maran leor agus sa mhéid nách leor na táillí sin chun na gcostaisí sin d'íoc, tuigfear na costaisí sin do bheith ina gcostaisí chun an bhóthair do choinneáil i dtreo gur air no le n-a ais a bheidh an droichead meáchana san tógtha agus íocfar iad dá réir sin.

An chóiríocht do phaisnéirí i bhfeithiclí inneallghluaiste do dhéanamh amach.

20. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin ar n-a ndéanamh aige fén Acht so, a ordú conus a déanfar amach chun crícheanna an Achta so an chóiríocht do phaisnéirí atá i bhfeithiclí inneallghluaiste no in aon chineálacha no cineál de sna feithiclí sin, agus féadfaidh sna rialacháin sin idirdhealú do dhéanamh idir cóiríocht chun suidhte agus cóiríocht chun seasaimh agus idir cóiríocht do dhaoine fásta agus cóiríocht do leanbhaí.

(2) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.