Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Miolta Mora Cearta.)

4 1937


Uimhir 4 de 1937.


ACHT UM IASCACH MÍOLTA MÓRA, 1937.


ACHT CHUN COMHACHTA DO THABHAIRT CHUN CONVENSIÚN EADARNÁISIÚNTA CHUN IASCAIGH MHÍOLTA MÓRA DO RIALÁIL, DO SIGHNÍODH I nGENEVA AN 24adh LÁ DE MHEÁN FHÓMHAIR, 1931, DO CHUR IN ÉIFEACHT CHO FADA AGUS A THEIGHEANN SAORSTÁT ÉIREANN, CHUN TOIRMISC DO CHUR AR MHÍOLTA MÓRA DO GHABHÁIL NO DO CHÓIREÁIL IN ACHAR AON-CHIRT IASCAIGH SHAORSTÁIT ÉIREANN, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE IOMDHA BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [26adh Feabhra, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

tá an brí céanna leis an bhfocal “long” atá leis an bhfocal “ship” sa Merchant Shipping Act, 1894;

cialluíonn an abairt “long le Saorstát Éireann” long atá cláruithe i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna Loingis Cheannaíochta 1894 go 1933;

foluíonn an focal “máistir”, maidir le haon luing, an duine bheidh i gceannas no i bhfeidhil na luinge an tráth a bheidh i gceist agus, maidir le luing a bheidh á húsáid chun míolta móra do chóireáil, foluíonn sé an duine bheidh, an tráth a bheidh i gceist, i bhfeidhil na hoibre ar bord na luinge sin i dtaobh na cóireála san;

cialluíonn an abairt “monarcha tíre” monarcha i Saorstát Éireann a bheidh feistithe chun conablaigh mhíolta móra no coda no buntáirgthe de chonablaigh den tsórt san do chóireáil;

cialluíonn an focal “monarcha-long” long le Saorstát Éireann a bheidh feistithe chun conablaigh mhíolta móra no coda no bun táirgthe de chonablaigh den tsórt san do chóireáil;

nuair a húsáidtear an focal “monarcha” gan coinníoll, léireofar é mar fhocal is có-ionann leis an abairt “monarcha tíre no monarchalong”;

cialluíonn an abairt “achar aon-chirt iascaigh Shaorstáit Éireann” an chuid sin den fhairrge gur laistigh di atá an t-aon-cheart iascaireachta ag saoránaigh de Shaorstát Éireann do réir dlí eadarnáisiúnta, agus i gcás teoranta na coda san do bheith leagtha amach i dtéarmaí aon chonvensiúin, connartha no socruithe ar n-a dhéanamh idir Shaorstát Éireann agus aon Stát eile agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire foluíonn an abairt sin, maidir le longa agus géilliúnaigh an Stáit sin, an chuid sin go leagtar amach a teoranta amhlaidh;

cialluíonn an abairt “oifigeach caomhanta iascaigh mhara” duine is oifigeach caomhanta iascaigh mhara chun crícheanna an Achta chun Iascaigh Mhara do Chaomhnadh. 1933 ( Uimh. 53 de 1933 );

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

Feidhm an Achta so.

2. —(1) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so ní bheidh feidhm ag an Acht so ach maidir le míolta móra blaoch-chnáimh no bailín.

(2) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, ordú do dhéanamh á dhearbhú go mbeidh feidhm, maidir le cineál ar bith míolta móra seachas míolta móra blaoch-chnáimh no bailín, ag an Acht so no ag aon alt no ailt den Acht so, agus san go generálta no i líomatáiste áirithe agus fé réir pé eisceachtaí, oiriúnuithe agus atharuithe a luadhfar san ordú san, agus pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú den tsórt san beidh feidhm leathnuithe ag an Acht so do réir téarmaí an orduithe sin.

(3) Gach ordú bheidh déanta fén alt so (le n-a n-áirmhítear ordú fén bhfo-alt so) féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, é do leasú no do cheiliúradh.

Toirmeasc ar mhíolta móra do ghabháil no do chóireáil in achar aon-chirt iascaigh Shaorstáit Éireann.

3. —(1) Ní bheidh sé dleathach aon long d'úsáid in achar aonchirt iascaigh Shaorstáit Éireann chun míolta móra do ghabháil no do chóireáil.

(2) Má húsáidtear long ar bith contrárdha don alt so, beidh máistir na luinge sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(3) I gcás míl mhóir go mbeifear tar éis caitheamh leis agus é bhualadh go dleathach do thabhairt dorugha daingnithe leis isteach in achar aon-chirt iascaigh Shaorstáit Éireann ní dhéanfaidh éinní atá san alt so é bheith nea-dhleathach leanúint sa tóir ar an míol mór san agus é mharbhadh in achar aon-chirt iascaigh Shaorstáit Éireann.

(4) Chun an ailt seo do chur i bhfeidhm féadfaidh gach oifigeach caomhanta iascaigh mhara na comhachta bronntar air le halt 7 den Acht chun Iascaigh Mhara do Chaomhnadh, 1933 ( Uimh. 53 de 1933 ), d'fheidhmiú maidir le luing ar bith, fé is dá mba chun an Achta san do chur i bhfeidhm do bheadh sé ag feidhmiú na gcomhacht san agus fé is dá mba bád iascaigh mhara, do réir bhrí an Achta san, an long san agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an alt san 7 agus ag alt 8 den Acht san.

