An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Aitreabhacha do Chlaru.)

24 1939

ACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939

CUID II.

Bord Cuartaiochta na hÉireann do Bhunu agus a gComhachta Generalta.

Códhéanamh Bhord Cuartaíochta na hÉireann.

4. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith bunófar do réir an Achta so bord ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Bord Cuartaíochta na hÉireann chun na bhfeidhmeanna ceaptar dóibh leis an Acht so do chólíonadh.

(2) Beidh an Bord ina gcólucht corparuithe go síor-chomharbas agus féadfaid dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí leo fé n-a n-ainm chorparuithe agus féadfaid talamh do shealbhú agus do chur dá láimh.

(3) Isiad a bheidh ar an mbord an méid sin ball (nach mó ná cúigear) a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais o am go ham.

(4) Isé an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a cheapfaidh baill an Bhúird agus gach duine ceapfar amhlaidh ina bhall den Bhord beidh sé i seilbh oifige (marab éag no eirghe as no teacht fé dhícháilíocht roimhe sin dó) go ceann na tréimhse sin, nach sia ná cúig bliana, a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, le linn an duine sin do cheapadh agus beidh gach duine den tsórt san ion-athcheaptha i gcionn a théarma oifige.

(5) O am go ham ceapfaidh an tAire ball den Bhord ina Chathaoirleach ar an mBord.

(6) Íocfar le gach ball den Bhord, as na cistí bheidh ar a gcur ag an mBord, an luach saothair sin agus na liúntaisí sin in aghaidh costaisí ordóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, le linn an ball san do cheapadh.

Baill den Bhord do bheith dícháilithe chun bheith ina gcomhaltaí den Oireachtas.

5. —Beidh gach ball den Bhord, faid a bheidh i seilbh oifige mar bhall den tsórt san, dí-cháilithe chun a ainmnithe no a thoghtha agus chun suidhe no íocaíocht d'fháil mar chomhalta de Dháil Éireann no de Sheanad Éireann.

Có-shéala an Bhúird.

6. —(1) Soláthróidh agus sealbhóidh an Bord có-shéala, agus déanfar an séala san do dhílse-dheimhniú le sighniú chathaoirleach an Bhúird no baill éigin eile dhe go n-údarás aige ón mBord chun gníomhú chuige sin agus le sighniú oifigigh don Bhord go n-údarás cuibhe aige ón mBord chun gníomhú chuige sin.

(2) Bhéarfaidh gach cúirt bhreithiúnais áird ar shéala an Bhúird i gcúrsaí breithiúnais agus gach scríbhinn a bhéarfaidh le tuigsint gur ordú no ionstruim eile í do rinne an Bord agus go bhfuil sí séaluithe le séala an Bhúird (agus an séala san á thabhairt le tuigsint é bheith dílse-dheimhnithe do réir an ailt seo) glacfar i bhfianaise í agus is tuigthe gurb í an t-ordú no an ionstruim sin í gan a thuilleadh cruthúnais mara gcruthuítear a mhalairt.

Baill den Bhord do chur as oifig.

7. —Pé uair is ceart san dar leis féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ball no baill no gach ball den Bhord do chur as oifig.

Baill den Bhord d'eirghe as oifig no do theacht fé dhí-cháilíocht.

8. —(1) Féadfaidh ball den Bhord aon uair eirghe as a oifig mar bhall den tsórt san tré leitir do dhíriú agus do chur chun an Aire.

(2) Má thárlann agus pé uair a thárlóidh go mbreithiúnófar ball den Bord ina fhéimhí, no go ndéanfaidh socrú no réiteach le n-a chreidmheasóirí, no go ndaorfaidh cúirt dlighinse inniúla chun príosúntachta no pian-tseirbhíse é, no go scuirfidh de bheith ina ghnáth-chomhnaí in Éirinn, beidh sé dí-cháilithe chun bheith agus scuirfidh de bheith i seilbh oifige mar bhall den Bhord.

Cruinnithe agus nós imeachta an Bhúird.

