An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Aitreabhacha do Chlaru.) Ar Aghaidh (CUID V. Acht Tracht na gCuairteoiri (Feabhsu), 1931, do Leasu.)

24 1939

ACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939

CUID IV.

Liomataisti Speisialta do Bhunu.

Liomatáistí le n-a mbainfidh an Chuid seo den Acht seo.

48. —Ar n-a iarraidh sin air don Bhord féadfaidh an tAire, más ceart san dar leis, a dhearbhú le hordú go mbeidh aon líomatáiste áirithe ina líomatáiste le n-a mbainfidh an Chuid seo den Acht so.

Comhachta do bhronnadh ar an mBord maidir le líomatáistí le n-a mbainfidh an Chuid seo den Acht so.

49. —(1) Pé uair a dhearbhóidh an tAire, le hordú, go mbeidh líomatáiste ina líomatáiste le n-a mbainfidh an Chuid seo den Acht so féadfaidh o am go ham ar iarratas an Bhúird, más ceart san dar leis, gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh le hordú, sé sin le rá:—

(a) a údarú don Bhord na cláir sin do choimeád maidir leis an líomatáiste sin, is ceart dar leis an Aire agus a luadhfaidh san ordú san, de gach grúpa no d'aon ghrúpa no grúpaí acu so leanas, sé sin le rá:—

(i) tithe bordála agus saghsanna eile cóiríochta comhnaithe,

(ii) ionaid champála,

(iii) tithe bídh, caiféanna, agus bunúcháin dá samhail,

(iv) cinemaí, amharclanna, faithchí spóirt, promnáidí bannaí ceoil, áitreabhacha ina mbíonn cluichí no siamsa ar fáil ag an bpuiblíocht agus áiteanna siamsa phuiblí dá samhail, agus

(v) seirbhísí iompair áitiúla;

(b) na cinn sin is ceart dar leis d'fhorálacha Coda III den Acht so do chur i mbaint le haon chlár a húdarófar amhlaidh don Bhord do choimeád agus na forálacha san do chur i mbaint leis an gcéanna go n-atharú no gan atharú;

(c) na comhachta san do bhronnadh ar an mBord is ceart dar leis chun taithneamhachtaí an líomatáiste sin do bhuanchoimeád;

(d) na comhachta san do bhronnadh ar an mBord is ceart dar leis maidir le treoraithe, gárdaí trágha, agus freastalaithe in áiteanna suidhte do chur ar fáil agus do rialú (le n-a n-áirmhítear ceadúnú) sa líomatáiste sin;

(e) na forálacha san (ar a n-áirmhítear forálacha le n-a mbunófar ciontaí agus le n-a socrófar i dtaobh ciontuitheoirí do chúiseamh agus do phionósú) do dhéanamh is forálacha gheobhaidh le coimeád no leanfaidh as coimeád aon chláir a húdarófar amhlaidh don Bhord do choimeád no gheobhaidh le feidhmiú no leanfaidh as feidhmiú aon chomhachta bronnfar ar an mBord amhlaidh.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire fén alt so comhachta do thabhairt don Bhord chun buan-choimeád do dhéanamh ar thaithneamhachtaí líomatáiste le n-a mbainfidh an Chuid seo den Acht so agus a thárlóidh gurb ionann an líomatáiste sin no aon chuid de agus an líomatáiste no cuid den líomatáiste le n-a mbainfidh scéim pleanála fén Acht um Bailte agus Líomatáistí do Shíneadh Amach, 1934 (Uimh. 22 de 1934) , féachfaidh an tAire d'fhorálacha na scéime pleanála san.

Orduithe do leasú agus do cheiliúradh fén gCuid seo den Acht so.

50. —Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú bheidh déanta aige fén gCuid seo den Acht so (le n-a n-áirmhítear ordú fén alt so) do leasú no do cheiliúradh.

Orduithe fén gCuid seo den Acht so do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.

51. —Déanfar gach ordú fén gCuid seo den Acht so do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, fé cheann an lae is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar neambrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.