An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Deimhnithe Inniulachta agus Deimhnithe Infheadhmachta.) Ar Aghaidh (CUID VIII. Foralacha Speisialta i dTaobh Feithicli Seirbhise Sraide.)

11 1933

ACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1933

CUID VII.

Feithicli Seirbhise Puibli do Rialail agus do Stiuradh.

Ceadúnaisí feithicle seirbhíse puiblí.

84. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir, fé réir forálacha na Coda so den Acht so, ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí sa Chuid seo den Acht so) do dheonadh d'únaer feithicle seirbhíse puiblí maidir leis an bhfeithicil sin.

(2) I gcás únaera fheithicle seirbhíse puiblí do bheith ina mhion-aoiseach no ina dhuine nách slán meabhair no do bheith fé aon mhí-chumas eile, féadfar an ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí, maidir leis an bhfeithicil sin, do dheonadh do chaomhnóir no do choiste an únaera san no d'iontaobhaí don únaer san.

(3) Maidir le gach ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí—

(a) beidh sé sa bhfuirm orduithe, agus

(b) beidh sreath-uimhir ar leithligh air chun é d'aithint, agus

(c) déarfar ann cé méid paisnéirí go bhfuil ionaid dóibh sa bhfeithicil le n-a mbaineann, agus

(d) déarfaidh go gceadúnuíonn an fheithicil sin d'úsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair ach, i gcás feithicle bige seirbhíse puiblí, féadfar a rá ann ná ceaduíonn san d'úsáid ach mar fheithicil thuarastail phríobháidigh.

(4) Sa Chuid seo den Acht so nuair a húsáidtear an focal “ceadúnuithe” maidir le feithicil sheirbhíse puiblí cialluíonn sé feithicil sheirbhíse puiblí ar n-a ceadúnú le ceadúnas ar n-a dheonadh fén alt so maidir leis an bhfeithicil sheirbhíse puiblí sin agus nuair a húsáidtear an focal “ceadúnaí” maidir le ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí cialluíonn sé an té is sealbhóir ar an gceadúnas san de thurus na huaire agus foluíonn ionadaí pearsanta no socruitheoir an tsealbhóra san (pe'ca aca is gá sa chás) agus foluíonn fós, i gcás aon cheadúnais den tsórt san a bheidh tar éis scurtha de bheith i bhfeidhm, an té ba shealbhóir ar an gceadúnas san díreach roimh an scur san.

Iarratas ar cheadúnaisí feithicle seirbhíse puiblí.

85. —(1) Déanfar gach iarratas ar cheadúnas feithicle seirbhíse puiblí i pé fuirm agus i pé slí, agus beidh ann pé mion-innste, ordóidh an Coimisinéir.

(2) Duine bheidh ag iarraidh ceadúnais feithicle seirbhíse puiblí íocfaidh leis an gCoimisinéir suim is có-ionann le méid na táille ceadúnais is gá, do réir na Coda so den Acht so, d'íoc alos an cheadúnais sin agus beidh íoc na suime sin ina choinníoll nách foláir a chólíonadh sara mbreithneoidh an Coimisinéir an t-iarratas.

(3) Má diúltuítear do ghéilleadh d'iarratas ar cheadúnas feithicle seirbhíse puiblí coinneoidh an Coimisinéir an tsuim is iníoctha fén alt so ar dhéanamh an iarratais sin.

(4) Má géilltear d'iarratas ar cheadúnas feithicle seirbhíse puiblí, déanfar an tsuim is iníoctha fén alt so ar dhéanamh an iarratais sin do chur chun íoctha an chéad táille ceadúnais is iníoctha fén gCuid seo den Acht so alos an cheadúnais sin.

Sriantachtaí maidir le ceadúnaisí feithicle seirbhíse puiblí do dheonadh.

86. —(1) Ní dhéanfaidh an Coimisinéir ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí do dheonadh alos aon fheithicle seirbhíse puiblí ná feicfear do—

(a) a bheith déanta agus gléasta do réir na rialachán i dtaobh feithiclí inneall-ghluaiste do dhéanamh agus do ghléasadh, sa mhéid gur infheidhmithe do sna rialacháin sin maidir leis an bhfeithicil sin, agus

(b) a bheith sa treo san go bhfuil sí infheadhma agus sábhálta agus oiriúnach ar gach slí eile i gcóir paisnéirí.

(2) Féadfaidh an Coimisinéir diúltú do cheadúnas feithicle seirbhíse puiblí do dheonadh do dhuine nách duine ceart oiriúnach dar leis, mar gheall ar a charactar no mar gheall ar a iompar roimhe sin, chun ceadúnais feithicle seirbhíse puiblí do bheith aige.

Ré cheadúnaisí feithicle seirbhíse puiblí.

87. —(1) Leanfaidh gach ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí i bhfeidhm go dtugaidh a shealbhóir suas é no go gceiliúrtar é leis an gCuid seo den Acht so no fúithi.

(2) Gach ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí cuirfear ar fiunraoi fén gCuid seo den Acht so tuigfear, chun crícheanna na Coda so den Acht so, gan é bheith i bhfeidhm ar feadh na tréimhse bheidh sé ar fiunraoi amhlaidh.

Táillí bliantúla ar cheadúnaisí feithicle seirbhíse puiblí.

88. —(1) Íocfaidh gach ceadúnaí gach bliain leis an gCoimisinéir, alos gach ceadúnais fheithicle seirbhíse puiblí bheidh aige, táille bhliantúil (dá ngairmtear táille cheadúnais sa Chuid seo den Acht so) de pé méid a bheidh ceaptha o am go ham le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgid.

(2) Déanfar gach táille cheadúnais (seachas an chéad táille den tsórt san is iníoctha alos aon cheadúnais áirithe fheithicle seirbhíse puiblí) d'íoc an chéad lá no roimh an gcéad lá den bhliain gur ina haghaidh a bheidh an táille sin iníoctha, agus chuige sin tuigfear an bhliain do thosnú cothrom lae dheonta an cheadúnais fheithicle seirbhíse puiblí gur ina thaobh a bheidh an táille sin iníoctha.

(3) Má theipeann ar aon cheadúnaí no má dhiúltuíonn táille cheadúnais (seachas an chéad táille den tsórt san is iníoctha alos an cheadúnais sin) d'íoc alos aon cheadúnais fheithicle seirbhíse puiblí laistigh den aimsir a ceaptar leis an alt so chun san d'íoc, leis sin tiocfaidh an ceadúnas san chun bheith agus beidh sé ceiliúrtha ach féadfaidh an Coimisinéir, ar an táille sin d'íoc, an ceiliúradh san do chur ar ceal.

Ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí do thuitim chun duine eile ar éag dá shealbhóir.

89. —Pé uair éagfaidh sealbhóir ceadúnais fheithicle seirbhíse puiblí tuitfidh an ceadúnas san chun a ionadaí phearsanta dhlíthiúla mar chuid dá estát phearsanta.

Feithiclí d'iniúchadh ar cheadúnas feithicle seirbhíse puiblí d'iarraidh.

90. —(1) Pé uair a hiarrfar ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí go cuibhe ceapfaidh an Coimisinéir am agus áit chaothúil chun na feithicle le n-a mbaineann an t-iarratas san d'iniúchadh agus do scrúdú agus cuirfidh in úil do neach déanta an iarratais sin cadé an t-am agus cadé an áit a bheidh ceaptha amhlaidh, agus má bheirtear an fheithicil sin chun na háite sin an t-am san cuirfidh an fheithicil sin á hiniúchadh agus á scrúdú san am agus san áit sin ag ball den Ghárda Síochána no ag duine eile bheidh, dar leis an gCoimisinéir, cáilithe go cuibhe chun an iniúchta agus an scrúduithe sin do dhéanamh.

(2) Mara ndeintear feithicil go n-iarrfar ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí ina taobh do thabhairt chun na háite bheidh ceaptha, an t-am a bheidh ceaptha, fén bhfo-alt san roimhe seo chun a hiniúchta agus a scrúduithe, féadfaidh an Coimisinéir diúltú do ghéilleadh don iarratas san.

Ceadúnaisí feithicle seirbhíse puiblí d'aistriú.

91. —(1) Pé uair a déanfar únaeracht feithicle ceadúnuithe seirbhíse puiblí d'aistriú pe'ca tré ghníomh na bpáirtithe é no tré oibriú dlí, féadfaidh an Coimisinéir, ar n-a iarraidh san don aistrí agus ar an táille orduithe (más ann di) do bheith íoctha agus ar bheith deimhin de go bhfuil an t-aistriú san déanta, an ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí bheidh i bhfeidhm an uair sin d'aistriú chun an aistrí.

(2) Na forálacha den Acht so i dtaobh na gcáilíocht chun ceadúnais fheithicle seirbhíse puiblí d'fháil agus i dtaobh na scóranna chun diúltú do cheadúnas den tsórt san do dheonadh, bainfid le ceadúnas d'aistriú fén alt so díreach fé is dá mb'é bheadh san aistriú san ná ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí do dheonadh.

Athchomharc i gcoinnibh diúltuithe maidir le ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí do dheonadh no d'aistriú.

92. —(1) Pé uair a dhiúltóidh an Coimisinéir do ghéilleadh d'iarratas ar cheadúnas feithicle seirbhíse puiblí do dheonadh no d'aistriú, féadfaidh neach déanta an iarratais sin athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh an diúltuithe sin, i gcás gur diúltú é ar an scór nách duine ceart oiriúnach an t-iarratasóir chun ceadúnais fheithicle seirbhíse puiblí do bheith aige, chun an Bhreithimh den Chúirt Dúithche go ndlighinse san áit ina gcomhnuíonn an t-iarratasóir sin de ghnáth agus chun an Aire in aon chás eile.

(2) Ar éisteacht athchomhairc fén alt so dho féadfaidh an Breitheamh no an tAire (do réir mar bheidh), fé mar is dóich leis is ceart, daingniú do dhéanamh ar an diúltú dob abhar don athchomharc san no a ordú don Choimisinéir an deonadh no an t-aistriú (pe'ca aca é) do dhéanamh dá mbeidh diúltuithe aige.

(3) Cuirfidh an Breitheamh no an tAire (do réir mar bheidh) fé ndeár fógra i dtaobh a bhreithe ar athchomharc a déanfar chuige fén alt so do thabhairt don Choimisinéir agus beidh sé de dhualgas ar an gCoimisinéir déanamh do réir na breithe sin sa mhéid go n-ordóidh do ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí do dheonadh no d'aistriú.

