1 1943


Uimhir 1 de 1943.


ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1943.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO BHUANÚ NA nACHTANNA FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923 GO 1942. [18adh Feabhra, 1943.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1942, do bhuanú.

1. —Leanfaidh na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1942, i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1944, agus raghaid in éag ansan.

Gearr-theideal agus léiriú.

2. —(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1943 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar mar éinní amháin an tAcht so agus na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1942, agus féadfar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1943, do ghairm de na hAchtanna san agus den Acht so le chéile.