9. —(1) Beidh ag an mBord pé cruinnithe agus pé méid cruinnithe, agus san pé tráthanna, is gá chun a bhfeidhmeanna do chólíonadh sa cheart.

(2) Triúr is quorum d'aon chruinniú den Bhord.

(3) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, rialáfaidh an Bord le buan-orduithe no eile an nós imeachta bheidh le leanúint agus an gnó bheidh le déanamh ag á gcruinnithe.

(4) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas no folúntaisí do bheith imeasc a mball.

Cuntaisí agus iniúchadh.

10. —(1) Coimeádfaidh an Bord, sa bhfuirm a cheadóidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, gach cuntas is ceart agus is gnáth ar gach airgead do gheobhaid no chaithfid agus go sonnrách coimeádfaid sa bhfuirm sin adubhradh gach cuntas speisialta ordóidh an tAire uaidh féin no ar iarratas an Aire Airgeadais o am go ham.

(2) Iniúchfar cuntaisí an Bhúird in aghaidh gach bliana fé leith fé cheann nócha lá, no pé tréimhse is sia ná san a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe, tar éis deireadh na bliana san agus scríobhfar tuarasgabháil ortha ag iniúchóirí cuibhe-cháilithe a cheapfaidh an tAire chuige sin go bliantúil le toiliú an Aire Airgeadais agus íocfaidh an Bord táillí na n-iniúchóirí sin agus costaisí generálta na n-iniúchta san.

(3) Díreach tar éis gach iniúchta déanfar fén alt so ar chuntaisí an Bhúird cuirfidh an Bord chun an Aire cóip den chuntas chothromaíochta agus den chuntas sochair agus dochair mar a bheid rithte ag na hiniúchóirí maraon le cóip de thuarasgabháil na n-iniúchóirí, agus leagfaidh an tAire cóipeanna de sna scríbhinní sin fé bhráid gach Tighe den Oireachtas agus fós foillseoidh agus cuirfidh ar díol na scríbhinní sin.

Oifigigh agus seirbhísigh don Bhord.

11. —(1) Ceapfaidh an Bord pé oifigigh agus seirbhísigh agus pé méid oifigeach agus seirbhíseach a mheasfaid o am go ham do bheith ceart.

(2) Íocfaidh an Bord le n-a n-oifigigh agus le n-a seirbhísigh an luach saothair agus na liúntaisí a chinnfidh an Bord.

(3) Más oiriúnach leo é féadfaidh an Bord, chun duine do cheapadh chun post do líonadh i seirbhís an Bhúird, a iarraidh ar na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla duine do mholadh dhóibh chun a cheaptha chun an phuist sin agus, ar fháil an iarratais sin dóibh, déanfaidh na Coimisinéirí sin, fé réim agus do réir Achta na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 ( Uimh. 39 de 1926 ), duine do roghnú agus do mholadh don Bhord chun a cheaptha chun an phuist sin agus, más ceart san dar leo, roghnóid agus molfaid beirt no níos mó don Bhord le haghaidh an cheaptha sin, agus, ar fháil an mholta san o sna Coimisinéirí sin, ceapfaidh an Bord chun an phuist sin an duine bheidh molta ag na Coimisinéirí amhlaidh no, má bhíonn níos mó ná duine amháin molta amhlaidh, an duine sin den mhuintir a bheidh molta amhlaidh is ceart dar leis an mBord.

(4) Íocfaidh an Bord leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, as na cistí bheidh ar a gcur, na costaisí sin a ceapfar tré chó-aontú idir an Bord agus na Coimisinéirí sin le toiliú an Aire Airgeadais, no a cheapfaidh an tAire Airgeadais cheal có-aontuithe den tsórt san, i dtaobh na gCoimisinéirí sin do roghnú agus do mholadh daoine fén alt so chun postanna i seirbhís an Bhúird do líonadh.

(5) Gach suim do gheobhaidh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so is tuigthe, chun crícheanna míre (b) d'fho-alt (2) d'alt 12 d'Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 , gur táille í do híocadh leis na Coimisinéirí sin fén Acht san.