(4) An bhreith do bhéarfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche no an tAire (do réir mar bheidh) ar athchomharc fén alt so beidh sí ina breith ná beidh dul tháirsi.

Toirmeasc ar fheithicil sheirbhíse puiblí neacheadúnuithe d'úsáid.

93. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo ní bheidh sé dleathach feithicil inneall-ghluaiste ná beidh ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí i bhfeidhm ina taobh d'úsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair.

(2) Féadfaidh an tAire Oideachais, más deimhin leis gá do bheith le socrú speisialta i dtaobh leanbhaí do thabhairt go scoil áirithe, ceadúnas do dheonadh d'únaer feithicle inneall-ghluaiste á cheadúnú dho an fheithicil sin d'úsáid chun leanbhaí do thabhairt go dtí an scoil sin ar luach saothair, agus faid a bheidh an ceadúnas san i bhfeidhm ní bheidh an fheithicil inneallghluaiste sin ina feithicil sheirbhíse puiblí do réir bhrí an Achta so de bhíthin í bheith á húsáid fén gceadúnas san agus dá réir chun leanbhaí do thabhairt go dtí an scoil sin agus uaithi ar luach saothair agus dá bhíthin sin amháin.

(3) I gcás—

(a) únaera feithicle inneall-ghluaiste d'iarraidh ar oifigeach den Ghárda Síochána nách ísle céim ná ceannphort an cead san a luaidhtear anso ina dhiaidh seo do thabhairt amach do, agus

(b) gur deimhin leis an oifigeach san gur deallrathach tionól den phuiblíocht do bheith ag teagmhas a bheidh le teacht agus, ag féachaint do sna saoráidí bhíonn ar fáil ag an bpuiblíocht maidir le paisnéirí d'iompar go hionad an teagmhais sin agus ón ionad san agus d'aon tsaoráidí eile is féidir d'fháil i gcóir an iompair sin, gur deimhin leis gur gá no gur mhaith an rud é, do réir réasúin, an cead a bheidh á iarraidh amhlaidh do thabhairt amach, agus

(c) fógra cúig lá ar a laighead, i dtaobh an iarrartais ar an gcead san, do bheith tugtha ag an oifigeach san don Aire Tionnscail agus Tráchtála agus gan aon agóid, i gcoinnibh an cheada san do thabhairt amach, do bheith faighte aige ón Aire sin,

féadfaidh an t-oifigeach san cead do thabhairt don únaer san á cheadú dho an fheithicil sin d'úsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair lá áirithe o áit áirithe go hionad an teagmhais sin agus ón ionad san thar n-ais go háit áirithe ach san fé réir pé coinníollacha agus teoranta is dóich leis an oifigeach san is ceart a luadh sa chead san, agus leis sin ní bheidh an fheithicil sin ina feithicil sheirbhíse puiblí do réir bhrí agus chun críche an Achta so de bhíthin í d'úsáid chun paisnéirí d'iompar fén gcead san agus do réir an cheada san agus dá bhíthin sin amháin.

(4) I gcas feithicle inneall-ghluaiste d'úsáid chun ochtar daoine no níos mó ná beidh ar fostú ag únaer na feithicle sin d'iompar tuigfear, go dtí go gcruthófar a mhalairt, na daoine sin do bheith á n-iompar ar luach saothair ar an bhfeithicil sin.

(5) Pé uair a déanfar feithicil inneall-ghluaiste d'úsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair contrárdha don alt so beidh únaer na feithicle sin ciontach i gcionta fén alt so agus, mara gcruthuighidh tiománaí na feithicle sin nárbh eol do gan ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí do bheith i bhfeidhm an uair sin maidir leis an bhfeithicil sin beidh seisean ciontach i gcionta fén alt so freisin.

(6) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe, no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Pionós mar gheall ar fheithicil sheirbhíse puiblí d'úsáid agus í lochtach.

94. —Pé uair a déanfar feithicil sheirbhíse puiblí d'úsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair agus í ar a leithéid sin de riocht go bhfuil sí neamh-infheadhma no nea-shábhálta no neamhoiriúnach ar shlí eile chun paisnéirí d'iompar no, toisc í bheith i ndroch-threo no nea-ghlan no toisc aon chúise eile, go bhfuil sí neamh-oiriúnach i gcóir paisnéirí, beidh únaer na feithicle sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Plátaí feithicle do thabhairt amach.

95. —(1) Pé uair a dheonfaidh an Coimisinéir ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí déanfaidh, ar an gceadúnaí d'íoc na suime sin leis a bheidh ceaptha o am go ham le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgid, pláta miotail (dá ngairmtear pláta feithicle sa Chuid seo den Acht so) den phátrún orduithe do thabhairt amach don cheadúnaí sin agus sreath-uimhir an cheadúnais sin agus na focail, na litreacha, na huimhreacha, agus na comharthaí orduithe marcálta ar an bpláta san sa tslí orduithe.

(2) Pé uair is deimhin leis an gCoimisinéir go ndearnadh pláta feithicle do chailliúint, do dhíthiú no do bhriseadh no go bhfuil san agha-loitithe chó mór san de dhruim úsáide no díobhála go bhfuil an tsreath-uimhir no gach ceann no aon cheann de sna litreacha, de sna focail, de sna huimhreacha, agus de sna comharthaí is gá, do réir an ailt seo, do bheith marcálta air scriosta dhe no do-léighte, déanfaidh an Coimisinéir, ar iarratas únaera na feithicle le n-a mbaineann an pláta feithicle sin agus ar an bpláta feithicle sin (mara mbeidh sé caillte no díthithe) do sheachadadh don Choimisinéir agus ar an únaer san d'íoc na suime sin leis an gCoimisinéir a bheidh ceaptha o am go ham le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgid, déanfaidh pláta feithicle nua do thabhairt amach don únaer san.

(3) Pé uair a scuirfidh ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí de bheith i bhfeidhm déanfaidh an ceadúnaí, laistigh de thrí lá tar éis an scurtha san, an pláta feithicle do tugadh amach alos an cheadúnais sin do sheachadadh don Choimisinéir.

(4) Má thárlann do dhuine ar bith, ar a gceangailtear leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so pláta feithicle do sheachadadh don Choimisinéir, go dteipfidh air san do dhéanamh no go dtabharfaidh faillí ina dhéanamh laistigh den aimsir a ceaptar chuige sin leis an bhfo-alt san, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air agus fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig scillinge in aghaidh gach lae leanfar den chionta san.

E d'oblagáid plátaí feithicle d'iompar ar fheithiclí seirbhíse puiblí.

96. —(1) Déanfar an pláta feithicle do bhéarfar amach fén gCuid seo den Acht so alos feithicle seirbhíse puiblí do cheangal den fheithicil sin san áit agus sa tslí orduithe agus iomprófar é i gcomhnaí agus é ceangailte amhlaidh nuair a bheidh an fheithicil sin á húsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair.

(2) Má deintear feithicil sheirbhíse puiblí d'úsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair gan pláta feithicle ar n-a thabhairt amach fén gCuid seo den Acht so alos na feithicle sin do bheith ceangailte dhi san áit agus sa tslí orduithe no gus an pláta feithicle sin ceangailte dhi ach é agha-loitithe chó mór san no é chó doiléir sin go mbeidh an tsreath-uimhir no gach ceann no aon cheann de sna litreacha, de sna focail, de sna huimhreacha, agus de sna comharthaí is gá, do réir an Achta so, do bheith marcálta air scriosta dhe no do-léighte, beidh únaer na feithicle sin agus fós tiománaí na feithicle sin ciontach, gach duine acu ar leithligh, i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.

Feithiclí ceadúnuithe seirbhíse puiblí d'iniúchadh go tréimhsiúil.

97. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir a chur fé ndeár, aon uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, aon fheithicil cheadúnuithe sheirbhíse puiblí (agus feistisí agus gleasadh na feithicle sin d'áireamh) do chur fé iniúchadh agus fé scrúdú ag ball den Ghárda Síochána no ag duine eile bheidh, dar leis an gCoimisinéir, cáilithe go cuibhe chun an iniúchta agus an scrúduithe sin do dhéanamh agus déanfaidh an Coimisinéir a chur fé ndeár gach feithicil den tsórt san do chur fé iniúchadh agus fé scrúdú amhlaidh uair sa bhliain ar a laighead.

(2) Pé uair a bheidh an Coimisinéir ar aigne feithicil cheadúnuithe sheirbhíse puiblí do chur á hiniúchadh agus á scrúdú fén alt so, déanfaidh, tré fhógra i scríbhinn a seirbheálfar tríd an bpost no ar shlí eile ar únaer na feithicle sin, am (nách túisce ná ceithre lá déag tar éis an fhógra san do sheirbheáil) agus áit do cheapadh i gcóir an iniúchta agus an scrúduithe sin agus a cheangal ar an únaer san an fheithicil sin do thabhairt i láthair i gcóir an iniúchta agus an scrúduithe sin san am agus san áit sin.

(3) Pé uair a gheobhaidh ball den Ghárda Síochána no duine eile bheidh ag iniúchadh feithicle seirbhíse puiblí fén alt so amach go bhfuil an fheithicil sin toisc réasúin ar bith neamh-oiriúnach chun paisnéirí d'iompar no neamh-oiriúnach ina gcóir, féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána a thoirmeasc i scríbhinn an fheithicil sin d'úsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair go dtí go mbeidh gach locht a thaisbeánfaidh seisean leighiste, agus féadfaidh, más dóich leis san do bheith ceart, an pláta feithicle bheidh tugtha amach fén gCuid seo den Acht so alos na feithicle sin do thógaint den fheithicil sin agus féadfaidh an pláta feithicle sin do choimeád go dtí go mbeidh na lochta san leighiste.

(4) Má thárlann d'aon únaer feithicle ceadúnuithe seirbhíse puiblí ar a seirbheálfar fógra fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so alos na feithicle sin é do theip air an fheithicil sin do thabhairt i láthair san am agus san áit a bheidh ceaptha leis an bhfógra san no, tar éis do an fheithicil sin do thabhairt i láthair amhlaidh, bac no cosc do chur le hiniúchadh no le scrúdú na feithicle sin san áit sin fén alt so, no an fheithicil sin d'úsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair contrárdha do thoirmeasc i scríbhinn ar n-a dhéanamh ag ball den Ghárda Síochána fén alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Feithiclí ceadúnuithe seirbhíse puiblí d'iniúchadh o am go ham.