(5) Beidh feidhm ag ailt 9, 12, 13 agus 14 den Acht chun Iascaigh Mhara do Chaomhnadh, 1933 , adubhradh, maidir le cionta fén alt so fé mar atá feidhm ag na hailt sin maidir le cionta fé alt ar bith den Acht san.

Míolta móraáirithe do chaomhnadh.

4. —(1) San alt so—

cialluíonn an abairt “míol mór ceart” míol mór d'aon chineál dá luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

cialluíonn an abairt “míol mór neamh-fhoirbhthe” míol mór gur lugha a fhaid ná an fhaid orduithe.

(2) Chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo féadfar, le rialacháin fén Acht so, faideanna deifriúla d'ordú i gcóir cineálacha deifriúla míolta móra agus a ordú cadé an tslí ina dtomhasfar na faideanna.

(3) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith ar bord luinge le Saorstát Éireann—

(a) míol mór ceart, ná

(b) míol mór neamh-fhoirbhthe, ná

(c) míol mór buineann go mbeidh laogh no míol mór deoil ina teanta,

do mharbhadh ná do ghabháil ná tabhairt fé n-a mharbhádh no a ghabháil lasmuich d'achar aon-chirt iascaigh Shaorstáit Éireann.

(4) Má dheineann duine ar bith ar bord luinge le Saorstát Éireann éinní contrárdha don alt so, beidh gach duine ar leith acu so leanas, eadhon, an duine sin a céad-luaidhtear, an máistir, agus (fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le cosanta reachtúla) únaer agus fostóir (más ann dó) na luinge sin, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

(5) Má ciontuítear duine i gcionta fén alt so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an chúirt, i dteanta pionós ar bith eile do ghearradh, a ordú an gléas uile chun iascaireachta míolta móra do gheobhfar ar an luing gur uirthi do rinneadh an cionta san do gheallbhruideadh,

(b) déanfaidh an tAire aon ghléas chun iascaireachta míolta móra a geallbhruidfear amhlaidh do chur de láimh i pé slí is oiriúnach leis,

(c) déanfar aon airgead do gheobhfar as aon chur-de-láimh den tsórt san d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Toirmeasc ar longa neacheadúnuithe le Saorstát Éireann agus ar mhonarchain neacheadúnuithe d'úsáid.

5. —(1) Gan dochar d'fhorálacha an ailt deiridh sin roimhe seo, ní bheidh sé dleathach aon long le Saorstát Éireann d'úsáid lasmuich d'achar aon-chirt iascaigh Shaorstáit Éireann chun míolta móra do ghabháil mara mbeidh únaer no fostóir na luinge sin ina shealbhóir ar cheadúnas (dá ngairmtear ceadúnas iascaireachta míol mór san Acht so) a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus a bheidh deonta ag an Aire fén Acht so á údarú an long san d'úsáid amhlaidh, ná chun míolta móra do chóireáil, mara mbeidh únaer no fostóir na luinge sin ina shealbhóir ar cheadúnas (dá ngairmtear ceadúnas monarcha-luinge san Acht so) a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus a bheidh deonta ag an Aire fén Acht so á údarú an long san d'úsáid amhlaidh.

(2) Ní bheidh sé dleathach aon mhonarcha i Saorstát Éireann d'úsáid chun míolta móra do chóireáil mara mbeidh sealbhaire na monarchan san ina shealbhóir ar cheadúnas (dá ngairmtear ceadúnas monarchan tíre san Acht so) a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus a bheidh deonta ag an Aire fén Acht so á údarú an monarcha san d'úsáid amhlaidh.

(3) Má húsáidtear aon long le Saorstát Éireann contrárdha don alt so, beidh gach duine ar leith acu so leanas, eadhon, máistir agus (fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le cosanta reachtúla) únaer agus fostóir (más ann dó) na luinge sin ciontach i gcionta fén alt so.

(4) Má húsáidtear aon mhonarcha i Saorstát Éireann contrárdha don alt so, beidh gach duine ar leith acu so leanas, eadhon, bainisteoir agus (fé réir na bhforálacha den Acht so baineann le cosanta reachtúla) sealbhaire na monarchan san ciontach i gcionta fén alt so.

(5) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear, ar é chiontú ann ar an slí achmair, na pionóisí luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

Iarrataisí ar cheadúnaisí.

6. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfaidh duine ar bith ceadúnas fén Acht so d'iarraidh ar an Aire.

(2) Beidh gach iarratas ar cheadúnas i pé fuirm agus beidh pé mion-innste ann éileoidh an tAire.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha breise seo leanas maidir le hiarratas ar cheadúnas monarchan tíre, sé sin le rá:—

(a) an duine bheidh ar intinn ceadúnas den tsórt san d'iarraidh, déanfa sé, dhá mhí ar a laighead roimh a iarratas do dhéanamh, fógra, á rá go bhfuil sé ar intinn an t-iarratas san do dhéanamh agus a bheidh i pé fuirm éileoidh an tAire, d'fhoillsiú i pé páipéar nuachta no páipéirí nuachta ordóidh an tAire,

(b) féadfaidh gach duine acu so leanas, laistigh de lá is fiche tar éis an fhógra san d'fhoillsiú, ráiteas i scríbhinn do chur chun an Aire ag cur i gcoinnibh an cheadúnais sin do dheonadh agus ag luadh na bhforas ar a mbeidh an agóid bunuithe, sé sin le rá:—

(i) comhairle na contae no na contae-bhuirge gur inti bheidh beartuithe an mhonarcha do bhunú,

(ii) bord sláinte an cheanntair sláinte contae gur ann a bheidh beartuithe an mhonarcha do bhunú,

(iii) duine ar bith eile go leas sa scéal.

