An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Airgeadas.) Ar Aghaidh (CUID VI. Imeachta Dli agus Pionois.)

27 1939

ACHT UM CHONGNAMH PHUIBLÍ, 1939

CUID V.

Maoin do Thogaint agus do Chur de Laimh.

Míniú ar “talamh”.

61. —Sa Chuid seo den Acht so foluíonn an focal “talamh” uisce agus aon estát no leas i dtalamh no in uisce agus aon éasáid no ceart i dtalamh no in uisce no chun an chéanna no air.

Comhacht d'údarás chonganta phuiblí chun talamh do thógaint.

62. —Féadfaidh údarás conganta phuiblí, chun crícheanna a gcomhacht agus a ndualgas, talamh do thógaint tré chó-aontú, le toiliú an Aire, no go héigeanta fén gCuid seo den Acht so agus fé sna hAchtanna a hionchorparuítear léi.

Achtanna na gClásanna Talmhan d'ionchorparú.

63. —Déanfar agus deintear leis seo, maidir le húdarás conganta phuiblí do thógaint tailimh fén gCuid seo den Acht so, Achtanna na gClásanna Talmhan, fé mar atáid leasuithe leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, d'ionchorparú leis an gCuid seo den Acht so, ach san gus na hatharuithe agus fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) ní déanfar na forálacha bhaineann le talamh ná beidh ag teastáil do dhíol agus le fáil do bheith ar an Acht speisialta, ná alt 133 (a bhaineann le cáin talmhan agus ráta dealbhais) den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, d'ionchorparú amhlaidh;

(b) nuair a bheidh Achtanna na gClásanna Talmhan agus iad ionchorparuithe amhlaidh á léiriú is tuigthe gurb iad an tAcht so agus an t-ordú um thógaint éigeanta (más ann dó) a bhainfidh leis an gcás an tAcht speisialta agus is tuigthe gurb iad an t-údarás conganta phuiblí bunuitheoirí an ghnótha;

(c) nuair a bheidh an Dara Sceideal a ghabhann leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, agus é ionchorparuithe amhlaidh á léiriú—

ciallóidh an abairt “local authority” údarás conganta phuiblí do réir bhrí an Achta so,

ciallóidh an abairt “confirming Act” an Chuid seo den Acht so agus an t-ordú um thógaint éigeanta mar a bheidh déanta agus daingnithe fén gCuid seo den Acht so,

ciallóidh an abairt “confirming authority” an tAire, agus déanfar tagairtí don Housing of the Working Classes Act, 1890, no do Chuid I de, do léiriú mar thagairtí don Acht so;

(d) nuair a bheidh cúiteamh á mheas ag an eadrascánaí ní chuirfidh san áireamh aon fhoirgint do tógadh ná aon fheabhsú ná atharú do rinneadh ná aon leas i dtalamh do bunuíodh tar éis an dáta ar ar foillsíodh, de bhun na Coda so den Acht so, fógra i dtaobh an orduithe um thógaint éigeanta do dhéanamh másé tuairim an eadrascánaí nár ghá do réir réasúin an fhoirgint sin do thógáil no an feabhsú no an t-atharú san do dhéanamh no an leas san do bhunú agus gur chun an chúitimh sin d'fháil no do mhéadú do rinneadh an ní sin.

Comhacht d'údarás chonganta phuiblí chun talamh d'iniúchadh.

64. —(1) Aon oifigeach no gníomhaire d'údarás chonganta phuiblí a bheidh údaruithe go cuibhe chuige sin ag an údarás conganta phuiblí sin féadfaidh, fé réir forálacha an ailt seo, dul isteach ar thalamh ar bith gach tráth réasúnta idir a naoi a chlog ar maidin agus a sé a chlog tráthnóna chun a fháil amach ce'ca tá an talamh san oiriúnach chun an údaráis chonganta phuiblí sin dá thógaint no ná fuil.

(2) Féadfaidh duine raghaidh isteach ar thalamh fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so gach ní do dhéanamh ar an talamh san is gá do réir réasúin chun na críche luaidhtear sa bhfo-alt san agus go sonnrách féadfaidh suirbhéireacht agus pleananna do dhéanamh, leibhéil do thomhas, tochailt do dhéanamh agus doimhneas agus nádúir an ath-fhóid do scrúdú.