98. —(1) Féadfaidh ball ar bith den Ghárda Síochána iniúchadh agus scrúdú do dhéanamh, aon am agus in aon áit, ar aon fheithicil sheirbhíse puiblí (agus feistisí agus gléasadh na feithicle sin d'áireamh), go mbeidh amhras réasúnta aige í do bheith chó lochtach san go bhfuil sí neamh-oiriúnach chun paisnéirí d'iompar, agus chuige sin féadfaidh gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá :—

(a) dul isteach in aon áit ina mbeidh an fheithicil sin;

(b) má bhíonn an fheithicil sin ag gluaiseacht, a éileamh go stopfaí an fheithicil sin;

(c) a cheangal ar thiománaí na feithicle sin an fheithicil sin do thiomáint láithreach go háit chaothúil a luadhfaidh an ball san i gcóir an iniúchta agus an scrúduithe sin;

(d) a cheangal ar dhaoine sa bhfeithicil sin teacht amach aisti.

(2) Féadfaidh ball den Ghárda Síochána bheidh tar éis feithicle seirbhíse puiblí d'iniúchadh agus do scrúdú fén alt so gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá :—

(a) a thoirmeasc an fheithicil sin d'úsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair go dtí go mbeidh lochtaí thaisbeánfaidh seisean leighiste no (i gcás tiománaí no únaera na feithicle sin á iarraidh san) go dtí go ndéanfar an fheithicil sin d'iniúchadh no do scrúdú níos mion-chúramaí;

(b) a thoirmeasc an fheithicil sin d'aistriú le n-a comhacht féin go dtí go mbeidh lochtaí thaisbeánfaidh seisean leighiste;

(c) a cheangal ar únaer no ar thiománaí na feithicle sin an fheithicil sin do chur fé iniúchadh agus fé scrúdú eile, a bheidh níos mion-chúramaí, in am agus in áit a luadhfaidh an ball san agus, chuige sin, a cheangal ar an únaer no ar an tiománaí sin a chur ré ndeár an fheithicil sin do thabhairt chun na háite sin an t-am a bheidh luaidhte amhlaidh.

(3) Gach duine—

(a) a chuirfidh bac le ball den Ghárda Síochána no chuirfidh isteach air agus é ag feidhmiú comhachta ar bith a bronntar leis an alt so, no

(b) is tiománaí feithicle seirbhíse puiblí ag gluaiseacht, agus go dteipfidh air an fheithicil sin do stop nuair a cheanglóidh ball den Ghárda Síochána air fén alt so í do stop, no

(c) is únaer no tiománaí feithicle seirbhíse puiblí, agus go dteipfidh air déanamh do réir aon treorach do bhéarfaidh no do réir aon éilimh a dhéanfaidh ball den Ghárda Síochána fén alt so i dtaobh na feithicle sin, no

(d) a dhéanfaidh aon ghníomh is sárú ar thoirmeasc ar n-a thabhairt amach ag ball den Ghárda Síochána fén alt so,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Comhachta ghabhann le hiniúchadh agus scrúdú.

99. —Pé uair a bheidh údarás ag duine ar bith no bheidh sé de cheangal air, do réir na Coda so den Acht so no fúithi, feithicil sheirbhíse puiblí d'iniúchadh agus do scrúdú beidh an duine sin i dteideal gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, mar chuid den iniúchadh agus den scrúdú san, sé sin le rá :—

(a) an fheithicil sin do thiomáint ar feadh ama réasúnta agus faid slí réasúnta;

(b) a cheangal ar an té bheidh i gcúram na feithicle sin an fheithicil sin do thiomáint ar feadh ama réasúnta agus faid slí réasúnta i pé treo agus slí agus ar pé luas ordóidh neach déanta an iniúchta agus an scrúduithe sin;

(c) taisteal sa bhfeithicil sin agus í á tiomáint do réir an orduithe sin uaidh;

(d) oibriú agus éifeachtúlacht meaisínteachta, feistisí agus fearais na feithicle sin do thástáil.

Cúirt do cheiliúradh ceadúnaisí feithicle seirbhíse puiblí.

100. —(1) Pé uair a déanfar duine is sealbhóir ar cheadúnas no ceadúnaisí feithicle seirbhíse puiblí do chiontú i gcoir no i gcionta ar bith fhágann é, dar leis an gcúirt a chiontóidh é amhlaidh, gan bheith oiriúnach chun ceadúnais fheithicle seirbhíse puiblí do bheith aige, féadfaidh an chúirt sin gach ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí bheidh ag an duine sin an uair sin do cheiliúradh.

(2) Pé uair a cheiliúrfaidh cúirt fén alt so na ceadúnaisí feithicle seirbhíse puiblí bheidh ag duine ciontuithe, déanfaidh clárathóir no cléireach no príomh-oifigeach eile na cúirte sin mioninnste an cheiliúrtha san do chur go dtí an Coimisinéir láithreach.

Ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí á cheiliúradh agus á chur ar fiunraoi ag an gCoimisinéir.

101. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir tráth ar bith ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí do cheiliúradh ar iarratas an cheadúnaí.

(2) Féadfaidh an Coimisinéir tráth ar bith, uaidh féin, ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí do cheiliúradh no do chur ar fiunraoi in aghaidh pé tréimhse is dóich leis is ceart más deimhin leis i dtaobh an cheadúnais sin—

(a) go bhfuil an ceadúnaí, más duine aonair é, tar éis bháis no, más cólucht ionchorpruithe é, tar éis scurtha le breis agus ráithe roimhe sin agus ná dearnadh an ceadúnas san d'aistriú fén gCuid seo den Acht so chun duine ar bith eile, no

(b) go ndearnadh únaeracht na feithicle le n-a mbaineann an ceadúnas san d'aistriú tré ghníomh na bpáirtithe no tré oibriú dlí (seachas ar an gceadúnaí d'fháil bháis no do scur) ón gceadúnaí chun duine eile agus ná dearnadh an ceadúnas san d'aistriú fén gCuid seo den Acht so chun an duine eile sin, no

(c) go bhfuil an ceadúnaí tar éis scurtha de bheith ina dhuine cheart oiriúnach chun ceadúnais fheithicle seirbhíse puiblí do bheith aige, no

(d) go bhfuil an fheithicil le n-a mbaineann an ceadúnas san gan bheith a thuilleadh do réir na rialachán maidir le déanamh agus gléasadh feithiclí inneall-ghluaiste a bhaineann leis an bhfeithicil sin, no

(e) go bhfuil an fheithicil sin in a leithéid sin de riocht go bhfuil sí neamh-infheadhma no nea-shábhálta no neamhoiriúnach ar shlí eile i gcóir paisnéirí no chun úsáide paisnéirí.

(3) Pé uair a dhéanfaidh an Coimisinéir, uaidh féin, ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí do cheiliúradh no do chur ar fiunraoi fén alt so déanfaidh láithreach a chur fé ndeár fógra i scríbhinn i dtaobh an cheiliúrtha no an chur-ar-fiunraoi sin do sheirbheáil tríd an bpost no ar shlí eile ar an gceadúnaí, ach ní bheidh an ceiliúradh no an cur-ar-fiunraoi sin gan bhrí de dhruim é do theip ar an gCoimisinéir an fógra san do sheirbheáil no de dhruim aon earráide no nea-chruinnis do bheith sa bhfógra san.

Athchomharc i gcoinnibh ceadúnais do cheiliúradh no do chur ar fiunraoi.

102. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an Coimisinéir ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí do cheiliúradh ar shlí (seachas ar iarratas an cheadúnaí) no do chur ar fiunraoi, féadfaidh an duine ba cheadúnaí fén gceadúnas san díreach roimh an gceiliúradh no an cur-ar-fiunraoi sin athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh an cheiliúrtha no an chur-ar-fiunraoi sin (pe'ca aca é) chun an Bhreithimh den Chúirt Dúithche go ndlighinse san áit ina gcomhnuíonn an duine sin de ghnáth i gcás an cheiliúrtha no an chur-ar fiunraoi sin do dhéanamh ar an scór go raibh an ceadúnaí tar éis scurtha de bheith ina dhuine cheart oiriúnach chun ceadúnais fheithicle seirbhíse puiblí do bheith aige agus chun an Aire i ngach cás eile, agus ar éisteacht an athchomhairc sin féadfaidh an Breitheamh no an tAire (do réir mar bheidh), fé mar is dóich leis is ceart, féadfaidh, i gcás ceiliúrtha, an ceiliúradh san do dhaingniú no do chur ar nea-mbrí no pé tréimhse fiunraíochta is dóich leis is ceart do chur ina ionad no, i gcás cur-ar-fiunraoi, an cur-arfiunraoi sin do dhaingniú no do chur ar nea-mbrí no a ré do chiorrú agus, pé breith do bhéarfaidh ar an athchomharc san, cuirfidh fé ndeár fógra i dtaobh na breithe sin do thabhairt don Choimisinéir láithreach.

(2) An bhreith do bhéarfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche no an tAire (do réir mar bheidh) ar athchomharc fén alt so beidh sí ina breith ná beidh dul tháirsi.

E de dhualgas ar an gceadúnaí a sheoladh nua do chur in úil.

103. —(1) Pé uair agus chó minic is atharóidh sealbhóir ceadúnais fheithicle seirbhíse puiblí a sheoladh déanfaidh, laistigh de cheithre lá tar éis do a sheoladh d'atharú, an ceadúnas san do chur chun an Choimisineura maraon le fógra i scríbhinn á rá go bhfuil sé tar éis a sheolta d'atharú agus á innsint cé'n seoladh nua atá aige.

(2) Ar an gCoimisinéir d'fháil cheadúnais fheithicle seirbhíse puiblí maraon le fógra i dtaobh atharú seolta, ar n-a gcur chuige do réir an ailt seo, cuirfidh fé ndeár an t-atharú seolta san do chur ar breacadh sa chlár de cheadúnaisí feithicle seirbhíse puiblí agus cuirfidh fé ndeár, freisin, an t-atharú seolta san do chur ar an gceadúnas san agus an ceadúnas san do chur thar n-ais chun a shealbhóra.