Ceadúnaisí do dheonadh.

7. —(1) Ar an Aire d'fháil iarratais ar cheadúnas fén Acht so féadfa sé, mar is rogha leis féin, an ceadúnas do dheonadh no diúltú d'é dheonadh.

(2) Maidir le gach ceadúnas iascaireachta míol mór—

(a) beidh sé i pé fuirm ordóidh an tAire,

(b) luadhfar ann an long no na longa féadfar a úsáid fén gceadúnas san, agus

(c) déarfaidh agus déanfaidh a údarú an long no na longa a luadhfar sa cheadúnas san d'úsáid chun míolta móra do ghabháil, ach san fé réir forálacha an Achta so agus aon fho-dhlithe bheidh déanta fé.

(3) Maidir le gach ceadúnas monarcha-luinge—

(a) beidh sé i pé fuirm ordóidh an tAire,

(b) luadhfar ann an méid long a féadfar a úsáid maidir leis an monarcha-luing le n-a mbainfidh an ceadúnas san agus an líomatáiste gur laistigh de féadfar an mhonarchalong san d'oibriú,

(c) déarfaidh agus déanfaidh a údarú an mhonarcha-long san d'úsáid chun míolta móra do chóireáil, ach san fé réir—

(i) forálacha an Achta so agus aon fho-dhlithe bheidh déanta fé, agus

(ii) na gcoinníoll so leanas, eadhon, ná déanfar níos mó ná an méid long a luadhfar sa cheadúnas san d'úsáid maidir leis an monarcha-luing sin, agus ná hoibreofar an mhonarcha-long san in aon líomatáiste seachas an líomatáiste luadhfar sa cheadúnas san.

(4) Maidir le gach ceadúnas monarchan tíre—

(a) beidh sé i pé fuirm ordóidh an tAire,

(b) luadhfar ann an méid long a féadfar a úsáid maidir leis an monarchain tíre le n-a mbainfidh an ceadúnas san,

(c) déarfaidh agus déanfaidh a údarú an mhonarcha tíre sin d'úsáid chun míolta móra do chóireáil, ach san fé réir—

(i) forálacha an Achta so agus aon fho-dhlithe bheidh déanta fé, agus

(ii) an choinníll seo leanas, eadhon, ná déanfar níos mó ná an méid long a luadhfar sa cheadúnas san d'úsáid maidir leis an monarchain tíre sin.

Pionós mar gheall ar choinníoll a bheidh i gceadúnas do bhriseadh.

8. —(1) Má bristear coinníoll ar bith gur fé n-a réir a deonfar ceadúnas monarcha-luinge, beidh gach duine ar leith acu seo leanas, eadhon, máistir agus (fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le cosanta reachtúla) únaer agus fostóir (más ann dó) na monarchaluinge le n-a mbainfidh an ceadúnas san ciontach i gcionta fén alt so.

(2) Má bristear coinníoll ar bith gur fé n-a réir a deonfar ceadúnas monarcha tíre, beidh gach duine ar leith acu seo leanas, eadhon, bainisteoir agus (fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le cosanta reachtúla) sealbhaire na monarchan tíre le n-a mbainfidh an ceadúnas san ciontach i gcionta fén alt so.

(3) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, na pionóisí luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

Tosach feidhme agus ré ceadúnaisí.

9. —(1) Luadhfar i ngach ceadúnas fén Acht so an dáta ar a dtiocfa sé i bhfeidhm agus tiocfa sé i bhfeidhm ar an dáta luadhfar amhlaidh.

(2) Leanfaidh gach ceadúnas fén Acht so i bhfeidhm (mara gceiliúrtar fén Acht so é) ar feadh tréimhse dhá mhí dhéag ón dáta ar a dtáinig sé i bhfeidhm agus ragha sé in éag ansan mara ndeintear é athnuachaint fén Acht so.

Ceadúnaisí d'athnuachaint agus ré na hathnuachainte.

10. —(1) Duine ar bith is sealbhóir ar cheadúnas fén Acht so a bheidh i bhfeidhm (pe'ca de bhuadh an cheadúnais sin do dheonadh no d'athnuachaint é) féadfaidh, faid a bheidh an ceadúnas san i bhfeidhm amhlaidh, a iarraidh ar an Aire an ceadúnas san d'athnuachaint.

(2) Féadfaidh an tAire, fé mar is rogha leis féin é, géilleadh d'iarratas ar cheadúnas fén Acht so d'athnuachaint no diúltú dhó.

