Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Contaethe Airithe do Ghrupail.)

12 1940


Uimhir 12 de 1940.


ACHT UM BAINISTÍ CHONTAE, 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA DO DHÉANAMH I dTAOBH RIALUITHE ÁITIÚIL CONTAETHE AGUS LÍOMATÁISTÍ ÁIRITHE EILE AGUS I dTAOBH GNÓTHA CHOMHAIRLÍ CONTAE AGUS ÚDARÁS ÁITIÚIL ÁIRITHE EILE DO RIARADH AGUS DO BHAINISTÍ AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE IOMDHA BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [13adh Meitheamh, 1940.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe;

ní fholuíonn an focal “buirg” contae-bhuirg;

ní fholuíonn an focal “ráta” ráta is iníoctha ag úsáidirí as soláthar uisce ná ráta feabhsúcháin phríobháidigh ar n-a ghearradh ag údarás sláintíochta fé alt 229 den Public Health (Ireland) Act, 1878, no fé alt 4 den Public Health (Ireland) Act, 1896;

foluíonn an focal “aois-liúntas” cúiteamh i gcailliúint oifige no fostaíochta;

cialluíonn an abairt “Bárdas Bhaile Atha Cliath” Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath.

(2) Beidh gach cólucht aca so leanas ina chó-chólucht do réir bhrí agus chun crícheanna an Achta so, agus léireofar an focal “cóchólucht” agus beidh éifeacht aige dá réir sin san Acht so, sé sin le rá:—

(a) bord conganta phuiblí,

(b) có-choiste bainistí ospidéil mheabhar-ghalar cheanntair,

(c) Bord Conganta Bhaile Atha Cliath,

(d) údarás sláintíochta puirt,

(e) aon chó-bhord no có-choiste ar n-a bhunú le reacht no fé reacht chun feidhmeanna le dhá chólucht no níos mó aca so leanas d'fheidhmiú, sé sin le rá, comhairlí contaethe, bárdais chontae-bhuirgí, bárdais bhuirgí, agus comhairlí bailecheanntar.

(3) Beidh gach cólucht aca so leanas ina chólucht toghaidhe do do réir bhrí agus chun crícheanna an Achta so, agus léireofar an abairt “cólucht toghaidhe” agus beidh éifeacht aici dá réir sin san Acht so, sé sin le rá, bárdas buirge, comhairle bhailecheanntair, coimisinéirí baile, Bord Conganta Ráth an Dúin, Bord Conganta Bhaile an Ridire, agus bord no coiste no cólucht eile is có-chólucht do réir bhrí agus chun crícheanna an Achta so.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an lá san a cheapfaidh an tAire le hordú chuige sin.

Oifig an chontaebhainisteora.

3. —(1) Beidh i ngach contae contae-bhainisteoir don chontae sin, oifigeach ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Contae-Bhainisteoir ........................................... (agus ainm na contae luaidhte).

(2) Na contaethe uile agus fé seach (dá ngairmtear contaethe grúpálta san Acht so) a luaidhtear sa Chéad Sceaideal a ghabhann leis an Acht so déanfar, chun crícheanna an Achta so, iad do ghrúpáil sa tslí atá leagtha amach sa Sceideal san agus, i gcás gach grúpa fé leith den tsórt san, isé an t-aon duine amháin a bheidh ina chontae-bhainisteoir do gach contae fé leith sa ghrúpa san.

(3) Beidh oifig Bhainisteora Chathrach Bhaile Atha Cliath agus oifig Chontae-Bhainisteora Bhaile Atha Cliath ag an aon duine amháin i gcomhnaidhe.

(4) Beidh an contae-bhainisteoir do chontae ina oifigeach do chomhairle na contae sin.

Contaebhainisteoirí do cheapadh.

4. —(1) Beidh oifig an chontae-bhainisteora ina hoifig le n-a mbainfidh Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe). 1926 ( Uimh. 39 de 1926 ), ach amháin ná bainfidh alt 5 den Acht san leis an oifig sin agus gur fé réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so bhainfidh ailt 6, 8, agus 9 den Acht san leis an oifig sin.

(2) Pé uair is gá duine cheapadh chun oifige an chontae-bhainisteora do chontae no chun oifigí an chontae-bhainisteora do gach ceann fé leith de dhá chontae ghrúpálta, iarrfaidh an tAire ar na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla duine do mholadh dhó chun a cheaptha chun na hoifige sin no chun na n-oifigí sin agus déanfaidh na Coimisinéirí sin (ar shlí seachas tré scrúdú comórtais) duine amháin, agus gan ach duine amháin, do roghnú, agus molfaid don Aire é, fé Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) , chun a cheaptha amhlaidh, agus leis sin tiocfaidh an duine roghnófar agus a molfar amhlaidh chun bheith agus beidh sé ceaptha de bhuadh a mholta amhlaidh chun na hoifige sin no chun gach cinn fé leith de sna hoifigí sin amhail ar an lá san a cheapfaidh an tAire chuige sin le hordú agus ón lá san amach.

(3) Maidir leis an gcéad chontae-bhainisteoir do chontae, no do gach ceann fé leith de dhá chontae ghrúpálta, do cheapadh, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sa mhéid go mbeid infheidhmithe sa chás, alos an chuma ina ndéanfaidh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla duine do roghnú chun iad dá mholadh i gcóir an cheaptha san, sé sin le rá:—

(a) i gcás an chéad chontae-bhainisteora do chontae aonair, déanfaidh na Coimisinéirí sin, má bhíonn rúnaidhe contae na contae sin ina iarrthóir agus é oiriúnach, an rúnaidhe contae sin do mholadh agus, i gcás an chéad chontae-bhainisteora do gach ceann fé leith de dhá chontae ghrúpálta, déanfaidh na Coimisinéirí sin, má bhíonn na rúnaithe contae do sna contaethe sin ina n-iarrthóirí agus iad araon oiriúnach, an duine sin de sna rúnaithe contae sin a mheasfaid is oiriúnaighe do mholadh, ach má bhíonn duine amháin agus gan ach duine amháin de sna rúnaithe contae sin ina iarrthóir agus é oiriúnach, molfaidh na Coimisinéirí sin an rúnaidhe contae sin;

(b) mara ndeintear éinne do mholadh de bhun na míre sin roimhe seo den fho-alt so agus go mbeidh an rúnaidhe do bhord sláinte do cheanntar sláinte contae sa chontae no i gceachtar de sna contaethe grúpálta (do réir mar a bheidh) ina iarrthóir agus é oiriúnach, déanfaidh na Coimisinéirí sin, i gcás gan ach rúnaidhe amháin den tsórt san do bheith ina iarrthóir agus é oiriúnach, an rúnaidhe sin do mholadh no, i gcás beirt no níos mó rúnaithe den tsórt san do bheith ina n-iarrthóirí agus iad oiriúnach, an duine sin de sna rúnaithe sin a mheasfaid is oiriúnaighe do mholadh;

(c) mara ndeintear éinne do mholadh de bhun ceachtair de sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so agus go mbeidh rúnaidhe contae (seachas an rúnaidhe contae don chontae, no do cheachtar de sna contaethe grúpálta, gur ina cóir no ina gcóir a bheidh an moladh á dhéanamh) ina iarrthóir agus é oiriúnach déanfaidh na Coimisinéirí sin, i gcás gan ach rúnaidhe contae amháin den tsórt san do bheith ina iarrthóir agus é oiriúnach, an rúnaidhe contae sin do mholadh no, i gcás beirt no níos mó rúnaithe contae den tsórt san do bheith ina n-iarrthóirí agus iad oiriúnach, an duine sin de sna rúnaithe contae sin a mheasfaid is oiriúnaighe do mholadh;

(d) mara ndeintear éinne do mholadh de bhun aon mhíre aca san roimhe seo den fho-alt so agus go mbeidh an rúnaidhe do bhord sláinte (seachas an rúnaidhe do bhord sláinte do cheanntar sláinte contae sa chontae no i gceachtar de sna contaethe gur ina cóir no ina gcóir a bheidh an moladh á dhéanamh) ina iarrthóir agus é oiriúnach, déanfaidh na Coimisinéirí sin, i gcás gan ach rúnaidhe amháin den tsórt san do bheith ina iarrthóir agus é oiriúnach, an rúnaidhe sin do mholadh, no, i gcás beirt no níos mó rúnaithe den tsórt san do bheith ina n-iarrthóirí agus iad oiriúnach, an duine sin de sna rúnaithe sin a mheasfaid is oiriúnaighe do mholadh.

Sa bhfo-alt so, cialluíonn an focal “oiriúnach” na cáilíochta is gá chun a cheaptha chun na hoifige iomchuibhe do bheith ag duine agus é bheith, dar leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, oiriúnach ar gach slí eile chun é cheapadh chun na hoifige sin;

ní fholuíonn an abairt “rúnaidhe contae” rúnaidhe contae sealadach;

ní fholuíonn an abairt “rúnaidhe do bhord sláinte” rúnaidhe sealadach do bhord sláinte.

(4) I gcás duine dá thairgsint féin do sna Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla mar iarrthóir chun a roghnuithe chun a mholta chun a cheaptha chun bheith ina chéad chontae-bhainisteoir do chontae no do gach ceann fé leith de dhá chontae ghrúpálta agus táille d'éileamh air fé alt 10 d'Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 ( Uimh. 39 de 1926 ), agus é dá híoc, ar é dá thairgsint féin amhlaidh, ní héileofar aon táille ar an duine sin fén alt san ar é dá thairgsint féin do sna Coimisinéirí sin mar iarrthóir chun a roghnuithe chun a mholta chun a cheaptha chun bheith ina chéad chontae-bhainisteoir d'aon chontae eile no d'aon dá chontae ghrúpálta eile.

(5) Roimh theacht i bhfeidhm don Acht so no chó luath agus is féidir é ina dhiaidh sin, déanfaidh an tAire, maidir le gach contae, duine do cheapadh chun bheith ina chontae-bhainisteoir don chontae sin no, i gcás contaethe grúpálta, do gach ceann fé leith de sna contaethe grúpálta san ón tosach feidhme sin go dtí go gceapfar duine fé sna forálacha san roimhe seo den alt so chun bheith ina chéad chontae-bhainisteoir don chontae sin no do gach ceann fé leith de sna contaethe grúpálta san, do réir mar a bheidh.

(6) Pé uair a bheidh oifig chontae-bhainisteora do chontae (le n-a n-áirmhítear contae Bhaile Atha Cliath) no do gach ceann fé leith de dhá chontae ghrúpálta folamh tar éis an chéad cheaptha chun na hoifige sin fén alt so, ceapfaidh an tAire duine chun bheith ina chontae-bhainisteoir don chontae sin no do gach ceann fé leith de sna contaethe grúpálta san (do réir mar a bheidh) go dtí go gceapfar duine chun na hoifige sin fé sna forálacha san roimhe seo den alt so no, i gcás chontae Bhaile Atha Cliath, fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so.

(7) Ach amháin mar a luaidhtear a mhalairt go soiléir anso roimhe seo, ní bheidh feidhm ná éifeacht ag na forálacha san roimhe seo den alt so maidir le contae Bhaile Atha Cliath, agus ina ionad san achtuítear leis seo—

(a) go ndéanfar, de bhuadh an fho-ailt seo, agus go ndeintear leis seo, ach amháin i gcás oifig Bhainisteora Chathrach Bhaile Atha Cliath do bheith folamh ar theacht i bhfeidhm don Acht so no an oifig sin do bheith an tráth san ag duine ná beidh ceaptha ach go sealadach, an duine ag á mbeidh an oifig sin ar theacht i bhfeidhm don Acht so do cheapadh chun oifige Chontae-Bhainisteora Bhaile Atha Cliath, agus

(b) go ndéanfaidh an tAire gach duine ceapfar go cuibhe (go buan no go sealadach) chun oifige Bhainisteora Chathrach Bhaile Atha Cliath tar éis teacht i bhfeidhm don Acht so do cheapadh láithreach (go buan no go sealadach, do réir mar is gá sa chás) chun oifige Chontae-Bhainisteora Bhaile Atha Cliath.

Sealbhaíocht oifige contaebhainisteora.

5. —(1) Gach duine ceapfar chun bheith ina chontae-bhainisteoir do chontae, beidh sé i seilbh oifige go dtí go n-éagfaidh, no go n-eireoidh as oifig, no go gcuirfear as oifig é.

(2) Déanfaidh an chomhairle do chontae (seachas contae Bhaile Atha Cliath) an luach saothair sin a ordóidh an tAire o am go ham d'íoc le gach contae-bhainisteoir don chontae sin agus déanfaidh an chomhairle sin an t-airgead is gá chun an luach saothair sin d'íoc do chruinniú i bhfuirm muirir ar an gcontae iomlán.

