An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CEAD SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.) Ar Aghaidh (TRIU SCEIDEAL. Achtachain fe n-ar Udaras Áitiúil Bord Conganta Phuibli.)

27 1939

ACHT UM CHONGNAMH PHUIBLÍ, 1939

DARA SCEIDEAL.

Rialacha i dTaobh Ballraiocht agus Cruinnithe Bord Conganta Phuibli.

Toghacháin.

1.—(1) Na baill de bhord chonganta phuiblí bheidh le togha ag comhairle chontae toghfar iad ag an gcéad chruinniú cinn bliana den chomhairle sin a bheidh ann tar éis gach toghacháin chinn trí mblian do bhaill den chomhairle sin.

(2) Na baill de bhord chonganta phuiblí bheidh le togha ag bárdas contae-bhuirge toghfar iad ag an gcéad chruinniú cinn ráithe de chomhairle chathrach na contae-bhuirge sin a bheidh ann tar éis gach toghacháin chinn trí mblian no toghacháin chinn bliana (do réir mar a bheidh) do bhaill den chomhairle chathrach san.

2.—(1) Na baill de bhord chonganta phuiblí bheidh le togha ag comhairle chontae is mar leanas a toghfar iad:—

(a) do gach togha-líomatáiste chontae no cuid de thoghalíomatáiste chontae sa cheanntar chonganta phuiblí, toghfar ball den bhord as na comhairleoirí contae bheidh toghtha don líomatáiste sin;

(b) maidir leis na baill eile (dá ngairmtear baill bhreise sa riail seo) féadfaidh aon ghrúpa comhairleoirí ar a mbeidh an uimhir is gá de chomhairleoirí comhairleoir d'ainmniú chun bheith ina bhall den bhord agus ar dhéanamh an ainmnithe sin beidh an ball san toghtha gan aon vótáil;

(c) toghfar an chuid eile de sna baill bhreise ina nduine agus ina nduine le móráireamh de vótanna na gcomhairleoirí nach baill d'aon ghrúpa comhairleoirí den tsórt san roimhráite;

(d) isé uimhir chomhairleoirí is gá chun grúpa do dhéanamh chun crícheanna na rialach so ná an uimhir a gheobhfar tríd an uimhir iomlán de chomhairleoirí bheidh i láthair ag an toghachán do roinnt ar an uimhir de bhaill bhreise bheidh le togha no, maran slán-uimhir an uimhir a gheobhfar amhlaidh, an chéad shlán-uimhir os cionn na huimhreach a gheobhfar amhlaidh;

(e) ní bheidh aon chomhairleoir ina bhall de níos mó ná aon ghrúpa amháin.

(2) Na baill de bhord chonganta phuiblí bheidh le togha ag bárdas contae-bhuirge toghfar iad sa tslí chéanna inar gá do chomhairle chontae baill bhreise do thogha fén mír sin roimhe seo.

Sealbhaíocht Oifige.

3.—Beidh baill bhúird chonganta phuiblí i seilbh oifige (marab éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin d'aon bhall den tsórt san) go dtí an lá tar éis a gcomharbaí do thogha fé sna rialacha san roimhe seo.

Dí-cháiliú.

4.—(1) Ball de bhord chonganta phuiblí a bheidh toghtha ag comhairle chontae agus a scuirfidh de bheith, no a dí-cháileofar chun bheith, ina bhall den chomhairle chontae sin scuirfidh freisin de bheith, no beidh dí-cháilithe freisin chun bheith, ina bhall den bhord chonganta san.

(2) Ball de bhord chonganta phuiblí a bheidh toghtha ag bárdas contae-bhuirge agus a scuirfidh de bheith, no a dí-cháileofar chun bheith, ina bhall de chomhairle chathrach na contae-bhuirge sin scuirfidh freisin de bheith, no beidh dí-cháilithe freisin chun bheith, ina bhall den bhord chonganta san.

Eirghe as agus Cur as Oifig.

5.—Féadfaidh ball de bhord chonganta phuiblí tráth ar bith eirghe as a bhallraíocht le fógra i scríbhinn fé n-a láimh a seachadfar, más comhairle chontae do thogh é, do rúnaí na comhairle contae no, más bárdas contae-bhuirge do thogh é, do bhaile-chléireach na buirge agus do rúnaí an bhúird chonganta phuiblí, ach ní bheidh éifeacht ag an eirghe as san go dtí an chéad chruinniú den chomhairle chontae sin no de chomhairle chathrach na contae-bhuirge sin, do réir mar a bheidh, a bheidh ann tar éis an fhógra san d'fháil.