An Bord d'fheidhmiú a bhfeidhmeanna tré n-a n-oifigigh.

12. —Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so féadfaidh an Bord aon chomhacht no feidhm dá mbronntar no dá bhforchuirtear ar an mBord leis an Acht so d'fheidhmiú no do chólíonadh tré éinne dá n-oifigigh no dá seirbhísigh go n-údarás aige chuige sin ón mBord.

Leas i gconnradh do nochtadh.

13. —Ball den Bhord ag á mbeidh leas ar bith in aon chuideachtain no gnóthas go mbeidh an Bord chun aon chonnradh do dhéanadh leo no ag á mbeidh leas ar bith sa chonnradh san, nochtfaidh don Bhord an leas san do bheith aige agus cadé an saghas é, agus ní thógfaidh an ball san aon pháirt in aon bhreithniú no cinneadh dhéanfaidh an Bord i dtaobh an chonnartha san agus breacfar an nochtadh san i miontuairiscí an Bhúird.

Comhachta generálta an Bhúird.

14. —I dteanta na gcomhacht sonnrách a bronntar ar an mBord leis an Acht so agus na ndualgas a forchuirtear ar an mBord leis an Acht so, is dleathach don Bhord gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh, sá sin le rá:—

(a) congnamh airgeadais (agus iasacht airgid d'áireamh) no congnamh eile do thabhairt chun cóiríocht do chuairteoirí do chur ar fáil no do mhéadú no d'fheabhsú;

(b) tithe ósta, tithe aoidheachta, brughanna saoire, teagh laigh shaoire, brughanna ógraidh agus campaí saoire do thógáil, do bhunú, do ghléasadh, no d'oibriú no congnamh airgeadais (agus iasacht airgid d'áireamh) no congnamh eile do thabhairt chun iad do thógáil, do bhunú, do ghléasadh, no d'oibriú;

(c) seirbhísí, spórtanna, caitheamh aimsire no saoráidí eile is dóich leis an mBord d'fheabhsódh trácht cuartaíochta do chur ar fáil no congnamh airgeadais (agus iasacht airgid d'áireamh) no congnamh eile do thabhairt chuige sin;

(d) na taithneamhachtaí agus na coinníollacha is dóich leis an mBord do dhéanfadh deifir don trácht cuartaíochta d'fheabhsú agus do chothabháil;

(e) aon tsaghas fógraíochta do dhéanamh maidir le trácht cuartaíochta;

(f) aon tsaghas gníomhaireachta do bhunú maidir le trácht cuartaíochta no cabhrú chun é bhunú;

(g) scéimeanna do cheapadh chun daoine do thréineáil chun obair do dhéanamh a bhaineann ar fad no go furmhór le trácht cuartaíochta no cabhrú chun a gceaptha;

(h) leabhair eolais, pleananna turuis, am-chláir, agus foillseacháin eile d'ullamhú agus d'fhoillsiú chun tairbhe no mar chongnamh do chuairteoirí.

Deontas neamhionaisíoctha don Bhord.

15. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar n-a mholadh san don Aire, na suimeanna theastóidh ón mBord o am go ham agus nach mó le chéile ná cúig mhíle ceathrachad punt in aon bhliain airgeadais áirithe d'íoc leis an mBord as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Ní bheidh suimeanna a híocfar fén alt so leis an mBord ionaisíoctha.

Roimh-íocanna ionaisíoctha don Bhord.

16. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar n-a mholadh san don Aire, na suimeanna theastóidh ón mBord o am go ham agus nach mó le chéile ná sé chéad míle punt do roimh-íoc leis an mBord as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis.

(2) Lasmuich de chás ina n-údaróidh an tAire Airgeadais a mhalairt ar n-a mholadh san don Aire, ní chaithfidh an Bord suimeanna roimh-íocfar fén alt so leis an mBord ach ar oibreacha, ar shuncála, no ar iasachtaí fén Acht so de shórt do bheireann brabús.