(3) Tiocfaidh gach athnuachaint ar cheadúnas fén Acht so i bhfeidhm an lá díreach i ndiaidh an lae ar a raghadh an ceadúnas san in éag mara mbeadh an athnuachaint sin, agus (mara gceiliúrtar í roimhe sin fén Acht so) leanfaidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse dhá mhí dhéag ón dáta ar a dtáinig sí i bhfeidhm.

Táillí ar cheadúnaisí do dheonadh agus d'athnuachaint.

11. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, déanfar táille de pé méid a shocróidh an tAire d'íoc leis an Aire ar gach iarratas ar cheadúnas fén Acht so do dheonadh no d'athnuachaint, agus beidh íoc na táille sin ina choinníoll nach foláir a chólíonadh sara mbreithneofar an t-iarratas san.

(2) Féadfaidh an tAire táillí deifriúla do cheapadh alos cineálacha deifriúla ceadúnas do dheonadh agus d'athnuachaint agus féadfar táillí deifriúla den tsórt san do cheapadh alos saghsanna deifriúla monarchan, agus alos long a húsáidfear maidir leis na monarchana san.

(3) Ní bheidh na táillí ceapfar fén alt so níos mó ná—

(a) i gcás ceadúnais iascaireachta míol mór, céad go leith punt alos gach luinge fé leith bheidh ceadúnuithe fén gceadúnas san, ná

(b) i gcás ceadúnais mhonarcha-luinge no ceadúnais mhonarchan tíre, dhá chéad go leith punt.

(4) Is in airgead a baileofar agus is i pé slí ordóidh an tAire Airgid o am go ham a tógfar na táillí uile tógfar fén alt so, agus déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir mar ordóidh an tAire sin,

(5) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le táillí ar bith is iníoctha fén alt so.

Ceadúnaisí do leasú.

12. —Féadfaidh an tAire, ar shealbhóir cheadúnais fén Acht so á iarraidh san air, an ceadúnas san do leasú más oiriúnach leis é.

Ceadúnaisí do cheiliúradh.

13. —(1) Féadfaidh an tAire, ar shealbhóir cheadúnais fén Acht so á iarraidh san air, an ceadúnas san do cheiliúradh.

(2) Má deintear sealbhóir ceadúnais fén Acht so do chiontú i gcionta fé aon alt den Acht so, féadfaidh an tAire an ceadúnas san do cheiliúradh.

Ceadúnaisí d'aistriú.

14. —(1) Ní bheidh ceadúnas fén Acht so ionaistrithe ag an gceadúnaí ná tré oibriú dlí chun duine ar bith eile.

(2) Féadfaidh an tAire, ar shealbhóir cheadúnais no ar ionadaí pearsanta shealbhóra cheadúnais fén Acht so á iarraidh san air, an ceadúnas san d'aistriú, más oiriúnach leis é, chun duine eile.

Breacacháin a coimeádfar i monarchana.

15. —(1) Coimeádfar, ag gach monarchain no i ngach monarchain a bheidh ceadúnuithe fén Acht so, breacachán, i pé fuirm éileoidh an tAire, ina gcuirfear—

(a) dáta agus ionad gabhtha gach míl mhóir a cóireáilfear sa mhonarchain sin, a chineál, a inscin, agus a fhaid ar n-a tomhas sa tslí orduithe, agus pé tomhaiseanna agus eolas eile (le n-a n-áirmhítear eolas maidir le n-a mbeidh sna baill inmheánacha) i dtaobh gach míl mhóir den tsórt san éileoidh an tAire; agus

(b) an líon de mhíolta móra cóireáilfear sa mhonarchain sin agus na méideanna d'íle de gach grád fé leith agus de mhin, de ghuano agus de tháirgthe eile do gheobhfar as na míolta móra san.

(2) Déanfar breacacháin a bheidh á gcoimeád fén alt so do chur chun an Aire pé tráthanna éileoidh an tAire.

(3) Más rud é, maidir le monarcha-luing a bheidh ceadúnuithe fén Acht so, ná déanfar do réir forálacha an ailt seo, beidh gach duine ar leith acu so leanas, sé sin le rá, máistir agus (fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le cosanta reachtúla) únaer agus fostóir (más ann dó) na monarcha-luinge sin ciontach i gcionta fén alt so.

(4) Más rud é, maidir le haon mhonarchain tíre bheidh ceadúnuithe fén Acht so, ná déanfar do réir forálacha an ailt seo, beidh gach duine ar leith acu so leanas, eadhon, bainisteoir agus (fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le cosanta reachtúla) sealbhaire na monarchan san ciontach i gcionta fén alt so.

(5) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, na pionóisí luadhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

Monarchana agus longa a húsáidfear chun cóireálta míolta móra d'oibriú agus d'fheistiú i gceart.

16. —(1) As gach míol mór a cóireáilfear in aon mhonarchain a bheidh ceadúnuithe fén Acht so bainfear, tré bheirbhiú no ar shlí eile, an íle bheidh sa tsaill go léir agus sa cheann agus sa teangain agus fós san earball chó fada ar aghaidh le hoscailt fhoirimeallach an inne íochtair.

(2) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo maidir le cuid ar bith de mhíol mhór a bheidh beartuithe a úsáid mar bhiadh do dhaoine.

