An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Ilghneitheach.) Ar Aghaidh (CUID VI. Comhachta Coinneala.)

13 1939

ACHT UM CHIONTAÍ IN AGHAIDH AN STÁIT, 1939

CUID V.

Cuirteanna Coiriula Speisialta.

Tosach feidhme agus scur na Coda so den Acht so.

35. —(1) Ní thiocfaidh ná ní bheidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm ach amháin fé mar agus an uair agus an fhaid a foráltar leis na fo-ailt ina dhiaidh seo den alt so.

(2) Más deimhin agus pé uair agus chó minic agus is deimhin leis an Riaghaltas nach leor na gnáth-chúirteanna chun a chur in áirithe go riarfar ceart go héifeachtúil agus go gcoimeádfar an tsíocháin agus an t-ord puiblí agus gur gá dá bhrí sin an Chuid seo den Acht so do theacht i bhfeidhm féadfaidh an Riaghaltas furógra do dhéanamh agus d'fhoillsiú á dhearbhú gur deimhin san leis an Riaghaltas agus á ordú an Chuid seo den Acht so do theacht i bhfeidhm.

(3) Pé uair a dhéanfaidh agus fhoillseoidh an Riaghaltas, fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, furógra den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san, tiocfaidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm láithreach.

(4) Más deimhin leis an Riaghaltas, aon uair le linn na Coda so den Acht so do bheith i bhfeidhm, gur leor na gnáth-chúirteanna chun a chur in áirithe go riarfar ceart go héifeachtúil agus go gcoimeádfar an tsíocháin agus an t-ord puiblí, déanfaidh agus foillseoidh an Riaghaltas furógra á dhearbhú go scuirfidh an Chuid seo den Acht so de bheith i bhfeidhm agus leis sin scuirfidh an Chuid seo den Acht so láithreach de bheith i bhfeidhm.

(5) Is dleathach do Dháil Éireann, tráth ar bith le linn na Coda so den Acht so do bheith i bhfeidhm, rún do rith ag cur an fhurógra ar nea-mbrí gur dá bhuadh bheidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm an tráth san, agus leis sin beidh an furógra san curtha ar nea-mbrí agus scuirfidh an Chuid seo den Acht so de bheith i bhfeidhm, ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh fén gCuid seo den Acht so tar éis an fhurógra san do dhéanamh agus roimh an rún san do rith.

(6) Foillseofar furógra dhéanfaidh an Riaghaltas fén alt so tré chóip de d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil agus féadfar é fhoillsiú freisin in aon tslí eile is ceart dar leis an Riaghaltas.

Ciontaí sceidealta.

36. —(1) Pé uair is deimhin leis an Riaghaltas, le linn na Coda so den Acht so do bheith i bhfeidhm, nach leor na gnáth-chúirteanna chun a chur in áirithe go riarfar ceart go héifeachtúil agus go gcoimeádfar an tsíocháin agus an t-ord puiblí maidir le ciontaí d'aon aicme no saghas áirithe no fé aon achtachán áirithe, féadfaidh an Riaghaltas a dhearbhú le hordú gur ciontaí sceidealta chun crícheanna na Coda so den Acht so ciontaí den aicme no den tsaghas áirithe sin no fén achtachán áirithe sin.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an Riaghaltas fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so aon dearbhú den tsórt a húdaruítear leis an bhfo-alt san, beidh gach cionta den aicme no den tsaghas áirithe no fén achtachán áirithe le n-a mbainfidh an dearbhú san ina chionta sceidealta chun crícheanna na Coda so den Acht so go dtí go bhforálfar a mhalairt le hordú fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so.

(3) Pé uair is deimhin leis an Riaghaltas gur féidir a chur in áirithe tré sna gnáth-chúirteanna go riarfar ceart go héifeachtúil agus go gcoimeádfar an tsíocháin agus an t-ord puiblí maidir le ciontaí, d'aon aicme no saghas áirithe no fé aon achtachán áirithe, a bheidh de thurus na huaire ina gciontaí sceidealta chun crícheanna na Coda so den Acht so, féadfaidh an Riaghaltas a dhearbhú le hordú go scuirfidh ciontaí den aicme no den tsaghas áirithe sin no fén achtachán áirithe sin de bheith ina gciontaí sceidealta chun crícheanna na Coda so den Acht so ar dhéanamh an orduithe sin.

Iarracht, etc., chun cionta sceidealta do dhéanamh.