(3) I gcás an contae-bhainisteoir do chontae (seachas contae Bhaile Atha Cliath) no an bainisteoir cathrach do chontae-bhuirg (seachas contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath) do bheith ina bhainisteoir do chó-chólucht freisin, íocfaidh an có-chólucht san in aghaidh na bliana le comhairle na contae sin no le bárdas na contae-bhuirge sin (do réir mar a bheidh) an tsuim sin, alos costaisí ar n-a gcur suas ag an gcomhairle sin maidir leis an gcontae-bhainisteoir sin no ag an mbárdas san maidir leis an mbainisteoir chathrach san, ordóidh an tAire.

(4) Na híocaíochta bheidh le n'íoc ag có-chólucht le comhairle chontae no le bárdas contae-bhuirge de bhun an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, déanfaidh an có-chólucht san iad do chruinniú agus d'íoc sa tslí chéanna ina ndeintear tuarastail na n-oifigeach don chó-chólucht san do chruinniú agus d'íoc.

Contaebhainisteoir do chur ar fiunraoi agus do chur as oifig.

6. —(1) Ní dhéanfaidh comhairle aon chontae an contae-bhainisteoir don chontae sin do chur as oifig gan ceadú ón Aire.

(2) Ní dhéanfaidh comhairle aon chontae an contae-bhainisteoir don chontae sin do chur ar fiunraoi ná do chur as oifig ach amháin le rún ar n-a rith ag an gcomhairle sin chun críche na fiunraíochta no an churtha as oifig sin agus, i gcás rúin den tsórt san, is gá dhá dtrian ar a laighead de bhaill na comhairle sin do vótáil i bhfabhar é rith agus fógra seacht lá ar a laighead, a rá go rabhthas ar intinn é do thairgsint, do thabhairt do gach duine ba bhall den chomhairle sin nuair a tugadh an fógra san.

Bainisteoirí do chóluchta toghaidhe.

7. —An duine is contae-bhainisteoir do chontae beidh sé, de bhuadh a oifige, ina bhainisteoir do gach cólucht toghaidhe gur sa chontae sin d'iomlán a líomatáiste fheidhmiúcháin.

Bainisteoirí do chó-chóluchta.

8. —(1) I gcás líomatáiste feidhmiúcháin có-chóluchta do bheith có-dhéanta d'achair i dhá gcontae no níos mó, beidh an contaebhainisteoir don cheann san de sna contaethe sin a cheapfaidh an tAire le hordú ina bhainisteoir don chó-cholucht san freisin.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so i gcás líomatáiste feidhmiúcháin có-chóluchta do bheith có-dhéanta d'achar i gcontae-bhuirg agus d'achar i gcontae, no d'achar i gcontae-bhuirg agus d'achair i dhá gcontae no níos mó, agus, chun crícheanna na feidhme sin, is tuigthe an chontae-bhuirg sin do bheith ina contae agus is tuigthe bainisteoir cathrach na contae-bhuirge sin do bheith ina chontae-bhainisteoir.

(3) Féadfaidh an tAire, pé uair is ceart san dar leis, ceapadh a bheidh déanta aige fén alt so (le n-a n-áirmhítear ceapadh ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt so) do cheiliúradh agus ceapadh nua do dhéanamh in ionad an cheapadh cheiliúrfaidh amhlaidh.

Comhacht don Aire chun a shocrú contaebhainisteoirí conganta do bheith ann.

9. —(1) Beidh dhá chontae-bhainisteoir conganta ann do chontae Bhaile Atha Cliath.

(2) Beidh dhá chontae-bhainisteoir conganta ann do chontae Chorcaighe.

(3) Beidh contae-bhainisteoir conganta ann do chontae Thiobrad Arann, An Trian Thuaidh, agus fós contae-bhainisteoir conganta do Chontae Thiobrad Arann, an Trian Theas, ach isé an t-aon duine amháin a bheidh ina chontae-bhainisteoir conganta do gach contae fé leith aca san.

(4) Féadfaidh an tAire gach ní no aon ní no nithe aca so leanas do dhéanamh le hordú, pé uair is ceart san dar leis, sé sin le rá:—

(a) a ordú maidir le contae áirithe (seachas contae luaidhtear in aon fho-alt aca san roimhe seo den alt so) go mbeidh contae-bhainisteoir conganta no uimhir áirithe de chontae-bhainisteoirí conganta ann, i dteanta an chontaebhainisteora, don chontae sin;

(b) i gcás contaethe grúpálta (seachas contae Thiobrad Arann, an Trian Thuaidh, agus contae Thiobrad Arann, an Trian Theas), an t-ordú san a luaidhtear sa bhfo-mhír dheiridh sin roimhe den fho-alt so do thabhairt maidir le ceann amháin de sna contaethe sin, no maidir leis an dá chontae sin, fé mar is ceart dar leis, agus, i gcás an t-ordú san do thabhairt maidir leis an dá chontae sin, a ordú, más ceart san dar leis, gurb é an t-aon duine amháin a bheidh ina chontae-bhainisteoir chonganta, no gurb iad na haon daoine amháin a bheidh ina gcontaebhainisteoirí conganta, do gach contae fé leith aca san;

(c) an uimhir de chontae-bhainisteoirí conganta do chontae a luaidhtear in aon fho-alt aca san roimhe seo den alt so do mhéadú agus, i gcás contae Thiobrad Arann, an Trian Thuaidh, agus contae Thiobrad Arann, an Trian Theas, an méadú san do dhéanamh maidir le ceann amháin de sna contaethe sin no maidir leis an dá chontae sin, fé mar is ceart dar leis, agus, i gcás an méadú san do dhéanamh maidir leis an dá chontae sin, é dhéanamh gus an ceangal, no in éamuis an cheangail, gurb é an t-aon duine amháin a bheidh ina chontae-bhainisteoir chonganta bhreise no gurb iad na haon daoine amháin a bheidh ina gcontae-bhainisteoirí conganta breise do gach contae fé leith aca san.

(5) Féadfaidh an tAire leasú do dhéanamh le hordú, pé uair is ceart san dar leis, ar aon ordú bheidh déanta aige fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so no ar aon ordú (a bheidh déanta aige fén bhfo-alt so) ag leasú aon orduithe den tsórt san agus, go sonnrách, féadfaidh, le haon ordú leasúcháin den tsórt san, an uimhir de chontae-bhainisteoirí conganta in aon chontae áirithe do mhéadú no do laigheadú, ach gan í laigheadú i slí go dtiocfadh de sin an uimhir de chontae-bhainisteoirí conganta d'aon cheann de chontaethe Bhaile Atha Cliath, Chorcaighe, Thiobrad Arann, an Trian Thuaidh, no Thiobrad Arann, an Trian Theas, do bheith fé bhun na huimhreach a ceaptar leis an alt so.

(6) Féadfaidh an tAire aon ordú bheidh déanta aige fén alt so do cheiliúradh le hordú, pé uair is ceart san dar leis.

(7) Pé uair agus faid a bheidh ordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fén alt so i bhfeidhm á ordú contae-bhainisteoir conganta no uimhir áirithe de chontae-bhainisteoirí conganta do bheith ann do chontae áirithe, beidh contae-bhainisteoir conganta no uimhir áirithe de chontae-bhainisteoirí conganta ann don chontae sin, fé mar a bheidh orduithe leis an ordú san no le hordú ag leasú an orduithe sin.

(8) Pé uair agus faid a bheidh ordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fén alt so i bhfeidhm ag méadú na huimhreach de chontaebhainisteoirí conganta d'aon cheann de chontaethe Bhaile Atha Cliath, Chorcaighe, Thiobrad Arann, an Trian Thuaidh, no Thiobrad Arann, an Trian Theas, ní foláir an uimhir de chontaebhainisteoirí conganta don chontae sin do bheith méaduithe do réir an orduithe sin no do réir orduithe ag leasú an orduithe sin.

(9) Isé bheidh mar ainm agus mar theideal ar an gcontacbhainisteoir conganta no ar gach duine fé leith de sna contaebhainisteoirí conganta (do réir mar a bheidh) do chontae ná Contae-Bhainisteoir Conganta (agus ainm na contae sin luaidhte).

(10) Sara ndeinidh an tAire ordú fén alt so maidir le contae, raghaidh i gcomhairle le comhairle na contae sin.

Bainisteoirí Cathrach Conganta Bhaile Atha Cliath.

10. —(1) Beidh dhá bhainisteoir cathrach conganta ann do Chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus isé bheidh mar ainm agus mar theideal ar gach duine fé leith aca san ná Bainisteoir Cathrach Conganta Bhaile Atha Cliath.

(2) Isé bheidh i seilbh gach oifige Contae-Bhainisteora Chonganta Bhaile Atha Cliath i gcomhnaidhe ná an duine bheidh i seilbh oifige có-réire Bhainisteora Chathrach Chonganta Bhaile Atha Cliath.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le huimhir Bhainisteoirí Cathrach Conganta Bhaile Atha Cliath, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an tAire an uimhir de Bhainisteoirí Cathrach Conganta Bhaile Atha Cliath do mhéadú le hordú pé uair is oiriúnach leis é;

(b) féadfaidh an tAire aon ordú bheidh déanta aige fén mír sin roimhe seo den fho-alt so, no fén mír seo, do léasú le hordú pé uair is ceart san dar leis;

(c) féadfaidh an tAire aon ordú bheidh déanta aige fén alt so do cheiliúradh le hordú pé uair is ceart san dar leis;

(d) pé uair agus faid a bheidh ordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fén alt so i bhfeidhm ag méadú uimhreach Bainisteoirí Cathrach Conganta Bhaile Atha Cliath, ní foláir uimhir Bhainisteoirí Cathrach Conganta Bhaile Atha Cliath do bheith méaduithe do réir an orduithe sin no do réir orduithe ag leasú an orduithe sin;

(e) beidh sé d'oblagáid ar an Aire na comhachta do bheirtear dó leis an alt so agus na comhachta do bheirtear dó leis an Acht so maidir leis an uimhir de chontae-bhainisteoirí conganta do chontae Bhaile Atha Cliath d'fheidhmiú i slí do bhéarfaidh gurb ionann i gcomhnaidhe uimhir Bhainisteoirí Cathrach Conganta Bhaile Atha Cliath agus uimhir Chontae-Bhainisteoirí Conganta Bhaile Atha Cliath.

(4) Má bhíonn Tadhg O Mathghamhna i seilbh oifige Bhainisteora Bhuirge agus Bhaile-Chléirigh Dhún Laoghaire díreach roimh theacht i bhfeidhm don Acht so, beidh sé ceaptha de bhuadh an fho-ailt seo, agus deintear leis seo é cheapadh, chun bheith ina Bhainisteoir Chathrach Chonganta Bhaile Atha Cliath.

(5) Maidir leis an gcéad cheapadh chun cinn, agus chun an chinn sin amháin, d'oifigí Bhainisteora Chathrach Chonganta Bhaile Atha Cliath (nach í an oifig a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so í i gcás an ceapadh a luaidhtear sa bhfo-alt san do dhul in éifeacht) beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sa mhéid gurb infheidhmithe dhóibh, maidir leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla do roghnú duine chun iad dá mholadh i gcóir an cheaptha san, sé sin le rá:—

(a) i gcás rúnaidhe contae chontae Bhaile Atha Cliath do bheith ina iarrthóir agus é bheith oiriúnach, molfaidh na Coimisinéirí sin an rúnaidhe contae sin;

(b) sa bhfo-alt so cialluíonn an focal “oiriúnach” na cáilíochta is gá i gcóir oifige Bhainisteora Chathrach Chonganta Bhaile Atha Cliath do bheith ag duine agus an duine sin do bheith, dar leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, oiriúnach ar gach slí eile i gcóir an cheaptha san, agus ní fholuíonn an abairt “rúnaidhe contae” rúnaidhe contae sealadach.

(6) Fé réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so, beidh oifig Bhainisteora Chathrach Chonganta Bhaile Atha Cliath ina hoifig le n-a mbaineann Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) .

Oifig chontaebhainisteora Chonganta agus oifig Bhainisteora Chathrach Chonganta Bhaile Átha Cliath.

11. —(1) Beidh gach contae-bhainisteoir conganta do chontae ina oifigeach do chomhairle na contae sin agus beidh gach duine fé leith de Bhainisteoirí Cathrach Conganta Bhaile Atha Cliath ina oifigeach do Bhárdas Bhaile Atha Cliath.

(2) Beidh gach oifig chontae-bhainisteora chonganta ina hoifig le n-a mbaineann Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) .

(3) Déanfaidh an chomhairle do chontae (seachas contae Bhaile Atha Cliath) an luach saothair sin a ordóidh an tAire o am go ham d'íoc le gach contae-bhainisteoir conganta don chontae sin agus an t-airgead is gá chun an luach saothair sin d'íoc do chruinniú i bhfuirm muirir ar an gcontae iomlán.

