|
|||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 10 de 1936. | ||
| [EN] |
ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH (ORDÚ DO DHAINGNIÚ), 1936. | |
ACHT CHUN DAINGNITHE DO DHÉANAMH AR ORDÚ DO RINNE AN ARD-CHOMHAIRLE FÉN ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH GO PRÁINNEACH, 1932 . | ||
[20adh Márta, 1936.] | ||
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Ordú do dhaingniú. |
1. —Daingnítear leis seo an tOrdú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 97), 1936 (a bhaineann le rátai diúitéthe áirithe custum ar earraí a hiomportálfar o Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann do laigheadú) do rinne an Ard-Chomhairle fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) . |
| [EN] |
Gearr-theideal. |
2. —Féadfar an tAcht chun Diúitéthe do Ghearradh (Ordú do Dhaingniú), 1936 , do ghairm den Acht so. |