(3) Sara dtéighidh aon duine isteach ar thalamh ar bith fén alt so, déanfaidh an t-údarás conganta phuiblí gur le n-a n-údarás a beifear chun dul isteach amhlaidh toiliú an tsealbhaire (i gcás talmhan sealbhuithe) no toiliú an únaera (i gcás talmhan neashealbhuithe) d'fháil no cuirfid fé ndeár fógra cheithre lá déag ar a laighead do thabhairt i scríbhinn don tsealbhaire no don únaer sin (do réir mar a bheidh) i dtaobh bheith ar aigne dul isteach amhlaidh.

(4) Duine ar bith dá dtabharfar fógra fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so i dtaobh bheith ar aigne dul isteach ar thalamh féadfaidh, ceithre lá déag ar a dhéanaí tar éis an fhógra san do thabhairt, ordú d'iarraidh ar an mbreitheamh den Chúirt Dúithche go ndlighinse aige sa dúthaigh ina bhfuil an talamh san, ar fhógra do thabhairt don údarás chonganta phuiblí thug no gur thar a gceann a tugadh an fógra san, á ordú gan dul isteach amhlaidh ar an talamh san agus, ar an iarratas san d'éisteacht, féadfaidh an breitheamh san, más dóich leis san do bheith ceart, a ordú gan dul isteach amhlaidh ar an talamh san in aon chor no coinníollacha do luadh a bheidh le cólíonadh ag an duine raghaidh isteach amhlaidh.

(5) Má orduíonn breitheamh den Chúirt Dúithche fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so gan dul isteach ar thalamh i gcás ina mbeidh san beartuithe, ní dleathach do dhuine ar bith dul isteach ar an talamh san fén alt so, agus má luadhann breitheamh den Chúirt Dúithche fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so coinníollacha bheidh le cólíonadh ag daoine raghaidh isteach ar thalamh fén alt so, cólíonfaidh gach duine raghaidh isteach ar an talamh san amhlaidh na coinníollacha luadhfar amhlaidh.

(6) Duine ar bith dá ndéanfar damáiste tré éinní déanfar ar aon talamh fén alt so agus a chuirfidh, fé cheann mí tar éis an ní sin do bheith déanta, éileamh ar chúiteamh sa damáiste sin chun an údaráis chonganta phuiblí gur le n-a n-údarás do chuathas isteach ar an talamh san fén alt so, beidh sé i dteideal cúiteamh réasúnta sa damáiste sin d'fháil ón údarás chonganta phuiblí sin agus (nuair a bheidh có-aontuithe i dtaobh a mhéide no a bheidh san cinnte fén gcéad fho-alt eile den alt so) an cúiteamh san do bhaint den údarás chonganta phuiblí sin in aon chúirt dlighinse inniúla mar fhiacha gnáth-chonnartha.

(7) Cheal có-aontuithe cinnfidh an Chúirt Dúithche méid aon chúitimh is iníoctha ag údarás conganta phuiblí fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so i gcás nach mó ná fiche punt an méid a bheidh á éileamh mar chúiteamh no, in aon chás eile, cinnfear é le headrascán fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919 (mar a leasuítear é le hachtacháin ina dhiaidh sin) fé is dá mba phraghas tailimh do tógfaí go héigeanta an cúiteamh san.

(8) Gach duine chuirfidh bac, tré ghníomh no tré fhaillí, ar oifigeach no ar ghníomhaire d'údarás chonganta phuiblí agus na comhachta bronntar leis an alt so á bhfeidhmiú go dleathach aige beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air agus fós, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

Ordú um thógaint éigeanta do dhéanamh.

65. —(1) Nuair is mian le húdarás conganta phuiblí aon talamh áirithe do thógaint go héigeanta fén gCuid seo den Acht so féadfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin ordú (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so ordú um thógaint éigeanta) do dhéanamh á ordú an talamh san do thógaint go héigeanta fén gCuid seo den Acht so.

(2) Beidh gach ordú um thógaint éigeanta sa bhfuirm orduithe agus déanfar na tailte le n-a mbainfidh an t-ordú san do thuairisciú ann tré thagairt do léarscáil a bheidh do réir na gcoinníoll orduithe.

Fógraí, etc., i dtaobh ordú um thógaint éigeanta do dhéanamh.

66. —(1) Ar ordú um thógaint éigeanta do bheith déanta ag údarás conganta phuiblí déanfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin—

(a) fógráin sa bhfuirm orduithe d'fhoillsiú uair amháin ar a laighead i bpáipéar nuachta léightear i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis chonganta phuiblí sin, fógrán á rá go bhfuil an t-údarás san tar éis ordú um thógaint éigeanta do dhéanamh maidir le talamh áirithe agus gur féidir an t-ordú san agus an léarscáil dá dtagartar ann d'iniúchadh in áit áirithe, agus

(b) fógra i scríbhinn, sa bhfuirm orduithe, do thabhairt do gach únaer no únaer tuairimithe, léasaí no léasaí tuairimithe, agus sealbhaire ar an talamh le n-a mbainfidh an t-ordú san, agus na ráitisí céanna ann a ceangailtear anso roimhe seo a chur sa bhfógrán san agus é ráite fós ann go bhféadfaidh duine ar bith ar a ngoillfidh an t-ordú san agóid i gcoinnibh an orduithe sin do chur chun an Aire sa tslí luaidhtear agus laistigh d'am áirithe.