(4) Féadfaidh an tAire, roimh theacht i bhfeidhm don Acht so no chó luath agus is féidir é tar éis dó teacht i bhfeidhm, duine do cheapadh chun aon oifig chontae-bhainisteora chonganta bunuítear leis an Acht so no ceachtar d'oifigí Bhainisteora Chathrach Chonganta Bhaile Atha Cliath (nach oifig chun a gceaptar duine leis an Acht so) do shealbhú go dtí go gceapfar duine chun na hoifige sin do réir Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) .

Céad-cheapadh bainisteoirí áirithe.

12. —(1) Is leis na hoifigí seo leanas, agus leo san amháin, a bhaineann an t-alt so, sé sin le rá:—

(a) dhá oifig Chontae-Bhainisteora Chonganta Bhaile Atha Cliath a bunuítear leis an Acht so, agus

(b) an dá oifig chontae-bhainisteora chonganta do chontae Chorcaighe a bunuítear leis an Acht so, agus

(c) an oifig chontae-bhainisteora chonganta do chontae Thiobrad Arann, an Trian Thuaidh, a bunuítear leis an Acht so, agus

(d) an oifig chontae-bhainisteora chonganta do chontae Thiobrad Arann, An Trian Theas, a bunuítear leis an Acht so, agus

(e) dhá oifig Bhainisteora Chathrach Chonganta Bhaile Atha Cliath a bunuítear leis an Acht so.

(2) San alt so cialluíonn an focal “céad-cheapadh” an chéad cheapadh buan, agus ní léireofar é mar fhocal a thagrann do cheapadh shealadach ar n-a dhéanamh ag an Aire le haghaidh na tréimhse roimh an gceapadh buan san do dhéanamh.

(3) D'ainneoin éinní atá in alt ar bith eile den Acht so, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an gcéadcheapadh chun aon oifige le n-a mbaineann an t-alt so, sé sin le rá:—

(a) ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 5 d'Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 126), maidir leis an gcéad-cheapadh chun na hoifige sin agus is fé réir forálacha na céad mhíre ina dhiaidh seo den fho-alt so a bheidh éifeacht ag ailt 6, 8 agus 9 den Acht san maidir leis an gcéad-cheapadh san;

(b) iarrfaidh an tAire ar na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla duine do mholadh dhó i gcóir an chéad-cheaptha chun na hoifige sin agus déanfaidh na Coimisinéirí sin (ar shlí seachas tré scrúdú comórtais) duine amháin, agus gan ach duine amháin, do roghnú, agus molfaid don Aire é, fé Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) , i gcóir an chéad-cheaptha san, agus leis sin tiocfaidh an duine roghnófar agus a molfar amhlaidh chun bheith agus beidh sé ceaptha, de bhuadh a mholta amhlaidh, amhail ar an lá san a cheapfaidh an tAire chuige sin le hordú agus ón lá san amach;

(c) nuair a bheidh na dualgais a forchuirtear ar na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla leis an mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so á gcólíonadh aca, féachfaid do sna forálacha san den Acht so (i gcás iad do bheith iomchuibhe) tré n-a dutgtar tosach molta do dhuine áirithe no tré n-a gceangaltar dhá oifig áirithe do bheith ag an aon duine amháin;

(d) ní dhéanfaidh éinní atá san alt so dochar ná deifir do dhuine ainmnithe do cheapadh leis an Acht so chun oifige le n-a mbaineann an t-alt so i gcás é thárlachtaint go dtiocfaidh an ceapadh san chun bheith in éifeacht.

Contaebhainisteoir do dhéanamh tairmleigin chun contaebhainisteora chonganta.

13. —(1) Is cead don chontae-bhainisteoir do chontae go mbeidh contae-bhainisteoir conganta, no dhá chontae-bhainisteoir chonganta no níos mó, ann di an chuid sin dá chomhachta agus dá fheidhmeanna agus dá dhualgaisí (mar chontae-bhainisteoir don chontae sin no mar bhainisteoir do chólucht toghaidhe) is ceart dar leis do thairmleigean chun an chontae-bhainisteora chonganta san no chun ćinne de sna contae-bhainisteoirí conganta san.

(2) Is cead do chontae-bhainisteoir tairmleigean a bheidh déanta aige fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so do cheiliúradh.

(3) Na forálacha den Acht so i dtaobh contae-bhainisteoir do dhéanamh gníomhartha agus rudaí do chomhairle a chontae ba ghá do réir dlí (seachas an tAcht so) do dhéanamh tré rún ar n-a rith ag an gcomhairle sin dá mb'iad an chomhairle sin a dhéanfadh iad, beidh feidhm agus éifeacht aca maidir le tairmleigean do dhéanamh no do cheiliúradh fé sna forálacha san roimhe seo den alt so.

(4) Pé uair agus faid a bheidh aon chomhacht no feidhm no dualgas tairmleigthe ag contae-bhainisteoir chun contae-bhainisteora chonganta fén alt so, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an contae-bhainisteoir conganta san an chomhacht no an fheidhm no an dualgas san d'fheidhmiú no do chólíonadh in ionad an contae-bhainisteoir sin dá dhéanamh san;

(b) déanfaidh an contae-bhainisteoir conganta san an chomhacht no an fheidhm no an dualgas san d'fheidhmiú no do chólíonadh fé threorú agus rialáil ghenerálta an chontaebhainisteora san;

(c) gach foráil den Acht so, no d'aon ordú no rialachán ar n-a dhéanamh fén Acht so, ag tabhairt comhachta no feidhmeanna do chontae-bhainisteoir, no don bhainisteoir do chólucht toghaidhe, no ag forchur dualgas air, no ag rialú na slí ina mbeidh aon chomhacht no feidhm no dualgas de chuid chontae-bhainisteora, no de chuid an bhainisteora do chólucht toghaidhe, le feidhmiú no le cólíonadh, beidh feidhm agus éifeacht aici maidir leis an gcomhacht no leis an bhfeidhm no leis an dualgas a bheidh tairmleigthe amhlaidh, má bhaineann agus sa mhéid go mbainfidh leis an gcomhacht no leis an bhfeidhm no leis an dualgas san, ach an contaebhainisteoir conganta san do chur in ionad an chontaebhainisteora no in ionad an bhainisteora don chólucht toghaidhe sin, do réir mar a bheidh.

(5) Beidh feidhm agus éifeacht ag na fo-ailt sin roimhe seo den alt so maidir le contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, fé is dá mba chontae contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, agus fé is dá mbeadh Bainisteoir Cathrach Bhaile Atha Cliath agus Bainisteoirí Cathrach Conganta Bhaile Atha Cliath ina chontae-bhainisteoir agus ina gcontae-bhainisteoirí conganta don chontae sin fé seach, agus fé is dá mbeadh tagairt d'alt 60 den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 ( Uimh. 27 de 1930 ), curtha sa chéanna in ionad na tagairte atá ann d'fhorálacha an Achta so i dtaobh contaebhainisteoir do dhéanamh gníomhartha agus rudaí do chomhairle a chontae.

Comhairle Chontae Bhaile Atha Cliath do dhéanamh íocaíocht le Bárdas Bhaile Atha Cliath.

14. —(1) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis teacht i bhfeidhm don Acht so, déanfar an luach saothair is iníoctha ag Bardas Bhaile Atha Cliath le Bainisteoir Cathrach Bhaile Atha Cliath d'ath-bhreithniú agus ceapfar é, amhail o dháta an teacht i bhfeidhm sin, ag cuimhneamh go cuibhe ar shealbhóir oifige Bhainisteora Chathrach Bhaile Atha Cliath do bheith i seilbh oifige Chontae-Bhainisteora Bhaile Atha Cliath freisin.

(2) Ceapfar luach saothair Bhainisteoirí Cathrach Conganta Bhaile Atha Cliath ag cuimhneamh go cuibhe ar gach duine fé leith de shealbhóirí oifige Bhainisteora Chathrach Chonganta Bhaile Atha Cliath do bheith i seilbh oifige Chontae-Bhainisteora Chonganta Bhaile Atha Cliath freisin.

(3) Déanfaidh comhairle contae Bhaile Atha Cliath, chó luath agus is féidir é tar éis deireadh gach bliana airgeadais áitiúla chríochnóidh d'éis teacht i bhfeidhm don Acht so, íoc le Bárdas Bhaile Atha Cliath sa chion san, den chostas bhainistí (mar a mínítear san sa chéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so) sa bhliain airgeadais áitiúil sin, go mbeidh idir é agus méid iomlán an chostais bhainistí sin an cothrom céanna bheidh idir suim méideanna na luachálanna, ar mhaoin ionrátuithe i gcontae Bhaile Atha Cliath, a bheidh i bhfeidhm fé sna hAchtanna Luachála sa bhliain airgeadais áitiúil sin agus iomlán suimeanna méideanna na luachálanna, ar mhaoin ionrátuithe i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus i gcontae Bhaile Atha Cliath fé seach, a bheidh i bhfeidhm mar adubhradh.

(4) Chun crícheanna an ailt seo, cialluíonn an abairt “costas bainistí”, maidir le haon bhliain airgeadais áitiúil áirithe, an tsuim do gheobhfar tré n-a dhéanamh amach cadé iomlán an luach saothair uile (le n-a n-áirmhítear costaisí taistil agus costaisí pearsanta eile, más ann dóibh) d'íoc Bárdas Bhaile Atha Cliath in aghaidh na bliana san, no in aghaidh na coda san den bhliain sin ina raibh an tAcht so i bhfeidhm i gcás na bliana airgeadais áitiúla ina dtiocfaidh an tAcht so i bhefeidhm, le Bainisteoir Cathrach Bhaile Atha Cliath agus le Bainisteoirí Cathrach Conganta Bhaile Atha Cliath fé seach, agus tré sna suimeanna uile is iníoctha, de bhun an ailt seo, ag aon chó-chólucht áirithe le Bárdas Bhaile Atha Cliath, in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla san, do bhaint as an iomlán san.

(5) Íocfaidh comhairle chontae Bhaile Atha Cliath le Bárdas Bhaile Atha Cliath an cion san, den aois-liúntas uile ar n-a dheonadh tar éis teacht i bhfeidhm don Acht so do dhuine ba Bhainisteoir Cathrach Bhaile Atha Cliath no ba Bhainisteoir Cathrach Conganta Bhaile Atha Cliath, ar a gcó-aontóidh an chomhairle sin agus an Bárdas san no, cheal an chó-aontuithe sin, a chinnfidh an tAire.

(6) Nuair a bheidh an cion d'aon aois-liúntas áirithe bheidh le n'íoc, fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, ag comhairle chontae Bhaile Atha Cliath le Bárdas Bhaile Atha Cliath á cheapadh, tré chó-aontú no ag an Aire, féachfar do mhéideanna iomlána na luachálanna bheidh i bhfeidhm, fé sna hAchtanna Luachála, ar mhaoin ionrátuithe i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus i gcontae Bhaile Atha Cliath fé seach agus don tréimhse bhí dualgaisí maidir le contae Bhaile Atha Cliath á gcólíonadh ag an oifigeach go mbeidh an t-aois-liúntas san á fháil aige.

(7) I gcás Bainisteoir Cathrach Bhaile Atha Cliath do bheith ina bhainisteoir freisin do chó-chólucht go mbeidh cuid dá líomatáiste feidhmiúcháin laistigh den achar, agus cuid de lasmuich den achar, is contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus contae Bhaile Atha Cliath le chéile íocfaidh an có-chólucht san le Bárdas Bhaile Atha Cliath, in aghaidh na bliana, an tsuim sin a chinnfidh an tAire.

(8) I gcás Contae-Bhainisteoir Bhaile Atha Cliath do bheith ina bhainisteoir freisin do chó-chólucht go mbeidh cuid dá líomatáiste feidhmiúcháin laistigh den achar, agus cuid de lasmuich den achar, is contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus contae Bhaile Atha Cliath le chéile, íocfaidh an có-chólucht san le Bárdas Bhaile Atha Cliath, in aghaidh na bliana, an tsuim sin a chinnfidh an tAire.

(9) An t-airgead is gá i gcóir na n-íocaíocht a ceangaltar ar chomhairle chontae Bhaile Atha Cliath leis an alt so a dhéanamh le Bárdas Bhaile Atha Cliath, déanfaidh an chomhairle sin é chruinniú i bhfuirm muirir ar an gcontae iomlán, agus beidh na híocaíochta san ina n-íocaíochta i dteanta agus ní ina n-íocaíochta in ionad aon íocaíocht is gá don chomhairle sin, de dhruim ailt 47 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , do dhéanamh le Bárdas Bhaile Atha Cliath.

(10) Na híocaíochta bheidh le déanamh ag có-chólucht le Bárdas Bhaile Atha Cliath de bhun an ailt seo, déanfar iad do chruinniú agus d'íoc fé mar a deintear tuarastail oifigeach an chó-chóluchta san do chruinniú agus d'íoc.

Leas-chontaebhainisteoirí.