(3) Má thárlann do shealbhóir cheadúnais fheithicle seirbhíse puiblí, ar aon ócáid gur gá dho do réir an ailt seo an ceadúnas san aige agus fógra i dtaobh atharú a sheolta do chur chun an Choimisineura, go dteipfidh air déanamh amhlaidh no go dtabharfaidh faillí i ndéanamh amhlaidh, laistigh den aimsir a ceaptar chuige sin leis an alt so, beidh an sealbhóir sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.

Ceadúnaisí tiománaithe.

104. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas tiománaí san Acht so), chun feithicle seirbhíse puiblí do thiomáint, do dheonadh do dhuine ar bith—

(a) a iarrfaidh an ceadúnas san ar an gCoimisinéir, agus

(b) ag á mbeidh ceadúnas tiomána bheidh i bhfeidhm an uair sin, agus

(c) ag á mbeidh deimhniú inniúlachta ar n-a thabhairt amach do mí ar a mhéid roimh dháta iarrtha an cheadúnais sin, agus

(d) a chuirfidh ina luighe ar an gCoimisinéir gur duine ceart oiriúnach é chun ceadúnais tiománaí do bheith aige.

(2) I gcás duine bheidh ag iarraidh ceadúnais tiománaí ar an gCoimisinéir fén alt so do chur ina luighe ar an gCoimisinéir go bhfuil aige no go raibh aige roimhe sin ceadúnas tiománaí do deonadh fén alt so, féadfaidh an Coimisinéir, más oiriúnach leis é, déanamh d'éamuis na hoblagáide cuirtear ar an duine sin leis an alt so agus gur gá dho dá réir deimhniú inniúlachta do bheith aige.

(3) Maidir le gach ceadúnas tiománaí—

(a) beidh sé i pé fuirm ordóidh an Coimisinéir, agus

(b) beidh sreath-uimhir ar leithligh air chun é d'aithint, agus

(c) i gcás deimhniú inniúlachta chun feithicil mhór sheirbhíse puiblí do thiomáint do bheith ag an duine dá ndeonfar an ceadúnas san, déarfaidh agus déanfaidh an ceadúnas san a cheadúnú don duine sin feithicil sheirbhíse puiblí de shaghas ar bith do thiomáint, agus

(d) i gcás gan ach deimhniú inniúlachta chun feithicil bheag sheirbhíse puiblí do thiomáint do bheith ag duine dá ndeonfar an ceadúnas san, déarfaidh agus déanfaidh an ceadúnas san a cheadúnú don duine sin feithicil bheag sheirbhíse puiblí, agus san amháin, do thiomáint.

(4) Ní saoradh do dhuine o n-a bheith air déanamh do réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le ceadúnaisí tiomána ceadúnas tiomána do bheith aige.

(5) Sa chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “tiománaí ceadúnuithe” duine is sealbhóir ar cheadúnas tiománaí do deonadh do agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

Ceadúnaisí fear stiúrtha.

105. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas fir stiúrtha san Acht so), chun gníomhú mar fhear stiúrtha ar fheithicil mhóir sheirbhíse puiblí, do dheonadh do dhuine ar bith—

(a) a iarrfaidh an ceadúnas san ar an gCoimisinéir, agus

(b) a chuirfidh ina luighe ar an gCoimisinéir go bhfuil ocht mbliana déag slán aige, agus

(c) a chuirfidh ina luighe ar an gCoimisinéir gur duine ceart oiriúnach é chun bheith mar fhear stiúrtha ar fheithicil mhóir sheirbhíse puiblí.

(2) Maidir le gach ceadúnas fir stiúrtha—

(a) beidh sé i pé fuirm ordóidh an Coimisinéir, agus

(b) beidh sreath-uimhir ar leithligh air chun é d'aithint, agus

(c) déarfaidh agus déanfaidh a cheadúnú don duine dá ndeonfar é gníomhú mar fhear stiúrtha ar fheithicil mhóir sheirbhíse puiblí.

(3) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “fear stiúrtha ceadúnuithe” duine is sealbhóir ar cheadúnas fir stiúrtha do deonadh do agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

Athchomharc i gcoinnibh diúltuithe maidir le ceadúnas tiománaí no fir stiúrtha do dheonadh.

106. —(1) Pé uair a dhiúltóidh an Coimisinéir do ghéilleadh d'iarratas ar cheadúnas tiománaí do dheonadh no ar cheadúnas fir stiúrtha do dheonadh, féadfaidh neach déanta an iarratais sin athchomharc do dhéanamh, i gcoinnibh an diúltuithe sin, chun an Bhreithimh den Chúirt Dúithche go ndlighinse san áit ina gcomhnuíonn an duine sin de ghnáth, agus ar éisteacht an athchomhairc sin do féadfaidh an Breitheamh san, fé mar is dóich leis is ceart, an diúltú san do dhaingniú no a ordú don Choimisinéir an ceadúnas do dheonadh dá mbeidh diúltuithe aige.

(2) Pé uair éistfidh Breitheamh den Chúirt Dúithche athchomharc fén alt so cuirfidh fé ndeár fógra i dtaobh a bhreithe ar an athchomharc san do thabhairt láithreach don Choimisinéir, agus beidh sé de dhualgas ar an gCoimisinéir déanamh do réir na breithe sin sa mhéid go n-ordóidh do ceadúnas tiománaí no ceadúnas fir stiúrtha do dheonadh.

(3) An bhreith do bhéarfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche ar athchomharc fén alt so beidh sí ina breith ná beidh dul tháirsi.

Ceadúnas tiománaí no fir stiúrtha d'athnuachaint.

107. —(1) Déanfaidh an Coimisinéir, ar iarratas an té is sealbhóir ar cheadúnas tiománaí no ar cheadúnas fir stiúrtha bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus ar an táille bhliantúil d'íoc leis is iníoctha fén gCuid seo den Acht so alos an cheadúnais sin, an ceadúnas san d'athnuachaint ón dáta ar a raghadh an ceadúnas san in éag mara ndeintí é d'athnuachaint amhlaidh.

(2) Ar iarratas duine ba shealbhóir ar cheadúnas tiománaí no ar cheadúnas fir stiúrtha bheidh, laistigh de mhí roimh an iarratas san, tar éis scurtha de bheith i bhfeidhm de bhíthin é do theip ar an duine sin an ceadúnas san d'athnuachaint fén alt so agus dá bhíthin sin amháin agus ar an táille bhliantúil d'íoc leis an gCoimisinéir is iníoctha fén gCuid seo den Acht so alos an cheadúnais sin, féadfaidh an Coimisinéir, más oiriúnach leis é, an ceadúnas san d'athnuachaint o dháta an iarratais sin.

Ré cheadúnaisí tiománaithe agus cheadúnaisí fear stiúrtha.

108. —(1) Fanfaidh gach ceadúnas tiománaí agus gach ceadúnas fir stiúrtha i bhfeidhm, mara ndeintear no go dtí go ndéanfar é do thabhairt suas no do cheiliúradh fén gCuid seo den Acht so, ar feadh bliana o dháta a dheonta no ón dáta gur uaidh a rinneadh an athnuachaint dheiridh air (pe'ca aca é).

(2) Má deintear ceadúnas tiománaí no ceadúnas fir stiúrtha do chur ar fiunraoi fén gCuid seo den Acht so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—

(a) tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gan an ceadúnas san do bheith i bhfeidhm i rith na tréimhse gur ina haghaidh a cuirfear ar fiunraoi é amhlaidh;

(b) i gcás na tréimhse gur ina haghaidh a cuirfear an ceadúnas san ar fiunraoi amhlaidh do bheith caithte laistigh de bhliain ón dáta ar ar deonadh an ceadúnas san no ar a ndearnadh an athnuachaint dheiridh air (pe'ca aca é), scuirfidh an ceadúnas san de bheith i bhfeidhm i ndeireadh na bliana san mara ndeintear é d'athnuachaint roimhe sin;

(c) i gcás gur i ndeireadh na bliana san no dá éis sin a bheidh an tréimhse gur ina haghaidh a cuirfear an ceadúnas san ar fiunraoi amhlaidh caithte beidh an ceadúnas san ion-athnuachainte fén gCuid seo den Acht so ón am a bheidh an tréimhse fiunraíochta san caithte agus chuige sin tuigfear an ceadúnas san do bheith i bhfeidhm ar an tréimhse sin do bheith caithte.

Táillí bliantúla ar cheadúnaisí tiománaithe agus ar cheadúnaisí fear stiúrtha.

109. —(1) Íocfaidh gach tiománaí ceadúnuithe leis an gCoimisinéir, ar a cheadúnas tiománaí do dheonadh agus fós ar gach athnuachaint a déanfar ar an gceadúnas san, táille de pé méid a bheidh ceaptha o am go ham le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgid.

(2) Íocfaidh gach fear stiúrtha leis an gCoimisinéir, ar a cheadúnas fir stiúrtha do dheonadh agus fós ar gach athnuachaint a déanfar ar an gceadúnas san, táille de pé méid a bheidh ceaptha o am go ham le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgid.

Toirmeasc ar thiománaí neacheadúnuithe do thiomáint feithicle seirbhíse puiblí.

110. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith feithicil mhór sheirbhíse puiblí do thiomáint faid a bheidh an fheithicil sin á húsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair mara mbeidh ceadúnas tiománaí aige bheidh i bhfeidhm an uair sin á cheadúnú dho feithicil sheirbhíse puiblí d'aon tsaghas do thiomáint.

(2) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith feithicil bheag sheirbhíse puiblí do thiomáint faid a bheidh an fheithicil sin á húsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair mara mbeidh ceadúnas tiománaí aige bheidh i bhfeidhm an uair sin á cheadúnú dho feithicil sheirbhíse puiblí d'aon tsaghas do thiomáint no ceadúnas tiománaí bheidh i bhfeidhm an uair sin á cheadúnú dho feithicil bheag sheirbhíse puiblí agus san amháin do thiomáint.

(3) Má dheineann duine ar bith feithicil sheirbhíse puiblí do thiomáint contrárdha don alt so beidh an duine sin agus fós únaer na feithicle sin, gach duine acu ar leithligh, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí.

E d'oblagáid fear stiúrtha d'iompar i gcásanna áirithe.

111. —(1) Ní déanfar feithicil mhór sheirbhíse puiblí go gcóiríocht suidhte do bhreis agus ceithre dhuine dhéag de phaisnéirí fásta d'úsáid mar omnibus maran rud é go mbeidh ar iompar uirthi fear stiúrtha ceadúnuithe agus é ag gníomhú mar fhear stiúrtha ar an bhfeithicil sin no go mbeidh an fheithicil sin á húsáid mar omnibus gan an fear stiúrtha san fé chead agus do réir cheada ar n-a thabhairt amach chuige sin ag an gCoimisinéir fén alt so.