(3) Déanfar gach monarcha bheidh ceadúnuithe fén Acht so d'fheistiú le gléasra de shaghas a bheidh ceaduithe ag an Aire chun íle do bhaint as conablaigh mhíolta móra agus, i gcás monarchan tíre, chun na n-iarmhairtí d'úsáid, tar éis na híle d'úscadh, i dtreo go bhféadfar an oiread úsáide agus is féidir do dhéanamh de sna conablaigh sin, agus coimeádfar an gléasra san i dtreo cheart oibre agus oibreofar go héifeachtúil é.

(4) Más rud é, maidir le monarcha-luing a bheidh ceadúnuithe fén Acht so, ná déanfar do réir forálacha an ailt seo, beidh gach duine ar leith acu so leanas, sé sin le rá, máistir agus (fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le cosanta reachtúla) únaer agus fostóir (más ann dó) na luinge sin ciontach i gcionta fén alt so.

(5) Más rud é, maidir le haon mhonarchain tíre bheidh ceadúnuithe fén Acht so, ná déanfar do réir forálacha an ailt seo, beidh gach duine ar leith acu so leanas, eadhon, bainisteoir agus (fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le cosanta reachtúla) sealbhaire na monarchan san ciontach i gcionta fén alt so.

(6) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, na pionóisí luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

(7) Más deimhin leis an Aire, maidir le monarchain ar bith, ná dearnadh no ná fuiltear ag déanamh do réir forálacha fo-ailt (3) den alt so féadfaidh an tAire (pe'ca ciontuíodh duine i gcionta fén alt so maidir leis an nea-chólíonadh san no nár ciontuíodh) an ceadúnas alos na monarchan san do cheiliúradh.

Luach saothair gunnadóirí agus fóirne longa iascaireachta míol mór.

17. —(1) Ní déanfar aon ghunnadóir ná aon bhall d'fhuirinn luinge, go mbeidh ceadúnas iascaireachta míol mór deonta ina taobh, d'fhostú ar shlí seachas ar théarmaí go mbeidh a luach saothair, sa mhéid go ndéanfar san amach do réir toradh a chuid oibre, ag brath ar thuise, ar chineál, ar thoradh íle agus ar luach na míolta móra gabhfar no marbhófar.

(2) Má bhíonn aon ghunnadóir no ball d'fhuirinn luinge, go mbeidh ceadúnas iascaireachta míol mór i bhfeidhm ina taobh de thurus na huaire, ar fostú contrárdha don alt so, beidh gach duine ar leith acu so leanas, eadhon, máistir agus (fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le cosanta reachtúla) únaer agus fostóir (más ann dó) na luinge sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

Fo-dhlithe.

18. —(1) Féadfaidh an tAire fo-dhlithe do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so leanas:—

(a) chun a thoirmeasc aon inneall no úirlis a bheidh déanta no ceaptha chun míolta móra do leanúint, do ghabháil, do mharbhadh no do tharrac do bheith á úsáid no á shealbhú ar aon luing le Saorstát Éireann agus aon tsaghas iascaireachta míol mór do dhéanamh is dóich leis an Aire do bheith díobhálach d'iascach mhíolta móra no d'iascach eile; agus

(b) chun a thoirmeasc aon chineál no gach cineál míolta móra do mharbhadh, in aon líomatáiste no líomatáistí áirithe agus san ar feadh aon tréimhse no tréimhsí áirithe den bhliain, as luing le Saorstát Éireann; agus

(c) chun a thoirmeasc aon chineál no gach cineál míolta móra do thabhairt i dtír i Saorstát Éireann ar feadh aon tréimhse no tréimhsí áirithe den bhliain; agus

(d) chun rialuithe do dhéanamh maidir leis na modhanna ina ndéanfar íle no táirgthe eile as míolta móra i monarchana a bheidh ceadúnuithe de thurus na huaire fén Acht so agus maidir leis an gcosamar do chur de láimh.

(2) Gach duine dhéanfaidh éinní no bhéarfaidh fé éinní do dhéanamh contrárdha d'aon fho-dhlí déanfar fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná pé suim (ná raghaidh thar dhá chéad go leith punt) do chur air a luadhfar sa bhfo-dhlí sin alos an chionta san.

(3) Má ciontuítear duine i gcionta i gcoinnibh fo-dhlí ar bith a déanfar fé mhír (a) d'fho-alt (1) den alt so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ordóidh an chúirt, i dteanta aon phionóis eile, aon inneall no úirlis eile do gheallbhruideadh go dtoirmeascfar leis an bhfo-dhlí sin é d'úsáid no do shealbhú agus do gheobhfar ar an luing gur uirthi do rinneadh an cionta san,

(b) aon inneall no úirlis a geallbhruidfear amhlaidh cuirfidh an tAire de láimh é i pé slí is oiriúnach leis,

(c) aon airgead do gheobhfar as aon chur-de-láimh den tsórt san déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

(4) Beidh feidhm ag forálacha fo-alt (2), (3), (4) agus (5) d'alt 28 den Acht Iascaigh, 1925 ( Uimh. 32 de 1925 ), fé mar atá san leasuithe le halt 10 d'Acht na gCúirteanna Breithiúnais, 1936 (Uimh. 48 de 1936) , maidir le fo-dhlithe déanfar fén alt so, ach san fé réir an atharuithe ná beidh feidhm amhlaidh ag forálacha na bhfo-alt san (3) agus (5), seachas na forálacha san a bhaineann le foillsiú san Iris Oifigiúil.