(3) Na suimeanna roimh-íocfar leis an mBord fén alt so beid ionaisíoctha maraon le hús mar a foráltar leis na forálacha ina dhiaidh seo den Acht so, ach d'ainneoin éinní atá sna forálacha san is dleathach don Aire Airgeadais tráth ar bith, ar n-a mholadh san don Aire, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) aisíoc aon tsuime no coda d'aon tsuim do roimh-íocadh amhlaidh, no aisíoc aon tráthchoda d'aon tsuim den tsórt san no aon choda d'aon tráthchuid den tsórt san, do mhaitheamh ar fad no do chur ar athló go ceann aon aimsire is dóich leis is ceart,

(b) íoc úis ar aon tsuim no ar aon chuid d'aon tsuim do roimhíocadh amhlaidh do mhaitheamh ar fad no do chur ar athló go ceann aon aimsire is dóich leis is ceart.

(4) Chun soláthar do dhéanamh chun suimeanna do roimh-íoc as an bPrímh-Chiste fén alt so féadfaidh an tAire Airgeadais na suimeanna is gá chuige sin d'fháil ar iasacht ar urrús an Phrímh-Chiste no a thoradh fáis agus, chun críche na hiasachta san, féadfaidh an tAire sin urrúis do bhunú agus do thabhairt amach fé pé ráta úis agus fé réir pé coinníollacha, maidir le haisíoc, fuascailt, no eile, is oiriúnach leis agus íocfaidh isteach sa Stát-Chiste an t-airgead uile gheobhfar ar iasacht amhlaidh.

(5) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc colna agus úis na n-urrús uile do bhéarfar amach fén alt so.

Us d'íoc ar roimh-íocanna ionaisíoctha.

17. —(1) Íocfaidh an Bord leis an Aire Airgeadais, ar gach suim a roimh-íocfar leis an mBord as an bPrímh-Chiste fén Acht so agus is ionaisíoctha, ús o dháta roimh-íoctha na suime sin go dtí n-a haisíoc do réir an ráta cheapfaidh an tAire Airgeadais o am go ham i leith na suime sin, agus is ina íocaíochtaí leath-bhliantúla, ar na laetheanta san i ngach bliain a cheapfaidh an tAire Airgeadais o am go ham, a híocfar an t-ús san amhlaidh.

(2) Má fhaillíonn an Bord aon ús is iníoctha acu fén alt so d'íoc leis an Aire Airgeadais an tráth a bheidh ceaptha chuige sin fén alt so, íocfaidh an Bord leis an Aire sin ús, do réir an ráta cheapfaidh an tAire sin, ar an ús a bheidh gan íoc amhlaidh ón tráth a bheidh ceaptha mar adubhradh go dtí go n-íocfar an céanna.

(3) An t-ús uile íocfaidh an Bord leis an Aire Airgeadais fén alt so déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí ordóidh an tAire sin.

Roimh-íocanna ionaisíoctha d'aisíoc.

18. —(1) Chun soláthar do dhéanamh chun an Bhúird d'aisíoc na roimh-íocanna déanfar leo as an bPrímh-Chiste fén Acht so agus is ionaisíoctha, déanfaidh an Bord leis an Aire Airgeadais íocaíochtaí leath-bhliantúla, ag tosnú ar pé dáta agus ag leanúint go ceann pé uimhir blian agus iad de pé méideanna agus iníoctha pé tráthanna cheapfaidh an tAire sin tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, agus féadfar dátaí, uimhreacha blian, méideanna agus tráthanna deifriúla den tsórt san do cheapadh amhlaidh i leith codanna deifriúla de sna roimh-íocanna san.

