Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL.)

14 1943


Uimhir 14 de 1943.


ACHT ARM-PHINSEAN, 1943.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA ARM-PHINSEAN, 1923 GO 1941. [27adh Abrán, 1943.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Míniú.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “Acht 1923” an t Acht Arm-Phinsean, 1923 (Uimh. 26 de 1923) , agus, nuair a cheaduíonn an có-théacs é, léireofar í mar abairt a chialluíonn an tAcht san arna leasú le hAcht 1927, agus le Cuid III d'Acht 1932, agus le Cuid III d'Acht 1937;

cialluíon an abairt “Acht 1927” an t Acht Arm-Phinsean, 1927 (Uimh. 12 de 1927) , agus, nuair a cheaduíonn an có-théacs é, léireofar í mar abairt a chialluíonn an tAcht san arna leasú le Cuid III d'Acht 1932, agus le Cuid III d'Acht 1937, agus le hAcht 1941;

cialluíonn an abairt “Acht 1932” an t Acht Arm-Phinsean, 1932 (Uimh. 24 de 1932) , agus, nuair a cheaduíonn an có-théacs é, léireofar í mar abairt a chialluíonn an tAcht san arna leasú le Cuid IV d'Acht 1937, agus le hAcht 1941;

cialluíonn an abairt “Acht 1937” an t Acht Arm-Phinsean, 1937 (Uimh. 15 de 1937) , agus, nuair a cheaduíonn an có-théacs é, léireofar í mar abairt a chialluíonn an tAcht san arna leasú le hAcht 1941;

cialluíonn an abairt “Acht 1941” an t Acht Arm-Phinsean, 1941 (Uimh. 2 de 1941) ;

cialluíonn an abairt “na hAchtanna” na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1941.

(2) Léireofar mar éinní amháin an tAcht so agus na hAchtanna agus, dá réir sin, gach focal agus abairt a húsáidtear san Acht so agus dá gceaptar brí áirithe leis na hAchtanna chun crícheanna na nAchtanna tá leis san Acht so an bhrí ceaptar dó amhlaidh.

“An tréimhse phráinne”.

2. —Cialluíonn an abairt “an tréimhse phráinne”, sna háiteanna ina bhfuil sí san Acht so nó in aon leasú déantar leis an Acht so ar na hAchtanna, an tréimhse dar tosach dáta an Achta Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) , do rith agus dar críoch dáta an Achta dheiridh sin a luaidhtear do dhul in éag.

Leasú dá dhéanamh ar ailt 10 agus 12 d'Acht 1927 agus ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

3. —(1) Déantar leis seo alt 10 d'Acht 1927 do leasú (go n-éifeacht amhail ar an 3adh lá de Mheán Fhómhair, 1939, agus ón lá san amach) mar leanas:—

(a) trí na focail “no i rith na tréimhse práinne” do chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh na bhfocal agus na bhfigiúirí “an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1924”, agus

(b) trí na focail agus na figiúirí “pósta roimh an 1adh lá de Dheire Fómhair, 1924” do scrios as fo-alt (2), agus na focail “ar dháta a scurtha, i gcás oifigigh, i seilbh ceathrúna fir phósta no ag fáil liúntais lóistín agus teinabhair agus solais mar oifigeach phósta no, i gcás saighdiúra, ag fáil liúntais fir phósta mar shaighdiúir phósta” do chur ina n-ionad.

(2) Gach pinsean a deonfar, de bhuadh an leasuithe déantar le fo-alt (1) den alt so, fé alt 10 d'Acht 1927 tosnóidh sé o pé dáta (nach luaithe ná dáta an scurtha as na fórsaí no an dáta do fuair Bord na nArm-Phinsean do tháinig an mhí-ábaltacht chun bheith chó mór leis an ngrád minimum díthe, pé dáta aca san is déanaighe) a chinnfidh an tAire.

(3) Ní foláir gach iarratas ar phinsean fé alt 10 d'Acht 1927, arna leasú le fo-alt (1) den alt so, do dhéanamh fé cheann cheithre bliana o dháta an scurtha no laistigh de dhá mhí dhéag o dháta an Achta so do rith, pé dáta aca san is déanaighe.

(4) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 fé is ná hachtófaí alt 7 d'Acht 1937.

(5) Déanfar ailt 10 agus 12 d'Acht 1927 do léiriú (go n-éifeacht amhail ar an 3adh lá de Mheán Fhómhair, 1939, agus ón lá san amach) fé is go ndéanfaí, maidir le díth de dheascaibh galair no créachta is ionchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse práinne, an Chuid seo leanas do chur in ionad Coda I den Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927:—

CUID I.

Oifigigh.

Grád na díthe

SCALA AN PHINSIN

100

fén gcéad

60

fén gcéad den phágh bhlíantúil ar dháta an scurtha no suim

£120

sa bhliain pé aca san is mó

90

,,     ,,

54

,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,

£108

,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,

80

,,     ,,

48

,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,

£96

,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,

70

,,     ,,

42

,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,

£84

,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,

60

,,     ,,

36

,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,

£72

,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,

50

,,     ,,

30

,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,

£60

,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,

40

,,     ,,

24

,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,

£48

,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,

30

,,     ,,

18

,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,

£36

,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,

20

,,     ,,

12

,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,

£24

,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,

Nota—Ní fholuíonn “Págh Bliantúil” liúntaisí, ná págh breise as diúite sealadach no tástála no gniomhathach.

