An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA SIOPAÍ (COINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA), 1938) Ar Aghaidh (CUID II. Srian le Mion-Aoisigh d'Fhostu.)

4 1938

ACHT NA SIOPAÍ (COINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA), 1938

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar Acht na Siopaí (Coinníollacha Fostaíochta), 1938 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire, go gcnerálta no i dtaobh aon Choda no forála áirithe, agus féadfar laetheanta deifriúla do cheapadh amhlaidh do Choda deifriúla agus d'fhorálacha deifriúla den Acht so.

Mínithe.

2. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

foluíonn an abairt “trádáil mhion-díola no gnó mion-díola” gnó bearbóra no gruagaire, leabhair no tréimhseacháin do thabhairt ar iasacht ar luach saothair, gnó geall-bhrócaera, úrúcháin no deochanna meisciúla do dhíol, agus mion-díola tré cheant, ach ní fholuíonn sí cláir ná clár-liostaí do dhíol in amharclanna no in áiteanna eile siamsa;

cialluíonn an abairt “siopa mór-dhíola” aon áitreabh i seilbh deighleálaí no ceannaí mhór-dhíola ina gcoimeádtar earraí chun a mór-dhíolta le custuiméirí thagann go dtí an t-áitreabh;

foluíonn an focal “siopa”—

(a) aon áitreabh ina mbíonn aon trádáil mhion-díola no gnó mion-díola ar siúl, gan an méid sin (más aon mhéid é) den áitreabh san d'áireamh ná húsáidtear chun críche na trádála mion-díola no an ghnótha mhion-díola san;

(b) aon áitreabh ina nglactar earraí díreach o chustuiméirí chun iad do chur á ndathú, á nglanadh, á ndeisiú, á n-atharú no á nigheachán, gan an méid sin (más aon mhéid é) den áitreabh san d'áireamh ná húsáidtear chun na n-earraí sin do ghlacadh amhlaidh;

(c) aon tsiopa mór-dhíola;

(d) aon stóras a bhíonn ar seilbh—

(i) chun crícheanna trádála mion-díola no gnótha mhion-díola, ag an duine go mbíonn an trádáil mhion-díola no an gnó mion-díola san ar siúl aige, no

(ii) ag deighleálaí no ceannaí mór-dhíola chun crícheanna an ghnótha bhíonn ar siúl aige i siopa mór-dhíola;

(e) tigh ósta;

cialluíonn an abairt “tigh ósta” aon áitreabh atá oiriúnach ina dhéanmhas chun é d'úsáid, agus a húsáidtear bona fide, mar thigh ósta agus seomraí codlata ann do thaistealaithe agus gan iad á n-úsáid ach mar sheomraí codlata den tsórt san;

cialluíonn an abairt “tigh úrúcháin” tigh ósta no aon áitreabh atá oiriúnach ina dhéanmhas chun é d'úsáid, agus a húsáidtear, mar thigh bídh no mar chafé no mar shiopa tae (pe'ca tá an t-áitreabh san ceadúnaithe chun deochanna meisciúla do mhiondíol ann no ná fuil);

cialluíonn an abairt “áitreabh ceadúnuithe” aon áitreabh (nach tigh úrúcháin) atá ceadúnuithe chun deochanna meisciúla do mhion-díol ann;

nuair a húsáidtear an focal “dílseánach” maidir le siopa, cialluíonn sé an duine go mbíonn gnó ar siúl aige sa tsiopa san;

cialluíonn an abairt “obair thionnscail” obair thionnscail do réir bhrí an Achta um Choinníollacha Fostaíochta, 1936 ( Uimh. 2 de 1936 );

cialluíonn an abairt “ball den fhuirinn”—

(a) nuair a húsáidtear í maidir le siopa (seachas tigh úrúcháin), aon duine dheineann obair ar bith (pe'ca gheibheann sé págh as a sheirbhísí no ná faghann) do dhílseánach an tsiopa san agus gur sa tsiopa san no ina thimpealas a bhíonn an obair sin á dhéanamh ar fad no nach mór ar fad agus gur obair í bhaineann ar fad no nach mór ar fad le freastal ar chustuiméirí no le horduithe do ghlacadh no le hearraí do chur amach no le hearraí do phacáil no do dhí-phacáil, agus nach obair thionnscail í, agus

