An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT BRIOGÁIDEACHA TÓITEÁIN, 1940) Ar Aghaidh (DARA SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.)

7 1940

ACHT BRIOGÁIDEACHA TÓITEÁIN, 1940

CEAD SCEIDEAL.

Briogaideacha Toiteain, etc., d'Aistriu o Choimisineiri Baile go dti Udarais Slaintiochta.

Maoin choimisinéiri d'aistriú.

1. (1) An mhaoin uile, réalta no pearsanta (agus rudaí-arfiunraoi d'áireamh) a bheidh, díreach, roimh an lá ceaptha, dílsithe sna coimisinéirí no dá gcuid féin aca no i seilbh ar iontaoibh dóibh chun crícheanna an ailt athghairmthe, maraon le gach ceart agus comhacht agus príbhléid a bhainfidh no bheidh ag gabháil le haon mhaoin den tsórt san, tiocfaidh chun bheith agus beidh, ar an lá ceaptha agus gan leithliú ná sannadh ar bith ach fé réir aistriú do dhéanamh i gcás inar gá san i leabhair aon bhainc no corparáide no cuideachtan, dílsithe san údarás sláintíochta no dá gcuid féin aca no i seilbh ar iontaoibh dóibh (fé mar is gá sa chás) chun an estáit no an téarma no an leasa uile chun a raibh an céanna, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe sna coimisinéirí no dá gcuid féin aca no i seilbh ar iontaoibh dóibh, ach san fé réir gach iontaobhais agus cothruim is cúrsa deifre don chéanna agus a bheidh ar marthain agus ionchólíonta an tráth san.

(2) An mhaoin uile, ar n-a haistriú leis an mír seo, a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, i leabhair aon bhaine no cláruithe i leabhair aon bhainc no corparáide no cuideachtan in ainm na gcoimisinéirí, aistreoidh an banc no an chorparáid no an chuideachta san í sna leabhair sin chun ainm an údaráis sláintíochta ar n-a iarraidh sin don údarás sláintíochta an lá ceaptha no tráth ar bith ina dhiaidh sin.

(3) An lá ceaptha agus dá éis sin is dleathach don údarás sláintíochta dul chun dlí mar gheall ar gach rud-ar-fiunraoi, ar n-a aistriú leis an mír seo o sna coimisinéirí chun an údaráis sláintíochta, no é do bhaint amach no é d'fhoirfheidhmiú ina n-airm féin, agus ní gá don údarás sláintíochta fógra i dtaobh an rud-ar-fiunraoi sin d'aistriú leis an mír seo do thabhairt don té ar a mbeidh an céanna ina cheangal.

(4) Má eiríonn aon amhras no diospóid no ceist, maidir le maoin ar bith a bheidh díreach roimh thosach feidhme an Achta so dílsithe sna coimisinéirí no dá gcuid féin aca no i seilbh ar iontaoibh dóibh, i dtaobh ce'ca chun crícheanna an ailt athghairmthe no nach eadh a bheidh an mhaoin sin dílsithe sna coimisinéirí no dá gcuid féin aca no i seilbh ar iontaoibh dóibh, isé an aAire do bhéarfaidh breith ar an amhras no ar an diospóid no ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean air.

Fiachaisí na gcoimisinéirí d'aistriú.

2. (1) Gach fiach agus gach fiachas eile (ar a n-áirmhítear fiacha tré eisiú stuic agus tré mhorgáiste, agus fós fiachaisí neashocruithe ar n-a dteacht as torta no as sáruithe connartha) ar n-a chur suas ag na coimisinéirí chun crícheanna an ailt athghairmthe, agus a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dlite agus gan íoc no curtha suas agus gan glanadh, tiocfaidh chun bheith agus beidh, ar an lá ceaptha, ina fhiach no ina fhiachas ar an údarás sláintíochta, agus íocfaidh no glanfaidh an t-údarás sláintíochta an céanna, agus féadfar é bhaint den údarás sláintíochta no é fhoirfheidhmiú ina gcoinnibh, dá réir sin.

(2) Má eiríonn aon amhras no diospóid no ceist i dtaobh ce'ca chun crícheanna an ailt athghairmthe no nach eadh do chuaidh na coimisinéirí fé aon fhiach no fiachas áirithe, isé an tAire do bhéarfaidh breith ar an amhras no ar an diospóid no ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean air.

Connartha leanúnacha do choimeád i bhfeidhm.

3. Gach banna no urraíocht no urrús eile, de shaghas leanúnach, ar n-a thabhairt ag na coimisinéirí, i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna fén alt athghairmthe, do dhuine eile, no ar n-a thabhairt ag duine ar bith do sna coimisinéirí chun críche na bhfeidhmeanna san, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha, agus fós gach connradh no có-aontú i scríbhinn ar n-a dhéanamh idir na coimisinéirí, agus iad ag gníomhú fén alt athghairmthe, agus duine eile agus na beidh feidhmithe agus cólánuithe go hiomlán roimh an lá ceaptha, leanfa sé i bhfeidhm an lá ceaptha agus dá éis sin, d'ainneoin forálacha an Achta so, ach léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá mbeadh ainm an údaráis sláintíochta ann in ionad ainm na gcoimisinéirí, agus beidh an t-urrús no an connradh no an có-aontú san ionfhoirfheidhmithe ag an údarás sláintíochta no ina gcoinnibh dá réir sin.