(2) Féadfaidh an Coimisinéir, más oiriúnach leis é ar iarratas an té is únaer ar fheithicil mhóir sheirbhíse puiblí go gcóiríocht suidhte do bhreis agus ceithre phaisnéir déag, cead do thabhairt amach don únaer sin, agus san d'athnuachaint no do cheiliúradh tráth ar bith, á cheadú dho an fheithicil sin d'úsáid mar omnibus ar sheirbhís áirithe no chun críche áirithe gan an tiománaí sin a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so do bheith ar iompar uirthi, agus féadfaidh a rá sa chead san ná baineann ach le hócáid áirithe no le tréimhse áirithe agus féadfaidh pé coinníollacha do chur leis an gcead san is dóich leis is ceart agus a luadhfaidh ann.

(3) Má deintear feithicil mhór sheirbhíse puiblí go gcóiríocht suidhte do bhreis agus ceithre dhuine dhéag de phaisnéirí fásta d'úsáid contrárdha don alt so beidh ceadúnaí na feithicle sin agus fós a tiománaí, gach duine acu ar leithligh, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Toirmeasc ar fhear stiúrtha neacheadúnuithe do stiúradh feithicle seirbhíse puiblí.

112. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith nách fear stiúrtha ceadúnuithe gníomhú mar fhear stiúrtha ar fheithicil sheirbhíse puiblí faid a bheidh an fheithicil sin á húsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair.

(2) Má ghníomhuíonn duine ar bith mar fhear stiúrtha ar fheithicil sheirbhíse puiblí contrárdha don alt so beidh an duine sin agus fós ceadúnaí na feithicle sin, gach duine acu ar leithligh, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

(3) Ní bheidh sé nea-dhleathach, de dhruim éinní san alt so, do thiománaí feithicle seirbhíse puiblí, nách feithicil ’na mbeidh sé oblagáideach fén gCuid seo den Acht so fear stiúrtha d'iompar uirthi, gníomhú mar fhear stiúrtha ar an bhfeithicil sin chó maith le gníomhú mar a tiománaí cé nách fear stiúrtha ceadúnuithe é.

Suaitheantaisí tiománaithe agus suaitheantaisí fear stiúrtha do thabhairt amach.

113. —(1) Pé uair a dheonfaidh an Coimisinéir ceadúnas tiománaí do dhuine ar bith déanfaidh, ar an duine sin d'íoc na suime sin leis a bheidh ceaptha o am go ham le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgid, suaitheantas miotail (dá ngairmtear suaitheantas tiománaí sa Chuid seo den Acht so) de pé pátrún ordóidh an Coimisinéir do thabhairt amach don duine sin agus sreath-uimhir agus pé focail, litreacha, uimhreacha, agus comharthaí ordóidh an Coimisinéir marcálta ar an suaitheantas san.

(2) Pé uair a dheonfaidh an Coimisinéir ceadúnas fir stiúrtha do dhuine ar bith, déanfaidh, ar an duine sin d'íoc na suime sin leis a bheidh ceaptha o am go ham le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgid, suaitheantas miotail (dá ngairmtear suaitheantas fir stiúrtha sa Chuid seo den Acht so) de pé pátrún ordóidh an Coimisinéir do thabhairt amach don duine sin agus sreath-uimhir agus pé focail, litreacha, uimhreacha, agus comharthaí ordóidh an Coimisinéir marcálta ar an suaitheantas san.

(3) Pé uair is deimhin leis an gCoimisinéir go ndearnadh suaitheantas tiománaí no suaitheantas fir stiúrtha do chailliúint, do dhíthiú no do bhriseadh no go bhfuil san agha-loitithe de dhruim úsáide no díobhála, déanfaidh an Coimisinéir, ar iarratas an duine dar tugadh amach an suaitheantas san agus ar an suaitheantas san (mara mbeidh sé caillte no díthithe) do sheachadadh don Choimisinéir agus ar an duine sin d'íoc na suime sin leis an gCoimisinéir a bheidh ceaptha o am go ham le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgid, déanfaidh suaitheantas nua do thabhairt amach don duine sin.

(4) Pé uair a ceiliúrfar ceadúnas tiománaí no ceadúnas fir stiúrtha no a raghaidh san in éag, déanfaidh an duine dar tugadh amach an ceadúnas san, déanfaidh laistigh de thrí lá, no (i gcás an cheadúnais sin do dhul in éag toisc an duine sin d'fháil bháis) déanfaidh ionadaí pearsanta an duine sin laistigh de mhí, tar éis ceiliúrtha an cheadúnais sin no tar éis do dul in éag (pe'ca aca é) an suaitheantas tiománaí no an suaitheantas fir stiúrtha (pe'ca aca é) do tugadh amach don duine sin fén gCuid seo den Acht so do sheachadadh don Choimisinéir.

(5) Má thárlann do dhuine ar bith ar a gceangailtear leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so suaitheantas tiománaí no suaitheantas fir stiúrtha do sheachadadh don Choimisinéir go dteipfidh air san do dhéanamh no go dtabharfaidh faillí ina dhéanamh laistigh den aimsir a ceaptar chuige sin leis an bhfo-alt san, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air agus fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig scillinge in aghaidh gach lae leanfar den chionta san.

E d'oblagáid ar thiománaithe agus ar fhir stiúrtha suaitheantaisí do thaitheamh.

114. —(1) Déanfaidh gach tiománaí ceadúnuithe gach tráth, faid a bheidh sé ag tiomáint feithicle seirbhíse puiblí no ag gníomhú mar thiománaí feithicle seirbhíse puiblí, an suaitheantas tiománaí bheidh tugtha amach do fén gCuid seo den Acht so do chaitheamh ar pé slí ordóidh an Coimisinéir.

(2) Déanfaidh gach fear stiúrtha ceadúnuithe gach tráth, faid a bheidh sé ag gníomhú mar fhear stiúrtha ar fheithicil sheirbhíse puiblí, an suaitheantas fir stiúrtha bheidh tugtha amach do fén gCuid seo den Acht so do chaitheamh ar pé slí ordóidh an Coimisinéir.

(3) Gach duine—

(a) is tiománaí ceadúnuithe agus a thiománfaidh feithicil sheirbhíse puiblí no ghníomhóidh mar thiománaí feithicle seirbhíse puiblí gan an suaitheantas tiománaí bheidh tugtha amach do fén gCuid seo den Acht so do bheith á chaitheamh aige do réir an ailt seo, no

(b) is fear stiúrtha ceadúnuithe agus a ghníomhóidh mar fhear stiúrtha ar fheithicil sheirbhíse puiblí gan an suaitheantas fir stiúrtha bheidh tugtha amach do fén gCuid seo den Acht so do bheith á chaitheamh aige do réir an ailt seo,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.

Ceadúnaisí tiománaithe agus ceadúnaisí fear stiúrtha á gceiliúradh agus á gcur ar fiunraoi ag an gCoimisinéir.

115. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir tráth ar bith ceadúnas tiománaí no ceadúnas fir stiúrtha do cheiliúradh ar iarratas a shealbhóra.

(2) Féadfaidh an Coimisinéir tráth ar bith, uaidh féin, ceadúnas tiománaí do cheiliúradh no do chur ar fiunraoi in aghaidh pé tréimhse is dóich leis is ceart más deimhin leis go bhfuil sealbhóir an cheadúnais sin tar éis scurtha de bheith i seilbh cheadúnais tiomána atá i bhfeidhm de thurus na huaire no go bhfuil an sealbhóir sin tar éis scurtha de bheith ina duine cheart oiriúnach chun ceadúnais tiománaí do bheith aige.

(3) Féadfaidh an Coimisinéir tráth ar bith, uaidh féin, ceadúnas fir stiúrtha do cheiliúradh no do chur ar fiunraoi in aghaidh pé tréimhse is dóich leis is ceart más deimhin leis go bhfuil sealbhóir an cheadúnais sin tar éis scurtha de bheith ina dhuine cheart oiriúnach chun bheith mar fhear stiúrtha ar fheithicil mhóir sheirbhíse puiblí.

(4) Pé uair a dhéanfaidh an Coimisinéir ceadúnas tiománaí no ceadúnas fir stiúrtha do cheiliúradh (seachas ar iarratas sealbhóra an cheadúnais) no do chur ar fiunraoi, féadfaidh an duine ba shealbhóir ar an gceadúnas san díreach roimh an gceiliúradh no an cur-ar-fiunraoi sin athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh an cheiliúrtha no an chur-ar-fiunraoi sin (pe'ca aca é) chun an Bhreithimh den Chúirt Dúithche go ndlighinse san áit ina gcomhnuíonn an duine sin de ghnáth agus ar éisteacht an athchomhairc sin féadfaidh an Breitheamh san, fé mar is dóich leis is ceart, féadfaidh, i gcás ceiliúrtha, an ceiliúradh san do dhaingniú no do chur ar nea-mbrí no pé tréimhse fiunraíochta is dóich leis is ceart do chur ina ionad no, i gcás cur-ar-fiunraoi, an cur-ar-fiunraoi sin do dhaingniú no do chur ar nea-mbrí no a ré do chiorrú agus, pé breith do bhearfaidh ar an athchomharc san cuirfidh fé ndeár fógra i dtaobh na breithe sin do thabhairt don Choimisinéir láithreach.

(5) An bhreith do bhéarfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche ar athchomharc fén alt so beidh sí ina breith ná beidh dul tháirsi.

Ceadúnaisí tiománaithe agus ceadúnaisí fear stiúrtha á gceiliúradh agus á gcur ar fiunraoi ag cúirt.

116. —(1) Pé uair a ciontófar tiománaí ceadúnuithe no fear stiúrtha ceadúnuithe i gcoir no i gcionta ar bith (agus cionta fén Acht so d'áireamh) féadfaidh an chúirt a chiontóidh an tiománaí no an fear stiúrtha san amhlaidh no gur ina láthair a ciontófar é amhlaidh, féadfaidh, más dóich leis an gcúirt sin san do bheith ceart, an ceadúnas tiománaí bheidh ag an tiománaí sin no an ceadúnas fir stiúrtha bheidh ag an bhfear stiúrtha san (pe'ca aca é) do cheiliúradh no do chur ar fiunraoi in aghaidh pé tréimhse is dóich leis an gcúirt sin is ceart.

