An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Saru ar Sceimeanna Pleanala.) Ar Aghaidh (CUID VIII. Cuiteamh agus Iocaiocht as Feabhsu alos Sceimeanna Pleanala.)

22 1934

ACHT UM BAILTE AGUS LÍOMATÁISTÍ DO SHÍNEADH AMACH, 1934

CUID VII.

Togail Deanmhaisi, etc., do Cheadu agus do Thoirmeasc.

Obair dhéanta éanmhais agus bair eile i gcóir céime pleanála o rialú.

57. —(1) Nuair a bheidh rún rithte ag údarás pleanála chun scéime pleanála do cheapadh féadfaidh an t-údarás pleanála san, aon tráth tar éis an rúin sin do rith agus roimh an scéim phleanála san do theacht i bhfeidhm, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) cead i scríbhinn do dheonadh d'éinne iarrfaidh é chun déanmhais áirithe do dhéanamh, do leagadh, d'atharú, do leathnú, do dheisiú no d'athnuachaint sa líomatáiste go mbeidh sé beartuithe baint do bheith ag an scéim phleanála san leis;

(b) cead a bhainfidh le hiomlán an líomatáiste sin no ná bainfidh ach le cuid áirithe dhe do dheonadh, ar iarratas duine éigin le n-a mbaineann an scéal no d'éamais aon iarratais den tsórt san, chun déanmhaisí de shaghas no de shaghsanna áirithe do dhéanamh, do leagadh, d'atharú, do leathnú, do dheisiú no d'athnuachaint;

(c) a ordú gan dul níos sia le haon déanmhas áirithe sa líomatáiste sin do dhéanamh, do leagadh, d'atharú, do leathnú, do dheisiú no d'athnuachaint.

(2) Féadfaidh údarás pleanála coinníollacha do chur ag gabháil le cead a deonfar fén alt so, pé coinníollacha (más aon cheann é) is dóich leo is ceart agus a luadhfaid sa chead san.

(3) Féadfaidh údarás pleanála aon tráth cead generálta do dheon an t-údarás san roimhe sin do cheiliúradh no do leasú ach ní dhéanfaidh an ceiliúradh no an leasú san dochar ná deifir do dhleathacht do bheith ag an gcead generálta san ar feadh aon tréimhse roimh an gceiliúradh no roimh an leasú san.

(4) Féadfar, le toirmeasc speisialta dhéanfaidh údarás pleanála, a ordú gan dul níos sia leis an obair le n-a mbaineann an toirmeasc speisialta san no a ordú gan dul níos sia leis an obair sin ar shlí eile seachas fé choinníollacha no do réir choinníollacha luaidhtear sa toirmeasc speisialta san (pe'ca aca is dóich leis an údarás san is ceart).

(5) Féadfaidh údarás pleanála toirmeasc speisialta do dhéanamh in ainneoin na hoibre le n-a mbaineann an toirmeasc speisialta san do bheith, ar dháta déanta an toirmisc speisialta san, do réir cheada do tugadh le cead generálta do dheon an t-údarás pleanála san roimhe sin.

(6) Má deintear cead speisialta no cead generálta d'iarraidh go cuibhe ar údarás phleanála fén alt so agus ná tabharfaidh an t-údarás pleanála san aon bhreith ar an iarratas san laistigh de dhá mhí tar éis dáta an iarratais sin tuigfear chun gach críche an t-údarás pleanála san do ghéilleadh don iarratas san i gcionn na tréimhse sin de dhá mhí.

Comhacht chun on tsarú ar hoirmeasc peisialta do héanamh ea-dhleathach.

58. —(1) Nuair a bheidh rún rithte ag údarás pleanála chun scéime pleanála do cheapadh agus a bheidh toirmeasc speisialta déanta acu maidir le haon obair roimh theacht i ngníomh don scéim phleanála san, ansan, más dóich leis an údarás pleanála san an dochar do thiocfadh as dul ar aghaidh leis an obair le n-a mbaineann an toirmeasc speisialta san no as an obair sin do dhéanamh do bheith de shaghas nárbh fhéidir é do leigheas tar éis teacht i ngníomh don scéim phleanála san, féadfaid a dhearbhú, aon uair roimh theacht i ngníomh don scéim phleanála san, aon tsárú ar an toirmeasc speisialta san roimh an teacht-ingníomh san do bheith nea-dhleathach.

(2) Gan dochar d'aon leigheas síbhialta bheidh ar fáil sa chás don údarás fhreagarthach no d'éinne eile beidh gach duine ciontach i gcionta fén alt so a raghaidh ar aghaidh le haon obair no dhéanfaidh aon obair is sárú ar thoirmeasc speisialta agus is sárú nea-dhleathach, de bhuadh dearbhuithe fén alt so, ar an toirmeasc san agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air agus ina theanta san, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfar den chionta no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil no na fíneála san agus an phríosúntacht san le chéile.

Athchomharc hun an Aire aidir le cead no oirmeasc.