(2) Féadfaidh údarás conganta phuiblí, bheidh tar éis ordú um thógaint éigeanta do dhéanamh agus na forálacha san roimhe seo den alt so do chólíonadh maidir leis an ordú san, ordú ag daingniú an orduithe sin um thógaint éigeanta d'iarraidh ar an Aire.

Ordú um thógaint éigeanta do dhaingniú.

67. —Nuair a dhéanfaidh údarás conganta phuiblí ordú ag daingniú orduithe um thógaint éigeanta d'iarraidh ar an Aire fén gCuid seo den Acht so agus is deimhin leis an Aire gur cólíonadh maidir leis an ordú san um thógaint éigeanta na forálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le cúrsaí roimh an iarratas san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) mara ndeintear aon agóid (seachas agóid ná bainfidh, dar leis an Aire, ach le cúiteamh) do chur go cuibhe chun an Aire i gcoinnibh an orduithe sin um thógaint éigeanta, no má tarraigtear siar gach agóid den tsórt san a cuirfear chuige amhlaidh, féadfaidh an tAire, fé mar is dóich leis is ceart, diúltú don ordú san um thógaint éigeanta do dhaingniú no ordú do dhéanamh ag daingniú an orduithe sin um thógaint éigeanta gan atharú no ordú do dhéanamh ag daingniú an orduithe sin um thógaint éigeanta gus na hatharuithe sin air is dóich leis an Aire is ceart;

(b) i gcás ar bith le n-a mbainfidh an mhír dheiridh sin roimhe seo den alt so féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus sara ndeighleálaidh leis an iarratas san, fiosrúchán áitiúil puiblí do chur á dhéanamh i dtaobh an orduithe sin um thógaint éigeanta;

(c) má deintear agóid (seachas agóid ná bainfidh, dar leis an Aire, ach le cúiteamh) do chur go cuibhe chun an Aire i gcoinnibh an orduithe sin um thógaint éigeanta agus ná tarraigeofar siar í, cuirfidh an tAire fiosrúchán áitiúil puiblí á dhéanamh i dtaobh an orduithe sin um thógaint éigeanta;

(d) nuair a bheidh fiosrúchán áitiúil puiblí déanta de bhun na míre deiridh sin roimhe seo den alt so féadfaidh an tAire, ar thuarasgabháil an duine do rinne an fiosrúchán san do bhreithniú maraon leis an agóid no na hagóidí uile ba bhun leis an bhfiosrúchán san do dhéanamh, féadfaidh, fé mar is dóich leis is ceart, diúltú don-ordú san um thógaint éigeanta do dhaingniú no ordú do dhéanamh ag daingniú an orduithe sin um thógaint éigeanta gan atharú no ordú do dhéanamh ag daingniú an orduithe sin um thógaint éigeanta gus na hatharuithe sin air is dóich leis an Aire is ceart.

Fógraí, etc., dtaobh ordú um thógaint éigeanta do dhaingniú.

68. —Chó luath agus is féidir é tar éis don Aire ordú do dhéanamh ag daingniú orduithe um thógaint éigeanta (go n-atharú no gan atharú) déanfaidh an t-údarás conganta phuiblí do rinne an t-ordú san um thógaint éigeanta—

(a) fógrán sa bhfuirm orduithe d'fhoillsiú i bpáipéar nuachta léightear i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis sin, á rá go bhfuil an tAire tar éis an orduithe sin um thógaint éigeanta do dhaingniú agus gur féidir cóip den ordú san mar a daingníodh é amhlaidh agus an léarscáil dá dtagartar ann d'iniúchadh in áit áirithe, agus

(b) fógra i scríbhinn, sa bhfuirm orduithe, do thabhairt do gach duine do tháinig i láthair ag an bhfiosrúchán áitiúil puiblí (má b'ann dó), do rinneadh maidir leis an ordú san, chun neartuithe le hagóid do rinne sé i gcoinnibh an orduithe sin, agus na ráitisí céanna sa bhfógra san a ceangailtear anso roimhe seo a chur sa bhfógrán san.