(2) Pé uair a dhéanfaidh cúirt ceadúnas tiománaí no ceadúnas fir stiúrtha do cheiliúradh no do chur ar fiunraoi fén alt so, déanfaidh clárathóir no cléireach no príomh-oifigeach eile na cúirte sin mion-innste an cheiliúrtha san no an chur-ar-fiunraoi sin (pe'ca aca é) do chur go dtí an Coimisinéir láithreach agus ar a bhfáil san do cuirfidh an Coimisinéir fé ndeár fógra i scríbhinn i dtaobh an cheiliúrtha no an chur-ar-fiunraoi sin do chur tríd an bpost láithreach chun sealbhóra an cheadúnais sin.

E de dhualgas ar thiománaí no ar fhear stiúrtha cheadúnuithe a sheoladh nua do chur in úil.

117. —(1) Pé uair agus chó minic is atharóidh tiománaí ceadúnuithe no fear stiúrtha ceadúnuithe a sheoladh déanfaidh, laistigh de cheithre lá tar éis do a sheoladh d'atharú, a cheadúnas tiománaí no fir stiúrtha do chur chun an Choimisineura maraon le fógra i scríbhinn á rá go bhfuil sé tar éis a sheolta d'atharú agus á innsint cé'n seoladh nua atá aige.

(2) Ar an gCoimisinéir d'fháil cheadúnais tiománaí no fir stiúrtha maraon le fógra i dtaobh atharú seolta, ar n-a gcur chuige do réir an ailt seo, cuirfidh fé ndeár an t-atharú seolta san do chur ar breacadh sa chlár de cheadúnaisí tiománaí no sa chlár de cheadúnaisí fir stiúrtha (pe'ca aca is gá sa chás) agus cuirfidh fé ndeár, freisin, an t-atharú seolta san do chur ar an gceadúnas san agus an ceadúnas san do chur thar n-ais chun a shealbhóra.

(3) Má thárlann do thiománaí cheadúnuithe no do fhear stiúrtha cheadúnuithe, ar aon ócáid gur gá dho do réir an ailt seo a cheadúnas tiománaí no fir stiúrtha agus fógra i dtaobh atharú a sheolta do chur chun an Choimisineura, go dteipfidh air déanamh amhlaidh no go dtabharfaidh faillí i ndéanamh amhlaidh laistigh den am a ceaptar chuige sin leis an alt so, beidh an tiománaí no an fear stiúrtha san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.

Fo-dhlithe i dtaobh gluaiseacht feithiclí móra seirbhíse puiblí.

118. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire agus tar éis do dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil le n-a mbaineann, fo-dhlithe do dhéanamh, maidir le haon líomatáiste áirithe, chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá :—

(a) chun na n-áiteanna sa líomatáiste sin do cheapadh a féadfar d'úsáid mar áiteanna feithimh no áiteanna tosnuithe (dá ngairmtear áiteanna feithimh ceaptha san alt so) d'fheithiclí móra seirbhíse puiblí;

(b) chun an fhaid aimsire do cheapadh is ceaduithe do sna feithiclí sin fanúint sna háiteanna feithimh ceaptha san;

(c) chun an líon de sna feithiclí sin do cheapadh is ceaduithe bheith i ngach áit feithimh cheaptha fé leith den tsórt san;

(d) chun ordúlachta do chur i bhfeidhm in áiteanna feithimh ceaptha agus ag puíntí tosnuithe agus ar chúrsaí aon fheithiclí den tsórt san;

(e) chun áiteanna feithimh ceaptha áirithe do choinneáil chun úsáide na bhfeithiclí móra seirbhíse puiblí go léir a bhíonn ag taisteal ar chúrsaí áirithe agus chun a n-úsáide sin amháin,

(f) chun gach duine agus feithicil do dhúnadh amach o áiteanna feithimh ceaptha ach amháin na daoine agus na feithiclí gur chun a n-úsáide bheidh na háiteanna feithimh sin á gcoinneáil;

(g) chun a thoirmeasc ar fheithiclí móra seirbhíse puiblí aon áiteanna sa líomatáiste sin d'úsáid mar áiteanna feithimh no áiteanna tosnuithe ach amháin do réir na rialachán san;

(h) chun na bhfeithiclí sin do chosc ar feitheamh no ar stad do dhéanamh in áiteanna áirithe sa líomatáiste sin tráth ar bith no le linn uaireanta áirithe;

(i) chun na bhfeithiclí sin do chosc ar phaisnéirí d'iompar o aon bhun-áit no áit feithimh in aon áit áirithe sa líomatáiste sin tráth ar bith no le linn uaireanta áirithe;

(j) chun na bpuíntí laistigh den líomatáiste sin (seachas áiteanna feithimh ceaptha) ’nar ceaduithe do sna feithiclí sin stad agus faide na haimsire is ceaduithe dhóibh stad chun paisnéirí do dhul isteach ionta no do theacht amach asta do cheapadh, agus chun na bhfeithiclí sin do chosc ar stad chun na gcrícheanna san ach amháin ag na puíntí sin ná níos sia ná an aimsir a bheidh ceaptha amhlaidh.

(2) Féadfar fo-dhlithe deifriúla do dhéanamh fén alt so maidir le saghsanna deifriúla feithiclí móra seirbhíse puiblí ach ní déanfar aon idirdhealú sna fo-dhlithe sin idir feithiclí móra seirbhíse puiblí den aon chineál amháin is le daoine deifriúla.

(3) Pé uair a déanfar feithicil mhór sheirbhíse puiblí do thiomaínt no do stop, no d'úsáid ar shlí eile, contrárdha d'fho-dhlí ar n-a dhéanamh fén alt so, beidh únaer na feithicle sin agus fós a tiománaí, gach duine acu ar leithligh, ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(4) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar fho-dhlí ar n-a dhéanamh fén alt so agus nách cionta fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(5) Más rud é go gcúiseofar duine i gcionta fé fho-alt (3) den alt so agus gurb é an duine sin is únaer na feithicle gur ina taobh adeirtear do rinneadh an cionta san, beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin do chruthú ná raibh ag tiománaí na feithicle sin, ar an ócáid ar a n-abartar do rinneadh an cionta san, údarás ón únaer chun na feithicle sin do thiomáint in aon chor ar an ócáid sin, no gur contrárdha d'orduithe soiléire an únaera san do rinne sé an gníomh go n-abartar gurab é an cionta san é.

(6) I gcás duine cúiseofar i gcionta fé fho-alt (3) den alt so do bheith, ar an ócáid ar a n-abartar do rinneadh an cionta san, mar sheirbhíseach d'únaer na feithicle gur ina taobh adeirtear do rinneadh an cionta san, beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin do chruthú gur ag géilleadh d'orduithe soiléire an únaera san a bhí sé nuair do bhí sé ag gníomhú sa tslí go n-abartar gurab é an cionta san é.

Gan omnibusanna do dhul ach ar bhóithre ceaduithe.

119. —Féadfaidh an tAire aon bhóthar áirithe do cheadú mar bhóthar ar a bhféadfar feithiclí móra seirbhíse puiblí no aon chineál áirithe de sna feithiclí sin d'úsáid mar omnibusanna agus féadfaidh pé coinníollacha is oiriúnach leis, maidir le húsáid an bhóthair sin, do chur leis an gceadú san.

(2) Sara ndeinidh an tAire aon bhóthar áirithe do cheadú fén bhfo-alt san roimhe seo raghaidh i gcomhairle leis an gCoimisinéir agus fós le suirbhéir contae gach contae tré n-a dtéigheann an bóthar san, le comhairle gach contae-bhuirge, buirge agus bailecheanntair tré n-a dtéigheann an bóthar san, agus le baile-choimisinéirí gach baile tré n-a dtéigheann an bóthar san, agus breithneoidh aon chúiseanna phléidhfidh na daoine agus na cóluchtaí sin leis i dtaobh an cheaduithe bheartuithe sin.

(3) Aon bhóthar is cuid de chúrsa ar a mbeidh sé údaruithe, le linn tosach feidhme an ailt seo, do dhuine ar bith, le ceadúnas ar n-a thabhairt amach fén Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 (Uimh. 2 de 1932) , bóthar-sheirbhís do phaisnéirí is seirbhís omnibusanna do bheith ar siúl aige, tuigfear gur bóthar é bheidh ceaduithe ag an Aire fén alt so mar bhóthar ar a bhféadfar feithiclí móra seirbhíse puiblí d'úsáid mar omnibusanna.

(4) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, ceadú bheidh tugtha aige no tuigfear a bheith tugtha aige fén alt so, alos bóthair ar bith, do tharrac siar no d'atharú, ach ní dhéanfaidh, gan dul i gcomhairle roimh ré leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, aon cheadú den tsórt san do tharrac siar no d'atharú alos bóthair a bheidh, de turus na huaire, ina chuid de chúrsa ar a mbeidh sé údaruithe do dhuine ar bith, le ceadúnas ar n-a thabhairt amach fén Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 (Uimh. 2 de 1932) , bóthar-sheirbhís do phaisnéirí is seirbhís omnibusanna do bheith ar siúl aige.

(5) Pé uair a déanfar feithicil mhór sheirbhíse puiblí d'úsáid mar omnibus ar bhóthar ná beidh ceaduithe no ná tuigfear a bheith ceaduithe, de thurus na huaire, ag an Aire fén alt so mar bhóthar ar a bhféadfar feithiclí móra seirbhíse puiblí i gcoitinne, no feithiclí móra seirbhíse puiblí de chineál le n-a mbaineann an chéad fheithicil sin a luaidhtear, d'úsáid mar omnibusanna, no pé uair a déanfar, ar bhóthar a bheidh ceaduithe amhlaidh de thurus na huaire, í d'úsáid amhlaidh i slí bheidh ina shárú ar choinníoll no ná beidh do réir choinníll a ghabhann leis an gceadú san, beidh únaer na feithicle sin (d'ainneoin aon cheadúnais no ceada ar n-a thabhairt amach fé Acht ar bith eile do bheith aige) ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghadh thar caoga púnt do chur air.

An teanga ina mbeidh fógraí puiblí agus ticéadaí omnibus.

120. —Sa mhéid gur féidir é beidh gach fógra puiblí i dtaobh turusanna in omnibus, agus gach ticéad cárta paisneura i gcóir turusanna in omnibus, clóbhuailte i nGaedhilg agus i mBéarla.