37. —I dteanta na gciontaí bheidh, de bhuadh ordú ar n-a dhéanamh fén alt deiridh sin roimhe seo, ina gciontaí sceidealta de thurus na huaire chun crícheanna na Coda so den Acht so beidh gach gníomh acu so leanas ina chionta sceidealta chun na gcrícheanna san, sé sin le rá, iarracht no cóchealg no gríosú chun aon chionta sceidealta den tsórt san do dhéanamh no cabhrú no neartú le n-a dhéanamh.

Cúirteanna Coiriúla Speisialta do bhunú.

38. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis na Coda so den Acht so do theacht i bhfeidhm bunófar chun crícheanna na Coda so den Acht so cúirt ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so Cúirt Choiriúil Speisialta.

(2) Féadfaidh an Riaghaltas, pé uair is dóich leo is gá no is inmhianuithe san a dhéanamh, an méid sin cúirteanna sa bhreis is oiriúnach leo do bhunú chun crícheanna na Coda so den Acht so agus gach cúirt fé leith a bunófar amhlaidh bhéarfar mar ainm agus mar theideal uirthi-sin freisin agus gairmtear di san Acht so Cúirt Choiriúil Speisialta.

(3) Pé uair a bheidh dhá Chúirt Choiriúla Speisialta no níos mó ann fén Acht so féadfaidh an Riaghaltas, más oiriúnach agus chó minic agus is oiriúnach leo é, líon na gCúirteanna san do laigheadú agus chuige sin an ceann no na cinn sin, de sna Cúirteanna san a bheidh ann, a chífear don Riaghaltas do bheith iomarcach do dhíochur.

Có-dhéanamh Cúirteanna Coiriúla Speisialta.

39. —(1) Beidh gach Cúirt Choiriúil Speisialta bunófar fén gCuid seo den Acht so có-dhéanta den uimhir chorr san (nach lugha ná triúr) de bhaill a chinnfidh an Riaghaltas o am go ham agus féadfar uimhreacha deifriúla de bhaill do cheapadh amhlaidh alos Cúirteanna Coiriúla Speisialta deifriúla.

(2) Isé an Riaghaltas a cheapfaidh gach ball fé leith de Chúirt Choiriúil Speisialta agus féadfaidh an Riaghaltas é chur as oifig aon uair is toil leo é.

(3) Ní ceapfar aon duine chun bheith ina bhall de Chúirt Choiriúil Speisialta maran breitheamh den Ard-Chúirt no den Chúirt Chuarda no den Chúirt Dúithche é, no abhcóide go seasamh seacht mblian ar a laighead aige, no atúrnae go seasamh seacht mblian ar a laighead aige, no oifigeach de sna Fórsaí Cosanta nach ísle céim ná ceannphort.

(4) Féadfaidh an tAire Airgeadais an luach saothair agus na liúntaisí sin (más ann dóibh) is ceart dar leis an Aire sin d'íoc le gach ball de Chúirt Choiriúil Speisialta agus féadfar rátaí deifriúla luach saothair agus liúntaisí d'íoc amhlaidh le baill deifriúla d'aon Chúirt den tsórt san no leis na baill de Chúirteanna deifriúla den tsórt san.

(5) Féadfaidh an Riaghaltas na clárathóirí sin is oiriúnach leo do cheapadh chun crícheanna aon Chúirte Coiriúla Speisialta agus beidh gach clárathóir acu san i seilbh a oifige ar na téarmaí agus na coinníollacha san agus gheobha sé an luach saothair sin (más ann dó) ordóidh an tAire Airgeadais o am go ham.

Breitheanna Cúirteanna Coiriúla Speisialta.

40. —(1) An chomhairle ar a gcinnfear maidir le gach ceist a bheidh os cóir Cúirte Coiriúla Speisialta is do réir tuairime furmhór na mball den Chúirt Choiriúil Speisialta san a bheidh i láthair le linn a cinnte agus a bheidh páirteach ina cinneadh a bheidh sí ach ní nochtfaidh aon bhall ná oifigeach den Chúirt sin ce'ca bhí aon chinneadh den tsórt san aonghuthach no ná raibh ná, mara raibh an cinneadh san aonghuthach, tuairim aon bhaill áirithe den Chúirt sin.

(2) Isé chraolfaidh gach breith o Chúirt Choiriúil Speisialta ná an ball áirithe sin den Chúirt a chinnfidh an Chúirt agus ní chraolfaidh aon bhall eile den Chúirt an bhreith sin ná ní chuirfidh in úil ce'ca aontuíonn léi no ná haontuíonn.

Nós imeachta Cúirteanna Coiriúla Speisialta.