15. —(1) Má bhionn agus pé uair a bheidh an contae-bhainisteoir ar saoire, no má bhíonn agus pé uair a bheidh sé go sealadach éagcumasach maidir le feidhmeanna a oifige d'fheidhmiú toisc é bheith breoite no as láthair o n-a chontae no curtha ar fiunraoi o chólíonadh a dhualgaisí, is cead leas-chontae-bhainisteoir do cheapadh fén alt so le haghaidh tréimhse na saoire no an éagcumais sin, ach is cead an duine ceapfar amhlaidh do chur as oifig fén alt so tráth ar bith le linn na saoire no an éagcumais sin.

(2) I gcás contae-bhainisteoir do bheith ag dul ar saoire agus fós i gcás contae-bhainisteoir do bheith ag coinne go mbeidh sé, toisc é bheith as láthair o n-a chontae, éagcumasach amhlaidh mar adubhradh, is cead don chontae-bhainisteoir sin, ach é do dhul i gcomhairle le cathaoirleach na comhairle contae ar dtúis, an chomhacht cheaptha leas-chontae-bhainisteora d'fheidhmiú roimh an saoire no an éagcumas san (pé aca é) agus ag coinne leis an gcéanna, ach i ngach cás eile, sé sin le rá: i gcás contae-bhainisteoir do bheith éagcumasach amhlaidh mar adubhradh toisc é bheith breoite no curtha ar fiunraoí; agus fós i gcás contae-bhainisteoir do bheith ar saoire, no é bheith éagcumasach amhlaidh mar adubhradh toisc é bheith as láthair o n-a chontae, agus gan leas-chontaebhainisteoir do bheith ceaptha fén alt so roimh an saoire no an éagcumas san no, má bhíonn leas-chontae-bhainisteoir ceaptha amhlaidh, eisean do chur as oifig fén alt so, no é d'éag no d'eirghe as oifig, le linn na saoire no an éagcumais sin; is ag cathaoirleach na comhairle contae no, i gcás contaethe grúpálta, ag cathaoirleach chomhairle an chinn sin de sna contaethe sin a ordóidh an tAire, agus aige sin amháin, a bheidh an chomhacht cheaptha leas-chontaebhainisteora fén alt so infheidhmithe tráth ar bith le linn na saoire no an éagcumais sin.

(3) Ní bheidh an chomhacht chun leas-chontae-bhainisteoir do chur as oifig fén alt so infheidhmithe i gcás ar bith ach amháin ag an Aire, no ag cathaoirleach na comhairle contae le toiliú an Aire.

(4) Beidh comhachta uile chontae-bhainisteora ag leas-chontaebhainisteora, agus feidhmeoidh agus cólíonfaidh feidhmeanna agus dualgaisí uile chontae-bhainisteora, faid a leanfaidh an tsaoire no an t-éagcumas gur dá dhruim a bheidh sé ceaptha no go dtí go dtárlóidh dó, roimhe sin, é chur as oifig fén alt so no é d'éag no d'eirghe as oifig, agus chuige sin déanfar gach tagairt atá san Acht so do chontae-bhainisteoir (ach amháin na tagairtí atá san alt so do chontae-bhainisteoir agus na tagairtí atá san Acht so do chontae-bhainisteoir do cheapadh agus do chur as oifig agus do shealbhaíocht oifige chontae-bhainisteora) do léiriú mar thagairt a fholuíonn tagairt do leas-chontae-bhainisteoir.

(5) Pé uair a déanfar leas-chontae-bhainisteoir do cheapadh fén alt so do gach contae fé leith de dhá chontae ghrúpálta, isé an t-aon duine amháin a ceapfar chun bheith ina leas-chontaebhainisteoir do gach contae fé leith aca san, agus pé uair a déanfar leas-bhainisteoir cathrach do cheapadh do chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus leas-chontae-bhainisteoir do cheapadh fén alt so do chontae Bhaile Atha Cliath, isé an t-aon duine amháin a ceapfar chun bheith ina leas-bhainisteoir cathrach den tsórt san agus chun bheith ina leas-chontae-bhainisteoir den tsórt san.

(6) Déanfaidh an chomhairle do chontae an luach saothair sin (más aon luach saothair é) ar a gcinnfidh an chomhairle sin le haontú an Aire d'íoc le gach leas-chontae-bhainisteoir don chontae sin.

Feidhmeanna forcoimeádta.

16. —(1) Ní dhéanfaidh comhairle chontae ná aon chólucht toghaidhe aon chomhacht (seachas comhacht a bheidh dílsithe le dlí (agus an tAcht so d'áireamh) sa chomhairle no sa chólucht san agus adeir an tAcht so do bheith infheidhmithe tré rún ar n-a rith ag an gcomhairle no ag an gcólucht san) ná feidhm ná dualgas de chuid na comhairle sin no an chóluchta san d'fheidhmiú ná do chólíonadh iad féin, is comhacht no feidhm no dualgas maidir le hoifigigh no seirbhísigh na comhairle sin no an chóluchta san no le rialú no maoirsiú no seirbhís no luach saothair no príbhléidí no aois-liúntas na n-oifigeach no na seirbhíseach san no éinne aca san.

(2) Fé réir forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, déanfaidh gach comhairle chontae agus gach cólucht toghaidhe comhachta agus feidhmeanna agus dualgaisí na comhairle sin no an chóluchta san (más ann dóibh), maidir le gach ní fé leith dhíobh san uile agus fé seach a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, d'fheidhmiú agus do chólíonadh iad féin.

(3) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, féadfaidh an tAire, pé uair is ceart san dar leis, a ordú, le hordú, go ndéanfar comhachta agus feidhmeanna agus dualgaisí gach comhairle contae no aon chomhairle contae áirithe no gach cóluchta thoghaidhe d'aicme áirithe no aon chóluchta thoghaidhe áirithe, i dtaobh éinní luadhfar san ordú san (nach ní a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so), d'fheidhmiú agus do chólíonadh ag an gcomhairle sin féin no ag an gcólucht san féin, do réir mar a bheidh.

(4) Féadfaidh an tAire, pé uair is ceart san dar leis, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar ordú ar bith a bheidh déanta aige fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so no ar aon ordú (ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt so) ag leasú orduithe ar bith den tsórt san.

(5) Pé uair agus faid a bheidh ordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fén alt so i bhfeidhm, déanfaidh an chomhairle no na comhairlí no an cólucht toghaidhe no na cóluchtaí toghaidhe gur ina dtaobh a bheidh an t-ordú san déanta na comhachta agus na feidhmeanna agus na dualgaisí bheidh luaidhte san ordú san d'fheidhmiú iad féin.

(6) Ordú ar bith a dhéanfaidh an tAire fén alt so, ní bhainfidh le haon chomhacht ná feidhm ná dualgas le n-a mbaineann an chéad fho-alt den alt so.

(7) Gach ráta-bhailitheoir a cheapfaidh comhairle chontae i gcóir ceanntair bhailiúcháin rátaí ar n-a bhunú go dleathach sa chontae sin, is í an chomhairle sin féin a cheapfaidh agus is tré rún a ceapfar é, ach ní bheidh éifeacht ag aon cheapadh den tsórt san mara n-aontuighidh ná go dtí go n-aontóidh an tAire leis.

(8) Gach comhacht no feidhm no dualgas, de chuid chomhairle contae no chóluchta thoghaidhe, gur gá do réir an ailt seo don chomhairle sin féin no don chólucht san féin é fheidhmiú, beidh sé, chun crícheanna an Achta so, ina fheidhm fhorcoimeádta de chuid na comhairle sin no an chóluchta san, agus is dá réir sin a déanfar an abairt “feidhm fhorcoimeádta” do léiriú agus a bheidh éifeacht aici san Acht so.

Feidhmeanna feidhmiúcháin.

17. —(1) Beidh gach comhacht no feidhm no dualgas de chuid chomhairle contae no chóluchta thoghaidhe, nach feidhm fhorcoimeádta, ina fheidhm fheidhmiúcháin de chuid na comhairle no an chóluchta san chun crícheanna an Achta so, agus is dá réir sin a déanfar an abairt “feidhm fheidhmiúcháin” do léiriú agus a bheidh éifeacht aici san Acht so, le n-a n-áirmhítear an t-alt so.

(2) Déanfaidh gach contae-bhainisteoir feidhmeanna feidhmiúcháin uile comhairle a chontae, agus, go sonnrách, gach comhacht (seachas comhacht a bheidh dílsithe le dlí (agus an tAcht so d'áireamh) sa chomhairle sin agus adeir an tAcht so do bheith infheidhmithe tré rún ar n-a rith ag an gcomhairle sin) agus feidhm agus dualgas de chuid na comhairle sin maidir le hoifigigh agus seirbhísigh na comhairle sin agus le rialú agus maoirsiú agus seirbhís agus luach saothair agus príbhléidí agus aois-liúntas na n-oifigeach agus na seirbhíseach san, d'fheidhmiú agus do chólíonadh don chomhairle sin.

(3) Déanfaidh gach contae-bhainisteoir feidhmeanna feidhmiúcháin gach cóluchta thoghaidhe fé leith dar bainisteoir é, agus, go sonnrách, gach comhacht agus feidhm agus dualgas de chuid an chóluchta thoghaidhe sin maidir le hoifigigh agus seirbhísigh an chóluchta san agus le rialú agus maoirsiú agus seirbhís agus luach saothair agus príbhléidí agus aois-liúntas na n-oifigeach agus na seirbhíseach san, d'fheidhmiú agus do chólíonadh don chólucht toghaidhe sin.

(4) Na nithe agus na rudaí sin uile, ar a n-áirmhítear connartha do dhéanamh agus an séala oifigiúil do ghreamú, is gá chun feidhmithe no chun cólíonta, no bhainfidh le feidhmiú no le cólíonadh, feidhmeanna feidhmiúcháin comhairle contae no cóluchta thoghaidhe, déanfar iad ag an gcontae-bhainisteoir don chontae sin no ag an mbainisteoir don chólucht toghaidhe sin (do réir mar a bheidh), ach san fé réir forálacha an Achta so.

(5) Ní cead do chontae-bhainisteoir séala oifigiúil chomhairle contae no chóluchta thoghaidhe do ghreamú ar scríbhinn ar bith ach amháin i bhfianaise chathaoirligh na comhairle sin no an chóluchta san no i bhfianaise baill, no éinne d'uimhir de bhaill, den chomhairle sin no den chólucht san, a bheidh ainmnithe chuige sin ag an gcomhairle sin no ag an gcólucht san.

Coistí comhairlí contae agus coistí cólucht toghaidhe.

18. —(1) Aon chomhacht atá dílsithe, de bhuadh achtacháin atá i bhfeidhm le linn an Achta so do rith, i gcomhairle contae no i gcólucht toghaidhe i dtaobh coiste do cheapadh as a gcomhairle féin chun críche maidir le n-a gcomhachta no le n-a bhfeidhmeanna no le n-a ndualgaisí, beidh sé de chead ag an comhairle sin no ag an gcólucht toghaidhe sin (do réir mar a bheidh), tar éis teacht i bhfeidhm don Acht so, an chomhacht san d'fheidhmiú tré rún, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so.

(2) Aon chomhacht atá dílsithe, dé bhuadh achtacháin atá i bhfeidhm le linn an Achta so do rith, i gcomhairle chontae no i gcólucht toghaidhe agus tré n-ar féidir dóibh tairmleigean do dhéanamh chun coiste ar n-a cheapadh ag an gcomhairle sin no ag an gcólucht toghaidhe sin ar aon chomhacht no feidhm no dualgas is feidhm fheidhmiúcháin de chuid na comhairle sin no an chóluchta thoghaidhe sin (do réir mar a bheidh), ní bheidh sí infheidhmithe i gcás ar bith, tar éis teacht i bhfeidhm don Acht so, ach amháin ag an gcontae-bhainisteoir do chontae na comhairle sin no ag an mbainisteoir don chólucht toghaidhe sin (do réir mar a bheidh) agus fé réir an Aire do thoiliú leis an bhfeidhmiú san.

Contaebhainisteoir do ghníomhú tré ordú shighnithe.

19. —(1) Gach gníomh no rud no socrú dhéanfaidh contaebhainisteoir thar ceann comhairle a chontae no thar ceann cóluchta thoghaidhe agus gur ghá do réir dlí (seachas an tAcht so), dá mb'í an chomhairle sin no dá mb'é an cólucht toghaidhe sin do dhéanfadh é, é dhéanamh tré rún ar n-a rith ag an gcomhairle sin no ag an gcólucht toghaidhe sin, déanfaidh an contae-bhainisteoir sin é tré ordú i scríbhinn fé n-a láimh ina luadhfar cathain a chuir sé a lámh leis.