Teora le líon na bpaisnéirí.

121. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, ní bheidh sé dleathach níos mó paisnéirí d'iompar in éineacht i bhfeithicil sheirbhíse puiblí ná an líon a luaidhtear, sa cheadúnas feithicle seirbhíse puiblí bhaineann leis an bhfeithicil sin, mar an líon paisnéirí dá bhfuil cóiríocht phaisneura sa bhfeithicil sin.

(2) Féadfaidh an tAire, tré rialacháin do dhéanamh fén Acht so, a údarú go n-iomprófaí in éineacht, in aon fheithicil mhór sheirbhíse puiblí no in aon fheithicil den tsórt san is de chineál áirithe, líon teoranta de phaisnéirí de bhreis ar an líon do bheadh dleathach fén alt so mara mbeadh an t-údarú san, ach gan an líon breise sin d'iompar ach i gcásanna speisialta áirithe no ar ócáidí speisialta áirithe no i rith uaireanna áirithe.

(3) Pé uair a hiomprófar paisnéirí contrárdha don alt so i bhfeithicil sheirbhíse puiblí beidh únaer na feithicle sin agus fós fear stiúrtha na feithicle sin no, mara mbeidh aon fhear stiúrtha uirthi, tiománaí na feithicle sin, gach duine acu ar leithligh, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint.

(4) Más rud é go gcúiseofar duine i gcionta fén alt so agus gurb é an duine sin is únaer na feithicle gur ina taobh adeirtear do rinneadh an cionta san, beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin do chruthú gur contrárdha d'orduithe soiléire do thug an t-únaer san uaidh do rinne fear stiúrtha na feithicle sin no, mara raibh aon fhear stiúrtha uirthi, tiománaí na feithicle sin, ar an ócáid ar a n-abartar do rinneadh an cionta san, an gníomh go n-abartar gurab é an cionta san é.

(5) I gcás duine cúiseofar i gcionta fén alt so do bheith, ar an ócáid ar a n-abartar do rinneadh an cionta san, mar fhear stiúrtha no mar thiománaí ar an bhfeithicil gur ina taobh adeirtear do rinneadh an cionta san, beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin do chruthú gur ag géilleadh d'orduithe soiléire únaera na feithicle sin a bhí sé nuair do bhí sé ag gníomhú sa tslí go n-abartar gurab é an cionta san é.

Sos seachtainiúil do thiománaithe agus d'fhir stiúrtha.

122. —(1) Gach duine bheidh ar fostú mar thiománaí no mar fhear stiúrtha ar fheithicil mhóir sheirbhíse puiblí beidh sos seachtainiúil aige de cheithre huaire fichead a' chluig as a chéile, ar a laighead, i ngach tréimhse de sheacht lá, agus tuigfear ceart an duine sin chun an tsosa sheachtainiúla san do bheith ina théarma de théarmaí a fhostaíochta mar thiománaí no mar fhear stiúrtha (do réir mar bheidh) den tsórt san.

(2) Beidh gach fostóir ná tabharfaidh do gach duine bheidh ar fostú aige mar thiománaí no mar fhear stiúrtha ar fheithicil mhóir sheirbhíse puiblí an sos seachtainiúil chun a mbeidh teideal ag an duine sin fén alt so agus fós beidh gach duine bheidh ar fostú mar thiománaí no mar fhear stiúrtha ar fheithicil mhóir sheirbhíse puiblí agus ná tógfaidh an sos seachtaintiúil chun a mbeidh teideal aige fén alt so, beidh gach n-aon acu san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Rialacháin i dtaobh conus Iompróidh paisnéirí, tiománaithe, agus fir stiúrtha iad féin.

123. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh chun na cuma do rialú agus do stiúradh ina ndéanfaidh paisnéirí i bhfeithiclí seirbhíse puiblí agus tiománaithe, fir stiúrtha, agus daoine eile ar fostú sna feithiclí sin no ina dtaobh iad féin d'iompar agus féadfar rialacháin deifriúla den tsórt san do dhéanamh amhlaidh alos cineálacha deifriúla de sna feithiclí sin agus alos earraí ceannuíochta, beartán, bagáiste paisnéirí agus ainmhithe d'iompar sna feithiclí sin no ortha.

(2) Féadfaidh rialacháin a déanfar fén alt so comhacht do bhronnadh ar an té is fear stiúrtha no, mara mbeidh aon fhear stiúrtha ann, ar an té is tiománaí ar fheithicil mhóir sheirbhíse puiblí, comhacht chun daoine, earraí ceannuíochta, beartán bagáiste, agus ainmhithe áirithe no aon cheann acu san do choimeád amach no do chur amach as an bhfeithicil sin i gcásanna áirithe no toisc réasún áirithe agus chun oiread fórsa agus is gá d'úsáid chuige sin.

(3) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar rialachán ar n-a dhéanamh fén alt so agus a bhaineann leis an duine sin beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(4) Féadfaidh an té is fear stiúrtha no (mara mbeidh aon fhear stiúrtha ann) an té is tiománaí ar fheithicil sheirbhíse puiblí, no féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána ar iarratas an fhir stiúrtha no an tiománaí sin, duine ar bith do chur amach as an bhfeithicil sheirbhíse puiblí sin (agus oiread fórsa agus is gá d'úsáid chuige sin) is duine bheidh tar éis ní do dhéanamh (tré ghníomh no tré fhaillí) sa bhfeithicil sin is sárú ar rialachán ar n-a dhéanamh fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(5) Má abrann an té is fear stiúrtha no (mara mbeidh aon fhear stiúrtha ann) an té is tiománaí ar fheithicil sheirbhíse puiblí no ball den Ghárda Síochána go ndearna an paisnéir sin ní (tré ghníomh no tré fhaillí) sa bhfeithicil sin is sárú ar rialachán ar n-a dhéanamh fén alt so agus má éilíonn a ainm agus a sheoladh ar an bpaisnéir sin beidh sé de dhualgas ar an bpaisnéir sin a ainm agus a sheoladh do thabhairt don fhear stiúrtha no don tiománaí no don bhall san agus má theipeann ar an bpaisnéir sin déanamh amhlaidh no má thugann faillí i ndéanamh amhlaidh no má thugann ainm agus seoladh uaidh a bheidh bréagach no míthreorach beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(6) Ní dhéanfaidh an tAire rialacháin fén alt so i dtaobh feithiclí móra seirbhíse puiblí gan dul i gcomhairle roimh ré leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

(7) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

E de dhualgas ar phaisnéirí táille d'íoc, etc.

124. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach paisnéir in omnibus, ar n-a iarraidh san air d'fhear stiúrtha no (mara mbeidh aon fhear stiúrtha ann) do thiománaí an omnibus san no d'aon chigire no duine eile go n-údarás chuige sin o cheadúnaí an omnibus san—

(a) a chur in úil don fhear stiúrtha, don tiománaí, don chigire, no don duine eile sin cadé an turus a bheidh tugtha ag an bpaisnéir sin no bheidh sé ar aigne a thabhairt san omnibus san agus cadé an áit ina dtáinig sé isteach san omnibus san;

(b) an táille in aghaidh an turuis iomláin a bheidh tugtha ag an bpaisnéir sin no bheidh sé ar aigne a thabhairt san omnibus san d'íoc agus an ticéad a bhaineann leis an táille sin do ghlacadh;

(c) an ticéad a bheidh tugtha don phaisnéir sin alos na táille sin do thaisbeáint don fhear stiúrtha, don tiománaí, don chigire, no don duine eile sin.

(2) Gach duine go dteipfidh air gníomh ar bith do dhéanamh no dhiúltóidh do ghníomh ar bith do dhéanamh go mbeidh sé de dhualgas air fén alt so é dhéanamh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.

Pionós mar gheall ar dhamáiste dhéanamh d'fheithicil sheirbhíse puiblí.

125. —Gach duine dhéanfaidh, go toiliúil no go mailíseach, aon damáiste no díobháil d'fheithicil cheadúnuithe sheirbhíse puiblí beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air agus féadfaidh an chúirt a chiontóidh amhlaidh é a ordú dho íoc do dhéanamh le húnaer na feithicle sin sa tsuim sin a cheapfaidh an chúirt sin mar chúiteamh sa damáiste no sa díobháil sin agus sa mhéid aimsire bheidh caillte ag an únaer san agus ag tiománaí agus fear stiúrtha na feithicle sin no ag duine ar bith acu (fé mar is gá sa chás) ag freastal na cúirte sin.

Pionós mar gheall ar gan costas fostuithe no táille d'íoc.

126. —(1) Má dheineann duine ar bith diúltú no má thugann faillí maidir le híoc do dhéanamh le húnaer no le tiománaí no le fear stiúrtha feithicle ceadúnuithe seirbhíse puiblí in aon tsuim a bheidh, le ceart, dlite ar an duine sin ag an únaer san, no ag an tiománaí no ag an bhfear stiúrtha san thar ceann an únaera san, agus iníoctha ag an duine sin leis an gcéanna alos na feithicle sin d'fhostú beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear an pionós a luaidhtear anso ina dhiaidh seo do chur air.

(2) Má dheineann duine ar bith diúltú no má thugann faillí maidir le híoc do dhéanamh le tiománaí, no le fear stiúrtha (más ann do), feithicle móire seirbhíse puiblí in aon tsuim a bheidh, le ceart, dlite ar an duine sin ag an tiománaí sin no ag an bhfear stiúrtha san (pe'ca aca é) agus iníoctha ag an duine sin leis an gcéanna mar tháille alos an duine sin d'iompar sa bhfeithicil sin beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear an pionós a luaidhtear anso ina dhiaidh seo do chur air.

(3) Pé uair a dhéanfaidh únaer no tiománaí no fear stiúrtha feithicle ceadúnuithe seirbhíse puiblí a ghearán le ball den Ghárda Síochána go bhfuil cionta fén alt so á dhéanamh no déanta, maidir leis an únaer no an tiománaí no an fear stiúrtha san (pe'ca aca é), ag duine thaisbeánfaidh an t-únaer no an tiománaí no an fear stiúrtha san don bhall san, féadfaidh an ball san an duine taisbeánfar do amhlaidh do ghabháil gan barántas agus an duine sin do choinneáil go bhfuighidh bannaí go dtiocfaidh i láthair Breithimh den Chúirt Dúithche.