41. —(1) Beidh comhacht ag gach Cúirt Choiriúil Speisialta chun amanna agus áiteanna a suidheanna do cheapadh as a comhairle féin agus beidh urláimh aici ar gach slí ar a nós imeachta féin agus chuige sin déanfaidh, le haontú an Aire Dlighidh agus Cirt, rialacha ag rialáil a cleachta agus a nós imeachta agus féadfaidh go sonnrách socrú a dhéanamh leis na rialacha san i dtaobh gairmeacha do thabhairt amach, i dtaobh an nóis imeachta chun daoine do thabhairt os a cóir (fé choimeád no fé bhannaí) chun a dtrialta, i dtaobh na puiblíochta do leigint isteach chun a suidheanna no do dhúnadh amach uatha, i dtaobh a chur fhiachaint ar fhínnéithe teacht i láthair, agus i dtaobh scríbhinní do thabhairt i láthair.

(2) Beidh Cúirt Choiriúil Speisialta shuidhfidh chun duine do thriail no chun aon ordú do dhéanamh no chun aon dlighinse no feidhm eile d'fheidhmiú có-dhéanta d'uimhir chorr (nach lugha ná triúr) de bhaill den Chúirt sin a bheidh i láthair ag an suidhe sin agus páirteach ann.

(3) Fé réir forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so agus gan dochar dóibh, féadfaidh Cúirt Choiriúil Speisialta aon chomhacht, dlighinse no feidhm d'fheidhmiú d'ainneoin folúntas no folúntaisí do bheith imeasc ball na cúirte sin.

(4) Fé réir forálacha an Achta so, an cleachtadh agus an nós imeachta bhaineann le duine do thriail ar a dhíotáil sa Phríomh-Chúirt Choiriúil bainfid, sa mhéid gur féidir é, le duine do thriail ag Cúirt Choiriúil Speisialta agus na rialacha i dtaobh fianaise is infheidhmithe le linn duine do thriail amhlaidh sa Phríomh-Chúirt Choiriúil bainfid le gach triail a dhéanfaidh Cúirt Choiriúil Speisialta.

Orduithe Cúirteanna Coiriúla Speisialta do dhílsedheimhniú.

42. —(1) Déanfar gach ordú no gníomh eile o Chúirt Choiriúil Speisialta do dhílse-dheimhniú le sighniú clárathóra don Chúirt sin.

(2) Gach scríbhinn do bhéarfaidh le tuigsint gur ordú no gníomh eile o Chúirt Choiriúil Speisialta í agus í bheith dílse-dheimhnithe le sighniú clárathóra don Chúirt sin glacfar í i bhfianaise i ngach Cúirt agus tuigfear gur ordú no gníomh eile (do réir mar a bheidh) ón gCúirt Choiriúil Speisialta san í gan an sighniú go dtabharfaidh an t-ordú no an gníomh san le tuigsint í bheith dílse-dheimhnithe leis do chruthú ná a chruthú gur chlárathóir don Chúirt Choiriúil Speisialta san an duine go dtabharfaidh an sighniú san le tuigsint gurb é a shighniú é.

Dlighinse Chúirteanna Coiriúla Speisialta.

43. —(1) Beidh dlighinse ag Cúirt Choiriúil Speisialta chun duine ar bith do bhéarfar os cóir na Cúirte sin go dleathach chun a thrialta fén Acht so do thriail agus do chiontú no do shaoradh agus beidh aici fós na fo-dhlighinsí seo leanas, sé sin le rá:—

(a) dlighinse chun gach duine chiontóidh an Chúirt sin i gcionta ar bith do dhaoradh chun an phionóis d'fhulang a foráltar le dlí alos an chionta san;

(b) dlighinse chun a cheangal ar dhuine, in ionad no i dteanta aon ordú eile do dhéanamh i dtaobh an duine sin, dul i gcoraíocht i láthair na Cúirte Coiriúla Speisialta san no i láthair breithimh den Chúirte Dúithche, sa méid sin ordóidh agus go n-urraithe no ina n-éamais do réir mar ordóidh an Chúirt Choiriúil Speisialta san, ar an síocháin do choimeád agus ar bheith dea-iompartha go ceann na tréimhse sin a luadhfaidh an Chúirt sin;

(c) dlighinse chun a ordú aon duine cuirfear, a cuirfear ar aghaidh, a haistreofar no do bhéarfar ar shlí eile chun a thrialta ag an gCúirt sin do choinneáil, fé choimeád síbhialta no míleata, agus chun é choinneáil amhlaidh, no chun é scaoileadh fé bhannaí ar n-a dtabhairt sa mhéid sin ordóidh agus go n-urraithe no ina n-éamais do réir mar ordóidh an Chúirt sin, go dtí go dtriailfidh an Chúirt sin é agus ar feadh agus tar éis na trialach san go dtí n-a chiontú no a shaoradh;

