|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Comhachta Speisialta Maidir le Cosaint.) | Ar Aghaidh (CUID III. Foralacha i dtaobh Ceannas agus Codheanamh agus Coghleasadh na bhForsai Cosanta.) |
ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA) (Uimh. 2), 1940
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil II. Coinnmheadh le linn tréimhse práinne. | |
[EN] |
Coinnmheadh i gcás práinne. |
12. —(1) Féadfaidh an tAire, o am go ham agus am ar bith, na rialacháin sin do dhéanamh is oiriúnach leis— |
[EN] | (a) chun a chur mar cheangal ar shealbhairí áitreabh lóistín, agus fós freastal agus bia, do chur ar fáil, le linn tréimhse práinne, do bhaill de sna Fórsaí Cosanta; | |
[EN] | (b) chun a chur mar cheangal ar shealbhairí áitreabh agus cíos-eachlann stáblaíocht agus farae do chur ar fáil, le linn tréimhse práinne, do chapaill de chuid na bhFórsaí Cosanta; | |
[EN] | (c) chun a chur mar cheangal ar shealbhairí áitreabh agus garáistí garáistíocht do chur ar fáil, le linn tréimhse práinne, d'fheithiclí inneall-ghluaiste de chuid na bhFórsaí Cosanta; | |
[EN] | (d) chun na comhachta agus na húdaráis sin chun na rialachán do chur in éifeacht agus d'fhoirfheidhmiú, is ceart dar leis an Aire, do thabhairt do sna daoine sin is ceart dar leis an Aire; | |
[EN] | (e) chun a shocrú, le ceadú an Aire Airgeadais, cadiad na scálaí gur dá réir a híocfar as aon lóistín, freastal, bia, stáblaíocht, farae agus garáistíocht a cuirfear ar fáil amhlaidh; | |
[EN] | (f) chun socrú do dhéanamh i dtaobh ní no ruda ar bith a gheobhaidh leis na nithe roimhráite; | |
[EN] | (g) chun a fhoráil aon bhriseadh no sárú ar rialachán ar bith den tsórt san do bheith ina chionta is intrialta ar an slí achmair, agus chun na bpionós do cheapadh fhéadfaidh cúirteanna dlighinse achmaire a ghearradh ar dhaoine ciontófar in aon chionta den tsórt san. | |
[EN] | (2) Bhéarfar íocaíochta, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhaoine chuirfidh lóistín, freastal, bia, stáblaíocht agus garáistíocht ar fáil de bhun rialachán ar n-a ndéanamh fén alt so, agus beidh na híocaíochta san do réir na scálaí bheidh ceaptha leis na rialacháin sin. | |
[EN] | (3) I gcás aon chomhachta no dualgaisí do bhronnadh no d'fhorchur ar bhaill den Ghárda Síochána le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, no i gcás rialacháin den tsórt san dá fhoráil go nglacfar comhairle le haon bhall áirithe den Ghárda Síochána nuair a bheidh socrú ar bith maidir le coinnmheadh á dhéanamh, beidh déanamh na rialachán san a bhainfidh amhlaidh leis an nGárda Síochána fé réir an Aire Dlighidh agus Cirt d'aontú leo. | |
[EN] | (4) Beidh feidhm dlí ag gach rialachán a déanfar fén alt so. | |
[EN] | (5) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus, má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar d'éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san. | |
[EN] | (6) D'ainneoin na hathghairme deintear leis an Acht so ar alt 173 den Phríomh-Acht (alt a bhaineann le coinnmheadh i gcásanna práinne), leanfaidh an t-alt san i bhfeidhm go dtí go mbeidh na céad rialacháin fén alt so déanta agus tagtha i bhfeidhm. |