An Ard-Chúirt do chur orduithe um thógaint éigeanta ar nea-mbrí.

69. —(1) Duine ar bith go ndéanfaidh ordú um thógaint éigeanta deifir dó féin no dá mhaoin, féadfaidh, fé cheann trí seachtaine tar éis fógra i dtaobh an Aire do dhaingniú an orduithe sin d'fhoillsiú den chéad uair tré fhógrán, a iarraidh ar an Ard-Chúirt an t-ordú san ar fad no aon chuid áirithe dhe do chur ar nea-mbrí, agus más deimhin leis an Ard-Chúirt gur dhul thar na comhachta bronntar leis an gCuid seo den Acht so an t-ordú san um thógaint éigeanta no aon chuid áirithe dhe do dhéanamh no go raibh an céanna ar shlí eile gan údarás na gcomhacht san do bheith leis no gur thárla dochar substainteach do neach déanta an iarratais sin no do dhuine ar bith eile tré aon fhaillí i ndéanamh do réir forálacha na Coda so den Acht so maidir leis an ordú san féadfaidh an Ard-Chúirt, mar is dóich léi is ceart, an t-ordú san ar fad do chur ar nea-mbrí no cuid áirithe den ordú san do chur ar nea-mbrí.

(2) I gcás iarratas chun na hArd-Chúirte fén alt so do bheith ar feitheamh féadfaidh an Ard-Chúirt, más dóich léi san do bheith ceart, oibriú an orduithe um thógaint éigeanta le n-a mbainfidh an t-iarratas san do chur ar fiunraoi go dtí go mbeidh an bhreith dheiridh tugtha ar an iarratas san.

(3) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so ní bheidh ordú um thógaint éigeanta ionchurtha ar nea-mbrí ná ar ceal ná indiospóidithe ar shlí eile (pe'ca roimh an Aire dá dhaingniú no dá éis sin é) ag Cúirt ar bith.

Tosach feidhme orduithe um thógaint éigeanta.

70. —(1) Gach ordú um thógaint éigeanta ná cuirfidh an Ard-Chúirt é ar fad ar nea-mbrí fén gCuid seo den Acht so tiocfaidh i ngníomh (fé réir aon chuid áirithe dhe agus gan dochar d'aon chuid áirithe dhe do chur ar nea-mbrí amhlaidh) do réir pé míre acu so leanas a bhainfidh leis an gcás, sé sin le rá:—

(a) má hiarrtar ar an Ard-Chúirt fén gCuid seo den Acht so an t-ordú san ar fad no aon chuid áirithe dhe do chur ar nea-mbrí, nuair a bhéarfar an bhreith dheiridh ar an iarratas san, no

(b) mara ndeintear aon iarratas den tsórt san amhlaidh, i gcionn trí seachtaine tar éis fógra i dtaobh an Aire do dhaingniú an orduithe sin d'fhoillsiú den chéad uair tré fhógrán.

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis ordú um thógaint éigeanta do theacht i ngníomh bhéarfaidh an t-údarás conganta phuiblí do rinne an t-ordú san cóip den ordú san do gach duine dar tugadh de bhun na Coda so den Acht so fógra á rá go ndearnadh an t-ordú san.

Talamh ná beidh ag teastáil do leithreasú chun crícheanna eile.

71. —Féadfaidh údarás conganta phuiblí, le toiliú an Aire agus fé réir na gcoinníollacha san do chólíonadh is dóich leis an Aire is ceart d'fhorchur, aon talamh a bheidh dílsithe chun críche ar bith san údarás san agus ná beidh ag teastáil chun na críche chun ar tógadh é do leithreasú agus d'úsáid chun críche aon choda dá gcomhachta agus dá ndualgaisí.

Talamh ná beidh ag teastáil do chur de láimh.

72. —(1) Féadfaidh údarás conganta phuiblí, le toiliú an Aire, aon talamh a bheidh tógtha ag an údarás san fén Acht um Chongnamh Phuiblí (Talamh do Thógaint), 1934 (Uimh. 23 de 1934) , no fén gCuid seo den Acht so no bheidh aistrithe chun an údaráis sin leis an Acht so no fé do dhíol, do mhalairtiú, do chur ar cíos no do chur dá láimh ar shlí eile.

(2) An sochar do gheobhfar as údarás conganta phuiblí do dhíol tailimh ar bith fén alt so déanfar, sa mhéid gur airgead caipitail an sochar san, é do chur, le toiliú an Aire, chun críche (le n-a n-áirmhítear airgead do fuarthas ar iasacht d'aisíoc) chun a bhféadfaidh an t-údarás san, le ceart, airgead caipitail do chur.