(d) comhacht chun fínnéithe do chur fé mhionn;

(e) dlighinse agus comhacht chun pionós do chur, sa tslí chéanna agus i gcásanna den tsórt chéanna ina ndeineann an Ard-Chúirt é, ar gach duine gheobhaidh an Chúirt Choiriúil Speisialta san ciontach i ndísbeagadh na Cúirte sin no aon bhaill di, pe'ca i láthair na Cúirte sin a déanfar an dísbeagadh san no nach eadh;

(f) comhacht, maidir le coraíochtaí agus bannaí ina raghfar i láthair na Cúirte Coiriúla Speisialta san, chun na gcoraíocht agus na mbannaí sin do bhaint amach sa tslí chéanna agus i gcásanna den tsórt chéanna ina mbaineann an Chúirt Dúithche amach coraíochtaí agus bannaí ina dtéightear ina láthair.

(2) Na forálacha den Chuid seo den Acht so i dtaobh breitheanna daortha chun príosúntachta bhéarfaidh Cúirteanna Coiriúla Speisialta uatha d'fheidhmiú agus na rialacháin a déanfar fé sna forálacha san beidh feidhm agus éifeacht acu maidir le horduithe d'fheidhmiú dhéanfaidh Cúirteanna Coiriúla Speisialta fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so chun daoine do choinneáil fé choimeád, síbhialta no míleata.

Athchomharc chun na Cúirte Athchomhairc Choiriúil.

44. —(1) Féadfaidh duine chiontóidh Cúirt Choiriúil Speisialta in aon chionta no dhaorfaidh Cúirt Choiriúil Speisialta chun aon phionóis d'fhulang athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte Athchomhairc Choiriúil i gcoinnibh an chiontuithe no an daortha san más rud é agus amháin más rud é go bhfuighidh deimhniú ón gCúirt Choiriúil Speisialta san á dheimhniú gur cás oiriúnach chun athchomhairc an cás no, má dhiúltuíonn an Chúirt Choiriúil Speisialta don deimhniú san do dheonadh, go ndéanfaidh an Chúirt Athchomhairc Choiriúil, de bharr athchomhairc i gcoinnibh an diúltuithe sin, cead do dheonadh don duine sin chun athchomharc do dhéanamh fén alt so.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag ailt 28 go 30 agus ag ailt 32 go 35 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) , agus ag ailt 5, 6, agus 7 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 (Uimh. 15 de 1928) , maidir le hathchomhairc fén alt so fé mar atá feidhm agus éifeacht acu maidir le hathchomhairc fé alt 31 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 .

Imeachta sa Chúirt Dúithche maidir le ciontaí sceidealta.

45. —(1) Pé úair do bhéarfar duine os cóir breithimh den Chúirt Dúithche agus é á chúiseamh i gcionta sceidealta go mbeidh dlighinse ag an mbreitheamh san deighleáil leis ar an slí achmair déanfaidh an breitheamh san, má iarrann an tArd-Aighne é, an duine sin do chur (fé choimeád no fé bhannaí) chun a thrialta ag Cúirt Choiriúil Speisialta sa chúis sin.

(2) Pé uair do bhéarfar duine os cóir breithimh den Chúirt Dúithche agus é á chúiseamh i gcionta sceidealta is cionta indíotálta agus a ghlacfaidh an breitheamh san faisnéisí i dtaobh na cúise sin agus a chuirfe sé an duine sin ar aghaidh chun a thrialta sa chúis sin déanfaidh an breitheamh san (mara n-orduighidh an tArd-Aighne a mhalairt) an duine sin do chur ar aghaidh fé choimeád no, le toiliú an Ard-Aighne, saor fé bhannaí chun a thrialta ag Cúirt Choiriúil Speisialta sa chúis sin.

(3) Má deintear fén alt so duine do chur no do chur ar aghaidh fé choimeád, chun a thrialta ag Cúirt Choiriúil Speisialta, is dleathach don Ard-Chúirt, ar n-a iarraidh sin don duine sin, leigint dó bheith saor fé sna bannaí sin (go n-urraithe no ina n-éamais) a cheapfaidh an Ard-Chúirt go dtiocfaidh go cuibhe os cóir na Cúirte Coiriúla Speisialta is ceart chun a thrialta sa chúis inar cuireadh ar aghaidh amhlaidh é.

