An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Riaradh Ard-Udarais agus Riaradh Áitiúil.) Ar Aghaidh (CUID IV. Airgeadas.)

27 1939

ACHT UM CHONGNAMH PHUIBLÍ, 1939

CUID III

Congnamh Puibli.

Na daoine bheidh i dteideal conganta phuiblí.

18. —(1) Duine bocht nach féidir leis, le n-a thionnscal féin no ar shlí dhleathach eile, riachtanaisí na beatha (lasmuich de chóireáil liaghachta no máinliaghachta no fiaclóireachta, cógaisí, agus fearaistí liaghachta no máinliaghachta no fiaclóireachta) do sholáthar dó féin no d'aon daoine dhligheann sé fén Acht so do chothabháil, beidh sé i dteideal conganta ghenerálta.

(2) Duine bocht nach féidir leis, le n-a thionnscal féin no ar shlí dhleathach eile, an chóireáil liaghachta no máinliaghachta no fiaclóireachta no na cógaisí, no na fearaistí liaghachta no máinliaghachta no fiaclóireachta do sholáthar is gá dhó féin no d'aon daoine dhligheann sé fén Acht so do chothabháil, beidh sé i dteideal conganta liaghachta.

(3) Déanfar tagairtí san Acht so do dhaoine i dteideal conganta phuiblí do léiriú mar thagairtí fholuíonn daoine i dteideal conganta ghenerálta, daoine i dteideal conganta liaghachta, agus daoine i dteideal conganta ghenerálta agus conganta liaghachta.

E de dhualgas ar údarás conganta phuiblí congnamh puiblí do sholáthar.

19. —Fé réir forálacha an Achta so, beidh sé de dhualgas ar gach údarás conganta phuiblí an congnamh puiblí sin a chífear dóibh do bheith riachtanach no ceart i ngach cás fé leith do thabhairt, do réir an Achta so, do gach duine ina gceanntar conganta phuiblí a bheidh i dteideal conganta phuiblí agus soláthar cuibhe do dhéanamh chuige sin do réir an Achta so.

Congnamh puiblí do thabhairt.

20. —(1) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, a chinneadh cé hiad na daoine bheidh ina ndaoine údaruithe chun crícheanna an ailt seo, agus dá réir sin cialluíonn an abairt “duine údaruithe” san alt so duine is duine údaruithe de thurus na huaire chun crícheanna an ailt seo de bhuadh ordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fén bhfo-alt so.

(2) In aon chás ina bhfeicfear do dhuine údaruithe go bhfuil riachtanas práinneach le congnamh liaghachta no congnamh generálta do thabhairt láithreach do dhuine i dteideal conganta liaghachta no conganta ghenerálta (do réir mar a bheidh), is dleathach dó an congnamh san do thabhairt don duine sin tré ordú um leigint isteach i bhfundúireacht cheanntair agus um iompar chun na fundúireachta san no tré chongnamh sealadach do thabhairt don duine sin láithreach in aon tslí eile a bheidh oiriúnach do chúrsaí an cháis.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh congnamh do thabhairt fén alt so agus, go sonnrách, á shocrú go generálta, no i dtaobh aon aicme áirithe daoine, cadé an saghas conganta bhéarfar amhlaidh agus ag ordú na n-áit agus na dtráth ina bhféadfar agus na gcoinníoll fé n-a bhféadfar an congnamh san do dheonadh, agus i gcás ina mbeidh aon rialacháin den tsórt san i bhfeidhm de thurus na huaire is do réir na rialachán san do bhéarfar congnamh do bhéarfar fén alt so.

(4) Lasmuich de chás ina n-údaruítear san leis an alt so ní dleathach congnamh puiblí do thabhairt d'éinne ach amháin de bharr agus do réir ordú ón údarás conganta phuiblí le n-a mbainfidh.

Rann-íocanna do chumainn áirithe.

21. —(1) Le toiliú an Aire féadfaidh údarás conganta phuiblí an rann-íoc bliantúil sin a mheasfaid, leis an toiliú san, a bheith ceart d'íoc le cistí aon chumainn chun cruadhálacht do leanbhaí do chosc.

(2) Pé uair is deimhin le húdarás conganta phuiblí go ndeineann cumann fóirthne daoine bochta fóirithin, no go bhfuil beartuithe acu fóirithin do dhéanamh, ar dhaoine bochta tré bhia agus lóistín do chur ar fáil do sna daoine sin in áitreabh fé urláimh an chumainn sin i líomatáiste feidhme an údaráis chonganta phuiblí sin agus, tré n-a dhéanamh san, go dtugann no go dtabharfaidh an cumann san cabhair úsáideach i riaradh conganta phuiblí sa líomatáiste feidhme sin, féadfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin, le toiliú an Aire agus fé réir na dteorann agus na gcoinníoll san fhorchuirfe sé, cabhrú leis an gcumann san ar aon tslí no slite acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) tré rann-íoc do thabhairt le haghaidh na gcostaisí fé n-a dtéigheann an cumann san chun fóirithin do dhéanamh ar dhaoine bochta sa tslí roimhráite, no

(b) tré abhar teine, solus, bia, uisce no earra eile do chur ar fáil don chumann san le húsáid ag an gcumann san chun fóirithin do dhéanamh amhlaidh ar dhaoine bochta, no

(c) tré n-a leigint don chumann san áitreabhacha i seilbh an údaráis chonganta phuiblí sin d'úsáid chun fóirithin do dhéanamh amhlaidh ar dhaoine bochta agus, más gá é, tré atharú agus deisiú do dhéanamh ar na háitreabhacha san agus troscán agus feistisí do sholáthar ina gcóir chun iad d'oiriúnú chun iad d'úsáid chuige sin, no

(d) áitreabhacha (maraon leis an troscán agus na feistisí uile is gá) do chur ar fáil le húsáid ag an gcumann san chun fóirithin do dhéanamh amhlaidh ar dhaoine bochta.

Comhacht chun talamh do sholáthar d'óspidéal phuiblí.

22. —(1) Pé uair is deimhin le húdarás conganta phuiblí go bhfuil no go mbeidh cabhair úsáideach á tabhairt i riaradh conganta phuiblí ina gceanntar conganta phuiblí leis an gcóireáil do bheirtear in óspidéal no in otharlainn phuiblí sa cheanntar san do dhaoine i dteideal conganta liaghachta, féadfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin, ar n-a iarraidh sin do chólucht rialúcháin an óspidéil no na hotharlainne sin agus le toiliú an Aire, aon talamh do sholáthar, don óspidéal no don otharlainn sin, a chuirfidh an cólucht rialúcháin sin ina luighe ar an údarás conganta phuiblí sin do bheith ag teastáil chun feidhmeanna an óspidéil no na hotharlainne sin do chólíonadh go héifeachtúil.

(2) Má chinneann údarás conganta phuiblí aon talamh do sholáthar fén alt so d'óspidéal no d'otharlainn phuiblí, féadfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin an talamh san do thógaint tré chó-aontú le toiliú an Aire no go héigeanta fén Acht so agus (i gceachtar cás) féadfaidh an talamh san do leithliú chun, no chun tairbhe, an óspidéil no na hotharlainne puiblí sin.

(3) Má iarrann cólucht rialúcháin óspidéil no otharlainne puiblí ar údarás conganta phuiblí aon talamh do sholáthar fén alt so don óspidéal no don otharlainn sin ceanglóidh an t-údarás conganta phuiblí sin ar an gcólucht rialúcháin sin, mar choinníoll nach foláir a chólíonadh sara soláthruighidh an t-údarás san an talamh san amhlaidh, a ghabháil le n-a n-ais iomlán chostas soláthruithe an tailimh sin amhlaidh d'íoc.

Costaisí aistrithe daoine i dteideal conganta phuiblí d'íoc.

23. —Ar iarratas o dhuine i dteideal conganta phuiblí féadfaidh údarás conganta phuiblí na costaisí réasúnta d'íoc a bhainfidh leis an duine sin (i dteanta no d'éamais a chleithiúnaithe) d'aistriú o cheanntar chonganta phuiblí an údaráis sin go háit éigin eile más deimhin leis an údarás san gur dócha go dtiocfadh den duine sin d'aistriú ón gceanntar san go dtí an áit eile sin go bhféadfadh an duine sin é féin agus a chleithiúnaithe do chothabháil le n-a thionnscal féin no ar shlí dhleathach eile agus go raghadh sé, i gcoitinne, chun tairbhe don duine sin agus dá chleithiúnaithe.