(3) Má mhalairtíonn údarás conganta phuiblí talamh fén alt so, déanfar (fé réir na bhforálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le talamh ná beidh ag teastáil chun na críche chun ar tógadh é do leithreasú agus d'úsáid) an talamh a tógfar sa mhalairtiú san do chur chun na gcrícheanna chun a bhféadfadh an t-údarás san an talamh do bhéarfar sa mhalairtiú san do chur.

Maoin chóluchtaí díochurtha áirithe d'aistriú.

73. —An mhaoin uile (seachas airgead agus urrúis ar airgead)—

(a) ba le bord caomhnóirí no le coiste otharlainne contae no óspidéil fhiabhrais chontae tráth agus do haistríodh chun comhairle contae no contae-bhuirge leis an Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923) , no fé, ar an mbord no ar an gcoiste sin do dhíochur le scéim chontae, agus a bheidh, i dtosach feidhme an Achta so, ar seilbh ag an gcomhairle chontae sin no ag bárdas na contae-bhuirge sin chun na gcrícheanna bhaineann le haon chomhacht d'fheidhmiú no le haon dualgas do chólíonadh a bheidh bronnta no curtha de bhuadh an Achta so ar údarás chonganta phuiblí, no

(b) do bhí, ar aon choiste den tsórt san do dhíochur, dílsithe in aon chomhairle chontae no chontae-bhuirge den tsórt san no ar seilbh acu chun crícheanna an choiste sin agus a bheidh, i dtosach feidhme an Achta so, dílsithe sa chomhairle chontae sin no i mbárdas na contae-bhuirge sin, no ar seilbh acu, chun na gcrícheanna san,

tiocfaidh chun bheith agus beidh, marab iad an chomhairle chontae no an bárdas san féin údarás conganta phuiblí an cheanntair chonganta phuiblí ina mbeidh an mhaoin sin, aistrithe chun an údaráis chonganta phuiblí sin de bhuadh an Achta so, agus beidh dá gcuid féin acu, díreach ar thosnú na feidhme sin, agus beidh as san amach i seilbh an údaráis sin chun crícheanna a gcomhacht agus a ndualgas.

Airgead do bhí ar seilbh do chóluchtaí díochurtha áirithe do chur chun críche.

74. —Aon airgead no urrús ar airgead do bhí ar seilbh tráth ag coiste otharlainne contae no óspidéil fhiabhrais chontae ar iontaobhas chun crícheanna na hotharlainne no an óspidéil sin agus do haistríodh chun comhairle contae no contae-bhuirge leis an Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923) , no fé, ar an gcoiste sin do dhíochur le scéim chontae, agus a bheidh, i dtosach feidhme an Achta so, ar seilbh ag an gcomhairle chontae sin no ag bárdas na contae-bhuirge sin, leanfaidh de bheith ar seilbh amhlaidh agus cuirfear é chun crícheanna an Achta so sa tslí sin ordóidh an tAire.

Fógraí fén gCuid seo den Acht so do sheirbheáil.

75. —(1) Aon fhógra i scríbhinn no aon scríbhinn eile is gá do réir na Coda so den Acht so do thabhairt do dhuine ar bith féadfar é thabhairt amhlaidh ar shlí ar bith acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) tré n-a shíneadh chun an duine sin, no

(b) tré n-a fhágaint i ngnáth-áit chomhnaithe an duine sin no san áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige, no

(c) tré n-a chur tríd an bpost i gclúdach cláruithe roimh-íoctha bheidh dírithe chun an duine sin ag á ghnáth-áit chomhnaithe no ag an áit chomhnaithe is déanaí is col do bheith aige más pearsa é no, más cuideachta é bheidh cláruithe fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, ag oifig chláruithe na cuideachtan san no, más aon chólucht corparuithe eile no aon chomhlachas neamh-ionchorparuithe é, ag príomh-oifig no príomh-áit ghnótha an chóluchta no an chomhlachais sin.

(2) Más gá do réir na Coda so den Acht so fógra i scríbhinn no scríbhinn eile do thabhairt d'únaer no do shealbhaire tailimh agus nach eol cad is ainm don únaer no don tsealbhaire sin féadfar an scríbhinn sin do dhíriú chun “únaer” an tailimh sin no “sealbhaire” an tailimh sin (do réir mar a bheidh) agus féadfar í thabhairt don únaer no don tsealbhaire sin tré n-a fágaint ag an talamh san no tré n-a greamú in ionad so-fheicse ar an talamh san.