(2) I gcás inar ghá, do réir aon Achta no fé, do chomhairle chontae no do chólucht toghaidhe fógra puiblí do thabhairt i dtaobh an chomhairle sin no an cólucht toghaidhe sin do bheith tar éis an rún do rith ag déanamh aon ghníomha no ruda no socruithe áirithe, no fógra puiblí do thabhairt roimh an gcruinniú do bheith ag aon chomhairle no cólucht toghaidhe den tsórt san ag á mbeidh an rún le rith ag an gcomhairle sin no ag an gcólucht toghaidhe sin ag déanamh aon ghníomha no ruda no socruithe áirithe, déanfaidh an contae-bhainisteoir a shamhail sin d'fhógra phuiblí do thabhairt uaidh sara ndeinidh an t-ordú ag déanamh an ghníomha no an ruda no an tsocruithe áirithe sin.

(3) Gach ordú dhéanfaidh contae-bhainisteoir fén alt so, is tuigthe chun gach críche an contae-bhainisteoir sin dá dhéanamh an t-am do chuir sé a lámh leis agus, go dtí go gcruthófar a mhalairt, is tuigthe an contae-bhainisteoir sin do chur a láimhe le haon ordú áirithe den tsórt san an t-am adeirtear san ordú san do rinne sé amhlaidh.

(4) Beidh ball ar bith de chomhairle chontae no de chólucht toghaidhe i dteideal cóip d'aon ordú áirithe (a luadhfaidh an ball san) a bheidh déanta fén alt so ag an gcontae-bhainisteoir don chontae sin no ag an mbainisteoir don chólucht toghaidhe sin (do réir mar a bheidh) d'fháil ón gcontae-bhainisteoir sin no ón mbainisteoir sin ar í d'iarraidh.

(5) Coimeádfaidh gach contae-bhainisteoir, maidir le comhairle a chontae, clár ina n-iontrálfar cóip de gach ordú dhéanfa sé fén alt so don chomhairle sin, agus déanfaidh an contae-bhainisteoir sin, ag gach cruinniú den chomhairle sin, an méid sin den chlár san, ina mbeidh aon orduithe den tsórt san do rinneadh amhlaidh o am an chruinnithe dheiridh roimhe sin den chomhairle sin, do thabhairt ar áird chun a iniúchta ag baill na comhairle sin.

(6) Coimeádfaidh gach contae-bhainisteoir, maidir le gach cólucht toghaidhe fé leith dar bainisteoir é, clár ina n-iontrálfar cóip de gach ordú dhéanfa sé fén alt so don chólucht toghaidhe sin, agus déanfaidh an contae-bhainisteoir sin, ag gach cruinniú d'aon chólucht toghaidhe den tsórt san, an méid sin den chlár san a bheidh á choimeád amhlaidh alos an chóluchta thoghaidhe sin, agus ina mbeidh aon orduithe do rinneadh amhlaidh don chólucht toghaidhe sin o am an chruinnithe dheiridh roimhe sin den chólucht san, do thabhairt ar áird chun a iniúchta ag baill an chóluchta thoghaidhe sin.

(7) Gach scríbhinn do bhéarfaidh le tuigsint í bheith ina hordú ar n-a dhéanamh agus ar n-a shighniú ag contae-bhainisteoir, glacfar i bhfianaise í gan cruthú ar shighniú an duine go mbéarfar le tuigsint é do shighniú na scríbhinne sin agus gan cruthú gurbh é an duine sin an contae-bhainisteoir sin agus, go dtí go gcruthófar a mhalairt, is tuigthe í bheith ina hordú ar n-a dhéanamh agus ar n-a shighniú go cuibhe ag an gcontae-bhainisteoir sin fén alt so agus eisean dá shighniú an t-am adeirtear ann do rinne sé amhlaidh.

(8) Gach scríbhinn do bhéarfaidh le tuigsint í bheith deimhnithe fé n-a láimh ag contae-bhainisteoir bheith ina cóip dhílis d'ordú ar n-a dhéanamh ag an gcontae-bhainisteoir sin fén alt so, glacfar i bhfianaise í gan cruthú ar shighniú an duine go mbéarfar le tuigsint é do dhéanamh an deimhnithe sin agus gan cruthú gurbh é an duine sin an contae-bhainisteoir sin agus, go dtí go gcruthófar a mhalairt, is tuigthe í bheith ina fianaise ar a mbeidh san ordú áirithe go mbéarfa sí le tuigsint gur cóip de í agus ar an gcontae-bhainisteoir sin do dhéanamh agus de shighniú an orduithe sin go cuibhe fén alt so an t-am adeirtear inti do rinne sé amhlaidh.

Sinacht, etc., ar oifigigh agus seirbhísigh chomhairle contae no chóluchta thoghaidhe.

20. —(1) Déanfaidh oifigigh agus seirbhísigh chomhairle contae no chóluchta thoghaidhe na dualgaisí bheidh ortha mar oifigigh agus seirbhísigh den tsórt san do chólíonadh do réir na n-orduithe sin do bhéarfaidh an contae-bhainisteoir don chontae sin no an bainisteoir don chólucht toghaidhe sin (do réir mar a bheidh) uaidh, o am go ham, go generálta no maidir le haon dualgas áirithe no aon aicme no aicmí áirithe dualgas do chólíonadh no maidir le haon oifigeach no seirbhíseach áirithe do chólíonadh aon dualgais den tsórt san, agus beidh smacht ag an gcontae-bhainisteoir sin, agus feidhmeoidh lán-mhaoirseacht, ar na hoifigigh agus na seirbhísigh sin agus ar gach gníomh no rud riamh a dhéanfaid no bheidh le déanamh aca go hoifigiúil mar oifigigh agus seirbhísigh don chomhairle no don chólucht san, do réir mar a bheidh.

(2) Fé réir aon orduithe no rialachán a bheidh déanta ag an Aire fé Acht ar bith agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh seirbhís no luach saothair no príbhléidí no aois-liúntas (do réir mar a bheidh) oifigeach agus seirbhíseach údaráis áitiúil, déan faidh an contae-bhainisteoir do chontae no an bainisteoir do chólucht toghaidhe na ceisteanna san uile eireoidh o am go ham, i dtaobh seirbhís agus luach saothair agus príbhléidí agus aois-liúntas oifigeach agus seirbhíseach comhairle na contae sin no an chóluchta thoghaidhe sin (do réir mar a bheidh), do bhreithniú agus do shocrú.

Iocaíochta d'údarú.

21. —(1) Is cead don chontae-bhainisteoir do chontae a údarú le hordú fé n-a láimh féin agus fós fé láimh an duine is oifigeach ainmnithe no, i gcás níos mó ná aon oifigeach amháin den tsórt san do bheith ann, is oifigeach ainmnithe iomchuibhe don chontae sin aon íocaíocht áirithe d'íoc amach as cistí chomhairle na contae sin alos aon chostais áirithe no ar scór aon fhiachais áirithe ar n-a chur suas ag an gcomhairle sin, no ag an gcontae-bhainisteoir sin thar ceann na comhairle sin, chun an chomhairle sin no an contaebhainisteoir sin (do réir mar a bheidh) d'fheidhmiú no do chólíonadh aon choda de chomhachta no d'fheidhmeanna no de dhualgaisí na comhairle sin is infheidhmithe no is ionchólíonta aca-san no aigesean (do réir mar a bheidh) fén Acht so.

(2) Is cead don bhainisteoir do chólucht toghaidhe a údarú, le hordú fé n-a láimh féin agus fós fé láimh an oifigigh ainmnithe don chólucht toghaidhe sin, aon íocaíocht áirithe d'íoc amach as cistí an chóluchta san alos aon chostais áirithe no ar scór aon fhiachais áirithe ar n-a chur suas ag an gcólucht san, no ag an mbainisteoir sin thar ceann an chóluchta san, chun an cólucht san no an bainisteoir sin (do réir mar a bheidh) d'fheidhmiú no do chólíonadh aon choda de chomhachta no d'fheidhmeanna no de dhualgaisí an chóluchta san is infheidhmithe no is ionchólíonta aca-san no aigesean (do réir mar a bheidh) fén Acht so.

(3) Déanfaidh an tAire (go generálta maidir leis na comhairlí contae uile no go sonnrách maidir le gach comhairle fé leith den tsórt san) oifigeach do gach comhairle chontae d'ainmniú, le hordú, chun bheith ina oifigeach ainmnithe don chontae sin do réir bhrí fo-ailt (1) den alt so, agus féadfaidh, maidir le haon chontae áirithe den tsórt san, oifigigh deifriúla d'ainmniú chun bheith ina n-oifigigh ainmnithe don chontae sin chun crícheanna deifriúla.

(4) Déanfaidh an tAire (go generálta maidir leis na cóluchta toghaidhe uile no leis na cóluchta toghaidhe uile d'aicme áirithe no go sonnrách maidir le cólucht toghaidhe áirithe amháin no níos mó) oifigeach do gach cólucht toghaidhe d'ainmniú, le hordú, chun bheith ina oifigeach ainmnithe don chólucht toghaidhe sin do réir bhrí fo-ailt (2) den alt so.

(5) Pé uair is ceart san dar leis, féadfaidh an tAire, le hordú, ainmniú bheidh déanta aige fé cheachtar den dá fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so no fén bhfo-alt so do cheiliúradh agus ainmniú nua do dhéanamh in ionad an ainmnithe cheiliúrfaidh amhlaidh.

(6) Athghairmtear leis seo fo-airteagal (3) d'Airteagal 18 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898.

Meastacháin ar chostaisí chomhairle contae.

22. —(1) Bhéarfaidh gach contae-bhainisteoir go n-ullmhófar, i rith na tréimhse orduithe agus sa bhfuirm orduithe agus alos gach bliana airgeadais áitiúil fé leith, meastachán (dá ngairmtear meastachán ar chostaisí san Acht so) ina luadhfar na méideanna is gá dar leis chun íoc do dhéanamh i gcostaisí, agus chun soláthar do dhéanamh in aghaidh fiachaisí agus riachtanaisí, comhairle a chontae i rith na céad bhliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin.

(2) Gach meastachán ar chostaisí a hullmhófar de bhun an ailt seo, déanfaidh comhairle na contae le n-a mbainfidh é bhreithniú ag cruinniú den chomhairle sin (dá ngairmtear cruinniú meastachán san Acht so) agus ní foláir don chontae-bhainisteoir don chontae sin bheith i láthair ag an gcruinniú san agus an cruinniú san do bheith ann an t-am a bheidh orduithe (pé acá is am é bheidh orduithe do sna comhairlí contae uile go generálta no don chomhairle sin go sonnrách agus pé aca bheidh sé orduithe amhlaidh do gach bliain go generálta no don bhliain iomchuibhe amháin go sonnrách) agus fógra seacht lá ar a laighead do thabhairt i dtaobh an chruinnithe sin do gach duine is ball den chomhairle sin nuair do bhéarfar an fógra san.

(3) Déanfaidh an contae-bhainisteoir do chontae, seacht lá ar a laighead roimh an lá bheidh cruinniú meastachán de chomhairle na contae sin le bheith ann—

(a) cóip den mheastachán ar chostaisí bheidh le breithniú ag an gcomhairle sin ag an gcruinniú meastachán san do lóisteáil in oifigí na comhairle sin, agus

(b) cóip den mheastachán san ar chostaisí do chur chun gach duine bheidh, an lá roimh an gcéad lá den seacht lá san, ina bhall den chomhairle sin, agus

(c) fógra puiblí do thabhairt, sa tslí orduithe, á rá go bhfuiltear tar éis an meastachán san ar chostaisí do dhéanamh agus tar éis cóip de do lóisteáil mar adubhradh.

(4) Is cead do dhuine ar bith den phuiblíocht gach cóip de mheastachán ar chostaisí bheidh lóisteálta de bhun an ailt seo in oifigí chomhairle contae d'iniúchadh in aisce tráth ar bith a bheidh na hoifigí sin ar oscailt chun gnó oifigiúil do dhéanamh, agus déanfaidh an contae-bhainisteoir cóip den mheastachán san ar chostaisí do thabhairt, ar scilling an chóip, do gach duine iarrfaidh san air.

Meastachán ar chostaisí, chóluchta thoghaidhe.

23. —(1) Bhéarfaidh gach bainisteoir do chólucht toghaidhe go n-ullmhófar, i rith na tréimhse orduithe agus sa bhfuirm orduithe agus alos gach bliana airgeadais áitiúil fé leith, meastachán (dá ngairmtear meastachán ar chostaisí san Acht so) ina luadhfar na méideanna is gá dar leis chun íoc do dhéanamh i gcostaisí, agus chun soláthar do dhéanamh in aghaidh fiachaisí agus riachtanaisí, an chóluchta thoghaidhe sin i rith na céad bhliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin.