Daoine marbha d'adhlacadh.

24. —(1) Féadfaidh údarás conganta phuiblí no, i gcás práinne, oifigeach d'údarás chonganta phuiblí riarann congnamh teaghlaigh socrú do dhéanamh chun éinne acu so leanas d'adhlacadh in aon áit i gceanntar conganta phuiblí an údaráis sin a chífear don údarás no don oifigeach san (do réir mar a bheidh) do bheith ceart, sé sin le rá:—

(a) duine d'éag agus é ag fáil chonganta ghenerálta ón údarás conganta phuiblí sin;

(b) duine d'éag i gceanntar conganta phuiblí an údaráis chonganta phuiblí sin agus nach fios cé hiad a ghaolta no go mbeidh a ghaolta, toisc iad do bheith as láthair no dealbh no mar gheall ar chúis mhaith dhóthanach éigin eile, gan bheith ábalta ar shocrú do dhéanamh chun é adhlacadh;

(c) duine do bádhadh agus do tháinig fé thír sa cheanntar chonganta phuiblí sin no do cailleadh ar shlí eile agus do fuarthas marbh sa cheanntar san agus (i gceachtar cás) nár héilíodh a chorp chun é adhlacadh.

(2) Féadfaidh údarás conganta phuiblí ceanntair chonganta phuiblí, in aon chás inar dóich leo san do bheith ceart, corp duine bhí i dteideal conganta ghenerálta agus d'éag lasmuich den cheanntar san do thabhairt isteach sa cheanntar san agus é adhlacadh ann.

(3) I gcás duine i dteideal conganta ghenerálta d'éagadh agus é ag fáil chonganta phuiblí o údarás chonganta phuiblí i bhfundúireacht lasmuich de cheanntar chonganta phuiblí an údaráis chonganta phuiblí sin féadfaidh an t-údarás san corp an duine sin d'adhlacadh in aon roilig ná beidh thar achar caothúil ón bhfundúireacht san.

(4) Féadfaidh údarás conganta phuiblí na costaisí uile d'íoc fé n-a raghfar go riachtanach chun duine marbh d'adhlacadh fén alt so no chun corp duine mhairbh do thabhairt isteach ina gceanntar conganta phuiblí chun é adhlacadh.

(5) I gcás údarás conganta phuiblí do dhul fé chostaisí fén alt so maidir le corp duine mhairbh féadfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin aisíoc na gcostaisí sin d'fháil as maoin an duine mhairbh sin no o aon duine do dhligh an duine sin do chothabháil díreach roimh éag dó fé is dá mba chostas conganta phuiblí bhéarfaí don duine sin roimh éag dó na costaisí sin.

Obair mar choinníoll chun congnamh generálta d'fháil.

25. —(1) Féadfaidh údarás conganta phuiblí a cheangal ar dhuine, mar choinníoll ar a ndeonfar congnamh generálta don duine sin, go ndéanfadh, roimh an gcongnamh ghenerálta san d'fháil no dá éis sin no le n-a linn, an obair sin a mheasfaidh an t-údarás san do bheith oiriúnach do ghné, d'aois, do neart, agus do chumas an duine sin agus a ordóid don duine sin do dhéanamh amhlaidh.

(2) Chun obair do chur ar fáil fén alt so féadfaidh údarás conganta phuiblí gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) aon talamh do thógaint agus do chur de láimh fé réir toiliú an Aire;

(b) aon ghléasra, úirlisí, trealamh, no abhair do cheannach no d'fháil ar cíos agus iad do chur de láimh fé réir aon rialachán ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

Costas conganta phuiblí do chinneadh.

26. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú na slí ina gcinnfear chun críche an Achta so costas conganta phuiblí agus féadfaidh leis na rialacháin sin slite deifriúla den tsórt san d'ordú alos saghsanna deifriúla conganta phuiblí.

(2) Déanfar tagairtí san Acht so do chostas chonganta phuiblí no do chostas aon tsaghais áirithe conganta phuiblí do léiriú agus beidh éifeacht acu mar thagairtí do chostas an chonganta phuiblí sin mar a cinnfear é do réir rialachán ar n-a ndéanamh fén alt so.

Dligheas maidir le gaolta do chothabháil.

27. —(1) Chun crícheanna an Achta so agus gan dochar d'aon oblagáidí bheidh, de thurus na huaire, forchurtha le dlí ar shlí seachas leis an Acht so no chun crícheanna an Achta so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) dlighfidh gach duine dlisteanach a athair agus a mháthair do chothabháil;

(b) dlighfidh gach duine mí-dhlisteannach a mháthair do chothabháil;

(c) dlighfidh gach fear na daoine sin dá chlainn dhlisteanaigh a bheidh de thurus na huaire fé bhun sé bliana déag d'aois do chothabháil;

(d) dlighfidh gach bean an duine no na daoine sin dá clainn, pe'ca dlisteanach no mí-dhlisteanach dó no dhóibh, a bheidh de thurus na huaire fé bhun sé bliana déag d'aois do chothabháil;

(e) dlighfidh gach fear pósta a bhean chéile do chothabháil agus dlighfidh fós gach duine clainne, pe'ca dlisteanach no mí-dhlisteanach dó, do rugadh dá mhnaoi sarar phós sí é agus a bheidh de thurus na huaire fé bhun sé bliana déag d'aois do chothabháil;

(f) dlighfidh gach bean phósta a fear céile do chothabháil.

(2) Gach tagairt atá san Acht so do dhuine dhligheann duine eile do chothabháil léireofar í mar ní chialluíonn duine dhligheann de bhuadh an ailt seo, chun crícheanna an Achta so, an duine eile sin do chothabháil.

Fiachas maidir le costas conganta phuiblí d'aisíoc.

28. —Má bheireann údarás conganta phuiblí (dá ngairmtear an t-údarás san san alt so) congnamh puiblí do dhuine ar bith (dá ngairmtear an fáltaí congnaimh san alt so) beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh sé de dhualgas ar an bhfáltaí congnaimh no, ar é do theip air sin, pe'ca ar fad no go leathrannach é, ar gach duine dhlighfidh é chothabháil, costas an chonganta phuiblí tugadh amhlaidh don fháltaí chongnaimh d'aisíoc leis an údarás san do réir a n-acfuinní fé seach;

(b) má bhíonn iomlán an chonganta phuiblí tugadh amhlaidh no aon chuid de gan aisíoc leis an údarás san de bhun an ailt seo agus gurb é tuairim an údaráis sin tráth ar bith gur féidir leis an bhfáltaí congnaimh iomlán an chonganta phuiblí sin a bheidh gan aisíoc amhlaidh no cuid de d'aisíoc leis an údarás san, féadfaidh an t-údarás san, ar fhógra thabhairt don fháltaí chongnaimh, ordú d'iarraidh ar an gCúirt Dúithche á ordú don fháltaí chongnaimh an t-aisíoc san adubhradh do dhéanamh;

(c) má bhíonn iomlán an chonganta phuiblí tugadh amhlaidh no aon chuid de gan aisíoc leis an údarás san de bhun an ailt seo agus gurb é tuairim an údaráis sin tráth ar bith nach féidir leis an bhfáltaí congnaimh an congnamh puiblí bheidh gan aisíoc amhlaidh d'aisíoc leis an údarás san agus gur féidir le duine éigin, do dhligh an fáltaí congnaimh do chothabháil nuair a tugadh an congnamh puiblí sin amhlaidh, iomlán an chonganta phuiblí bheidh gan aisíoc amhlaidh no cuid de d'aisíoc leis an údarás san, féadfaidh an t-údarás san, ar fhógra thabhairt don duine eile sin, ordú d'iarraidh ar an gCúirt Dúithche á ordú don duine eile sin an t-aisíoc san adubhradh do dhéanamh;

(d) más rud é, ar a iarraidh ar an gCúirt Dúithche fén alt so go n-aisíocfaí congnamh puiblí, gur deimhin leis an gCúirt an té ar a mbeidh an t-aisíoc á lorg do bheith, le linn an iarratais sin d'éisteacht, ábalta ar an suim no cuid den tsuim d'aisíoc go mbeidh a haisíoc á lorg ceapfaidh an Chúirt an tsuim a bheidh le n-aisíoc ag an duine sin agus ordóidh don duine sin í aisíoc leis an údarás san ina haon tsuim amháin no sna tráthchoda seachtainiúla no míosúla san is dóich leis an gCúirt do bheith ceart;

(e) beidh ordú ón gCúirt Dúithche fén alt so á ordú go n-aisíocfaí suim leis an údarás san ionfhoirfheidhmithe sa tslí chéanna agus leis na meáin chéanna ina mbíonn ordú ón gCúirt Dúithche á ordú go n-íocfaí suim airgid i gcás síbhialta ionfhoirfheidhmithe;

(f) ní bhainfidh an t-údarás san amach le hiarrataisí fén alt so chun na Cúirte Dúithche méid is mó ná costas an chonganta phuiblí tugadh amhlaidh no, má haisíocadh cuid den chongnamh phuiblí sin de bhun an ailt seo gan aon iarratas den tsórt san, méid is mó ná an deifríocht a bheidh idir an méid do haisíocadh amhlaidh agus an costas san.