Imeachta sa Chúirt Dúithche maidir le ciontaí nea-sceidealta.

46. —(1) Pé uair do bhéarfar duine os cóir breithimh den Chúirt Dúithche agus é á chúiseamh i gcionta nach cionta sceidealta agus is cionta go mbeidh dlighinse ag an mbreitheamh san deighleáil leis ar an slí achmair, déanfaidh an breitheamh san, má iarrann an tArd-Aighne é agus go ndeimhneoidh i scríbhinn gurb é a thuairim nach leor na gnáth-chúirteanna chun a chur in áirithe go riarfaí ceart go héifeachtúil agus go gcoimeádfaí an tsíocháin agus an t-ord puiblí maidir le triail an duine sin sa chúis sin, an duine sin do chur (fé choimeád no fé bhannaí) chun a thrialta ag Cúirt Choiriúil Speisialta sa chúis sin.

(2) Pé uair do bhéarfar duine os cóir breithimh den Chúirt Dúithche agus é á chúiseamh i gcionta indíotálta nach cionta sceidealta agus a ghlacfaidh an breitheamh san faisnéisí i dtaobh na cúise sin agus a chuirfe sé an duine sin ar aghaidh chun a thrialta sa chúis sin déanfaidh an breitheamh san, má hiarrtar san air ag an Ard-Aighne no thar a cheann agus an t-iarratas san bunuithe ar dheimhniú an Ard-Aighne á dheimhniú gurb é a thuairim nach leor na gnáth-chúirteanna chun a chur in áirithe go riarfaí ceart go héifeachtúil agus go gcoimeádfaí an tsíocháin agus an t-ord puiblí maidir le triail an duine sin sa chúis sin, an duine sin do chur ar aghaidh fé choimeád no, le toiliú an Ard-Aighne, saor fé bhannaí chun a thrialta ag Cúirt Choiriúil Speisialta sa chúis sin.

(3) Má deintear fén alt so duine do chur no do chur ar aghaidh, fé choimeád, chun a thrialta ag Cúirt Choiriúil Speisialta, is dleathach don Ard-Chúirt, ar n-a iarraidh sin don duine sin, leigint dó bheith saor fé sna bannaí sin (go n-urraithe no ina n-éamais) a cheapfaidh an Ard-Chúirt go dtiocfaidh go cuibhe os cóir na Cúirte Coiriúla Speisialta is ceart chun a thrialta sa chúis inar cuireadh ar aghaidh amhlaidh é.

Cúis do thabhairt os cóir Cúirte Coiriúla Speisialta in ionad na Cúirte Dúithche.

47. —(1) Pé uair a beifear ar intinn duine do chúiseamh i gcionta sceidealta féadfaidh an tArd-Aighne, más ceart san dar leis, a ordú go ndéanfar, in ionad an duine sin do chúiseamh sa chionta san i láthair breithimh den Chúirt Dúithche, an duine sin do thabhairt os cóir Cúirte Coiriúla Speisialta agus é chúiseamh ansan sa chionta san agus, ar thabhairt an orduithe sin amhlaidh, bhéarfar an duine sin os cóir Cúirte Coiriúla Speisialta agus cúiseofar sa chionta san é i láthair na Cúirte sin agus triailfidh an Chúirt sin é sa chúis sin.

(2) Pé uair a beifear ar intinn duine do chúiseamh i gcionta nach cionta sceidealta agus a dheimhneoidh an tArd-Aighne gurb é a thuairim nach leor na gnáth-chúirteanna chun a chur in áirithe go riarfaí ceart go héifeachtúil agus go gcoimeádfaí an tsíocháin agus an t-ord puiblí maidir le triail an duine sin sa chúis sin, beidh feidhm agus éifeacht ag an bhfo-alt san roimhe seo den alt so fé is dá mba chionta sceidealta an cionta go mbeifear ar intinn amhlaidh an duine sin do chúiseamh ann.

(3) Pé uair is gá do réir an ailt seo duine do thabhairt os cóir Cúirte Coiriúla Speisialta agus é chúiseamh sa chionta san i láthair na Cúirte sin, is dleathach don Chúirt Choiriúil Speisialta san barántas do thabhairt amach chun an duine sin do ghabháil agus do thabhairt os cóir na Cúirte sin agus, ar thabhairt amach an bharántais sin, is dleathach an duine sin do ghabháil fé agus do thabhairt fé choimeád os cóir na Cúirte sin.