Míolta móra do ghabháil no do mharbhadh chun crícheanna eolaíochta.

19. —Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, cead do thabhairt i scríbhinn, in aghaidh tréimhse áirithe agus fé réir pé coinníollacha áirithe is dóich leis is ceart, do dhuine ar bith chun míolta móra do ghabháil no do mharbhadh chun crícheanna colaíochta no crícheanna speisialta eile agus, pé uair do bhéarfar aon chead den tsórt san do dhuine ar bith, beidh an duine sin i dteideal, d'ainneoin aon cheann d'fhorálacha an Achta so, míolta móra do ghabháil no do mharbhadh, fé réir choinníollacha a cheada.

Oifigeach caomhanta iascaighmhara do bheithina chomhnaí ar longa agus i monarchana.

20. —Féadfaidh an tAire, más dóich leis gur gá san chun forálacha an Achta so d'fhoirfheidhmiú, oifigeach caomhanta iascaigh mhara do cheapadh chun comhnuithe, go buan no go sealadach, ar bhord aon luinge no ag aon mhonarchain tíre no inti, a bheidh ceadúnuithe de thurus na huaire fén Acht so, agus a cheangal ar únaer, ar bhainisteoir no ar mháistir na luinge sin no ar únaer, ar shealbhaire no ar bhainisteoir na monarchan san iostas agus lóistín do thabhairt don oifigeach san ar an luing sin no ag an monarchain sin no inti, agus i gcás ar bith den tsórt san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má theipeann ar an duine chun a mbeidh an ceangal san dírithe no má fhaillíonn sé no má dhiúltuíonn sé déanamh do réir an cheangail sin féadfaidh an tAire an ceadúnas a bhaineann leis an luing no leis an monarchain sin, pe'ca aca é, do cheiliúradh,

(b) déanfaidh an tAire pé suimeanna cheapfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgid d'íoc, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, leis an duine sin alos an iostais agus an lóistín sin.

Comhachta oifigeach caomhanta iascaighmhara.

21. —(1) Chun an Achta so d'fhoirfheidhmiú, féadfaidh oifigeach caomhanta iascaigh mhara (in achar aon-chirt iascaigh Shaorstáit Éireann no lasmuich dhe, ach san fé réir rialacha an dlí eadarnáisiúnta) maidir le haon luing le Saorstát Éireann a chreidfe sé do bheith á húsáid chun míolta móra do ghabháil no do chóireáil lasmuich d'achar aon-chirt iascaigh Shaorstáit Éireann no maidir le haon luing le Saorstát Éireann is abhar d'ordú bheidh déanta ag Breitheamh den Chúirt Dúithche fén Acht so á údarú an long san do ghabháil, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) a ordú go stadfaí an long san chun a haithinte no chun leigint dó dul ar bord uirthi;

(b) dul ar bord na luinge sin agus an long d'iniúchadh;

(c) a cheangal ar únaer no ar mháistir no ar fhuirinn na luinge sin aon deimhniú clárathachta, ceadúnaisí, leabhair turuis, páipéirí, no scríbhinní eile bhaineann leis an luing sin no leis an bhfuirinn no le haon bhall den fhuirinn, agus a beidh i seilbh no fé chúram éinne acu fé seach, an t-únaer, an máistir agus an fhuireann san, do thabhairt i láthair, agus aon deimhnithe, ceadúnaisí, leabhair turuis, páipéirí no scríbhinní eile den tsórt san d'iniúchadh agus sleachta do thógaint asta no cóipeanna dhíobh do dhéanamh;

(d) gach fiosrúchán do dhéanamh is dóich leis is gá do dhéanamh;

(e) an long san do chuardach;

(f) má húsáidtear an long san chun míolta móra do chóireáil, a éileamh go ndéanfar aon chuid den ghléasra chun míolta móra do chóireáil d'oscailt chun go n-iniúchfa sé é;

(g) chun comhachta ar bith dá mbronntar air le haon mhír acu san roimhe seo den fho-alt so d'fheidhmiú, pé fórsa is dóich leis is gá d'úsáid agus go sonnrách, má orduíonn don luing sin sa tslí orduithe stad agus ná déanfar do réir an orduithe sin no ná tabharfar áird air, féadfaidh, tar éis dó a chur fé ndeár ar dtúis urchar do chaitheamh mar rabhadh, urchair do scaoileadh leis an luing sin no isteach inti.

(2) Chun an Achta so d'fhoirfheidhmiú féadfaidh oifigeach caomhanta iascaigh mhara, maidir le haon mhonarchain i Saorstát Éireann a chreidfe sé do bheith á húsáid chun míolta móra do chóireáil, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) dul isteach sa mhonarchain agus í féin agus a gléasra agus a feisteas d'iniúchadh;

(b) a cheangal ar shealbhaire no ar bhainisteoir na monarchan san agus ar na fostaithe inti no ar éinne acu gach ceadúnas, breacachán agus scríbhinn eile bhaineann leis an monarchain sin agus a bheidh i seilbh no fé chúram éinne acu fé seach, an sealbhaire, an bainisteoir agus na fostaithe sin, do thabhairt i láthair, agus aon cheadúnaisí no breacacháin no scríbhinní eile den tsórt san d'iniúchadh agus sleachta do thógaint asta no cóipeanna dhíobh do dhéanamh;

(c) gach fiosrúchán do dhéanamh is dóich leis is gá do dhéanamh;

(d) an mhonarcha san do chuardach;

(e) a éileamh go ndéanfar aon chuid den ghléasra chun míolta móra do chóireáil d'oscailt chun go n-iniúchfa sé é;

(f) gach ní eile do dhéanamh is gá chun na gcrícheanna roimhráite.