(2) Na híocaíochtaí leath-bhliantúla uile agus fé seach a bheidh le déanamh ag an mBord leis an Aire Airgeadais fén alt so cuirfidh an tAire sin iad ina gcistí fiach-laigheaduithe chun aisíoctha na gcodanna uile agus fé seach de sna roimh-íocanna gur ina n-aghaidh a déanfar na híocaíochtaí leath-bhliantúla san agus nuair a bheidh lán-uimhir na n-íocaíocht leath-bhliantúil a bheidh ceaptha fén alt so in aghaidh aon choda áirithe de sna roimh-íocanna san íoctha ag an mBord leis an Aire sin (maraon le haon ús a bheidh tagtha chun bheith iníoctha fén alt so i leith aon íocaíochta leath-bhliantúla acu san) is tuigthe an chuid sin de sna roimh-íocanna san do bheith lán-aisíoctha ag an mBord, gan dochar d'fhiachas an Bhúird i leith aon úis a bheidh gan íoc an tráth san i leith na coda san de sna roimh-íocanna san.

(3) Má fhaillíonn an Bord aon íocaíocht leath-bhliantúil áirithe no cuid áirithe d'íocaíocht leath-bhliantúil is iníoctha acu leis an Aire Airgeadais fén alt so d'íoc leis an Aire sin an tráth a bheidh ceaptha chuige sin fén alt so, íocfaidh an Bord leis an Aire sin ar an íocaíocht leath-bhliantúil sin no ar an gcuid sin d'íocaíocht leath-bhliantúil ús, do réir an ráta cheapfaidh an tAire sin o am go ham ina leith, ón tráth a bheidh ceaptha mar adubhradh go dtí go n-íocfar an céanna.

(4) Íocfar isteach sa Stát-Chiste an t-airgead uile íocfaidh an Bord leis an Aire Airgeadais fén alt so in aisíoc roimh-íocanna.

(5) Na suimeanna uile íocfaidh an Bord leis an Aire Airgeadais fén alt so ar scór úis déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stat-Chiste sa tslí ordóidh an tAire sin.

An Bord do thógaint tailimh, etc., go héigeanta.

19. —(1) San alt so foluíonn an focal “talamh” talamh fé uisce agus foluíonn fós éasáidí, ceadanna slí, cirt uisce, cirt iascaireachta, cirt spóirt, agus cirt eile ar aon talamh no uisce no maidir leis.

(2) Más dóich agus pé uair is dóich leis an mBord gur ceart aon talamh do thógaint go héigeanta chun aon chomhacht dá mbronntar ortha no aon dualgas no feidhm dá gcuirtear ortha leis an Acht so d'fheidhmiú no do chólíonadh, féadfaidh an Bord, le hordú, a dhearbhú go bhfuilid ar intinn an talamh san do thógaint amhlaidh agus oibreoidh gach ordú den tsórt san chun lán-chomhacht do bhronnadh ar an mBord chun an tailimh a luadhfar ann do thógaint go héigeanta fé réim agus do réir an ailt seo.

(3) Pé uair a bheidh an Bord chun ordú do dhéanamh fén alt so chun aon talamh do thógaint cuirfid an méid sin in úil do Choimisiún Talmhan na hÉireann agus má chuireann an Coimisiún san in úil don Bhord, fé cheann trí mhí tar éis an eolais sin d'fháil, go bhfuil an Coimisiún san ar tí an tailimh sin do thógaint chun a gcrícheanna féin fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh ní dhéanfaidh an Bord an t-ordú san.

(4) Roimh ordú do dhéanamh dóibh fén alt so, déanfaidh an Bord—

(a) pé pleananna áirmheachtaí, agus scríbhinní eile a thaisbeánfaidh go hiomlán agus go soiléir cadé an talamh a beifear ar intinn a thógaint de bhuadh an orduithe do lóisteáil agus do choimeád ar fáil chun a n-iniúchta ina bpríomh-oifig no in áit oiriúnach éigin eile, agus

(b) fógra do thabhairt, sa tslí is dóich leo is fearr chun eolas do thabhairt do dhaoine gur dócha go ndéanfaidh an t-ordú san deifir dóibh, i dtaobh an Bord do bheith ar intinn a bhreithniú an ceart é dhéanamh agus i dtaobh na slí ina bhféadfar cúis do phlé agus agóidí do dhéanamh i dtaobh an orduithe, agus

(c) más oiriúnach leo é, fiosrúchán puiblí do chur ar siúl i dtaobh an orduithe do dhéanamh.