Trialacha d'aistriú o ghnáth-Chúirteanna chun Cúirte Coiriúla Speisialta.

48. —Pé uair a dhéanfaidh breitheamh den Chúirt Dúithche duine bheidh á chúiseamh i gcionta do chur ar aghaidh chun a thrialta ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil no ag an gCúirt Chuarda sa chúis sin, ansan agus i ngach cás den tsórt san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má dheimhníonn an tArd-Aighne gurb é a thuairim nach leor na gnáth-chúirteanna chun a chur in áirithe go riarfaí ceart go héifeachtúil agus go gcoimeádfaí an tsíocháin agus an t-ord puiblí maidir le triail an duine sin sa chúis sin cuirfidh an tArd-Aighne fé ndeár iarratas, ar n-a bhunú ar an deimhniú san uaidh, do dhéanamh thar a cheann chun na hArd-Chúirte á iarraidh go ndéanfaí triail an duine sin sa chúis sin d'aistriú chun Cúirte Coiriúla Speisialta, agus ar éisteacht an iarratais sin déanfaidh an Ard-Chúirt an t-ordú do hiarradh agus leis sin tuigfear an duine sin do bheith curtha ar aghaidh chun Cúirte Coiriúla Speisialta chun a thrialta sa chúis sin;

(b) pé uair a dhéanfaidh an Ard-Chúirt, fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, ordú den tsórt a luaidhtear sa mhír sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) seirbheálfaidh ball den Ghárda Síochána cóip den ordú san ar an duine sin,

(ii) cuirfear cóip den ordú san chun an chlárathóra chontae oiriúnaigh,

(iii) bhéarfar an duine sin os cóir Cúirte Coiriúla Speisialta chun a thrialta san am agus san áit sin ordóidh an Chúirt sin,

(iv) má bhíonn an duine sin fé choimeád nuair a déanfar an t-ordú san féadfar é choinneáil fé choimeád go dtí go dtabharfar os cóir na Cúirte Coiriúla Speisialta san é chun a thrialta,

(v) má bhíonn an duine sin saor fé bhannaí nuair a déanfar an t-ordú san tuigfear na bannaí sin do bheith ina mbannaí ar é theacht os cóir Cúirte Coiriúla Speisialta chun a thrialta san am agus san áit sin ordóidh an Chúirt sin agus, mara dtagaidh os cóir na Cúirte sin amhlaidh, tuigfear é do bhriseadh a bhannaí agus bainfear amach iad dá réir sin.

An Chúirt Choiriúil Speisialta thriailfidh duine do roghnú.

49. —Más rud é go ndéanfaidh breitheamh den Chúirt Dúithche duine do chur (i gcás cionta is intrialta ar an slí achmair) no do chur ar aghaidh (i gcás cionta indíotálta) chun Cúirte Coiriúla Speisialta chun a thrialta no go ndéanfar triail duine d'aistriú fén Acht so chun Cúirte Coiriúla Speisialta no go mbeidh duine le cúiseamh i láthair Cúirte Coiriúla Speisialta agus le triail aici, beidh éifeacht ag an gceann no ag na cinn sin de sna forálacha so leanas a bhainfidh leis an gcás, sé sin le rá:—

(a) má deintear duine do chur no do chur ar aghaidh amhlaidh ní luadhfaidh an breitheamh an Chúirt Choiriúil Speisialta áirithe chun a ndéanfaidh an duine sin do chur no do chur ar aghaidh chun a thrialta;

(b) má haistrítear triail duine amhlaidh, ní luadhfar in ordú déanta an aistrithe sin an Chúirt Choiriúil Speisialta áirithe chun a n-aistreofar an triail sin;

(c) mara mbeidh ach aon Chúirt Choiriúil Speisialta amháin ann fén Acht so le linn an churtha no an churtha-araghaidh sin no an aistrithe sin (do réir mar a bheidh), tuigfear gur chun na haon Chúirte Coiriúla Speisialta amháin sin a déanfar an cur no an cur-ar-aghaidh no an t-aistriú san;

(d) mara mbeidh ach aon Chúirt Choiriúil Speisialta amháin ann fén Acht so nuair a bheidh an duine sin le cúiseamh agus le triail amhlaidh cúiseofar an duine sin i láthair na Cúirte Coiriúla Speisialta san agus triailfe sí é;