(2) Gach meastachán ar chostaisí a hullmhófar de bhun an ailt seo, déanfaidh an cólucht toghaidhe le n-a mbainfidh é bhreithniú ag cruinniú den chólucht toghaidhe sin (dá ngairmtear cruinniú meastachán san Acht so) agus ní foláir don bhainisteoir don chólucht toghaidhe sin bheith i láthair ag an gcruinniú san agus an cruinniú san do bheith ann an t-am a bheidh orduithe (pé acá is am é bheidh orduithe go generálta do sna cóluchta toghaidhe uile no don aicme cólucht toghaidhe le n-a mbainfidh an cólucht toghaidhe sin no bheidh orduithe go sonnrách don chólucht toghaidhe sin agus pé aca bheidh sé orduithe amhlaidh do gach bliain go generálta no don bhliain iomchuibhe amháin go sonnrách) agus fógra seacht lá ar a laighead do thabhairt i dtaobh an chruinnithe sin do gach duine is ball den chólucht toghaidhe sin nuair do bhéarfar an fógra san.

(3) Déanfaidh an bainisteoir do chólucht toghaidhe, seacht lá ar a laighead roimh an lá bheidh cruinniú meastachán den chólucht toghaidhe sin le bheith ann—

(a) cóip den mheastachán ar chostaisí bheidh le breithniú ag an gcólucht toghaidhe sin ag an gcruinniú meastachán san do lóisteáil in oifigí an chóluchta thoghaidhe sin, agus

(b) cóip den mheastachán san ar chostaisí do chur chun gach duine bheidh, an lá roimh an gcéad lá den seacht lá san, ina bhall den chólucht toghaidhe sin, agus

(c) fógra puiblí do thabhairt, sa tslí orduithe, á rá go bhfuiltear tar éis an meastachán san ar chostaisí do dhéanamh agus tar éis cóip de do lóisteáil mar adubhradh.

(4) Is cead do dhuine ar bith den phuiblíocht gach cóip de mheastachán ar chostaisí bheidh lóisteálta de bhun an ailt seo in oifigí chóluchta thoghaidhe d'iniúchadh in aisce tráth ar bith a bheidh na hoifigí sin ar oscailt chun gnó oifigiúil do dhéanamh, agus déanfaidh an bainisteoir don chólucht toghaidhe sin cóip den mheastachán san ar chostaisí do thabhairt, ar scilling an chóip, do gach duine iarrfaidh san air.

Cruinnithe meastachán.

24. —(1) Nuair a bheidh cruinniú meastachán de chomhairle chontae no de chólucht toghaidhe, no ath-chomóradh ar chruinniú den tsórt san, ar siúl, bainfidh na forálacha so leanas leis an gcomhairle sin no leis an gcólucht toghaidhe sin (do réir mar a bheidh)—

(a) féadfaid (fé réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so), tré rún, an meastachán ar chostaisí is gá do réir an Achta so do bhreithniú ag an gcruinniú san do leasú tré chur leis no tré leigint ar lár no tré atharú, agus

(b) glacfaid, tré rún, leis an meastachán san ar chostaisí, gan leasú no gus na leasuithe bheidh déanta air fén mír sin roimhe seo den fho-alt so (fé mar is gá sa chás), agus

(c) cinnfid, tré rún, do réir an mheastacháin sin ar chostaisí mar a bheidh glactha leis amhlaidh, cadiad na rátaí sa phunt a bheidh le gearradh chun na gcrícheanna uile agus fé seach a bheidh luaidhte sa mheastachán san no, i gcás cóluchta thoghaidhe nach údarás rátúcháin, déanfaid an t-éileamh no an ionstruim eile, gur tríd a bheidh an t-airgead chun costaisí an chóluchta thoghaidhe sin d'íoc an chéad bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin le fáil, d'ullmhú, agus glacadh tré rún leis, do réir an mheastacháin sin ar chostaisí mar a bheidh glactha leis sin amhlaidh.

(2) Pé uair a tairgfear, ag cruinniú meastachán de chomhairle chontae no de chólucht toghaidhe, leasú do dhéanamh ar an meastachán ar chostaisí is gá do réir an Achta so do bhreithniú ag an gcruinniú san agus a mheasfaidh an contae-bhainisteoir don chontae sin no an bainisteoir don chólucht toghaidhe sin (do réir mar a bheidh) gur measa-de go mór cólíonadh éifeachtúil no eacnamúil dhualgaisí na comhairle sin no an chóluchta thoghaidhe sin an leasú san do dhéanamh, déarfaidh an contae-bhainisteoir sin no an bainisteoir sin (do réir mar a bheidh) ag an gcruinniú san go bhfuil sé i gcoinnibh an leasuithe sin agus luadhfaidh cadé an agóid atá aige ina choinnibh, agus leis sin déanfaidh an chomhairle sin no an cólucht toghaidhe sin an agóid sin do bhreithniú agus ansan cinnfid, ag an gcruinniú san, gan an leasú san do dhéanamh no déanfaid an breithniú breise bheidh le déanamh ar an leasú san do chur ar athló do réir an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so.

(3) I gcás an breithniú breise bheidh le déanamh ar leasú ar mheastachán ar chostaisí do chur ar athló fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, ansan, tar éis gach gnó do dhéanamh ag an gcruinniú meastachán is i ndéanta go dleathach agus go caothúil gan é chur ar athló, raghaidh an cruinniú san ar athló go ceann sé lá ar a laighead, agus ag an ath-chomóradh ar an gcruinniú san déanfar an leasú no na leasuithe ba chúis leis an gcruinniú san do chur-ar-athló (go n-atharú no gan aon atharú ar an gcéanna), agus an leasú no na leasuithe sin amháin, do bhreithniú agus cinneadh ar chomhairle i dtaobh an chéanna agus críochnófar gnó an chruinnithe mheastachán.

Teora le caiteachas.

25. —(1) Is cead do chomhairle chontae no do chólucht toghaidhe, tré rún do rith, a thoiliú, tráth ar bith tar éis dóibh glacadh fén Acht so le meastachán ar chostaisí i gcóir aon bhliana airgeadais áitiúla áirithe, le hairgead do chaitheamh no le dul fé fhiachas, chun aon chríche áirithe bheidh luaidhte sa mheastachán san alos na bliana airgeadais sin, de bhreis ar an gcaiteachas chun na críche sin a bheidh luaidhte amhlaidh.

(2) Mara dtoilítear leis sin tré rún do rith fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, ní cead suim an airgid a chaithfidh maraon le suim an fhiachais fé n-a raghaidh comhairle chontae no cólucht toghaidhe in aon bhliain airgeadais áitiúil áirithe chun críche áirithe ar bith a bheidh luaidhte sa mheastachán ar chostaisí alos na bliana airgeadais áitiúla san do dhul thar an méid iomlán a bheidh luaidhte sa mheastachán san ar chostaisí maidir leis an gcrích sin.

Pleananna, etc., d'ullmhú.

26. —Is cead do chomhairle chontae no do chólucht toghaidhe a cheangal ar an gcontae-bhainisteoir don chontae sin no ar an mbainisteoir don chólucht toghaidhe sin (do réir mar a bheidh) tráth ar bith, tré rún do rith, pleananna agus áirmheachtaí, maidir le haon obair áirithe do dhéanamh a luadhfar sa rún san agus is dleathach don chomhairle no don chólucht san do dhéanamh, d'ullmhú agus do chur fé bhráid na cómhairle no an chóluchta san maraon le meastachán ar chostas mheasta na hoibre sin, agus pé uair a rithfidh an chomhairle sin no an cólucht san aon rún den tsórt san, déanfaidh an contae-bhainisteoir sin no an bainisteoir sin (do réir mar a bheidh) pleananna agus áireamhachtaí agus meastachán d'ullmhú agus do chur fé bhráid na comhairle sin no an chóluchta san, do réir an rúin sin, chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin.

Eolas do thabhairt do chomhairlí contae agus do chóluchta toghaidhe.

27. —Ní foláir do gach contae-bhainisteoir, pé uair a dhéanfaidh comhairle a chontae no cólucht toghaidhe dar bainisteoir é no an san cathaoirleach ar an gcomhairle sin no ar aon chólucht den tsórt san d'iarraidh air, an t-eolas san uile do thabhairt don chomhairle sin no don chólucht san no don chathaoirleach san (do réir mar a bheidh) a bheidh ag an gcontae-bhainisteoir sin no ar fáil aige i dtaobh gníomha no ní no ruda ar bith bhainfidh le haon ghnó no idirbheart de chuid na comhairle sin no an chóluchta san (do réir mar a bheidh) agus a luadhfar san iarratas san.

Tairgsintí d'fháil agus do scrúdú.

28. —(1) Is cead d'aon chomhairle chontae no d'aon chólucht toghaidhe rialacháin do dhéanamh, más oiriúnach agus pé uair is oiriúnach leo é, á ordú cadé an nós imeachta leanfar maidir le gach saghas no aon tsaghas no saghsanna áirithe tairgsintí d'fháil agus do scrúdú, is tairgsintí i dtaobh earraí do sholáthar no i dtaobh oibreacha do dhéanamh no i dtaobh éinní eile gur dleathach don chomhairle sin no don chólucht san a iarraidh tairgsintí ina thaobh do chur isteach.

(2) Ní mór aontú an Aire d'fháil le gach rialachán a déanfar fén alt so agus ní bheidh feidhm ná éifeacht ar bith ag aon rialachán den tsórt san mara n-aontuighidh ná go dtí go n-aontóidh an tAire leis.

(3) Pé uair agus faid a bheidh rialacháin ar bith ar n-a ndéanamh ag comhairle chontae no ag cólucht toghaidhe fén alt so i bhfeidhm, ní foláir gach tairgsint le n-a mbainfidh na rialacháin sin agus do gheobhaidh an chomhairle sin no an cólucht san (do réir mar a bheidh) d'fháil agus do scrúdú do réir an nós imeachta bheidh orduithe leis na rialacháin sin.

Ceanglas o chomhairle chontae no o chólucht toghaidhe á éileamh go ndéanfaí rud áirithe.

29. —(1) Is cead d'aon chomhairle chontae no d'aon chólucht toghaidhe a chur mar cheangal, ag cruinniú ar n-a ghairm go speisialta chuige sin fén alt so agus tré rún ar n-a thairgsint agus ar n-a rith do réir an ailt seo, go ndéanfaí, i bhfeidhmiú no i gcólíonadh feidhmeanna feidhmiúcháin na comhairle sin no an chóluchta san, aon ghníomh no ní no rud áirithe luadhfar go sonnrách sa rún san agus is dleathach don chomhairle sin, no don chontae-bhainisteoir don chontae sin, no don chólucht toghaidhe sin, no don bhainisteoir don chólucht toghaidhe sin (do réir mar a bheidh) a dhéanamh.

(2) I gcás é bheith beartuithe aon rún den tsórt san a húdaruítear leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so do thairgsint, ní foláir fógra i scríbhinn á rá san do thabhairt don chontaebhainisteoir le n-a mbainfidh agus an fógra san do bheith fé láimh trian ar a laighead de sna baill den chomhairle chontae no den chólucht toghaidhe gur ag cruinniú dhe bheidh an rún san le tairgsint, agus ní foláir cóip den rún san do bheith sa bhfógra san agus lá (nach luaithe ná seacht lá agus nach déanaighe ná ceithre lá déag tar éis an lae ar a bhfuighidh an contae-bhainisteoir an fógra san) chun an cruinniú san do bheith ann do luadh sa bhfógra san.

(3) Pé uair do gheobhaidh contae-bhainisteoir aon fhógra den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, déanfaidh, chó luath agus is féidir é, cóip den fhógra san do chur chun gach ball den chomhairle chontae no den chólucht toghaidhe le n-a mbainfidh, agus déanfar cruinniú speisialta den chomhairle sin no den chólucht san do ghairm chun teacht le chéile ar an dáta bheidh luaidhte chuige sin sa bhfógra san agus ar an uair is gnáth don chomhairle sin no don chólucht san cruinnithe do bheith aca.

(4) Nuair a déanfar rún go mbeidh fógra tugtha ina thaobh fén alt so do thairgsint ag an gcruinniú, ar n-a ghairm chuige sin fén alt so, den chomhairle chontae no den chólucht toghaidhe le n-a mbainfidh, breithneoidh an chomhairle sin no an cólucht san, agus an contae-bhainisteoir le n-a mbainfidh, an rún san agus, má dheineann an chomhairle sin no an cólucht san an rún san do rith tar éis é bhreithniú agus go mbeidh an méid ball a vótálfaidh i bhfabhar an rúin sin níos mó ná leath ballra iomlán na comhairle sin no an chóluchta san no níos mó ná dhá dtrian na mball a bheidh i láthair ag an gcruinniú san agus a vótálfaidh ar an rún, ní foláir don chontae-bhainisteoir sin, má bhíonn agus nuair a bheidh agus sa mhéid go mbeidh airgead curtha ar fáil chuige sin, an gníomh no an ní no an rud do dhéanamh, do réir an rúin sin, a bheidh ceangailte, tríd an rún san, a dhéanamh.