(5) Pé uair a thógfaidh an Bord fén alt so aon talamh a bheidh, go haonaránach no i dteanta tailimh eile, fé bhlianacht cheannaigh, no fé shuim bhliantúil is ionann agus blianacht cheannaigh is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) mara mbeidh an bhlianacht cheannaigh no an tsuim bhliantúil sin iníoctha ach ar an talamh a tógfar amhlaidh, féadfaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann a cheangal ar an mBord an bhlianacht cheannaigh no an tsuim bhliantúil sin d'fhuascailt;

(b) más ar an talamh a tógfar amhlaidh agus ar thalamh eile bheidh an bhlianacht cheannaigh no an tsuim bhliantúil sin iníoctha féadfaidh an Coimisiún san an bhlianacht cheannaigh no an tsuim bhliantúil sin do chionroinnt ar an talamh a tógfar amhlaidh agus an talamh eile sin, agus féadfaid a cheangal ar an mBord an cion den bhlianacht cheannaigh no den tsuim bhliantúil sin a leagfar de dhruim na cionroinnte sin ar an talamh a tógfar amhlaidh d'fhuascailt;

(c) pé uair a cheanglóidh an Coimisiún san ar an mBord amhlaidh aon bhlianacht cheannaigh no suim bhliantúil den tsórt san no an cion san di a leagfar amhlaidh d'fhuascailt, déanfaidh an Bord an bhlianacht cheannaigh no an tsuim bhliantúil sin no an cion san di a leagfar amhlaidh (do réir mar a bheidh) d'fhuascailt láithreach fé réim agus do réir na nAchtanna Talamh-Cheannaigh.

(6) Íocfaidh an Bord cúiteamh, i dtalamh a tógfar go héigeanta de bhuadh ordú fén alt so, leis na daoine uile agus fé seach ag á mbeidh teideal chuige no estáit no leasanna ann agus, cheal có-aontuithe, ceapfar an cúiteamh san fé réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

(7) Bainfidh ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, le haon chúiteamh is iníoctha ag an mBord fén alt so agus le haon talamh a tógfar go héigeanta de bhuadh ordú fén alt so do leithliú chun an Bhúird agus chun na críche sin is tuigthe gurb é an Bord bunuitheoir an ghnóthais.

(8) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le haon fhiosrúchán puiblí déanfar fén alt so—

(a) ceapfaidh an tAire duine ceart oiriúnach chun an fhiosrúcháin sin do dhéanamh;

(b) údaruítear leis seo don duine sin daoine bheidh ina bhfínnéithe sa bhfiosrúchán san do chur fé mhionn;

(c) aon duine le n-a mbainfidh abhar an fhiosrúcháin sin beidh sé i dteideal teacht i láthair é féin no tré abhcóide no atúrnae agus fianaise do thabhairt ar áird.

Rialacháin.

20. —Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní dá dtagartar san Acht so mar ní atá orduithe no le hordú.

An Bord do thabhairt eolais don Aire.

21. —Bhéarfaidh an Bord don Aire pé colas a theastóidh uaidh o am go ham maidir leis an mBord d'fheidhmiú a gcomhacht agus do chólíonadh a ndualgas.

Tuarasgabháil bhliantúil, staitistíocht agus tuairisceáin.

22. —(1) Bhéarfaidh an Bord don Aire gach bliain, ar an dáta agus sa bhfuirm a ordóidh an tAire, tuarasgabháil ar a n-imeachta fén Acht so i rith na bliana roimhe sin.

(2) Bhéarfaidh an Bord don Aire, pé tráthanna agus i pé fuirm agus slí ordóidh an tAire, an staitistíocht agus na tuairisceáin sin a theastóidh ón Aire.

(3) Leagfaidh an tAire fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é cóip de gach tuarasgabháil do bhéarfaidh an Bord dó fén alt so.