(e) má bhíonn dhá Chúirt Choiriúla Speisialta no níos mó ann fén Acht so le linn an churtha no an churtha-ar-aghaidh sin no an aistrithe sin no an chúisimh sin (do réir mar a bheidh), is dleathach don Ard-Aighne a chur fé ndeár go n-iarrfaí thar a cheann ar an gCúirt Choiriúil Speisialta san is ceart dar leis ordú á ordú go dtriailfeadh an Chúirt sin an duine sin no go gcúiseofaí i láthair na Cúirte sin é agus go dtriailfeadh sí é agus leis sin déanfaidh an Chúirt sin an t-ordú a hiarrfar amhlaidh;

(f) ar dhéanamh an orduithe luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den alt so beidh éifeacht ag na forálacha san acu so leanas a bhainfidh leis an gcás, sé sin le rá:—

(i) tuigfear an duine sin do bheith curtha no curtha ar aghaidh chun a thrialta ag an gCúirt Choiriúil Speisialta do rinne an t-ordú san agus gníomhóidh gach n-aon le n-a mbainfidh dá réir sin, no

(ii) tuigfear triail an duine sin do bheith aistrithe chun na Cúirte Coiriúla Speisialta san agus gníomhóidh gach n-aon le n-a mbainfidh dá réir sin, no

(iii) cúiseofar an duine sin i láthair na Cúirte Coiriúla Speisialta san agus triailfe sí é agus gníomhóidh gach n-aon le n-a mbainfidh dá réir sin.

Orduithe agus breitheanna Cúirteanna Coiriúla Speisialta.

50. —(1) Lasmuich de chás dá bhforálfar a mhalairt le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, gach ordú a dhéanfaidh no breith do bhéarfaidh Cúirt Choiriúil Speisialta cuirfear é i bhfeidhm ag na húdaráis agus na hoifigigh gur ghá dhóibh, agus sa tslí inar ghá, do réir dlí ordú no breith den tsórt chéanna do dhéanfadh no do bhéarfadh an Phríomh-Chúirt Choiriúil do chur i bhfeidhm.

(2) Tiocfaidh as gach ordú, ciontú, agus breith a dhéanfaidh no a bhéarfaidh Cúirt Choiriúil Speisialta iarmartaí den tsórt chéanna i gcúrsaí dlí do thiocfadh as ordú no ciontú no breith den tsórt chéanna do dhéanfadh no do bhéarfadh an Phríomh-Chúirt Choiriúil agus, go sonnrách, gach ordú dhéanfaidh agus gach breith a bhéarfaidh Cúirt Choiriúil Speisialta bronnfaidh ar lucht a churtha i bhfeidhm na caomhanta agus na saoirsí céanna bronntar le dlí ortha san le linn ordú den tsórt chéanna ar n-a dhéanamh no breith den tsórt chéanna ar n-a tabhairt ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil do chur i bhfeidhm.

(3) Féadfaidh an tAire Dlighidh agus Cirt rialacháin do dhéanamh i dtaobh breitheanna pian-tseirbhíse no príosúntachta bhéarfaidh Cúirteanna Coiriúla Speisialta do chur i bhfeidhm agus i dtaobh na bpríosún agus na n-áiteanna eile ina gcarcarófar daoine ar a dtabharfar breitheanna den tsórt san agus i dtaobh cothabhála agus bainistí na n-áiteanna san agus féadfaidh an tAire sin freisin, más ceart san dar leis, an socrú speisialta san is oiriúnach leis do dhéanamh le scríbhinn fé n-a láimh i dtaobh aon bhreithe den tsórt san do chur i bhfeidhm alos aon phearsan áirithe, le n-a n-áirmhítear aon phearsa áirithe ar a dtabharfar breith den tsórt san d'aistriú chun coimeádta mhíleata.

(4) Féadfaidh an tAire Cosanta rialacháin do dhéanamh i dtaobh na n-áiteanna ina ndéanfar agus na slí go generálta ina ndéanfar daoine a haistreofar chun coimeádta mhíleata fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do choimeád fén gcoimeád san agus féadfaidh an tAire sin freisin, más ceart san dar leis, an socrú speisialta san is oiriúnach leis do dhéanamh le scríbhinn fé n-a láimh i dtaobh coimeád aon duine áirithe den tsórt san.

Duine d'fhanúint ina thost tré mhailís agus diúltú do phléideáil, etc.