Fiachas maidir le rann-íoc do thabhairt le haghaidh costais chonganta ghenerálta.

29. —Má dheonann údarás conganta phuiblí (dá ngairmtear an t-údarás san san alt so) congnamh generálta do dhuine ar bith (dá ngairmtear an fáltaí congnaimh san alt so) beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) gach duine (dá ngairmtear san alt so an duine dliteach) a dhlighfidh an fáltaí congnaimh do chothabháil dlighfidh rann-íoc do réir a acfuinne do thabhairt le haghaidh an chonganta ghenerálta deonfar amhlaidh;

(b) féadfaidh an t-údarás san, ar fhógra do thabhairt don duine dliteach, ordú d'iarraidh ar an gCúirt Dúithche á ordú don duine sin rann-íoc do thabhairt le haghaidh an chonganta ghenerálta deonfar amhlaidh;

(c) más rud é, ar iarratas do dhéanamh chun na Cúirte Dúithche fén alt so, gur deimhin leis an gCúirt an duine dliteach do bheith, le linn an iarratais sin d'éisteacht, ábalta ar rann-íoc do thabhairt le haghaidh an chonganta ghenerálta do bhéarfar amhlaidh, ceapfaidh an Chúirt méid an rann-íoca bheidh le déanamh ag an duine dliteach agus ordóidh don duine dliteach an méid a ceapfar amhlaidh d'íoc leis an údarás san ina aon tsuim amháin no sna tráthchoda seachtainiúla no míosúla san is dóich leis an gCúirt do bheith ceart;

(d) beidh ordú ón gCúirt Dúithche fén alt so á ordú go n-íocfaí suim leis an údarás san ionfhoirfheidhmithe sa tslí chéanna agus leis na meáin chéanna ina mbíonn ordú ón gCúirt Dúithche á ordú go n-íocfaí suim airgid i gcás síbhialta ionfhoirfheidhmithe;

(e) ní bhainfidh an t-údarás san amach le hiarrataisí fén alt so chun na Cúirte Dúithche méid is mó ná costas an chonganta ghenerálta deonfar amhlaidh nó, má deintear ranníoc de bhun an ailt seo gan aon iarratas den tsórt san, méid is mó ná an deifríocht a bheidh idir an rann-íoc san agus an costas san.

Maoin do leithreasú.

30. —(1) I gcás aon airgead no urrús ar airgead do bheith dá chuid féin ag duine bheidh ag fáil conganta phuiblí i bhfundúireacht cheanntair féadfaidh an t-údarás conganta phuiblí o n-a mbeidh an duine sin ag fáil an chonganta phuiblí sin—

(a) má bhíonn an t-airgead san ar a phearsain ag an duine sin, an t-airgead san do thógaint agus do leithreasú agus costas an chonganta phuiblí do thug an t-údarás don duine sin tráth ar bith roimh an tógaint sin d'aisíoc leo féin as agus iarmhéid an airgid sin (má bhíonn ann) do thabhairt thar n-ais don duine sin, no

(b) má bhíonn an t-urrús san ar a phearsain ag an duine sin an t-urrús san do thógaint agus é go léir no leor-chuid de do mhalairtiú ar airgead agus costas an chonganta phuiblí do thug an t-údarás san don duine sin tráth ar bith roimh an tógaint sin d'aisíoc leo féin as sochar an mhalairtithe sin agus iarmhéid an tsochair sin (má bhíonn ann) d'íoc leis an duine sin, no

(c) in aon chás, an t-airgead no an t-urrús san do chur ar fáil, tré imeachta dlí oiriúnacha, chun aisíoc do dhéanamh leis an údarás san i gcostas an chonganta phuiblí do thug an t-údarás san don duine sin tráth ar bith roimh na himeachta san do bhunú agus an costas san d'aisíoc leo féin dá réir sin.

(2) Má éagann duine bheidh ag fáil conganta phuiblí agus go mbeidh aon airgead no maoin eile dá chuid féin aige le linn a éaga féadfaidh an t-údarás conganta phuiblí o n-a raibh an duine sin ag fáil an chonganta phuiblí sin—

(a) i gcás inar féidir san, suim do thógaint agus do leithreasú as an airgead san is leor chun aisíoc do dhéanamh leo féin sna costaisí (más ann dóibh) fé n-a ndeachaidh an t-údarás san chun no i dtaobh an duine sin d'adhlacadh agus i gcostas an chonganta phuiblí do thug an t-údarás san don duine sin tráth ar bith roimh éag dó, no

(b) i gcás inar féidir san, an mhaoin sin no leor-chuid di do thógaint agus do mhalairtiú ar airgead agus aisíoc do dhéanamh leo féin as sochar an mhalairtithe sin sna costaisí adhlacain sin (más ann dóibh) agus sa chostas conganta phuiblí sin, no

(c) in aon chás, an t-airgead agus an mhaoin sin do chur ar fáil, tré imeachta dlí oiriúnacha, chun aisíoc do dhéanamh leis an údarás san sna costaisí adhlacain sin (más ann dóibh) agus sa chostas conganta phuiblí sin, agus an céanna d'aisíoc leo féin dá réir sin.

(3) Sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so, foluíonn an focal “airgead” airgead i dtaisce i mBanc Taisce an Phuist no in aon bhanc eile agus foluíonn an abairt “urrús ar airgead” leabhar taisce ar n-a thabhairt amach ag Banc Taisce an Phuist do thaisceoir agus fós foluíonn Cairt Choigiltis, agus ar na comhachta bheirtear leis na fo-ailt sin fé seach d'údarás chonganta phuiblí beidh—

(a) i gcás airgid i mBanc Taisce an Phuist, agus ar fháil seilbhe an leabhair thaisce bheidh tugtha amach ag an mBanc san ina leith, comhacht chun an airgid sin no leor-chuid de do tharrac amach do réir rialachán ar n-a ndéanamh chuige sin ag an Aire Airgeadais, agus

(b) i gcás airgid in aon bhanc eile, comhacht chun ordú d'iarraidh ar an gCúirt Dúithche agus, más dóich leis an gCúirt sin san do bheith ceart, chun ordú d'fháil á ordú don bhanc san an t-airgead san no leor-chuid de d'íoc leis an údarás conganta phuiblí sin, agus

(c) i gcás Cairte Coigiltis, agus ar fháil seilbhe na Cairte sin, comhacht chun na Cairte sin do mhalairtiú ar airgead do réir rialacha ar n-a ndéanamh chuige sin ag an Aire Airgeadais.

Fundúireachtaí ceanntair do chur ar fáil.

31. —(1) Cuirfidh gach údarás conganta phuiblí ar fáil agus cothabhálfaid ina gceanntar pé teaghlaigh, óspidéil, agus fundúireachtaí eile (dá ngairmtear fundúireachtaí ceanntair san Acht so) agus (más aon cheann é) pé méid díobh, agus san i pé áiteanna, ordóidh an tAire o am go ham le hordú agus ní chuirfid ar fáil ná (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so) ní chothabhálfaid aon teaghlach, óspidéal, ná fundúireacht eile.

(2) Déanfaidh gach údarás conganta phuiblí, fé mar agus nuair ordóidh an tAire amhlaidh le hordú—

(a) aon fhundúireacht cheanntair a bheidh á cothabháil ag an údarás san d'athchóiriú no d'atharú no do mhéadú do réir an orduithe sin,

(b) dréineáil, aeriú, soláthar uisce, soillsiú, téidheadh, no aon tseirbhís eile, nua no feabhsuithe no breise, do chur ar fáil do réir an orduithe sin d'aon fhundúireacht cheanntair a bheidh á cothabháil amhlaidh,

(c) na daingneáin, na feistisí, an troscán, na fearaistí máin liaghachta agus liaghachta, agus na háiseanna eile sin go léir a hordófar leis an ordú san do chur ar fáil agus do chothabháil in aon fhundúireacht cheanntair a bheidh á cothabháil amhlaidh.

