An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Congnamh Puibli.) Ar Aghaidh (CUID V. Maoin do Thogaint agus do Chur de Laimh.)

27 1939

ACHT UM CHONGNAMH PHUIBLÍ, 1939

CUID IV.

Airgeadas.

Airgead do chur ar fáil d'údaráis chonganta phuiblí áirithe.

53. —(1) Má bhíonn ceanntar conganta phuiblí có-dhéanta de chontae-bhuirg agus de chontae no cuid de chontae déanfaidh bárdas na contae-bhuirge sin agus comhairle na contae sin an t-airgead is gá chun íoctha costaisí údaráis chonganta phuiblí an cheanntair chonganta phuiblí sin do thabhairt don údarás san go rátúil do réir iomlána na luachálanna bheidh sna liostaí luachála, bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire fé sna hAchtanna Luachála, den mhaoin ionrátuithe sna coda fé seach den cheanntar chonganta phuiblí sin a bheidh suidhte sa chontae-bhuirg agus sa chontae sin fé seach.

(2) An t-airgead is gá chun íoctha costaisí údaráis chonganta phuiblí cheanntair chonganta phuiblí go mbeidh a iomlán suidhte i gContae Bhaile Atha Cliath déanfaidh comhairle na contae sin é thabhairt don údarás chonganta phuiblí sin.

(3) An t-airgead uile is gá, do réir an ailt seo, do chomhairle chontae no do bhárdas chontae-bhuirge do thabhairt d'údarás chonganta phuiblí bhéarfar don údarás san amhlaidh é ar n-a éileamh san dóibh sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus san am orduithe.

Airgead do chruinniú d'údaráis chonganta phuiblí áirithe.

54. —(1) Má bhíonn iomlán ceanntair chonganta phuiblí suidhte in aon chontae amháin déanfaidh comhairle na contae sin na costaisí fé n-a raghaidh údarás conganta phuiblí an cheanntair chonganta phuiblí sin do chruinniú tríd an ráta dealbhais go cothrom ar fuaid iomláine an cheanntair chonganta phuiblí sin.

(2) Má bhíonn ceanntar conganta phuiblí có-dhéanta de chontae-bhuirg agus de chontae no cuid de chontae cruinneoidh comhairle na contae sin tríd an ráta dealbhais go cothrom ar fuaid iomláine na contae sin no na coda san de chontae (do réir mar a bheidh) an t-airgead uile is gá, do reir na Coda so den Acht so, don chomhairle sin do thabhairt d'údarás chonganta phuiblí an cheanntair chonganta phuiblí sin.

(3) An t-airgead uile is gá, do réir na Coda so den Acht so, do bhárdas chontae-bhuirg Chorcaighe do chruinniú, cruinneofar tríd an ráta dealbhais é.

Údaráis chonganta phuiblí do ghlacadh airgid.

55. —(1) An t-airgead uile is iníoctha le húdarás conganta phuiblí is le cisteoir an údaráis sin a híocfar é agus déanfaidh an cisteoir sin é ghlacadh agus é chur i gcreidiúint don údarás san.

(2) Isé amháin is cúiteántas maith do dhuine íocfaidh airgead le húdarás conganta phuiblí admháil chisteora an údaráis sin, ach i gcás duine do dhéanamh íocaíochta d'aicme áirithe le hoifigeach don údarás san dá mbeidh údaruithe go cuibhe ag an údarás san no le rialachán ar n-a dhéanamh fén Acht so íocaíochtaí den aicme sin do ghlacadh is cúiteántas maith don duine sin admháil an oifigigh sin.

(3) Pé uair a ghlacfaidh oifigeach d'údarás chonganta phuiblí aon airgead don údarás san go mbeidh údaruithe dhó ag an údarás san no le rialachán ar n-a dhéanamh fén Acht so é ghlacadh amhlaidh beidh sé de dhualgas ar an oifigeach san an t-airgead san d'íoc láithreach le cisteoir an údaráis sin.

