|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V. Foralacha i dtaobh Ratai.) | Ar Aghaidh (CUID VII. Foralacha i dtaobh Cuntais d'Iniuchadh, etc.) |
ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1941
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI. Foralacha i dtaobh Udarais Áitiúla d'Fhail Iasachta. | |
[EN] |
Srian le feidhm teoranta maidir le hiasacht d'fháil. |
63. —Chun crícheanna na dteoranta bheidh i bhfeidhm aon uair áirithe maidir leis an méid is ceaduithe d'údarás áitiúil d'fháil ar iasacht beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) má bhíonn aon chiste fiach-laigheaduithe no fuascailte á chothabháil chun aon tsuim do fuair an t-údarás áitiúil sin ar iasacht d'aisíoc, áirmheofar an tsuim sin do bheith laigheaduithe an méid a bheidh chun creidiúna sa chiste sin an uair sin, | |
[EN] | (b) ní háirmheofar aon tsuim ar n-a fáil ar iasacht ag an údarás áitiúil sin chun íoctha costaisí aon oibre bheidh deimhnithe ag an Aire, ar iarratas ón údarús áitiúil sin, í bheith ina hobair dar príomh-chuspóir díomhaointeas do laigheadú, | |
[EN] | (c) ní háirmheofar aon tsuim ar n-a fáil ar iasacht ag an údarás áitiúil sin de bhuadh údaráis ar n-a thabhairt ag an Aire fé fho-alt (3) d'alt 3 den Local Authorities (Financial Provisions) Act, 1921. | |
[EN] |
An Local Authorities (Financial Provisions) Act, 1921, do leathnú. |
64. —Beidh feidhm ag an Local Authorities (Financial Provisions) Act, 1921, maidir le coimisinéirí baile agus, dá réir sin, déanfar an abairt “local authorities” do léiriú i ngach áit ina bhfuil sí san Acht san, mar abairt fholuíonn coimisinéirí baile. |
[EN] |
Fo-alt (3) d'alt 3 den Local Authorities (Financial Provisions) Act, 1921, do leasú. |
65. —(1) Leasuítear leis seo fo-alt (3) d'alt 3 den Local Authorities (Financial Provisions) Act, 1921, tríd an tagairt d'Acht 1923 atá anois ann de bhuadh ailt 3 den Acht Rialtais Áitiúla (Forálacha Sealadacha) (Leasú), 1924 (Uimh. 13 de 1924) , do scriosadh amach agus tré thagairt don alt so do chur ina hionad. |
[EN] | (2) Leanfaidh an t-alt so i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1942, agus raghaidh in éag ansan. | |
[EN] |
Udarais chonganta phuiblí d'fháil iasachta. |
66. —(1) Is cead d'údarás áitiúil is údarás conganta phuiblí iasacht d'fháil chun íoctha aon chostas fé n-a raghaid mar údarás chonganta phuiblí den tsórt san sa tslí chéanna inar cead d'údarás sláintíochta iasacht d'fháil chun íoctha costas fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931. |
[EN] | (2) Na forálacha de sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, a bhaineann le húdarás sláintíochta d'fháil iasachta (ach amháin fo-ailt (2) agus (3) d'alt 238 den Public Health (Ireland) Act, 1878), beidh feidhm aca, gus na hatharuithe is gá ortha, maidir le húdarás áitiúil d'fháil aon iasachta fén alt so. | |
[EN] | (3) Féadfar airgead do gheobhfar ar iasacht fén alt so do thabhairt ar iasacht d'údarás áitiúil tré eisiúint as ciste na n-iasachtaí áitiúla fé is dá mbeadh an iasacht san ina hias acht áitiúil do réir bhrí Achta Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 (Uimh. 16 de 1935) , agus go mbeadh sí údaruithe le hAcht den Oireachtas. |