(3) Mara n-orduighidh agus go dtí go n-ordóidh an tAire a mhalairt is tuigthe, i dtaobh gach teaghlaigh, óspidéil, no fundúireachta eile bheidh á chothabháil, i dtosach feidhme an Achta so, ag an údarás ar a mbeidh cúram riaradh fóirithin na mbocht in aon líomatáiste is ceanntar conganta phuiblí de bhuadh an Achta so, go ndearna údarás conganta phuiblí an cheanntair chonganta phuiblí sin é chur ar fáil fén alt so agus beidh sé ina fhundúireacht cheanntair do réir bhrí an Achta so agus déanfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin é chothabháil dá réir sin.

(4) Ní dhéanfaidh údarás conganta phuiblí aon fhundúireacht cheanntair do chur suas ná fós í athchóiriú, í mhéadú ná í atharú ar aon tslí eile ach amháin le toiliú roimh ré ón Aire agus do réir na dtreoracha (más ann dóibh) do bhéarfaidh an tAire uaidh i dteanta an toilithe sin.

(5) Lasmuich de chás ina n-éilítear no ina n-údaruítear é leis an alt so ní dhéanfaidh údarás conganta phuiblí ar bith aon teaghlach, óspidéal, ná fundúireacht eile do chur ar fáil ná do chothabháil.

Eirghe as fundúireacht cheanntair d'úsáid.

32. —(1) Pé uair is dóich leis san do bheith ceart, féadfaidh an tAire le hordú, tar éis fiosrúchán puiblí do dhéanamh, a ordú d'aon údarás conganta phuiblí áirithe eirghe, amhail ón dáta san a luadhfar chuige sin san ordú san, as aon fhundúireacht áirithe cheanntair a bheidh de thurus na huaire á cothabháil ag an údarás san fén Acht so d'úsáid.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an tAire leis an ordú san na forálacha san (más ann dóibh) a chífear dó do bheith riachtanach agus ceart maidir le nithe bhainfidh le heirghe, de bhun an orduithe sin, as an bhfundúireacht cheanntair le n-a mbainfidh an t-ordú san d'úsáid no maidir le nithe leanfaidh as san;

(b) leis an ordú san no le hordú ina dhiaidh sin féadfaidh an tAire, más dóich leis san do bheith ceart, a ordú don údarás chonganta phuiblí le n-a mbainfidh an t-ordú san fén bhfo-alt san roimhe seo fundúireacht cheanntair do chur ar fáil agus do chothabháil in ionad na fundúireachta ceanntair gur heiríodh, de bhun an orduithe sin, as í úsáid;

(c) ordú bhéarfar fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so is tuigthe gur fén alt deiridh sin roimhe seo den Acht so do tugadh é agus beidh feidhm ag an alt san dá réir sin;

(d) an t-údarás conganta phuiblí le n-a mbainfidh an t-ordú san fén bhfo-alt san roimhe seo déanfaid ar gach slí do réir an orduithe sin.

Na daoine leigfear isteach i bhfundúireachtaí ceanntair.

33. —(1) Beidh gach fundúireacht cheanntair ar fáil chun congnamh leis an aicme no na haicmí sin daoine i dteideal conganta phuiblí ordóidh an tAire o am go ham le hordú agus (lasmuich de chásanna riachtanais phráinnigh) ní chun congnamh le haon daoine eile.

(2) Na haicmí daoine uile agus fé seach go mbeidh údaruithe le scéim chontae, díreach roimh thosach feidhme an Achta so, congnamh do thabhairt dóibh i dteaghlach, in óspidéal, no i bhfundúireacht eile bheidh á cothabháil fén scéim chontae sin, is tuigthe, mara n-orduighidh agus go dtí go n-ordóidh an tAire a mhalairt, gur aicmí daoine iad go bhfuil an fhundúireacht san ar fáil chun congnamh leo de bhuadh ordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fén alt so.

Rialacháin i dtaobh fundúireachtaí ceanntair.

34. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh fundúireachtaí ceanntair, go generálta no i dtaobh aicme no aicmí fundúireachtaí ceanntair no i dtaobh fundúireachta no fundúireachtaí áirithe ceanntair, chun na bhfundúireachtaí ceanntair le n-a mbainfidh na rialacháin do rialú, do bhainistí, agus do riaradh agus chun ord do choimeád sna fundúireachtaí ceanntair sin agus chun a n-iostaithe d'aicmiú.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, socrú do dhéanamh chun iostaithe fundúireachta ceanntair do choimeád ag obair do réir a gcumais agus a n-ábaltachta.

(3) Má ceangaltar ar iostaí fundúireachta ceanntair, de bhun rialachán ar n-a ndéanamh fén alt so, obair do dhéanamh is tuigthe, má dheineann an t-iostaí sin an obair sin, an t-iostaí sin do bheith, maidir leis an obair sin do dhéanamh agus chun crícheanna an Achta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 ( Uimh 9 de 1934 ), ina oibrí ar fostú ag an údarás conganta phuiblí go mbeidh an fhundúireacht cheanntair sin á cothabháil acu ach, lasmuich de sin, ní oibreoidh an ceangal san, ná déanamh na hoibre sin ag an iostaí sin, chun ord mar a bhíonn idir máistir agus seirbhíseach ná connradh seirbhíse do chruthú ná do chiallú idir an t-údarás san agus an t-iostaí sin.

Congnamh i bhfundúireachtaí ná beidh á gcothabháil agúdarás conganta phuiblí.

35. —Fé réir an Aire do thoiliú chuige féadfaidh údarás conganta phuiblí, más dóich leo san do bheith ceart, socrú do dhéanamh chun go gcongnófaí, i dteaghlach no in óspidéal no i bhfundúireacht eile ná beidh curtha ar fáil ná á chothabháil ag an údarás san, le daoine, no le haicmí áirithe daoine, bheidh i dteideal conganta phuiblí agus má dheineann údarás conganta phuiblí socrú den tsórt san féadfaidh an t-údarás san na costaisí sin d'íoc a bhainfidh leis na daoine gur chun congnamh leo a déanfar an socrú san d'aistriú chun na fundúireachta san agus uaithi agus fós costaisí a gcothabhála, a gcóireála, a dteagaisc, nó a dtréineála inti.

Srian le congnamh le haicmí áirithe i bhfundúireachtaí.

36. —I gcás fundúireacht cheanntair a bheidh curtha ar fáil ag údarás conganta phuiblí do bheith ar fáil chun congnamh le haicme áirithe daoine no socrú do bheith déanta ag údarás conganta phuiblí le toiliú an Aire chun congnamh le haicme áirithe daoine i dteaghlach, in óspidéal no i bhfundúireacht eile ná beidh curtha ar fáil ná á chothabháil ag an údarás san, féadfaidh an tAire a ordú, le hordú, gan an t-údarás conganta phuiblí sin do chongnamh leis an aicme áirithe sin daoine in aon fhundúireacht ach amháin (do réir mar a bheidh) sa bhfundúireacht cheanntair sin no sa teaghlach, san óspidéal no sa bhfundúireacht eile sin, agus leis sin ní dleathach don údarás chonganta phuiblí sin congnamh (ach amháin i gcásanna riachtanais phráinnigh) le haon duine den aicme áirithe sin contrárdha don ordú san.

Daoine ná beidh i dteideal conganta phuiblí do leigint isteach i bhfundúireachtaí ceanntair.

37. —(1) Féadfaidh údarás conganta phuiblí, más dóich leo san do bheith ceart, rialacháin do dhéanamh á údarú daoine ná beidh i dteideal conganta phuiblí do leigint isteach in aon fhundúireacht áirithe cheanntair a bheidh á cothabháil ag an údarás conganta phuiblí sin agus ag déanamh rialála maidir leis na daoine sin do leigint isteach sa bhfundúireacht san agus le cóiríocht agus cóireáil na ndaoine sin inti.