(5) Maidir le rún a rithfear fén alt so—

(a) ní bhainfidh go generálta le haon chomhacht no feidhm no dualgas de chuid chomhairle contae no de chuid chóluchta thoghaidhe d'fheidhmiú no do chólíonadh, ná ní bhainfidh le feidhmiú no cólíonadh do dhéanamh ar aon chomhacht no feidhm no dualgas áirithe den tsórt san i ngach cás no ar gach ócáid ná in uimhir ná in aicme de sna cásanna san ná ar uimhir ná ar aicme de sna hócáidí sin do bheadh chó hiomadúil sin gur beag ná go bhfolódh sí gach cás no ócáid no gurb ionann í agus gach cás no ócáid den tsórt san, ná

(b) ní bhainfidh le haon chomhachta ná dualgas d'fheidhmiú no do chólíonadh is comhacht no dualgas ar n-a thabhairt do chontae-bhainisteoir no ar n-a fhorchur air, leis an Acht so no fé, maidir le hoifigigh no seirbhísigh chomhairle contae no chóluchta thoghaidhe no le rialú no maoirsiú no seirbhís no luach saothair no príbhléidí no aois-liúntas na n-oifigeach no na seirbhíseach san no éinne aca, ná

(c) ní chuirfidh mar cheangal ar chontae-bhainisteoir congnamh puiblí do thabhairt d'aon duine áirithe ná do choimeád o aon duine áirithe, ná

(d) ní chuirfidh mar cheangal ar chontae-bhainisteoir aon duine áirithe do chúiseamh, ná staonadh o aon duine áirithe do chúiseamh, ná aon chúiseamh áirithe do stopadh.

Ní bheidh brí ná éifeacht le rún ar bith do bhéarfaidh le tuigsint comhairle chontae no cólucht toghaidhe dá rith fén alt so más sárú ar an bhfo-alt so é.

(6) Gach aighneas eireoidh idir comhairle chontae no cólucht toghaidhe agus contae-bhainisteoir, i dtaobh rúin áirithe ar n-a rith ag an gcomhairle sin no ag an cólucht san (do réir mar a bheidh) fén alt so do bheith ina shárú ar an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so no gan a bheith, cuirfear fé bhreith an Aire é agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean air.

An contaebhainisteoir do bheith i láthair, etc., ag cruinnithe den chomhairle chontae agus de chóluchta toghaidhe.

30. —(1) Beidh sé de cheart ag gach contae-bhainisteoir bheith i láthair ag cruinnithe de chomhairle a chontae agus de gach cólucht toghaidhe dar bainisteoir é, agus páirt do ghabháil i ndíospóireachtaí ag na cruinnithe sin, fé is dá mba bhall den chomhairle sin no den chólucht san é, ach ní bheidh sé i dteideal vóta do thabhairt ar aon cheist a bheidh le socrú le vótaíocht bhall na comhairle sin no an chóluchta san.

(2) Sa mhéid ná déanfaidh san dochar do chontae-bhainisteoir do chólíonadh a dhualgaisí go cuibhe, beidh sé i láthair—

(a) ag aon chruinniú de chomhairle a chontae go n-iarrfaidh an chomhairle sin air bheith i láthair aige, agus

(b) ag aon chruinniú de choiste den chomhairle sin go n-iarrfaidh an chomhairle sin air bheith i láthair aige, agus

(c) ag aon chruinniú de chólucht toghaidhe dar bainisteoir é go n-iarrfaidh an cólucht san air bheith i láthair aige, agus

(d) ag aon chruinniú de choiste de chólucht toghaidhe den tsórt san go n-iarrfaidh an cólucht san air bheith i láthair aige.

(3) Pé uair a bheidh contae-bhainisteoir i láthair ag cruinniú de chomhairle chontae no de chólucht toghaidhe no de choiste, de bhun an fho-alt deiridh sin roimhe sin den alt so, bhéarfaidh don chomhairle sin no don chólucht san no don choiste sin (do réir mar a bheidh) an chomhairle sin agus an congnamh san is cuibhe agus a iarrfaidh an chomhairle sin no an cólucht san no an coiste sin air, agus chuige sin déanfaidh socrú chun na hoifigigh sin don chomhairle sin no don chólucht san do bheith i láthair ag an gcruinniú san is gá, ag féachaint don ghnó bheidh le déanamh ag an gcruinniú san, do bheith i láthair aige.

(4) Pé uair a chífear don Aire san do bheith riachtanach, d'fhonn a chur ar chumas an chontae-bhainisteora do chontae bheith i láthair ag an gcéad chruinniú bliantúil de chomhairle na contae sin a bheidh ann tar éis an chéad toghacháin de bhaill den chomhairle sin a déanfar d'éis teacht i bhfeidhm don Acht so no ag an gcéad chruinniú (bliantúil no ráthúil) de chólucht toghaidhe dar baimstcoir é a bheidh ann tar éis an chéad toghacháin de bhaill den chólucht toghaidhe sin a déanfar d'éis teacht i bhfeidhm don Acht so, is dleathach don Aire a cheapadh, le hordú, cadé an lá agus cadé an uair ar a dtíocfar le chéile ar an gcéad chruinniú bliantúil den chomhairle sin, no ar an gcéad chruinniú (bliantúil no ráthúil) den chólucht toghaidhe sin, a bheidh ann tar éis an chéad toghacháin de bhaill den chomhairle sin no den chólucht toghaidhe sin (do réir mar a bheidh) a déanfar d'éis teacht i bhfeidhm don Acht so agus, i gcás an tAire do cheapadh lae agus uaire aon chruinnithe den tsórt san amhlaidh, is ar an lá agus ar an uair a ceapfar amhlaidh a bheidh an cruinniú san ann, d'ainneoin éinní atá san Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1927 (Uimh. 39 de 1927) .

Feidhmeanna comhairlitheacha chontaebhainisteora.

31. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach contae-bhainisteoir comhairle agus congnamh do thabhairt do chomhairle a chontae, agus fós do gach cólucht toghaidhe dar bainisteoir é, go generálta maidir le hiad-san d'fheidhmiú no do chólíonadh a bhfeidhmeanna forcoimeádta agus fós maidir le haon ní no rud áirithe bhainfidh leis an bhfeidhmiú no leis an gcólíonadh san agus 'na n-iarrfaidh an chomhairle sin no an cólucht san comhairle no congnamh ar an gcontae-bhainisteoir sin ina thaobh.

(2) Beidh sé de dhualgas ar gach contae-bhainisteoir gach ordú dleathach do chur in éifeacht do bhéarfaidh comhairle a chontae, no aon chólucht toghaidhe dar bainisteoir é, uatha maidir le feidhmeanna forcoimeádta na comhairle sin no an chóluchta san (do réir mar a bheidh) d'fheidhmiú agus do chólíonadh.

Imeachta dlí.

32. —(1) I ngach aicsean no imeacht eile dlí, síbhialta no coiriúil, ar n-a bhunú ag comhairle chontae no ina gcoinnibh in aon chúirt dlí no chothruim, gníomhóidh an contae-bhainisteoir don chontae sin thar ceann na comhairle sin, agus is cead dó gach gníomh agus ní agus rud do dhéanamh is gá dar leis chun an t-aicsean san no an imeacht eile sin d'ullmhú agus do chur ar aghaidh no do chosaint, ar gach slí díreach ar a ndéanfadh dá mb'é féin an gearánaí no an cúisitheoir no an cosantóir (do réir mar is gá sa chás) sa chéanna agus, i gcás an t-aicsean san no an imeacht eile sin do bhaint leis an gcomhairle sin d'fheidhmiú no do chólíonadh feidhme forcoimeádta de chuid na comhairle sin, beidh údarás soiléir na comhairle sin ag an gcontae-bhainisteoir sin agus é ag déanamh aon ghníomha no ní no ruda den tsórt san roimhráite, agus is tuigthe an t-údarás san do bheith tugtha dhó mara gcruthuítear agus go dtí go gcruthófar a mhalairt.

(2) I ngach aicsean no imeacht eile dlí, síbhialta no coiriúil, ar n-a bhunú ag cólucht toghaidhe no ina gcoinnibh in aon chúirt dlí no chothruim, gníomhóidh an bainisteoir don chólucht toghaidhe sin thar ceann an chóluchta thoghaidhe sin, agus is cead dó gach gníomh agus ní agus rud do dhéanamh is gá dar leis chun an t-aicsean san no an imeacht eile sin d'ullmhú agus do chur ar aghaidh no do chosaint, ar gach slí díreach ar a ndéanfadh dá mb'é féin an géaránaí no an cúisitheoir no an cosantóir (do réir mar is gá sa chás) sa chéanna agus, i gcás an t-aicsean san no an imeacht eile sin do bhaint leis an gcólucht toghaidhe sin d'fheidhmiú no do chólíonadh feidhme forcoimeádta de chuid an chóluchta thoghaidhe sin, beidh údarás soiléir an chóluchta thoghaidhe sin ag an mbainisteoir sin agus é ag déanamh aon ghníomha no ní no ruda den tsórt san roimhráite, agus is tuigthe an t-údarás san do bheith tugtha dhó mara gcruithuítear agus go dtí go gcruthófar a mhalairt.

Feidhmeanna d'aistriú o chomhairlí buirgí chun bárdas buirgí.

33. —(1) Díreach ar theacht i bhfeidhm don Acht so, tiocfaidh comhachta agus feidhmeanna agus dualgaisí uile gach comhairle buirge (seachas buirg Dhún Laoghaire) chun bheith, agus beid, de bhuadh an ailt seo, aistrithe chun bárdais na buirge sin agus is comhachta agus feidhmeanna agus dualgaisí de chuid an bhárdais sin iad as san amach.

(2) Gach maoin (agus rudaí-ar-fiunraoi d'áireamh), réalta agus pearsanta, a bheidh, díreach roimh theacht i bhfeidhm don Acht so, dílsithe i gcomhairle bhuirge (seachas buirg Dhún Laoghaire) tiocfaidh chun bheith, agus beidh, de bhuadh an ailt seo agus gan a thuilleadh, aistrithe chun bárdais na buirge sin, agus dílsithe sa bhárdas san, díreach ar an teacht i bhfeidhm sin.

(3) An dlí atá i bhfeidhm le linn an Achta so do rith, maidir le comhairlí buirgí no le comhairle aon bhuirge áirithe, bainfidh, sa mhéid ná fuil sé buiniscionn leis an Acht so, le bárdais bhuirgí no le bárdas na buirge áirithe sin (do réir mar a bheidh) agus chuige sin is tuigthe gurb é bárdas gach buirge áirithe comhairle na buirge sin.

(4) Déanfar feidhmeanna forcoimeádta choluchta thoghaidhe is bárdas buirge d'fheidhmiú agus do chólíonadh thar ceann an bhárdais sin ag comhairle na buirge sin.

(5) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas i gcás gach cólucht toghaidhe is bárdas buirge, sé sin le rá:—

(a) gach oblagáid a forchuirtear leis an Acht so ar an mbainisteoir do chólucht toghaidhe agus tré n-a mbeidh sé de cheangal air eolas no ráitisí, no comhairle no congnamh, do thabhairt don chólucht toghaidhe sin, is maidir le comhairle na buirge sin a cólíonfar í;

(b) déanfar tagairtí do chruinnithe de chólucht toghaidhe do léiriú, agus beidh éifeacht aca, mar thagairtí do chruinnithe de chomhairle na buirge sin;

(c) déanfar (ach amháin i gcás buirge Dhún Laoghaire) tagairtí do chathaoirleach chóluchta thoghaidhe do léiriú, agus beidh éifeacht aca, mar thagairtí do mhéara na buirge sin.

Ospidéil mheabharghalar cheanntair.

34. —(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach ospidéal meabhar-ghalar ceanntair gur contae amháin is achar dá cheanntar, sé sin le rá:—

(a) na comhachta agus na feidhmeanna do bheirtear do chomhairle na contae sin le halt 9 den Local Government (Ireland) Act, 1898, maraon leis na dualgaisí forchuirtear ortha leis an alt san, maidir le cóir do chur ar fáil do sna geilt dhealbha sa chontae sin agus iad do chothabháil agus maidir leis an ospidéal meabhar-ghalar san do chur ar fáil agus do chothabháil agus do riaradh, ní feidhmeofar ná ní cólíonfar iad, tar éis teacht i bhfeidhm don Acht so, ag an gcomhairle sin tré choiste den tsórt dá socruítear leis an alt san 9, ach ina ionad san, feidhmeofar agus cólíonfar iad ag an gcomhairle sin do réir an Achta so, sé sin le rá, feidhmeofar agus cólíonfar na comhachta agus na feidhmeanna agus na dualgaisí sin, sa mhéid gur feidhmeanna forcoimeádta iad, ag an gcomhairle sin féin agus, sa mhéid gur feidhmeanna feidhmiúcháin iad, ag an gcomhairle sin tríd an gcontaebhainisteoir don chontae sin;

(b) ceapfaidh an chomhairle sin, o am go ham, coiste ar a dtabharfar, agus dá ngairmtear san alt so, coiste cuarda an ospidéil mheabhar-ghalar san;

(c) ní cead níos mó ná leath na mball den choiste chuarda san do beith ina ndaoine nach baill den chomhairle sin;

(d) is fén gcomhairle sin a bheidh sealbhaíocht oifige bhall an choiste chuarda san do shocrú;

(e) is fén gcomhairle sin a bheidh gach foth-fholúntas a thárlóidh i mballraíocht an choiste chuarda san do líonadh.