(3) Má chuireann duine ar bith bac no cosc le haon oifigeach caomhanta iascaigh mhara agus eisean ag feidhmiú comhachta ar bith dá mbronntar air leis an alt so no má dhiúltuíonn déanamh do réir aon éilimh a dhéanfaidh no aon orduithe bhéarfaidh an t-oifigeach san go dleathach, no má dhiúltuíonn freagra do thabhairt ar aon cheist a chuirfidh an t-oifigeach san go dleathach, do réir an ailt seo, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá chéad go leith punt do chur air no, más rogha leis an gCuirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(4) Ní déanfar aon aiesean ná imeachta eile dlí de shaghas ar bith, síbhialta ná coiriúil, do bhunú in aon chúirt i Saorstát Éireann maidir le héinní do dhéanamh a húdaruítear d'oifigeach caomhanta iascaigh mhara a dhéanamh fén alt so, pe'ca oifigeach caomhanta iascaigh mhara dhéanfaidh an ní sin no duine bheidh ag gníomhú fé orduithe oifigigh chaomhanta iascaigh mhara.

Gníomhairí don Aire.

22. —Féadfaidh an tAire, le barántas fé n-a shéala oifige, pé daoine agus pé méid daoine is oiriúnach leis do cheapadh o am go ham mar ghníomhairí dhó chun an Achta so d'fhoirfheidhmiú, agus éinne bheidh ag gníomhú fé orduithe aon ghníomhaire den tsórt san féadfaidh gach comhacht no aon chomhacht dá mbronntar ar oifigeach chaomhanta iascaigh mhara leis an Acht so d'fheidhmiú.

Ráitisí bréagacha agus samhalacha bréige de scríbhinní.

23. —Más rud é le fonn meabhlaireachta—

(a) go ndéanfaidh duine ar bith aon ráiteas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach agus é ag freagairt aon cheiste atá oifigeach caomhanta iascaigh mhara i dteideal a chur chun an duine sin fén Acht so; no

(b) go ndéanfaidh duine ar bith ceadúnas no cead fén Acht so d'úsáid no do thabhairt ar iasacht do dhuine ar bith eile no leigint dó-san é d'úsáid no go ndéanfaidh samhail bhréige de cheadúnas no de chead fén Acht so no go gcuirfidh iontráil bhréige in aon bhreacachán a bheidh á choimeád fén Acht so, no

(c) go ndéanfaidh duine ar bith aon scríbhinn no go mbeidh aon scríbhinn ina sheilbh aige bheidh chó cosúil sin le ceadúnas no le cead fén Acht so gur dócha go meabhlóchadh sí daoine,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

Cosanta reachtúla.

24. —In aon imeachta bunófar de bhuadh an Achta so i gcoinnibh únaera no fostóra luinge no sealbhaire mhonarchan alos aon ghnímh no faillí i bpáirt duine eile beidh sé ina chosaint mhaith don únaer, don fhostóir no don tsealbhaire, pe'ca aca é, a chruthú nach go bhfios dó ná tré n-a scaoileadh thairis do rinneadh an gníomh no do thárla an fhaillí agus nár chabhruigh aon fháillí uaidh féin leis an gcéanna.

Dlighinse na Cúirte Dúithche.

25. —Féadfaidh aon Bhreitheamh den Chúirt Dúithche cionta ar bith fé aon alt den Acht so d'éisteacht agus breith do thabhairt air.

Ciontaí do chúiseamh.

26. —Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir cionta ar bith fé aon alt den Acht so do chúiseamh.

Gairmeacha do sheirbheáil.

27. —Le rialacha cúirte fé alt 91 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ), féadfar, i gcás gairmeacha no scríbhinní eile ag bunú imeachta alos ciontaí fé aon alt den Acht so agus i dteanta aon mhodha eile seirbheála ceadófar leis na rialacha san, socrú do dhéanamh i dtaobh gairmeacha no scríbhinní den tsórt san do sheirbheáil lasmuich den dlighinse agus i dtaobh an chéanna do sheirbheáil ar ionadaí, i dtaobh na slí ina ndéanfar an tseirbheáil sin, agus i dtaobh na seirbheála san do chruthú.

Longa do ghabháil agus do choimeád fé choinneáil.

28. —(1) I gcás imeachta do bhunú alos cionta fé alt ar bith den Acht so maidir le haon ghníomh no faillí ar bord luinge le Saorstát Éireann féadfaidh aon Bhreitheamh den Chúirt Dúithche, ar iarratas an chúisitheora, tré ordú do dhíriú chun oifigigh no oifigeach caomhanta iascaigh mhara a údarú don oifigeach no do sna hoifigigh sin an long san do ghabháil agus, má gabhtar amhlaidh an long san, í do choimeád fé choinneáil ag port i Saorstát Éireann go dtí go mbeidh Breitheamh den Chúirt Dúithche tar éis breithe do thabhairt ar na himeachta san, agus féadfar an long san do ghabháil agus, má gabhtar amhlaidh í, coimeádfar í fé choinneáil dá réir sin.