An pinsean fir phósta is iníoctha le hoifigeach agá bhfuil pinsean fén Sceideal so agus atá i dteideal pinsin fir phósta, beidh sé do réir £80 sa bhliain.

(6) Déanfar ailt 10 agus 12 d'Acht 1927 do léiriú (go n-éifeacht amhail ar an 3adh lá de Mhéan Fhómhair, 1939, agus ón lá san amach) fé is go ndéanfaí, maidir le díth de dheascaibh galair no créachta is ionchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse práinne, an Chuid seo leanas do chur in ionad Coda II den Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927:—

CUID II.

Saighdiuirl

Grád na Díthe

Pinsean Mí-ábaltachta

Pinsean Fir Phósta

sa tseachtain

sa tseachtain

£

s.

d.

£

s.

d.

100

fén gcéad

..

2

2

0

0

10

0

90

,,     ,,

..

1

17

9

0

9

0

80

,,     ,,

..

1

13

7

0

8

0

70

,,     ,,

..

1

9

4

0

7

0

60

,,     ,,

..

1

5

2

0

6

0

50

,,     ,,

..

1

1

0

0

5

0

40

,,     ,,

..

0

16

9

0

4

0

30

,,     ,,

..

0

12

7

0

3

0

20

,,     ,,

..

0

8

4

0

2

0

Ailt 10 agus 12 d'Acht 1927 do bhaint le baill de Sheirbhís Altranais an Airm.

4. —(1) Bainfidh fo-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927, arna leasú leis an Acht so, agus is tuigthe gur bhain riamh le ball de Sheirbhís Altranais an Airm a ndearnadh roimh dháta an Achta so do rith, no a ndéanfar dá éis, a seirbhís mar bhall den tsórt san d'fhoirceannadh agus ar a raibh no ar a mbeidh, ar dháta an fhoirceannta san, díth de dheascaibh galair is ionchurtha i leith seirbhíse i Seirbhís Altranais an Airm i rith na tréimhse práinne, fé is dá mbeadh an ball san ina oifigeach do scuirfí as na fórsaí agus díth air, ar dháta a scurtha, de dheascaibh galair dob' ionchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse práinne, ach san fé réir. na modhnuithe seo leanas:—

(a) léireofar an tagairt do cheithre bliana tar éis dáta a scurtha mar thagairt do cheithre bliana tar éis dáta foirceannta a seirbhíse mar bhall den tsórt san, agus

(b) léireofar an tagairt don Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 mar thagairt don Sceideal a ghabhann leis an alt so.

(2) Bainfidh fo-ailt (1) agus (4) d'alt 12 d'Acht 1927, agus is tuigthe gur bhain riamh, le ball de Sheirbhís Altranais an Airm a ndearnadh roimh dháta an Achta so do rith, no a ndéanfar dá éis, a seirbhís mar bhall den tsórt san d'fhoirceannadh agus ar a raibh no ar a mbeidh, ar dháta an fhoirceannta san, díth de dheascaibh créachta is ionchurtha i leith a seirbhíse i Seirbhís Altranais an Airm i rith na tréimhse práinne fé is dá mbeadh an ball san ina oifigeach do scuirfí as na fórsaí agus díth air, ar dháta a scurtha, de dheascaibh créachta dob' ionchurtha i leith a sheirbhíse sna fórsaí agus do gheobhadh sé an 1adh lá de Dheire Fómhair, 1923, no dá éis agus é ina bhall de na fórsaí, ach san fé réir na modhnuithe seo leanas:—

(a) léireofar an tagairt atá sa bhfo-alt san (1) don Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 mar thagairt don Sceideal a ghabhann leis an alt so;

(b) léireofar an tagairt atá i mír (a) den fho-alt san (4) do sheirbhís sna fórsaí mar thagairt do sheirbhís i Seirbhís Altranais an Airm.

(3) Gach pinsean a deonfar fé alt 10 no alt 12 d'Acht 1927, arna leathnú leis an alt so, do bhall de Sheirbhís Altranais an Airm tosnóidh sé ar pé dáta (nach luaithe ná dáta foirceannta a seirbhíse mar bhall den tsórt san no an dáta do fuair Bord na nArm-Phinsean do tháinig an mhí-ábaltacht chun bheith chó mór leis an ngrád minimum díthe, pé dáta aca san is déanaighe) a chinnfidh an tAire.

(4) Ní foláir gach iarratas o bhall de Sheirbhís Altranais an Airm ar phinsean fé alt 10 no pinsean no aisce fé alt 12 d'Acht 1927, arna leathnú leis an alt so, do dhéanamh fé cheann cheithre bliana o dháta foirceannta a seirbhíse mar bhall den tsórt san.