(2) Rialacháin a dhéanfaidh údarás conganta phuiblí fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so leagfaidh an t-údarás san iad fé bhráid an Aire chun é dá gceadú agus féadfaidh an tAire iad do cheadú (más dóich leis gur ceart san do dhéanamh) go n-atharú no gan atharú ortha agus tiocfaid i ngníomh má ceaduítear agus nuair a ceadófar agus mar a ceadófar amhlaidh iad.

(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith a cheangal ar údarás chonganta phuiblí rialacháin (ar a n-áirmhítear rialacháin leasúcháin) do dhéanamh agus do chur fé n-a bhráid fé sna forálacha san roimhe seo den alt so maidir le haon fhundúireacht cheanntair áirithe bheidh á cothabháil ag an údarás san, agus, má bhíonn an t-údarás san gan na rialacháin sin do dhéanamh agus do chur fé bhráid an Aire amhlaidh fé cheann trí mhí tar éis don Aire san do cheangal ortha no má dheineann an t-údarás san agus go gcuirfid fé bhráid an Aire de bhun an cheangail sin rialacháin go ndiúltóidh an tAire d'iad do cheadú, féadfaidh an tAire féin, más dóich leis san do bheith ceart, na rialacháin a bheidh luaidhte sa cheangal san do dhéanamh agus féadfaidh, leis na rialacháin sin, an lá do cheapadh thiocfaidh na rialacháin sin i ngníomh.

(4) Aon rialacháin a déanfar fén alt so—

(a) beidh forálacha ionta á cheangal ar dhaoine a leigfear isteach, fé sna rialacháin sin, sa bhfundúireacht cheanntair le n-a mbainfidh na rialacháin sin íocaíochtaí do dhéanamh leis an údarás conganta phuiblí bheidh ag cothabháil na fundúireachta ceanntair sin as an gcóiríocht agus as an gcóireáil do gheobhaid sa bhfundúireacht cheanntair sin, agus ag rialáil méid na n-íocaíocht san, agus

(b) féadfaidh forálacha bheith ionta á údarú do dhaoine leigfear insteach amhlaidh íocaíochtaí do dhéanamh le dochtúirí leighis cláruithe i seirbhís an údaráis chonganta phuiblí sin i dtaobh cóireála do bhéarfaidh na dochtúirí sin do sna daoine sin sa bhfundúireacht cheanntair sin agus ag rialú méid na n-íocaíocht san, agus

(c) forálfaid ná leigfear éinne isteach sa bhfundúireacht cheanntair sin fé sna rialacháin sin mara mbeidh cóiríocht ar fáil dó sa bhfundúireacht cheanntair sin, le linn a leigthe isteach inti, ná beidh ag teastáil do dhaoine bheidh i dteideal conganta phuiblí agus is inleigthe isteach sa bhfundúireacht cheanntair sin.

(5) Ní déanfar duine ar bith ná beidh i dteideal conganta phuiblí do leigint isteach i bhfundúireacht cheanntair, ná cóiríocht ná cóireáil do thabhairt dó inti, mara mbeidh rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so i ngníomh i dtaobh na fundúireachta ceanntair sin, agus ní déanfar aon duine den tsórt san do leigint isteach sa bhfundúireacht cheanntair sin, ná cóiríocht ná cóireáil do thabhairt dó inti, ach amháin do réir na rialachán san.

(6) Ní dhéanfaidh dochtúir leighis cláruithe, i seirbhís údaráis chonganta phuiblí go mbeidh fundúireacht cheanntair á cothabháil acu, aon íocaíocht d'iarraidh ar dhuine ar bith a leigfear isteach sa bhfundúireacht cheanntair sin fé rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, ná dó ghlacadh uaidh, i dtaobh cóireála do bhéarfaidh an dochtúir sin don duine sin sa bhfundúireacht cheanntair sin, mara mbeidh údaruithe go soiléir leis na rialacháin sin don dochtúir sin an íocaíocht san do ghlacadh, agus ní dhéanfaidh aon dochtúir leighis cláruithe den tsórt san aon íocaíocht den tsórt san, de mhéid ná beidh údaruithe amhlaidh, d'iarraidh ar dhuine ar bith den tsórt san ná do ghlacadh uaidh.

(7) An t-airgead uile is iníoctha, ag duine leigfear isteach i bhfundúireacht cheanntair fé rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, leis an údarás conganta phuiblí, go mbeidh an fhundúireacht cheanntair sin á cothabháil acu, i dtaobh cóiríochta no cóireála sa bhfundúireacht cheanntair sin beidh sé ina fhiacha gnáthchonnartha a bheidh dlite ag an duine sin don údarás conganta phuiblí sin agus féadfaidh an t-údarás san é bhaint amach dá réir sin.

Seirbhísí creidimh agus séiplínigh i bhfundúireachtaí ceanntair.

38. —(1) Déanfaidh an tAire, le hordú, socrú i dtaobh seirbhísí creidimh do chomóradh go cuibhe i ngach fundúireacht cheanntair agus chuige sin ceapfaidh, maidir le gach fundúireacht cheanntair, daoine oiriúnacha chun bheith ina séiplínigh don fhundúireacht cheanntair sin.

(2) Gach duine ceapfar fén alt so chun bheith ina shéiplíneach d'fhundúireacht cheanntair beidh sé i seilbh oifige faid is toil leis an Aire é agus déanfaidh an t-údarás conganta phuiblí go mbeidh an fhundúireacht cheanntair sin á cothabháil acu an luach saothair sin d'íoc leis ordóidh an tAire o am go ham.

(3) Ní bheidh sé d'oblagáid ar aon iostaí i bhfundúireacht cheanntair aon tseirbhís chreidimh a bheidh contrárdha dá phrínsiobail chreidimh do fhreastal.

E d'oblagáid congnamh teaghlaigh do dheonadh.

39. —(1) Deonfaidh gach údarás conganta phuiblí, do réir rialachán ar n-a ndéanamh ag Aire fén Acht so, congnamh teaghlaigh do gach duine i geanntar chonganta phuiblí an údaráis sin a bheidh i dteideal conganta ghenerálta agus ná deonfar congnamh dó i bhfundúireacht.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun deonadh conganta theaghlaigh do rialú agus, go sonnrách, chun an tsaghais chonganta theaghlaigh do rialáil go generálta no maidir le haon aicme áirithe daoine, agus chun a ordú cadiad na tráthanna agus na háiteanna ina bhféadfar agus cadiad na coinníollacha gur fé n-a réir a féadfar congnamh teaghlaigh do dheonadh.

Ceanntair íclainne.

40. —(1) Gach ceanntar íclainne bheidh in aon cheanntar conganta phuiblí díreach roimh thosach feidhme an Achta so is ceanntar íclainne é chun crícheanna conganta liaghachta fén Acht so.

(2) Pé uair is dóich leis san do bheith ceart féadfaidh an tAire, le hordú, roinnt aon cheanntair chonganta phuiblí ina cheanntair íclainne d'atharú fé mar is dóich leis is ceart agus go sonnrách féadfaidh líon na gceanntar íclainne i gceanntar chonganta phuiblí do mhéadú no do laigheadú.

(3) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so ag atharú roinnte aon cheanntair chonganta phuiblí ina cheanntair íclainne féadfaidh, leis an ordú céanna, socrú do dhéanamh chun pé aistriú oifigeach (más ann dó) do dhéanamh is dóich leis is gá no is oiriúnach de dhruim an atharuithe sin.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun ceanntair íclainne do rialú agus chun congnamh liaghachta do riaradh sna ceanntair sin, agus beidh sé de dhualgas ar gach údarás conganta phuiblí gach ceanntar íclainne ina gceanntar conganta phuiblí do bhainistí agus congnamh liaghachta do riaradh i ngach ceanntar íclainne den tsórt san do réir na rialachán san.

Dochtúirí oifigiúla ceanntar íclainne do cheapadh.

41. —Ceapfaidh gach údarás conganta phuiblí, chun seirbhíse gach ceanntair íclainne fé leith ina gceanntar conganta phuiblí, an méid sin dochtúirí oifigiúla agus oifigeach eile ordóidh an tAire o am go ham.

Iclanna, cógaisí, etc., do chur ar fáil.

42. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “íclann ar leithligh” íclann chun aon-úsáide dochtúra no dochtúirí oifigiúla aon cheanntair íclainne áirithe amháin.