(b) nuair a húsáidtear í maidir le siopa is tigh úrúcháin, aon duine dheineann obair ar bith (pe'ca gheibheann sé págh as a sheirbhísí no ná faghann) do dhílseánach an tsiopa san, agus gur obair í bhaineann leis an ngnó bhíonn ar siúl ann (seachas obair chléireachais no obair a bhaineann le bainistí an tsiopa san) agus gur sa tsiopa san no ina thimpealas a bhíonn an obair sin á dhéanamh ar fad no nach mór ar fad, agus nach obair thionnscail í;

nuair a húsáidtear an focal “gaol” maidir le dílseánach siopa, cialluíonn sé duine—

(a) is bean chéile, fear céile, athair, máthair, leas-athair, no leas-mháthair an dílseánaigh sin, no is sean-athair, sean-mháthair, mac, inghean, ua, ban-ua, leas-mhac, leas-inghean, driotháir, drifiúr, leas-driotháir no leasdrifiúr don dílseánach san, agus

(b) atá á chothabháil ag an dílseánach san agus a chomhnuíonn in éintigheas leis;

cialluíonn an focal “mion-aoiseach” duine go bhfuil ceithre bliana déag slán aige agus ná fuil ocht mbliana déag slán aige;

cialluíonn an abairt “obair shiopa” obair (laistigh no lasmuich de shiopa) a bhaineann no ghabhann leis an ngnó bhíonn ar siúl i siopa, ach ní fholuíonn sí obair a deintear maidir le siopa mórdhíola no le stóras a bhíonn ar seilbh ag deighleálaí no ceannaí mór-dhíola, seachas—

(a) obair a deintear laistigh den áitreabh, no

(b) obair a deintear maidir le hearraí do bhailiú no do sheachadadh, no le freastal ar chustuiméirí, no le teachtaireachtaí d'iompar no le dul ar theachtaireachtaí;

nuair a húsáidtear an focal “bliain” gan choinníoll, cialluíonn sé an tréimhse idir meán oíche an tSathairn deiridh de Mhí na Nodlag agus meán oíche an tSathairn deiridh den chéad Mhí na Nodlag ina dhiaidh sin;

nuair a húsáidtear an focal “orduithe” maidir leis an gCúirt Dúithche, cialluíonn sé orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire Dlighidh agus Cirt fén Acht so agus i ngach cás eile cialluíonn sé orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

(2) Chun crícheanna an Achta so tuigfear ball d'fhuirinn shiopa do bheith ar fostú i bhfostaíocht dílseánaigh an tsiopa san.

(3) Chun crícheanna an Achta so tuigfear duine is ball d'fhuirinn shiopa do bheith ag déanamh oibre siopa ar feadh aon tréimhse (seachas eatraimh le hagaidh béilí no sosa) a bheidh sé i láthair (agus nach contrárdha d'ordú o dhílseánach an tsiopa san é) sa tsiopa san agus a bheidh a sheirbhísí ar fáil ag an dílseánach san.

(4) Má bhíonn trádála no gnóthaí deifriúla ar siúl ag an duine céanna i bpáirteanna deifriúla d'áitreabh ar bith, tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gur siopa aon pháirt den áitreabh san ina mbíonn aon tsaghas áirithe trádála mion-díola no gnótha mhiondíola ar siúl.

An tAcht do bhaint le háiteanna ina mbíonn agus le feithiclí o n-a mbíonn trádáil mhion-díola ar siúl.

3. —Bainfidh forálacha an Achta so le háit ar bith ina mbíonn no le feithicil ar bith o n-a mbíonn aon trádáil mhion-díola no gnó mion-díola ar siúl fé is dá mba shiopa an áit no an fheithicil sin agus, chó fada agus théigheann aon áit no feithicil den tsórt san, fé is dá mb'é an duine ag á mbíonn an trádáil mhion-díola no an gno mion-díola ar siúl dílseánach an tsiopa san.