59. —(1) Einne ar a ngoillfidh údarás pleanála do dheonadh no do dhiúltadh ceada speisialta no ceada ghenerálta no an t-údarás pleanála san do dhéanamh toirmisc speisialta, féadfaidh ath chomhare do dhéanamh chun an Aire laistigh den aimsir orduithe agus leis sin féadfaidh an tAire pé ní no nithe acu so leanas do dhéanamh a bhaineann leis an gcás agus is dóich leis is ceart, sé sin le rá:—

(a) an deonadh, an diúltadh no an toirmeasc is abhar don athchomharc san do dhaingniú;

(b) deonadh an cheada no déanamh an toirmisc is abhar don athchomharc san do cheiliúradh;

(c) i gcás athchomhairc i gcoinnibh diúltadh do chead do dheonadh, an cead san do thabhairt uaidh tar éis pé nithe d'fhágaint ar lár agus pé nithe d'atharú ann (más éinní é) agus fé réir pé coinníollacha (más aon cheann é) is dóich leis is ceart;

(d) i gcás athchomhairc i gcoinnibh cead generálta no speisialta do dheonadh, an cead san no na coinníollacha ghabhann leis do leasú (tré scriosadh amach no cur leis no atharú do dhéanamh) agus an cead san do dhaingniú gus na leasuithe sin agus fé réir na leasuithe sin;

(e) i gcás athchomhairc i gcoinnibh cead generálta do dheonadh no i gcoinnibh toirmeasc speisialta do dhéanamh, an cead no an toirmeasc (pe'ca aca é) do leasú (tré scriosadh amach no cur leis no atharú do dhéanamh) maidir leis an gcuntas a bheidh ann ar an líomatáiste, ar na tailte, ar na déanmhaisí, ar an obair agus ar na húsáideanna le n-a mbaineann an cead no an toirmeasc san agus an cead no an toirmeasc san do dhaingniú gus an leasú san agus fé réir an leasuithe sin;

(f) i gcás athchomhairc i gcoinnibh toirmeasc speisialta do dhéanamh, an toirmeasc speisialta san do leasú tré choinníollacha do chur isteach ann no coinníollacha do scriosadh amach as no coinníollacha bheidh ann d'atharú agus an toirmeasc speisialta san do dhaingniú gus na leasuithe sin agus fé réir na leasuithe sin;

(g) i gcás athchomhairc i gcoinnibh toirmisc speisialta go mbeidh sé dearbhuithe ag údarás pleanála aon tsárú air do bheith nea-dhleathach, an dearbhú san do cheiliúradh.

(2) Más rud é, ar athchomharc do dhéanamh fén alt so i gcoinnibh toirmeasc speisialta do dhéanamh, go gceiliúrfaidh an tAire an toirmeasc san no neachtar acu go ndaingneoidh an tAire é agus coinníollacha nua curtha isteach ann no leasuithe déanta ar na coinníollacha bheidh ann féadfaidh an tAire, más dóich leis gur ceart san, mar chuid den bhreith do bhéarfaidh ar na nithe is abhar don athchomharc san, a ordú don údarás phleanála do rinne an toirmeasc san pé suim d'íoc le neach déanta an athchomhairc sin is dóich leis an Aire is ceart do luadh mar chúiteamh ina mbeidh caillte ag an neach san de bhíthin an toirmisc sin i rith na tréimhse idir an toirmeasc san do dhéanamh agus breith do thabhairt ar an athchomharc san.

(3) Ní bheidh dul thar an mbreith do bhéarfaidh an tAire ar athchomharc fén alt so agus sa mhéid go n-ordófar léi d'údarás phleanála aon ghníomh no ní do dhéanamh déanfaidh an t-údarás pleanála san dá réir.

Cúiteamh i coinníoll do hólíonadh.

60. —(1) Pé uair a cuirfear coinníoll ag gabháil le cead speisialta, le cead generálta no le toirmeasc speisialta no a cuirfear isteach ann é, agus a laigheadófar luach aon mhaoine tríd an gcoinníoll san do chólíonadh no do choimeád go cuibhe agus go ceart, ansan, ar theacht i ngníomh don scéim phleanála gur maidir léi do deonadh an cead san no do rinneadh an toirmeasc san, beidh feidhm ag na forálacha den Acht so bhaineann le cúiteamh is iníoctha leis an údarás freagarthach fé is dá mba de bhíthin srian do chur le húsáid na maoine tré fhoráil sa scéim phleanála san a déanfaí an laigheadú luacha san.

(2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag an bhfo-alt san roimhe seo den alt so i gcás an coinníoll dá dtagartar sa bhfo-alt san do bheith de shaghas go bhféadfaí, dá mbeadh an scéim phleanála dá dtagartar sa bhfo-alt san i ngníomh le linn an choinníll sin d'fhorchur, an coinníoll san d'fhoirfheidhmiú tré fhoráil sa scéim phleanála san agus ná beadh cúiteamh ar bith iníoctha fén Acht so toisc no de dhruim an fhoráil sin do theacht i ngníomh.