(2) Déanfaidh gach údarás conganta phuiblí íclanna do chur ar fáil agus do chothabháil chun úsáide dochtúirí oifigiúla na gceanntar íclainne uile agus fé seach ina gceanntar conganta phuiblí.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le híclanna do chur ar fáil agus do chothabháil de bhun an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, sé sin le rá:—

(a) beidh aon íclann amháin ar a laighead i ngach ceanntar íclainne;

(b) i dteanta na haon-íclainne amháin sin beidh i ngach ceanntar íclainne pé íclanna eile agus (más aon cheann é) pé méid díobh ordóidh an tAire;

(c) beidh ceann amháin ar a laighead de sna híclanna i ngach ceanntar íclainne ina híclainn ar leithligh mara n-orduighidh an tAire a mhalairt;

(d) ní dhéanfaidh údarás conganta phuiblí aon íclann nach íclann ar leithligh do chur ar fáil ná do chothabháil gan toiliú an Aire.

(4) Coimeádfaidh gach údarás conganta phuiblí i staid agus i dtreo mhaith, chun sástachta an Aire, gach íclann a bheidh á cothabháil acu de bhun an ailt seo.

(5) Cuirfidh gach údarás conganta phuiblí ar fáil agus soláthróid, do réir rialachán ar n-a ndéanamh ag an Aire fén alt so, an troscán, na feistisí, na fearaistí liaghachta agus máinliaghachta, na cógaisí, agus na riachtanaisí eile sin go léir, chun úsáide gach íclainne bheidh á cothabháil acu fén alt so, is dóich leis an Aire is gá no is ceart chun na híclainne sin d'oibriú go cuibhe do réir an Achta so.

(6) Má bhíonn dochtúir oifigiúil ceanntair íclainne (dá ngairmtear sa bhfo-alt so an ceanntar íclainne céad-luaidhte), i gceanntar conganta phuiblí, ina dhochtúir oifigiúil freisin do cheanntar íclainne teorantach (dá ngairmtear sa bhfo-alt so an ceanntar íclainne teorantach) i gceanntar conganta phuiblí eile, féadfaidh údarás conganta phuiblí an cheanntair chonganta phuiblí chead-luaidhte sin (dá ngairmtear sa bhfo-alt so an t-údarás rann-íocach), le toiliú an Aire, na dualgaisí cuirtear ortha leis an alt so maidir leis an gceanntar íclainne céadluaidhte do chólíonadh tré n-a chó-aontú le húdarás conganta phuiblí an cheanntair chonganta phuiblí eile sin (dá ngairmtear so bhfo-alt so an t-údarás soláthrach)—

(a) go mbeidh ar fáil agus go n-úsáidfear, don cheanntar íclainne chéad-luaidhte, íclann no íclanna bheidh curtha ar fáil agus á gcothabháil don cheanntar íclainne teorantach ag an údarás soláthrach, maraon leis an troscán, na feistisí, na fearaistí liaghachta agus máinliaghachta, na cógaisí agus na riachtanaisí eile bheidh soláthruithe don íclainn no do sna híclanna san ag an údarás soláthrach, agus

(b) go n-íocfaidh an t-údarás rann-íocach leis an údarás soláthrach, chó luath agus is féidir é tar éis deireadh gach bliana airgeadais áitiúla, an cion san, de sna costaisí fé n-a ndeachaidh an t-údarás soláthrach an bhliain sin chun na híclainne no na n-íclanna san do chothabháil agus chun riachtanaisí do sholáthar don chéanna, ar a gcó-aontóidh an t-údarás rann-íocach agus an t-údarás soláthrach no, cheal an chó-aontuithe sin, a chinnfidh an tAire.

Ait chomhnaithe do chur ar fáil d'oifigeach íclainne.

43. —(1) Féadfaidh údarás conganta phuiblí, le ceadú an Aire, agus déanfaid, má orduíonn an tAire é, áit chomhnaithe is dóich leis an Aire is leor do chur ar fáil agus do chothabháil in aon cheanntar íclainne ina gceanntar conganta phuiblí chun úsáide aon dochtúra oifigiúil don cheanntar íclainne sin faid a bheidh i seilbh oifige.

(2) Féadfaidh údarás conganta phuiblí, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má orduíonn an tAire é, áit chomhnaithe do chur ar fáil agus do chothabháil, i gcó-cheangal le haon íclainn a bheidh á cothabháil acu fén Acht so no mar chuid di, chun úsáide aon mhná cabhartha no oifigigh eile (nach dochtúir oifigiúil), don cheanntar íclainne ina mbeidh an íclann san, faid a bheidh i seilbh oifige.

Údarás tuismitheoirí do dhílsiú in údarás chonganta phuiblí.

44. —(1) Baineann an t-alt so le leanbh dlisteanach gur marbh dá thuismitheoirí araon no bheidh tréigthe ag á thuismitheoirí araon no (más marbh do dhuine dá thuismitheoirí) ag an tuismitheoir acu a mhaireann agus le leanbh mí-dhlisteanach gur marbh dá mháthair no bheidh tréigthe ag á mháthair.

(2) Beidh ag gach údarás conganta phuiblí, maidir le gach leanbh le n-a mbaineann an t-alt so agus ná beidh sé bliana déag slán aige agus a bheidh á chothabháil ag an údarás san, cearta agus comhachta uile tuismitheoirí an leinbh sin.

(3) I gcás leinbh dhlisteannaigh a bheidh tréigthe ag á thuismitheoirí araon no ag an tuismitheoir acu a mhaireann, ní údaróidh éinní san alt so d'údarás chonganta phuiblí an leanbh san do choinneáil má éilíonn a dhá thuismitheoir no éinne acu an leanbh chun é chothabháil.

(4) I gcás leinbh mhí-dhlisteanaigh a bheidh tréigthe ag á mháthair, ní údaróidh éinní san alt so d'údarás chonganta phuiblí an leanbh san do choinneáil má éilíonn a mháthair é chun é chothabháil.

Údarás tuismitheoirí d'aistriú chun údaráis chonganta phuiblí

45. —(1) Má bhíonn leanbh á chothabháil ag údarás conganta phuiblí agus—

(a) gur dóich leis an údarás san go bhfuil tuismitheoir don leanbh san, de bhíthin éalainge aigne no droch-bhéasanna no droch-nóis bheathadh, neamh-oiriúnach chun bheith i gcúram an leinbh sin, no

(b) go mbeidh tuismitheoir don leanbh san, de bhíthin é bheith ag fulang breithe pian-tseirbhíse no fé choinneáil fén Inebriates Act, 1898, neamh-ábalta ar a dhualgaisí tuismitheora do chólíonadh, no

(c) gur daoradh tuismitheoir don leanbh san chun príosúntachta i gcionta in aghaidh an leinbh sin no éinne eile dá chlainn, no

(d) gurb éigean do thuismitheoir don leanbh san an leaba do choimeád i gcomhnaí agus go mbeidh sé á chothabháil ag an údarás san fén Acht so i bhfundúireacht cheanntair no eile agus go dtoileoidh leis an rún a luaidhtear anso ina dhiaidh seo,

féadfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin a bheartú le rún go ndílseoidh cearta agus comhachta uile an tuismitheora san, maidir leis an leanbh san, san údarás san go mbeidh sé bliana déag slán ag an leanbh san.

(2) Pé uair a rithfidh údarás conganta phuiblí aon rún den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, dílseoidh cearta agus comhachta uile an tuismitheora san a luaidhfear sa rún san, de thuismitheoirí an leinbh le n-a mbainfidh an rún san, san údarás san díreach ar an rún san do rith agus leanfaid de bheith dílsithe amhlaidh go dtí go ndéanfar an rún san do chur ar neamh-ní no d'fhoirceannadh fén alt so no go mbeidh sé bliana déag slán ag an leanbh san, pé ní acu san is túisce thárlóidh.