(2) I gcás gach ospidéal meabhar-ghalar ceanntair gur dhá chontae no níos mó, no contae-bhuirg agus contae amháin no níos mó, is achar dá cheanntar, isiad a bheidh ina gcoiste cuarda don ospidéal san, do réir bhrí agus chun crícheanna an ailt seo, ná có-choiste bainistí an ospidéil sin ar n-a gceapadh fé alt 9 den Local Government (Ireland) Act, 1898, mar atá san leasuithe le hachtacháin ina dhiaidh sin, agus bainfidh na forálacha san ina dhiaidh seo den alt so, is forálacha i dtaobh coistí cuarda, leis an gcoiste bainistí sin dá réir sin.

(3) Fé réir na bhforálacha eile den alt so, beidh sé de dhualgas ar choiste chuarda ospidéil mheabhar-ghalar cheanntair na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) cuaird do thabhairt ar an ospidéal san o am go ham agus gearán ar bith a dhéanfaidh éinne is iostaí san ospidéal san leo d'éisteacht ann, agus an gearán san d'éisteacht go príobháideach i gcás an t-íostaí sin dá iarraidh ortha san do dhéanamh;

(b) aon mhí-rialtachtaí do bhéarfaidh an coiste sin fé ndeara, no do gheobhaid, san ospidéal san do chur in úil don chomhairle no do sna comhairlí ag á mbeidh an t-ospidéal san á chothabháil;

(c) tuairisc do thabhairt don chomhairle sin no do sna comhairlí sin i dtaobh aon deisithe is gá, dar leis an gcoiste sin, a dhéanamh ar an ospidéal san gan mhoill;

(d) tuairisc do thabhairt don chomhairle sin no do sna comhairlí sin i dtaobh éinní, maidir leis an ospidéal san, 'na mbeidh sé oiriúnach dar leis an gcoiste sin tuairisc do thabhairt ina thaobh amhlaidh no 'na mbeidh an chomhirle sin, no gach comhairle no aon chomhairle no comhairlí aca san, tar éis a iarraidh ar an gcoiste sin tuairisc do thabhairt ina thaobh amhlaidh.

(4) Ní dhéanfaidh coiste cuarda ospidéil mheabhar-ghalar cheanntair aon ghearán, maidir le seirbhísí no luach saothair no príbhléidí no aois-liúntas oifigeach agus seirbhíseach an ospidéil sin no éinne de sna hoifigigh no de sna seirbhísigh sin, d'fhiosrú ná d'éisteacht ná tuairisc do thabhairt uatha i dtaobh ní ar bith aca san.

(5) Beidh teideal ag coiste cuarda ospidéil mheabhar-ghalar cheanntair le chéile, agus ag gach ball den choiste sin ar leithligh, chun cuaird do thabhairt ar an ospidéal san, agus chun dul isteach gan chosc i ngach cuid den ospidéal san, gach tráth, fé réir na rialacha, ar n-a ndéanamh ag an Aire fén alt so, do chólíonadh.

(6) Féadfaidh an tAire rialacha do dhéanamh, le hordú, á ordú cadiad comhachta agus dualgaisí coistí cuarda ospidéal meabharghalar ceanntair agus ball cuarda de sna coistí sin agus, fós, ag ordú na slí ina ndéanfaidh na coistí sin agus na baill chuarda san na comhachta agus na dualgaisí sin, maraon le gach comhachta agus dualgas eile ar n-a thabhairt dóibh no ar n-a fhorchur ortha leis an alt so no eile, d'fheidhmiú agus do chólíonadh.

(7) Déanfaidh gach coiste cuarda ospidéil mheabhar-ghalar cheanntair na rialacha bheidh déanta ag an Aire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, do chólíonadh sa mhéid go mbainfidh na rialacha san leis an gcoiste sin.

(8) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath tar éis a dhéanta agus a bheidh caoi ann chuige sin, agus má dheineann ceachtar Tigh aca san, fé cheann an lae is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith tré n-a gcuirfear an t-ordú san, no aon riail no rialacha bheidh déanta leis an ordú san, ar neambrí, beidh an t-ordú no an riail no na rialacha san (pé aca é) curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh fén gcéanna roimhe sin.

Comhairlí contae agus cóluchta toghaidhe do cheapadh ball de chóluchta puiblí áirithe.

35. —(1) An méid sin d'aon reacht, no d'aon ordú ar n-a dhéanamh fé aon reacht, a fhorálann gur gá do dhuine, dhéanfaidh comhairle chontae no cólucht toghaidhe a thoghadh no a ainmniú chun bheith ina bhall de chólucht phuiblí, bheith ina bhall den chomhairle no den chólucht a dhéanfaidh é thoghadh no é ainmniú, ní bheidh feidhm aige maidir le duine ar bith a dhéanfaidh comhairle chontae no cólucht toghaidhe, ar theacht i bhfeidhm don Acht so no dá éis sin, a thoghadh no a ainmniú chun bheith ina bhall de chólucht phuiblí, agus achtuítear leis seo, ina ionad san, gurb é duine dhéanfaidh comhairle chontae no cólucht toghaidhe, tar éis an teacht i bhfeidhm sin, a thoghadh no a ainmniú chun bheith ina bhall de chólucht phuiblí ba dhuine gur ghá dhó, mara mbeadh an t-alt so, bheith ina bhall den chomhairle sin no den chólucht toghaidhe sin, ná an duine sin, pé aca ball den chomhairle sin no den chólucht toghaidhe sin é no nach eadh, a bheidh toilteanach ar ghníomhú agus a mheasfaidh an chomhairle sin no an cólucht san a bheith, mar gheall ar eolas speisialta no taithighe do bheith aige ar na nithe bhíonn á riaradh ag an gcólucht phuiblí sin, ar an duine is oiriúnaighe chun bheith ina bhall den chólucht phuiblí sin.

(2) Ní oibreoidh éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo chun é dhéanamh nea-riachtanach—

(a) maidir le duine ar bith a dhéanfaidh comhairle chontae no cólucht toghaidhe, tar éis teacht i bhfeidhm don Acht so, a thoghadh no a ainmniú chun bheith ina bhall de chólucht phuiblí ar bith—aon cháilíocht speisialta (seachas an duine sin do bheith ina bhall den chomhairle sin no den chólucht toghaidhe sin) do bheith ag an duine sin is gá dhó do réir dlí do bheith aige, no

(b) déanamh do réir ceanglas fo-ailt (2) d'alt 9 den Local Government (Ireland) Act, 1898, sa mhéid go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt san (2), ar n-a oiriúnú no ar n-a leasú no ar n-a chur i mbaint tré aon Acht den Oireachtas no fé, maidir le ballraíocht chó-choiste bhainistighe ospidéil mheabhar-ghalar cheanntair, no

(c) déanamh do réir ceanglas ailt 8 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Uimh. 29 de 1930) , no

(d) déanamh do réir ceanglas míre 2 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Talmhaíochta, 1931 (Uimh. 8 de 1931) , no

(e) déanamh do réir ceanglas míre (c) d'fho-alt (1) d'alt 9 den Acht um Chongnamh Phuiblí, 1939 ( Uimh. 27 de 1939 ), maidir le húdarás conganta puiblí le n-a mbaineann an t-alt san 9, no déanamh do réir míre (e) d'fho-alt (2) d'alt 10 den Acht san maidir le húdarás conganta puiblí le n-a mbaineann an t-alt san 10.

Búird sláinte do scur.

36. —(1) Ar theacht i bhfeidhm don Acht so, tiocfaidh gach bord sláinte chun bheith scurtha, agus beidh sé scurtha, de bhuadh an ailt seo agus, leis sin, tiocfaidh comhachta agus feidhmeanna agus dualgaisí an bhúird sin chun bheith, agus beid, aistrithe chun comhairle na contae ina bhfuil ceanntar sláinte contae an bhúird sin agus dílsithe sa chomhairle sin.

(2) I gcás bord sláinte a bheidh, díreach roimh theacht i bhfeidhm don Acht so, scurtha le bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh fé alt 72 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), beidh éifeacht ag na forálacha so leanas ar theacht i bhfeidhm don Acht so agus dá éis sin, sé sin le rá:—

(a) scuirfidh an t-ordú san d'éifeacht do bheith aige agus scuirfidh an t-alt san 72 de bhaint leis an mbord sláinte sin;

(b) leanfaidh an bord sláinte sin de bheith scurtha ach is tuigthe gur de bhuadh an ailt seo do rinneadh é scur agus, dá réir sin, beidh feidhm agus éifeacht ag an bhfo-alt san roimhe seo den alt so maidir leis an mbord sláinte sin;

(c) beidh ar na comhachta agus na feidhmeanna agus na dualgaisí a haistreofar leis an bhfo-alt san roimhe seo gach comhacht agus feidhm agus dualgas a bheidh, díreach roimh theacht i bhfeidhm don Acht so, ina comhacht no ina feidhm no ina dhualgas is infheidhmithe no is gá do chólíonadh ag duine no ag daoine no ag cólucht a bheidh ceaptha chuige sin le haon ordú ón Aire fén alt san 72.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so maidir le gach bord sláinte bheidh scurtha no is tuigthe do bheith scurtha de bhuadh an ailt seo.

Achtacháin i dtaobh comhairlí contae d'oiriúnú.

37. —(1) Gach achtachán agus ordú bheidh i bhfeidhm ar theacht i bhfeidhm don Acht so maidir le comhairlí contae, is gus na hatharuithe sin ortha is gá chun éifeacht do thabhairt d'fhorálacha an Achta so, sa mhéid go mbainid san leis na comhairlí sin, a léireofar na hachtacháin agus na horduithe sin agus a bheidh éifeacht aca, ach san fé réir aon orduithe ar n-a dhéanamh ag an Aire fén alt so.

(2) Aon achtachán no ordú bheidh i bhfeidhm ar theacht i bhfeidhm don Acht so maidir le comhairlí contae, féadfaidh an tAire, le hordú, é oiriúnú agus é atharú fé mar a chífear dó do bheith riachtanach no oiriúnach chun éifeacht do thabhairt d'fhorálacha an Achta so sa mhéid go mbainid san le comhairlí contae.

(3) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh aca san, fé cheann an lae is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh fén ordú san roimhe sin.

Achtacháin i dtaobh cólucht toghaidhe d'oiriúnú.

38. —(1) Gach achtachán agus ordú bheidh i bhfeidhm ar theacht i bhfeidhm don Acht so maidir le cóluchta toghaidhe no le haon aicme airithe de chóluchta toghaidhe, is gus na hatharuithe sin ortha is gá chun éifeacht do thabhairt d'fhorálacha an Achta so, sa mhéid go mbainid san le cóluchta toghaidhe no leis an aicme sin de chóluchta toghaidhe (do réir mar a bheidh), a léireofar na hachtacháin agus na horduithe sin agus a bheidh éifeacht aca, ach san fé réir aon orduithe ar n-a dhéanamh ag an Aire fén alt so.

(2) Aon achtachán no ordú bheidh i bhfeidhm ar theacht i bhfeidhm don Acht so maidir le cóluchta toghaidhe no le haon aicme áirithe de chóluchta toghaidhe, féadfaidh an tAire, le hordú, é oiriúnú agus é atharú fé mar a chífear dó do bheith riachtanach no oiriúnach chun forálacha an Achta so do chur in éifeacht sa mhéid go mbainid san le cóluchta toghaidhe no leis an aicme sin de chóluchta toghaidhe, do réir mar a bheidh.

(3) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh aca san, fé cheann an lae is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh fén ordú san roimhe sin.

Costaisí.

39. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, is amach as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do riaradh.

Roinnt den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 , d'athghairm.

40. —(1) Deintear leis seo fo-alt (2) d'alt 42 agus ailt 47 agus 48 den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) , d'athghairm.

(2) Ar theacht i bhfeidhm don Acht so scuirfidh ailt 51 go 61 agus ailt 77, 79, agus 80 den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) , d'fheidhm agus d'éifeacht do bheith aca maidir le buirg Dhún Laoghaire.

(3) An athghairm a deintear leis an alt so ar alt 47 den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 ( Uimh. 27 de 1930 ), ní chun oifig bhaile-chléirigh bhuirge Dhún Laoghaire do dhíochur, ach chun deireadh do chur leis an oifig sin do bheith ina cuid d'oifig bhainisteora na buirge, oibreoidh sí maidir le hoifig an bhailechléirigh sin.

Gearr-theideal.

41. —Féadfar an tAcht um Bainistí Chontae, 1940 , do ghairm den Acht so.