51. —(1) Pé uair a dhéanfaidh duine bhéarfar os cóir Cúirte Coiriúla Speisialta chun a thrialta fanúint ina thost nuair a hiarrfar air freagra do thabhairt ar an gcúis a cuirfear ina leith, éistfidh an Chúirt an fhianaise sin (más ann di) do bhéarfar ar áird ina láthair san am agus san áit sin i dtaobh na ceiste ce'ca tré mhailís no toisc gur balbhán é atá an duine sin ina thost, agus

(a) más deimhin leis an gCúirt sin ón bhfianaise sin gur balbhán an duine sin, tiocfaidh de sin gach ní do thiocfadh dá bhfaghadh Breitheamh ina shuidhe sa Phríomh-Chúirt Choiriúil gur bhalbhán an duine sin, agus

(b) maran deimhin sin leis an gCúirt sin no mara dtugtar aon fhianaise den tsórt san ar áird ordóidh an Chúirt sin a chur síos don duine sin gur fhreagair sé ná raibh sé ciontach.

(2) Pé uair do bhéarfar duine os cóir Cúirte Coiriúla Speisialta chun a thrialta agus fhailleoidh sé no dhiúltóidh i slí ar bith seachas tré fhanúint ina thost, freagra do thabhairt, nuair a hiarrfar san air, ar an gcúis a cuirfear ina leith ordóidh an Chúirt sin (gan dochar dá comhachta fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so) a chur síos don duine sin gur fhreagair sé ná raibh sé ciontach.

(3) Pé uair, le linn aon chéime dá thriail i láthair Cúirte Coiriúla Speisialta, a dhiúltóidh duine, tré aon ghníomh no faillí, d'údarás no do dhlighinse na Cúirte sin d'admháil no a dhéanfa sé aon ghníomh (seachas cur go dleathach, i bhfuirm chuibhe dhlí, i gcoinnibh dlighinse na Cúirte sin chun a thrialta) is dóich leis an gCúirt sin is ionann agus diúltú don Chúirt sin no d'údarás no do dhlighinse na Cúirte sin d'admháil, beidh an duine sin ciontach sa Chúirt sin do dhísbeagadh agus féadfaidh an Chúirt sin é phionósú dá réir sin.

Daoine coinnithe do scrúdú.

52. —(1) Pé uair a bheidh duine á choinneáil fé choimeád fé sna forálacha chuige sin atá i gCuid IV den Acht so, féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána a éileamh ar an duine sin, tráth ar bith le linn é bheith á choinneáil amhlaidh, cuntas iomlán do thabhairt uaidh ar a ghluaiseachtaí agus ar a ghníomhartha i rith aon tréimhse áirithe maraon le gach eolas a bheidh aige i dtaobh duine eile do dhéanamh aon chionta fé aon alt no fo-alt den Acht so no aon chionta sceidealta no do bheith ar intinn é dhéanamh.

(2) Má fhaillíonn no má dhiúltuíonn duine ar bith, ar a n-éileoidh ball den Ghárda Síochána fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so aon chuntas no eolas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san, an cuntas san no aon eolas den tsórt san do thabhairt don bhall san no má bheireann don bhall san aon chuntas no eolas a bheidh bréagach no míthreorach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí do chur air.

Saoirsí ball, etc., de Chúirteanna Coiriúla Speisialta.

53. —(1) Ní luighfidh aon aicsean, cúiseamh, ná imeacht eile, síbhialta ná coiriúil, i gcoinnibh aon bhaill de Chúirt Choiriúil Speisialta mar gheall ar aon ordú do rinne no ciontú no breith do thug no ní eile do rinne an Chúirt sin ná mar gheall ar éinní do rinne an ball san i gcúrsa a dhualgaisí do chólíonadh no a chomhachta d'fheidhmiú mar bhall den Chúirt sin ná ar shlí eile ina fheadhmannas mar bhall den Chúirt sin, pe'ca ba ghá an ní sin chun na ndualgas san do chólíonadh no chun na gcomhacht san d'fheidhmiú no nár ghá.

(2) Ní luighfidh aon aicsean ná imeacht eile um aithisiú i gcoinnibh duine ar bith mar gheall ar éinní do scríobh no adubhairt agus é ag tabhairt fianaise, i scríbhinn no de bhreithre béil, i láthair Cúirte Coiriúla Speisialta no chun í d'úsáid in imeachta i láthair Cúirte Coiriúla Speisialta.

(3) Ní luighfidh aon aicsean, cúiseamh, ná imeacht eile, síbhialta ná coiriúil, i gcoinnibh aon chlárathóra, cléirigh, ná seirbhísigh do Chúirt Choiriúil Speisialta mar gheall ar ní ar bith do rinne agus é ag cólíonadh a dhualgas mar chlárathóir, cléireach, no seirbhíseach den tsórt san, pe'ca ba ghá an ní sin chun na ndualgas san do chólíonadh no nár ghá.