Gan an tAcht do bhaint le nithe áirithe.

4. —(1) Ní bhainfidh éinní atá san Acht so le haon aonach a bheidh ar siúl go dleathach, ná le haon bhasár ná díolachán bronntanas chun crícheanna déirciúla no eile ná deintear aon bhrabús prío-bháideach asta, ná le haon leabharlainn nach chuige bheirtear leabhair no tréimhseacháin ar iasacht inti chun crícheanna sochair seachas brabús do dhéanamh i gcóir cuspóra dhaoncharadaigh no dhéirciúíl éigin (le n-a n-áirmhítear aon chuspóir creidimh no oideachais) no i gcóir aon chlub no fundúireachta nach chun crícheanna sochair a bhíonn sé féin ar siúl.

(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go follusach, ní bheidh feidhm ag an Acht so maidir le—

(a) ball d'fhuirinn shiopa is gaol do dhílseánach an tsiopa san, ná

(b) ball d'fhuirinn shiopa ina mbíonn gnó Post-Oifige ar siúl ar n-a cheapadh ag an Aire Puist agus Telegrafa, ná

(c) duine (seachas ball d'fhuirinn shiopa) dheineann obair shiopa do dhílseánach an tsiopa san agus is gaol don dílseánach san, ná

(d) freastalaithe ar charranna úrúcháin bóthair iarainn ná carranna úrúcháin bóthair iarainn.

Pionóisí mar gheall ar chiontaí.

5. —Gach duine bheidh ciontach i gcionta fé alt ar bith den Acht so, seachas cionta dá bhforáltar pionós speisialta leis an Acht so, dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair—

(a) más ball d'fhuirinn shiopa an duine sin, fíneáil do chur air—

(i) nach mó ná dhá phunt másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus fós (más cionta leanúnach an cionta san) fíneáil bhreise nach mó ná deich scillinge in aghaidh gach lae leanfar den chionta san, agus

(ii) nach mó ná cúig púint másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é agus fós (más cionta leanúnach an cionta san) fíneáil bhreise nach mó ná punt in aghaidh gach lae leanfar den chionta san, no

(b) maran ball d'fhuirinn shiopa an duine sin, fíneáil do chur air—

(i) nach mó ná deich bpúint másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus fós (más cionta leanúnach an cionta san) fíneáil bhreise nach mó ná dhá phunt in aghaidh gach lae leanfar den chionta san, agus

(ii) nach mó ná fiche punt másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é agus fós (más cionta leanúnach an cionta san) fíneáil bhreise nách mó ná ceithre púint in aghaidh gach lae leanfar den chionta san.

Ciontaí cóluchtaí corpruithe.

6. —Má dheineann cólucht corpruithe cionta fé aon alt den Acht so agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú no le ceadú éinne, no gur cuireadh a dhéanamh in usacht le haon fhaillí i bpáirt éinne, is stiúrthóir no bainisteoir ar an gcólucht chorpruithe sin no is rúnaí no oifigeach eile dhó, tuigfear an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí no an t-oifigeach eile sin freisin do bheith ciontach sa chionta san agus féadfar imeachta do bhunú ina choinnibh agus é phionósú dá réir sin.

Ciontaí do chúiseamh.

7. —(1) Féadfaidh an tAire cionta ar bith fé aon alt den Acht so (ach amháin Cuid VI) do chúiseamh.

(2) Cionta ar bith fé aon alt den Acht so (ach amháin Cuid VI) a dhéanfaidh dílseánach siopa maidir le ball d'fhuirinn an tsiopa san féadfaidh an ball san no aon oifigeach de cheárd-chumann chláruithe dar comhalta an ball san é chúiseamh.

Cionntapacht mar chosaint.

8. —Má cúisítear duine in aon chionta fé aon alt atá i gCuid III no i gCuid IV den Acht so beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin dá chruthú chun sástachta na cúirte gur os a cóir a triailfear an cionta san gur ghá, no gur cheart do réir réasúin, an sárú adeirtear do rinneadh ar an alt san do dhéanamh de bhíthin tóiteán, tuile, stoirm, éigean no aon chionntapacht eile do thárlachtaint no do bheith ag bagairt no coinne réasúnta do bheith leis an gcéanna.