Iocaíochtaí o údaráis chonganta phuiblí.

56. —(1) An t-airgead uile is iníoctha ag údarás conganta phuiblí déanfaidh cisteoir an údaráis sin é íoc as cistí an údaráis sin.

(2) Ní dhéanfaidh cisteoir údaráis chonganta phuiblí íocaíocht ar bith as cistí an údaráis sin ach amháin—

(a) de bhun orduithe o chúirt inniúil, no

(b) de bhun orduithe ón údarás san a bheidh sighnithe go cuibhe (maran bárdas contae-bhuirge an t-údarás san) ag trí baill den údarás san do bhí ag an gcruinniú agá ndearnadh an t-ordú san agus contra-shighnithe ag rúnaí an údaráis sin.

Teora le méid iasachta.

57. —Ní bheidh aon tsuim airgid a gheobhaidh údarás conganta phuiblí ar iasacht de mhéid a bheadh ann féin, no do bhéarfadh go mbeadh fiacha iomlána an údaráis sin, níos mó ná an ceathrú cuid de mhéid iomlán na luachálanna bheidh sna liostaí luachála, bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire fé sna hAchtanna Luachála, den mhaoin ionrátuithe i gceanntar conganta phuiblí an údaráis sin.

Fiacha agus fiachaisí áirithe d'aistriú.

58. —(1) Baineann an t-alt so le gach fiach no fiachas (seachas an fiachas maidir le haon aois-liúntas no aisce d'íoc) de chuid bhúird chaomhnóirí no choiste otharlainne contae no óspidéil fhiabhrais go ndearnadh, ar an mbord no ar an gcoiste sin do dhíochur tré scéim chontae, an fiachas maidir le n-a íoc d'aistriú, leis an Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923) , no fé, chun comhairle contae no contae-bhuirge agus ná beidh íoctha no glanta ag an gcomhairle sin roimh thosach feidhme an Achta so.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, más dóich leis san do bheith ceart, an fiachas maidir le híoc aon fhéich no fiachais le n-a mbaineann an t-alt so d'aistriú, amhail o thosach feidhme an Achta so no o aon dáta ina dhiaidh sin, chun an údaráis chonganta phuiblí sin no chun an dá údarás conganta phuiblí sin no níos mó is oiriúnach leis agus, más chun dá údarás den tsórt san no níos mó a déanfar an t-aistriú san amhlaidh, sna cionúireachtaí sin is dóich leis is ceart agus a luadhfaidh san ordú san.

(3) Pé uair a déanfar an fiachas maidir le híoc féich no fiachais no ceana d'fhiach no d'fhiachas d'aistriú fén alt so chun údaráis chonganta phuiblí, íocfaidh agus glanfaidh an t-údarás san an fiach no an fiachas san no an cion san de mar chuid dá gcostaisí fén Acht so.

Cosaint d'fhiachas comhairlí maidir le haois-liúntas.

59. —Ní bhainfidh éinní atá san Acht so le fiachas ná ní dhéanfaidh deifir d'fhiachas chomhairle contae no bhárdais chontaebhuirge, fé aon Acht a scuirfidh de bhuadh an Achta so d'éifeacht do bheith aige i líomatáiste feidhme an Achta so, maidir le haon aois-liúntas d'íoc no rann-íoc do dhéanamh le haghaidh a íoctha.

Cuntaisí agus iniúchadh.

60. —Bainfidh alt 12 agus ailt 14, 15, 17 agus 18 den Local Government (Ireland) Act, 1871, fo-alt (2) d'alt 63 den Local Government (Ireland) Act, 1898, ailt 19 go 22 den Local Government (Ireland) Act, 1902 agus mír (3) d'Airteagal 19 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, leis na cuntaisí ar fháltaisí agus ar íocaíochtaí údaráis chonganta phuiblí d'iniúchadh agus leis an iniúchóir a bheidh ceaptha chun na gcuntas san d'iniúchadh.