(3) Pé uair a rithfidh údarás conganta phuiblí aon rún den tsórt san a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) más dóich leis an údarás san go raghadh sé chun tairbhe don leanbh le n-a mbainfidh an rún san an rún san do chur ar neamh-ní féadfaidh an t-údarás san an rún san do chur ar neamh-ní;

(b) féadfaidh an t-údarás san a cheadú an leanbh san do bheith, go buan no go sealadach, fé chúram tuismitheora no gaoil eile, no caomhnóra, no cara don leanbh san no fé chúram cumainn no fundúireachta cúraim leanbh;

(c) más deimhin leis an gCúirt Dúithche, ar fháil ghearáin di o thuismitheoir no o ghaol eile no o chamhnóir don leanbh san no o éinne eile dhlighfidh fén Acht so an leanbh san do chothabháil, ná raibh aon chúis ann le linn an rúin sin do rith á údarú an rún san do rith no go raghadh sé chun tairbhe don leanbh san an rún san d'fhoirceannadh, féadfaidh an Chúirt Dúithche ordú do dhéanamh ag foirceannadh an rúin sin agus leis sin scuirfidh an t-údarás san d'aon chearta no comhachta do bheith acu fén alt so maidir leis an leanbh san;

(d) más deimhin leis an gCúirt Dúithche, ar fháil ghearáin di o thuismitheoir no o ghaol eile no o chaomhnóir don leanbh san, gur cheart é bheith fé chúram an tuismitheora, an ghaoil, no an chaomhnóra san, go buan no go sealadach, féadfaidh an Chúirt Dúithche ordú do dhéanamh dá réir sin agus leis sin beidh sé de dhualgas ar an údarás san déanamh do réir an orduithe sin.

Fiachas maidir le rann-íoc do thabhairt le haghaidh cothabhála do bhuan-choimeád.

46. —(1) Má deintear cearta agus comhachta na dtuismitheoirí no tuismitheora, maidir le leanbh, do dhílsiú in údarás conganta phuiblí fé réim no de bhuadh an Achta so ní shaorfaidh san na tuismitheoirí no an tuismitheoir sin ná aon duine eile o aon fhiachas (pe'ca leis an Acht so no ar shlí eile le dlí cuireadh ortha é) i dtaobh costas cothabhála an leinbh sin no aon chuid de d'íoc.

(2) Má deintear leis an Acht so no fé cearta agus comhachta na dtuismitheoirí no tuismitheora, maidir le leanbh, do dhílsiú in údarás conganta phuiblí, ní oibreoidh sé chun aon cheart no comhacht acu san do bhaint den údarás san, ná ní dhéanfa sé dochar ná deifir do chearta ná do chomhachta an údaráis sin, maidir leis an leanbh san, na tuismitheoirí no an tuismitheoir sin no aon duine eile do dhéanamh íocaíochta mar chabhair chun an leinbh sin do chothabháil.

Scoileanna do dheimhniú.

47. —(1) Ar iarratas i scríbhinn o bhainisteoirí scoile ar bith seachas scoil náisiúnta no scoil cheartúcháin féadfaidh an tAire—

(a) más oiriúnach leis é, duine oiriúnach do cheapadh chun scrúdú do dhéanamh agus tuarasgabháil do thabhairt dó ar staid na scoile sin, agus

(b) más dóich leis, ar an tuarasgabháil sin do bhreithniú dhó, san do bheith ceart, a dheimhniú i scríbhinn go bhfuil an scoil sin oiriúnach chun leanbhaí bheidh le cur chun scoile deimhnithe fén Acht so do ghlacadh inti agus a dheimhniú fós cadé an méid leanbh ar fad no cadé an méid leanbh ar fad de gach gné fé leith go bhfuil an scoil sin oiriúnach amhlaidh chun iad do ghlacadh inti.

(2) I gcás an Aire do thabhairt deimhnithe uaidh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so i dtaobh scoile féadfaidh an tAire, má bhíonn sé mí-shásta tráth ar bith ina dhiaidh sin le staid no le bainistí na scoile sin, cealú do dhéanamh, tré fhógra i scríbhinn do thabhairt do bhainisteoirí na scoile sin no do chur chúcha, ar an deimhniú san amhail o lá luadhfar chuige sin sa bhfógra san agus nach luaithe ná dhá mhí tar éis an fhógra san do thabhairt do sna bainisteoirí sin no do chur chúcha.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach scoil go mbeidh deimhniú ar n-a thabhairt uaidh ag an Aire fén alt so i bhfeidhm ina taobh de thurus na huaire, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh cigire ar n-a cheapadh ag an Aire cuairt do thabhairt ar an scoil sin agus í d'iniúchadh tráth ar bith agus staid agus bainistí na scoile sin agus staid agus cóireáil na leanbh inti do scrúdú fé mar is dóich leis is gá;

(b) pé uair a dhéanfaidh cigire cuairt do thabhairt ar an scoil sin agus í d'iniúchadh fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, bhéarfaidh tuarasgabháil don Aire ar thoradh na cuairte agus an iniúchta san agus ar thoradh aon scrúduithe do rinne le n-a linn sin;

(c) féadfaidh aon údarás conganta phuiblí go mbeidh leanbh curtha chun na scoile sin acu duine oiriúnach do cheapadh, tráth ar bith le linn don leanbh san bheith sa scoil sin, chun cuairt do thabhairt ar an scoil sin agus féadfaidh an duine sin cuairt do thabhairt ar an scoil sin agus í d'iniúchadh dá réir sin;

(d) déanfaidh bainisteoirí na scoile sin gach cuairt, iniúchadh, agus scrúdú den tsórt a húdaruítear le haon mhír acu san roimhe seo den fho-alt so do cheadú agus saoráidí ina gcóir do thabhairt uatha.

(4) Scoil deimhnithe gairmtear san Acht so de scoil go mbeidh deimhniú ar n-a thabhairt uaidh ag an Aire fén alt so i bhfeidhm ina taobh de thurus na huaire agus is dá réir sin a léireofar an abairt “scoil deimhnithe” san Acht so.

Leanbhaí do chur ar altranas, etc.

48. —(1) Féadfaidh údarás conganta phuiblí socrú do dhéanamh, do réir rialachán ar n-a ndéanamh ag an Aire fén alt so, chun congnamh ar aon tslí acu so leanas (laistigh no lasmuich dá gceanntar conganta phuiblí) le leanbh dlisteanach a bheidh i dteideal conganta ghenerálta agus go mbeidh cearta agus comhachta a dhá thuismitheoir no an tuismitheora acu a mhaireann dílsithe, maidir leis, san údarás san, no le leanbh mídhlisteanach go mbeidh cearta agus comhachta a mháthar dílsithe, maidir leis, san údarás san, sé sin le rá, tríd an leanbh san do chur ar banaltranas, no ar altranas, no chun scoile deimhnithe no, má bhíonn an leanbh san ceithre bliana déag d'aois ar a laighead, tré n-a chur ar aimsir, no tré n-a chur le haon chéird, gairm no gnó bheidh oiriúnach.

(2) Féadfaidh údarás conganta phuiblí, le ceadú an Aire, congnamh le haon duine bheidh i dteideal conganta ghenerálta tré éinní acu so leanas do dhéanamh, le toiliú an duine sin agus do réir rialachán ar n-a ndéanamh ag an Aire fén alt so, maidir le haon leanbh a dhlighfidh an duine sin, fén Acht so, do chothabháil agus go mbeidh cearta agus comhachta a dhá thuismitheoir no an tuismitheora acu a mhaireann, más leanbh dlisteanach é, no a mháthar, más leanbh mí-dhlisteanach é, gan bheith dílsithe, maidir leis, san údarás san, sé sin le rá, an leanbh san do chur ar banaltranas, no ar altranas, no chun scoile deimhnithe no má bhíonn an leanbh san ceithre bliana déag d'aois ar a laighead, é chur le haon chéird, gairm no gnó bheidh oiriúnach.