Breacacháin chun crícheanna Codanna II, III agus IV.

9. —(1) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire le hordú (dá ngairmtear ordú breacachán san Acht so) a cheangal ar gach duine is dílseánach ar shiopa breacacháin, i dtaobh na nithe sin is dóich leis is gá chun Codanna II, III agus IV den Acht so d'fhoirfheidhmiú go cuibhe agus a luadhfar san ordú san, do choimeád sa tsiopa san maidir le gach ball d'fhuirinn an tsiopa san, agus, más oiriúnach leis é, féadfaidh leis an ordú san a chur mar cheangal na breacacháin sin do bheith í bhfuirm áirithe.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú fén alt so leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so).

(3) Má thárlann aon uair a bheidh ordú breacachán i bhfeidhm go dteipfidh ar dhílseánach shiopa no go bhfailleoidh no go ndiúltóidh déanamh do réir éilithe an orduithe sin no go gcuirfidh in aon bhreacachán, is gá don dílseánach san do réir an orduithe sin do choimeád, aon iontráil a bheidh bréagach in aon phonc táchtach agus a fhios aige an céanna do bheith bréagach, beidh an dílseánach san ciontach i gcionta fén alt so.

(4) Ní bheidh feidhm ag an alt so maidir le dílseánach siopa más gaolta don dílseánach san na baill uile d'fhuirinn an tsiopa san.

Comhachta cigire don Aire fé Choda I, II, III agus IV.

10. —(1) Féadfaidh cigire, chun forálacha Codanna I, II, III agus IV den Acht so d'fhoirfheidhmiú, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) dul isteach gach tráth réasúnta in aon tsiopa no in aon pháirt de;

(b) a cheangal ar dhílseánach an tsiopa san no ar ionadaí an dílseánaigh sin aon bhreacacháin do thabhairt ina láthair is gá don dílseánach san do réir orduithe bhreacachán do choimeád, agus na breacacháin sin d'iniúchadh agus cóipeanna do dhéanamh d'iontrála ionta.

(2) Má dheineann duine ar bith—

(a) cosc no bac do chur ar chigire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar ar an gcigire sin leis an alt so, no

(b) diúltú d'aon bhreacachán do thabhairt i láthair a cheanglóidh cigire air go dleathach do thabhairt i láthair, no

(c) aon bhreacachán a bheidh bréagach in aon phonc táchtach agus a fhios aige é bheith bréagach do thabhairt i láthair chigire no a chur fé ndeár é thabhairt ina láthair no a cheadú go feasach é thabhairt ina láthair,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so.

(3) San alt so cialluíonn an focal “cigire” duine bheidh ceaptha ag an Aire chun na gcomhacht a bronntar ar chigire leis an alt so d'fheidhmiú.

Achmaireacht den Acht do thaisbeáint.

11. —(1) Déanfaidh an té is dílseánach ar shiopa an achmaireacht orduithe den Acht so, agus í sa bhfuirm orduithe, do thaisbeáint, i nGaedhilg agus i mBéarla, sa tsiopa san ina leithéid sin d'ionad go bhféadfaidh na baill d'fhuirinn an tsiopa san í léigheamh go saoráideach.

(2) Má theipeann ar dhílseánach siopa déanamh do réir a n-éilítear leis an alt so, beidh an dílseánach san ciontach i gcionta fén alt so.

(3) Ní bheidh feidhm ag an alt so maidir le dílseánach siopa más gaolta don dílseánach san na baill uile d'fhuirinn an tsiopa san.

Rialacháin.

12. —Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú agus nach ní no rud a húdaruíter leis an Acht so d'ordú le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire Dlighidh agus Cirt.

Orduithe do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.

13. —Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Costaisí.

14. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghfar chun an Achta so (ach amháin Cuid VI dhe) do chur i bhfeidhm.

Athghairm.

15. —Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.