(4) Gach duine ciontófar ar an slí achmair i gcionta fén alt so dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná mí agus fós féadfaidh an chúirt a ordú dho íoc do dhéanamh leis an únaer, leis an tiománaí, no leis an bhfear stiúrtha san (pe'ca aca é) sa tsuim gurb é a neamh-íoc an cionta agus i pé suim bhreise cheapfaidh an chúirt mar chúiteamh sa mhéid aimsire bheidh caillte ag an únaer, ag an tiománaí, no ag an bhfear stiúrtha san ag freastal na cúirte.

Maoin a fágfar i bhfeithiclí seirbhíse puiblí.

127. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir fo-dhlithe do dhéanamh, maidir le Saorstát Éireann ar fad no maidir le haon chuid áirithe dhe, chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun a cheangal ar únaerí, ar thiománaithe, agus ar fhir stiúrtha feithiclí seirbhíse puiblí maoin a fhágfaidh paisnéirí sna feithiclí sin do chur i dtaisce in áit cheaptha laistigh d'aimsir áirithe;

(b) chun a shocrú go ndéanfar an mhaoin sin do choinneáil go sábhálta agus do thabhairt thar n-ais don mhuintir gur leo í;

(c) chun a shocrú go ndéanfar an mhaoin uile den tsórt san ná tabharfar thar n-ais don mhuintir gur leo í do chur de láimh agus, go sonnrách, chun socrú speisialta do dhéanamh i dtaobh aon mhaoine den tsórt san is ainmhí beo no is earra mheathtach no earra mhíthaithneamhach;

(d) chun a údarú táillí d'éileamh as an maoin sin do thabhairt thar n-ais don mhuintir gur leo í;

(e) chun a shocrú, le toiliú an Aire Airgid, conus a déanfar táillí, sochar díolacháin agus airgead eile do gheobhaidh an Coimisinéir alos na maoine sin do chur de láimh, le n-a n-áirmhítear luach saothair d'íoc as an airgead san le daoine chuirfidh an mhaoin sin i dtaisce do réir an ailt seo;

(f) chun saoirse o sna fo-dhlithe do thabhairt d'aon únaer áirithe no chun socrú speisialta eile do dhéanamh maidir le haon únaer áirithe feithiclí seirbhíse puiblí dhéanfaidh, dar leis an gCoimisinéir, socrú sásúil chun maoine fhágfaidh paisnéirí ina chuid feithiclí do choinneáil go sábhálta, do thabhairt thar n-ais agus do chur de láimh.

(2) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar fho-dhlí ar n-a dhéanamh fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

An Coimisinéir do choimeád clár.

128. —(1) Cuirfidh an Coimisinéir fé ndeár na cláir seo leanas do bhunú agus do choimeád, sé sin le rá:—

(a) clár de sna ceadúnaisí feithicle seirbhíse puiblí bheidh deonta fén gCuid seo den Acht so; agus

(b) clár de sna ceadúnaisí tiománaithe bheidh deonta fén gCuid seo den Acht so; agus

(c) clár de sna ceadúnaisí fear stiúrtha bheidh deonta fén gCuid seo den Acht so; agus

(d) clár den mhaoin chaillte bheidh curtha i dtaisce leis an gCoimisinéir fén gCuid seo den Acht so.

(2) Gach clár a bheidh á choimeád do réir an ailt seo beidh sé sa bhfuirm sin ordóidh an Coimisinéir agus iontrálfar ann gach ní is gá do réir an Achta so a iontráil ann agus fós gach ní eile ordóidh an Coimisinéir.

(3) Iontrálfar i ngach clár de cheadúnaisí a bheidh á choimeád do réir an ailt seo seolta sealbhóirí fé seach na gceadúnas uile agus fé seach a bheidh cláruithe sa chlár san agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus fós gach atharú ar aon tseoladh den tsórt san a cuirfear in úil don Choimisinéir do réir na Coda so den Acht so.

(4) Aon fhógra no scríbhinn eile is gá do réir an Achta so no fé a chur tríd an bpost chun sealbhóra ceadúnais a bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád fén alt so is fén seoladh bheidh iontrálta sa chlár san de thurus na huaire mar sheoladh an tsealbhóra san a cuirfear chun an tsealbhóra san amhlaidh é.

Cláir do bheith ina bhfianaise.

129. —(1) Déanfar gach clár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so do ghlacadh ina fhianaise, in aon imeachta dlí, gan a thuilleadh cruthúnais ar oifigeach den Ghárda Síochána dá thabhairt i láthair mar chlár den tsórt san.

(2) Gach scríbhinn do bhéarfaidh le tuiscint gur cóip í d'iontráil i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so agus do bhéarfaidh le tuiscint í bheith deimhnithe ag oifigeach den Ghárda Síochána mar chóip dhílis den iontráil sin, déanfar, gan cruthúnas ar shighniú an duine bheireann le tuiscint an deimhniú san do bheith á dhéanamh aige ná gurbh oifigeach den tsórt san é, í do ghlacadh ina fianaise in aon imeachta dlí agus tuigfear, go dtí go gcruthófar a mhalairt, í do bheith ina cóip dhílis den iontráil sin agus í do bheith ina fianaise ar théarmaí na hiontrála san.

(3) Gach clár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so beidh sé le feiscint gach tráth réasúnta chun a-iniúchta ag duine ar bith ar íoc ná táille sin, nách mó ná scilling, a cheapfaidh an Coimisinéir o am go ham le toiliú an Aire.

(4) Beidh duine ar bith i dteideal cóip d'aon iontráil in aon chlár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so, agus an chóip sin deimhnithe i scríbhinn ag oifigeach den Ghárda Síochána mar chóip dhílis, d'fháil ón gCoimisinéir ar íoc na táille sin aisti, nách mó ná reul ar gach folio no cuid d'fholio de dhá fhocal sheachtód sa chóip sin, a cheapfaidh an Coimisinéir o am go ham le toiliú an Aire.

(5) Deimhniú bhéarfaidh le tuiscint é bheith fé láimh oifigigh den Ghárda Síochána agus é bheith á dheimhniú, maidir le lá no laetheanta áirithe no maidir le hiomlán tréimhse áirithe—

(a) go raibh ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí i bhfeidhm alos feithicle áirithe seirbhíse puiblí, no

(b) ná raibh aon cheadúnas feithicle seirbhíse puiblí i bhfeidhm alos feithicle áirithe seirbhíse puiblí, no

(c) go raibh duine áirithe ina shealbhóir (do réir mar bheidh) ar cheadúnas feithicle seirbhíse puiblí bhí i bhfeidhm an uair sin no ar cheadúnas tiománaí bhí i bhfeidhm an uair sin no ar cheadúnas fir stiúrtha bhí i bhfeidhm an uair sin, no

(d) ná raibh duine áirithe ina shealbhóir (do réir mar bheidh) ar cheadúnas feithicle seirbhíse puiblí no ar cheadúnas tiománaí no ar cheadúnas fir stiúrtha, no

(e) go raibh ceadúnas áirithe feithicle seirbhíse puiblí, ceadúnas áirithe tiománaí, no ceadúnas áirithe fir stiúrtha ceiliúrtha no ar fiunraoi,

beidh san, gan cruthúnas ar shighniú an duine bheireann le tuiscint a lámh do bheith leis an deimhniú san ná gurbh oifigeach den Ghárda Síochána é, ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar pé nithe acu san adubhradh do bheirtear le tuiscint a bheith deimhnithe sa deimhniú san agus leis.

Ceadúnaisí do leanúint i bhfeidhm.

130. —(1) Gach ceadúnas ar n-a dheonadh fé alt 2 den Dublin Amended Carriage Act, 1854, chun feithicle, is feithicil sheirbhíse puiblí do réir bhrí an Achta so, do choimeád, do thiomáint, d'úsáid, no do chur ar tuarastal agus ar a mbeidh dáta lae is lá roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so agus a bheidh i bhfeidhm le linn an tosach feidhme sin, leanfaidh i bhfeidhm (mara gceiliúrtar roimhe sin é) go dtí an chéad 31adh lá de Mhí na Nodlag tar éis an tosach feidhme sin agus raghaidh in éag ansan, agus faid a leanfaidh i bhfeidhm amhlaidh tuigfear chun gach críche é do bheith ina cheadúnas feithicle seirbhíse puiblí ar n-a dheonadh alos na feithicle sin fén gCuid seo den Acht so.

(2) Gach ceadúnas ar n-a dheonadh fé alt 52 den Dublin Carriage Act, 1853, chun gníomhú mar thiománaí carráiste tháille no carráiste aistir no carráiste pháigh, agus ar a mbéidh dáta lae is lá roimh thosach feidhme no Coda so den Acht so agus a bheidh i bhfeidhm le linn an tosach feidhme sin, tuigfear go dtí an chéad 31adh lá de Mhí na Nodlag tar éis an tosach feidhme sin é do bheith ina cheadúnas tiománaí ar n-a dheonadh fén gCuid seo den Acht so i dteanta bheith ina cheadúnas tiománaí ar n-a dheonadh fén alt san 52, agus go dtí an 31adh lá san de Mhí na Nodlag beith éifeacht aige dá réir sin agus beidh sé fé réir na bhforálacha san den Chuid seo den Acht so, i dtaobh ceadúnaisí tiománaithe, is ionbhainte leis, i dteanta bheith fé réir forálacha an Dublin Carriage Act, 1853, adubhradh.

(3) Gach ceadúnas ar n-a dheonadh fé alt 52 den Dublin Carriage Act, 1853, chun gníomhú mar fhear stiúrtha ar charráiste aistir, agus ar a mbeidh dáta lae is lá roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so agus a bheidh i bhfeidhm le linn an tosach feidhme sin, tuigfear go dtí an chéad 31adh lá de Mhí na Nodlag tar éis an tosach feidhme sin é do bheith ina cheadúnas fir stiúrtha ar n-a dheonadh fén gCuid seo den Acht so i dteanta bheith ina cheadúnas fir stiúrtha ar n-a dheonadh fén alt san 52, agus go dtí an 31adh lá san de Mhí na Nodlag beidh éifeacht aige dá réir sin agus beidh sé fé réir na bhforálacha san den Chuid seo den Acht so, i dtaobh ceadúnaisí fear stiúrtha, is ionbhainte leis, i dteanta bheith fé réir forálacha an Dublin Carriage Act, 1853, adubhradh.