(2) I gcás Breitheamh den Chúirt Dúithche do chiontú máistir, únaera, no fostóra luinge le Saorstát Éireann i gcionta fé aon alt den Acht so agus do ghearradh íoca aon fhíneála air, agus an long san do choimeád fé choinneáil fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, déanfaidh an Breitheamh san, tré ordú do dhíriú chun oifigigh no oifigeach caomhanta iascaigh mhara, a cheangal ar an oifigeach no ar na hoifigigh sin, i gcás athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh an chiontuithe sin, an long san do choimeád fé choinneáil ag port áirithe i Saorstát Éireann tamall eile go dtí go mbeidh breith tugtha ar an athchomharc san, agus déanfar, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, an long san do choimeád fé choinneáil dá réir sin.

(3) I gcás ordú do dhéanamh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo á cheangal long ar bith do choimeád fé choinneáil go dtí go mbeidh breith tugtha ar athchomharc i gcoinnibh ciontuithe féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche, má tugtar urraíocht, a bheidh sásúil dar leis an mBreitheamh san, go ndéanfar, i gcás an chiontuithe sin do dhaingniú ar an athchomharc san, íoc i suim a cheapfaidh an Breitheamh san agus is leor chun méid na fíneála do ghlanadh maraon leis na costaisí (más ann dóibh) a moladh ar an gciontú san agus costaisí an chúisitheora ar an athchomharc san, féadfaidh a ordú an long san do scaoileadh, agus scaoilfear an long san dá réir sin.

Fíneála do bhaint amach.

29. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas i dtaobh fíneála, alos cionta fé aon alt den Acht so, agus na gcostaisí (más ann dóibh) a bheidh le n'íoc ag an té (eadhon, máistir, únaer no fostóir luinge) a ciontófar sa chionta san do bhaint amach, sé sin le rá:—

(a) ceapfaidh an chúirt an t-am gur laistigh de bheidh an fhíneáil sin agus na costasí sin (más ann dóibh) le n'íoc;

(b) i gcás na luinge sin do bheith á coimeád fé choinneáil fén alt deiridh sin roimhe seo le linn na n-imeacht mar gheall ar an gcionta san d'éisteacht, déanfaidh an chúirt, tré ordú do dhíriú chun oifigigh no oifigeach caomhanta iascaigh mhara, a cheangal ar an oifigeach no ar na hoifigigh sin an long san do choimeád fé choinneáil ag port áirithe i Saorstát Éireann tamall eile go dtí go ndéanfar an fhíneáil sin agus na costaisí sin (más ann dóibh) d'íoc, agus coimeádfar an long san fé choinneáil dá réir sin;

(c) mara ndeintear an fhíncáil sin agus na costaisí sin (más ann dóibh) d'íoc laistigh den am san, féadfar an fhíneáil sin agus na costaisí sin (más ann dóibh) do bhaint amach tríd an luing sin do ghabháil agus do dhíol;

(d) ní choiscfidh éinní sna míreanna san roimhe seo an fhíneáil sin agus na costaisí sin (más ann dóibh) do bhaint den duine sin tré ghnáth-oibriú dlí.

Comharfhoirfheidhmiú pionóisí.

30. —(1) Más deimhin leis an Ard-Chomhairle go bhfuil socrú déanta no go bhfuiltear chun socrú do dhéanamh, in aon tír atá páirteach sa Chonvensiún Eadarnáisiúnta chun Iascaigh Mhíolta Móra do Rialáil do sighníodh i nGeneva an 24adh lá de Mheán Fhómhair, 1931, chun íoca aon fhíneála gearrfaí alos cionta fé aon alt den Acht so d'fhorfheidhmiú sa tír sin, féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, pé socrú is oiriúnach leo do dhéanamh chun íoca aon phionóis no fíneála, gcarrfaí sa tír sin alos dlithe na tíre sin chun éifeacht do thabhairt don Chonvensiún san do shárú, d'fhoirfheidhmiú i Saorstát Éireann, agus féadfaid, gan dochar do gheneráltacht an mhéid sin roimhe seo, socrú do dhéanamh leis an ordú san i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas eadhon, rialacha cúirte do dhéanamh chun crícheanna an orduithe sin, costaisí agus caiteachaisí fé n-a raghfar maidir le himeachta ar bith i Saorstát Éireann fén ordú san do bhaint amach agus aon airgead a bainfear amach fén ordú san do chur de láimh.

(2) Féadfaidh an Ard-Chomhairle aon ordú déanfar fén alt so do leasú no do cheiliúradh.

(3) Beidh feidhm dlí i Saorstát Éireann ag gach ordú dhéan faidh an Ard-Chomhairle fén alt so.

Rialacháin.

31. —Féadfaidh an tAire, le hordú rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe.

Costaisí.

32. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Athghairm.

33. —Athghairmtear leis seo an Whale Fisheries (Ireland) Act, 1908.

Gearr-theideal.

34. —Féadfar an tAcht um Iascach Míolta Móra, 1937 , do ghairm den Acht so.