(3) Pé uair a dhéanfaidh údarás conganta phuiblí fén alt so leanbh do chur le céird, gairm, no gnó bheidh oiriúnach féadfaidh an t-údarás san an táille no an tsuim sin is gá chuige sin d'íoc agus féadfaidh an leanbh san do chothabháil no rann-íoc do thabhairt le haghaidh a chothabhála faid a bheidh sé ag foghluim na céirde no na gairme no an ghnótha san.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche no crícheanna acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) maidir le húdarás conganta phuiblí do chur leanbhaí ar banaltranas—

(i) chun na haoise minimum ar a bhféadfar leanbhaí do chur ar banaltranas amhlaidh do cheapadh agus fós an aois mhaximum gur go dtí í fhéadfaidh leanbhaí fanúint ar banaltranas amhlaidh,

(ii) chun na gcoinníollacha fé n-a bhféadfar leanbhaí do chur ar banaltranas amhlaidh do cheapadh,

(iii) chun fuirm an chonnartha bheidh le déanamh ag an údarás san le daoine go gcuirfear leanbhaí ar banaltranas acu amhlaidh d'ordú,

(iv) chun socrú do dhéanamh i dtaobh leanbhaí cuirfear ar banaltranas amhlaidh do mhaoirseacht agus d'fhiosrú thar ceann an Aire no an údaráis sin,

(v) chun leas leanbhaí cuirfear ar banaltranas amhlaidh d'áirithiú go generálta;

(b) maidir le húdarás conganta phuiblí do chur leanbhaí ar altranas—

(i) chun na haoise minimum ar a bhféadfar leanbhaí do chur ar altranas amhlaidh do cheapadh agus fós an aois mhaximum gur go dtí í fhéadfaidh leanbhaí fanúint ar altranas amhlaidh,

(ii) chun na gcoinníollacha fé n-a bhféadfar leanbhaí do chur ar altranas amhlaidh do cheapadh,

(iii) chun fuirm an chonnartha bheidh le déanamh ag an údarás san le daoine go gcuirfear leanbhaí ar altranas acu amhlaidh d'ordú,

(iv) chun socrú do dhéanamh i dtaobh leanbhaí cuirfear ar altranas amhlaidh do mhaoirseacht agus d'fhiosrú thar ceann an Aire no an údaráis sin,

(v) chun leas leanbhaí cuirfear ar altranas amhlaidh d'áirithiú go generálta;

(c) maidir le húdarás conganta phuiblí do chur leanbhaí chun scoile deimhnithe agus le leanbhaí cuirfear chun scoile den tsórt san amhlaidh do choimeád inti—

(i) chun na haoise minimum ar a bhféadfar leanbhaí do chur amhlaidh chun scoile deimhnithe do cheapadh agus fós an aois mhaximum gur go dtí í féadfar leanbhaí do choimeád amhlaidh i scoil deimhnithe,

(ii) chun na gcoinníollacha fé n-a bhféadfar leanbhaí do chur amhlaidh chun scoile deimhnithe no do choimeád amhlaidh inti do cheapadh;

(d) maidir le húdarás conganta phuiblí do chur leanbhaí ar aimsir no le céird, gairm, no gnó—

(i) chun na haoise (nach lugha ná ceithre bliana déag) ar a bhféadfar leanbhaí do chur ar aimsir no le céird, gairm, no gnó amhlaidh do cheapadh,

(ii) chun na gcoinníollacha fé n-a bhféadfar leanbhaí do chur ar aimsir no le céird, gairm, no gnó amhlaidh do cheapadh,

(iii) chun fuirm chonnartha bheidh le déanamh ag an údarás san le daoine go gcuirfear leanbhaí ar aimsir no le céird, gairm, no gnó acu amhlaidh d'ordú,

(iv) chun socrú do dhéanamh i dtaobh leanbhaí cuirfear ar aimsir no le céird, gairm, no gnó amhlaidh do mhaoirseacht agus d'fhiosrú thar ceann an Aire no an údaráis sin,

(v) chun leas leanbhaí cuirfear ar aimsir no le céird, gairm, no gnó amhlaidh d'áirithiú go generálta.

Leanbh do thógaint as coimeád an duine gur cuireadh ar banaltranas, etc., aige é.

49. —(1) Pé uair a bheidh leanbh curtha ag údarás conganta phuiblí ar banaltranas, ar altranas, no ar aimsir no le céird, gairm, no gnó, féadfaidh an t-údarás san más rogha leo é agus déanfaid má cheanglann an tAire san ortha an leanbh san do thógaint, tráth ar bith sara mbeidh sé bliana déag slán aige, as coimeád an duine gur cuireadh ar banaltranas, ar altranas, no ar aimsir no le céird, gairm, no gnó amhlaidh aige é.

(2) Pé uair a bheidh leanbh curtha chun scoile deimhnithe ag údarás conganta phuiblí—

(a) féadfaidh an t-údarás san an leanbh san do thógaint as an scoil sin tráth ar bith más rogha leo é, agus

(b) tógfaidh an t-údarás san an leanbh san as an scoil sin má dheineann agus nuair a dhéanfaidh an tAire no bainisteoirí na scoile sin a cheangal ortha san do dhéanamh, no ar an scoil sin do scur de bheith ina scoil deimhnithe.

(3) Pé uair a dhéanfaidh údarás conganta phuiblí leanbh do thógaint as coimeád duine gur cuireadh an leanbh san ar banaltranas, ar altranas, no ar aimsir no le céird, gairm, no gnó aige, beidh deireadh, díreach ar an tógaint sin do thárlachtaint, le haon chonnradh idir an t-údarás san agus an duine sin i dtaobh an leinbh sin.

(4) Pé uair a bheidh de chomacht ag údarás conganta phuiblí no de cheangal ortha, do réir na fé réim an ailt seo, leanbh do thógaint as coimeád duine, bhéarfaidh an duine sin coimeád an leinbh sin don údarás chonganta phuiblí sin ar n-a éileamh san air.

Congnamh le leanbhaí éalangacha.

50. —I gcás tuismitheoirí no an duine mhaireann de thuismitheoirí no caomhnóir leinbh is leanbh bodhar, balbh, dall, leathmheabhrach, dí-mheabhrach, tuiteamach no ciothramach do bheith neamh-ábalta, de bhíthin dealbhais, ar leor-shocrú do dhéanamh chun an leinbh sin d'oiliúint agus é bheith de thuairim ag údarás conganta phuiblí go raghadh sé chun tairbhe don leanbh san é chur chun fundúireachta den tsórt a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, féadfaidh an t-údarás san, le ceadú an Aire agus le toiliú na dtuismitheoirí, an tuismitheora, no an chaomhnóra san, socrú do dhéanamh chun an leinbh sin do chothabháil agus d'oidiú no ranníoc do thabhairt le haghaidh a chothabhála agus a oidithe i bhfundúireacht a bheidh bunuithe agus á cothabháil chun leanbhaí den tsórt san d'aireachasú agus le n-a mbeidh an tAire sásta.

Creideamh leanbhaí do chaomhnadh.

51. —(1) Ní dhéanfaidh údarás conganta phuiblí—

(a) leanbh do chur ar banaltranas ná ar altranas ag duine ná géilleann do chreideamh na haicme creidimh dar díobh an leanbh san, ná

(b) leanbh do chur i bhfundúireacht a bheidh á seoladh do réir phrínsiobal aicme creidimh seachas an aicme chreidimh dar díobh an leanbh san, ná

(c) má bhíonn na cearta agus na dualgaisí tuismitheora maidir le leanbh dílsithe san údarás san, an leanbh san d'oidiú ná a cheadú go n-oideofaí an leanbh san í gcreideamh seachas an creideamh ina n-oideofaí an leanbh san dá mba ná dílseofaí na cearta tuismitheora san san údarás san.

(2) Ní déanfar leanbh a bheidh á chothabháil ag údarás conganta phuiblí do theagasc—

(a) i gcás leinbh dhlisteanaigh go mbeidh duine amháin ar a laighead dá thuismitheoirí ar marthain agus gan é thréigean, in aon chreideamh go gcuirfidh a thuismitheoirí no an tuismitheoir acu a mhaireann ina choinnibh, no

(b) i gcás leinbh mhí-dhlisteanaigh go mbeidh a mháthair ar marthain agus gan é thréigean, in aon chreideamh go gcuirfidh a mháthair ina choinnibh, no

(c) i gcás leinbh dhlisteanaigh go mbeidh a thuismitheoirí marbh no bheidh tréigthe ag á thuismitheoirí araon no ag an tuismitheoir acu a mhaireann no i gcás leinbh mhí-dhlisteanaigh go mbeidh a mháthair marbh no bheidh tréigthe ag á mháthair, in aon chreideamh go gcuirfidh caomhnóir no neasachán gaoil an leinbh sin ina choinnibh.

Ceart chun deimhniú beireatais leinbh d'fháil.

52. —Pé pair is gá aois leinbh d'fháil amach chun aon chríche de chrícheanna an Achta so, beidh duine ar bith i dteideal, ar é do thíolacadh iarratais i scríbhinn sa bhfuirm orduithe agus na mion-innste orduithe ann don chlárathóir cheart no don cheannchlárathóir cheart beireatas agus básanna, cóip dheimhnithe den iontráil ar bheireatas an leinbh sin sa chlár de bheireataisí bheidh á chothabháil fé sna hAchtanna um Chlárú Beireataisí agus Básanna, 1863, go 1936, d'fháil (in aisce) ón gclárathóir no ón gceann-chlárathóir sin.