6.—Féadfaidh aon bhall de chomhairle chontae no de chomhairle chathrach chontae-bhuirge, le toiliú na ceathrú coda ar a laighead de bhaill na comhairle sin, a fhógairt tráth ar bith i scríbhinn do rúnaí na comhairle contae sin no do bhaile-chléireach na contaebhuirge sin go bhfuil sé ar intinn a thairgsint go gcuirfí deireadh le ballraíocht na mball uile de bhord chonganta phuiblí do thogh an chomhairle chontae sin no bárdas na contae-bhuirge sin, agus leis sin gairmfidh an rúnaí no an baile-chléireach, do réir mar a bheidh, cruinniú speisialta den chomhairle chontae no den chomhairle chathrach san chun teacht le chéile ar dháta nach déanaí ná mí ón am do fuair an fhógairt sin agus bhéarfaidh fógra ceithre lá déag ar a laighead ina thaobh do gach ball den chomhairle chontae no den chomhairle chathrach san, do réir mar a bheidh, agus má deintear rún (go vótálfaidh dhá dtrian ar a laighead de sna comhairleoirí bheidh i láthair i bhfábhar é rith) do rith ag an gcruinniú san ag aontú leis an tairgsint sin beidh, leis sin, deireadh le ballraíocht na mball san den bhord chonganta phuiblí sin agus toghfar baill nua den bhord san láithreach in ionad na mball go mbeidh deireadh le n-a mballraíocht.

7.—(1) Má bhíonn aon bhall de bhord chonganta phuiblí ar feadh tréimhse de thrí mhí as a chéile gan bheith ag cruinniú den bhord san, beidh, dá dhruim sin, deireadh le n-a bhallraíocht agus déanfaidh an chomhairle chontae no an chomhairle chathrach, do réir mar a bheidh, ag á gcéad chruinniú tar éis bheith caithte don tréimhse sin, duine dá mbaill do cheapadh chun an fholúntais a thárlóidh amhlaidh i mballraíocht an bhúird chonganta phuiblí.

(2) Má thuiteann cruinniú de bhord chonganta phuiblí ar lár toisc easba quorum déanfar ainmneacha na mball do tháinig i láthair san am agus san áit do bhí ceaptha don chruinniú do chur ar breacadh agus is tuigthe na baill sin do bheith i láthair ag cruinniú den bhord chun críche na rialach so.

Foth-fholúntaisí.

8.—Má thárlann foth-fholúntas i mballraíocht bhúird chonganta phuiblí déanfaidh an chomhairle no an bárdas do thogh an ball tré n-ar thárla an folúntas é líonadh fé cheann mí tar éis an fholúntais sin do thárlachtaint no fé cheann na haimsire breise sin a lomhálfaidh an tAire, ach, más tré bhall do toghadh do thogh-líomatáiste no do chuid de fé mhír (a) de Riail 2 de sna Rialacha so a thárlóidh an foth-fholúntas, líonfar an foth-fholúntas as comhairleoirí contae do toghadh sa togh-líomatáiste sin.

Quorum.

9.—Isé is quorum do bhord chonganta phuiblí ná an ceathrú cuid d'uimhir iomláin bhall an bhúird.

Cruinnithe.

10.—Beidh cruinnithe chun a ngnó do dhéanamh ag gach bord conganta phuiblí uair sa mhí ar a laighead agus na tráthanna eile sin is gá chun a gcomhachta d'fheidhmiú agus a ndualgaisí do chólíonadh sa cheart.

11.—Beidh an chéad chruinniú de bhord chonganta phuiblí ann tar éis togha ball an bhúird sin do bheith críochnuithe lá cheapfaidh an tAire agus beidh sé ina chruinniú chinn bliana.

12.—Déanfaidh gach bord conganta phuiblí ag á gcéad chruinniú lá den bhliain nach luatha ná an 17adh lá d'Iúl ná nach déanaí ná an 1adh lá de Lúnasa do cheapadh chun cruinnithe cinn bliana ina dhiaidh sin do bheith ann agus féadfaidh, ag aon chruinniú cinn bliana ina dhiaidh sin, an lá bheidh ceaptha amhlaidh d'atharú.

13.—Beidh cruinniú cinn bliana ag gach bord conganta phuiblí gach bliain agus beidh an cruinniú san ann an lá bheidh ceaptha de thurus na huaire chun cruinnithe den tsórt san do bheith ann fé sna rialacha so maran Domhnach no lá saoire bainc an lá san agus, sa chás san, beidh an cruinniú san ann an chéad lá ina dhiaidh sin nach Domhnach ná lá saoire bainc.

14.—Má thárlann, mar gheall ar aon chúis (agus easba quorum d'áireamh), gan an chéad chruinniú cinn bliana no aon chruinniú cinn bliana eile de bhord chonganta phuiblí do bheith ann an lá bheidh ceaptha chun an chruinnithe sin do bheith ann fé sna rialacha so gairmfidh rúnaí an bhúird, chó luath agus is féidir é, cruinniú den bhord chun teacht le chéile ar uair chaothúil an lá chífear dó gurb é an dáta is luatha é is caothúil chuige sin, agus an cruinniú bheidh ann de bhun na gairme sin beidh sé chun gach críche ina chruinniú chinn bliana do bhí ann ar an dáta bheidh ceaptha fé sna rialacha so.

Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach do Thogha.

15.—Ag gach cruinniú cinn bliana de bhord chonganta phuiblí toghfaidh an bord cathaoirleach, agus féadfaidh leas-chaoirleach do thogha, as a mbaill, agus beidh sé no siad i seilbh oifige go dtí an lá tar éis lae an chéad chruinnithe chinn bliana eile den bhord.

Na hImeachta ag Cruinnithe.

16.—Ní bheidh imeachta búird chonganta phuiblí nea-mbailidhe de bhíthin aon fholúntais no folúntaisí imeasc a mball ná de bhíthin aon lochta i dtogha an bhúird sin no i dtogha no i gcáilíocht aon bhaill de.

17.—Féadfaidh cathaoirleach búird chonganta phuiblí tráth ar bith cruinniú den bhord san do thionól.

18.—Má dhiúltuíonn cathaoirleach búird chonganta phuiblí do chruinniú den bhord san do thionól tar éis iarratas chuige sin, fé láimh trí mball den bhord san, do thíolacadh dhó, féadfaidh aon trí baill den bhord san láithreach, ar é do dhéanamh an diúltuithe sin, cruinniú do thionól; más rud é (gan diúltú amhlaidh) ná déanfaidh an cathaoirleach san, fé cheann seacht lá tar éis an tíolaicthe sin, cruinniú den bhord san do thionól féadfaidh aon trí baill den bhord san, tar éis bheith caithte don seacht lá san, cruinniú do thionól.

19.—Trí lá glan ar a laighead roimh aon chruinniú de bhord chonganta phuiblí cuirfear suas ar an halla no san áit eile inar gnáth leis an mbord teacht le chéile fógra i dtaobh am agus áit an chruinnithe bheartuithe agus é sighnithe ag an gcathaoirleach no, más baill den bhord a bheidh ag tionól an chruinnithe, ag na baill sin. Más baill den bhord a bheidh ag tionól an chruinnithe luadhfar sa bhfógra an gnó bheidh beartuithe do dhéanamh ann.

20.—Trí lá glan ar a laighead roimh aon chruinniú de bhord chonganta phuiblí déanfar gairm chun an chruinnithe do fhreastal, ina luadhfar an gnó bheidh beartuithe do dhéanamh ann, agus é sighnithe ag rúnaí an bhúird, d'fhágaint no do sheachadadh tríd an bpost ag gnáth-áit chomhnaithe gach baill den bhord, ach má bhíonn an ghairm sin gan fágaint no gan seachadadh amhlaidh do bhall áirithe no do bhaill áirithe den bhord san ní dhéanfaidh san deifir do bhailíocht chruinnithe.

21.—Ní déanfar aon ghnó ag cruinniú ach an gnó bheidh luaidhte sa ghairm a bhainfidh leis, ach amháin (i gcás an chruinnithe chinn bliana) gnó is gá do dhéanamh ann.

22.—Isé an cathaoirleach, má bhíonn i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar gach cruinniú de bhord chonganta phuiblí. Má bhíonn an cathaoirleach as láthair isé an leas-chathaoirleach a bheidh ina chathaoirleach air. Má bhíonn an cathaoirleach as láthair agus nár toghadh aon leas-chathaoirleach no go mbeidh an leas-chathaoirleach as láthair, ansan isé an ball san den bhord a roghfaidh na baill a bheidh i láthair an uair sin a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

23.—Déanfar ainmneacha na mball a bheidh i láthair chó maith le hainmneacha na mball a vótálfaidh ar gach ceist fé leith do chur ar breacadh, i dtreo go bhfeicfear ce'ca ar thaobh no i gcoinnibh na ceiste tugadh gach vóta fé leith do tugadh.

24.—Féadfaidh an móráireamh de sna baill sin de bhord chonganta phuiblí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ag cruinniú den bhord a bheidh ann go cuibhe do réir dlí gníomhartha uile an bhúird do dhéanamh agus breith do thabhairt ar gach ceist a thiocfaidh no eireoidh i láthair an bhúird.

25.—I gcás có-ionannais vótanna beidh an dara vóta no vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

26.—Ní vótálfaidh ball de bhord chonganta phuiblí ná ní ghlacfaidh páirt sa diospóireacht ar éinní bheidh os cóir an bhúird agus ina mbeidh aon leas airgid aige, go díreach no go nea-dhíreach, o n-a thaobh féin no tré n-a pháirtnéir.

27.—Déanfar amach miontuairiscí ar imeachta gach cruinnithe agus iontrálfar go dílis iad i leabhar ar n-a choimeád chuige sin agus déanfaidh cathaoirleach an chruinnithe sin no an chéad chruinnithe ina dhiaidh sin iad do shighniú.