An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VIII. Aoisliuntais, etc., d'Oifigigh agus do Sheirbhisigh Udaras Ospideil Mheabhair-Ghalar.) Ar Aghaidh (CUID X. Forais Phriobhaideacha.)

19 1945

AN tACHT CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1945

CUID IX.

Forala Ilghneitheacha a Bhaineas le hUdarais Ospideil Mheabhair-Ghalar.

Príomhdhochtúir comhnaitheach.

94. —(1) Beidh príomh-dhochtúir comhnaitheach ann d'óspidéal mheabhair-ghalar ceantair agus bhéarfar mar ainm ar an oifigeach san agus gairmtear de san Acht so príomh-dhochtúir comhnaitheach.

(2) Más rud é go mbeidh aon fhoras eile, i dteannta a n-óspidéil mheabhair-ghalar cheantair, á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar, déanfaidh príomh-dhochtúir comhnaitheach a n-óspidéil mheabhair-ghalar cheantair pé urlámhas d'fheidhmiú ar an bhforas eile a chinnfidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire.

(3) Is ann a chomhnós príomh-dhochtúir comhnaitheach sa chóiríocht chomhnaithe a bheas curtha ar fáil dó ag an údarás óspidéil mheabhair-ghalar a cheap é.

Coistí d'údaráis óspidéil mheabhairghalar.

95. —(1) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar ó am go ham pé coistí agus pé méid díobh is oiriúnach leo a cheapadh chun críocha a bhainfeas le feidhmiú nó comhlíonadh aon choda dá gcumhachta, dá ndualgais agus dá bhfeadhma faoin Acht so is dóigh leo is fearr nó is caothúla a rialófaí nó a bainisteofaí ag coiste nó trí choiste.

(2) Beidh gníomhartha coiste a ceapfar faoin alt so faoi réir a ndaingnithe ag an údarás óspidéil mheabhair-ghalar a cheap an coiste, ach féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le ceadú an Aire, cumhacht a thabhairt don choiste aon ghníomh a dhéanamh (lena n-áirítear imeachta dlí a bhunú) faoi chuimsiú an údaráis a thug an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar don choiste is gníomh a d'fhéadfadh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar féin a dhéanamh go dleathach.

(3) Maidir le coiste a ceapfar faoin alt so, is mar socrófar le rialacháin a dhéanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar a cheapfas an coiste a bheas córam, nós imeachta, agus ionad cruinnithe an choiste.

(4) Is feadhma forcoimeáta chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942, ceapadh coiste faoi fho-alt (1) den alt so agus déanamh rialachán faoi fho-alt (3) den alt so.

(5) Beidh feidhm ag forála fo-ailt (2) d'alt 18 den Acht um Bainistí Chontae, 1940 ( Uimh. 12 de 1940 ), maidir leis an gcumhacht chun tairmligean a dhéanamh a bheirtear d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar le fo-alt (1) den alt so.

Coiste fiosraithe óspidéil mheabhairghalar cheantair.

96. —(1) Ceapfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar coiste ó am go ham chun a n-óspidéil meabhair-ghalar ceantair agus na forais agus an chóiríocht eile a bheas á gcothabháil acu d'fhiosrú.

(2) Beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir le comhaltaí coiste fiosraithe óspidéil mheabhair-ghalar cheantair:—

(a) ní raghaidh líon na gcomhaltaí thar trian de líon comhaltaí an údaráis óspidéil mheabhair-ghalar a cheap an coiste;

(b) ní cead níos mó ná leath na gcomhaltaí do bheith ina ndaoine nach comhaltaí den údarás san;

(c) is é an t-údarás san a chinnfeas sealbhaíocht oifige na gcomhaltaí;

(d) is é an t-údarás san a líonfas gach corr-fholúntas i gcomhaltas an choiste.

(3) Faoi réir forál eile an ailt seo, beidh de dhualgas ar choiste fiosraithe óspidéil mheabhair-ghalar cheantair na nithe seo leanas a dhéanamh:—

(a) fiosrú a dhéanamh ó am go ham ar an óspidéal agus na forais agus an chóiríocht eile a bheas á gcothabháil ag an údarás óspidéil mheabhair-ghalar a cheap iad agus aon ghearáin d'éisteacht ann a dhéanfaidh othar ar bith leo agus an gearán d'éisteacht go príobháideach má iarrann sé san;

(b) aon mhí-chleachta a thabharfaid faoi ndeara i gcúrsa a bhfiosraithe a thuairisciú don údarás san;

(c) tuairisc a thabhairt don údarás san ar aon deisiúchán a thabharfaid faoi ndeara i gcúrsa a bhfiosraithe a bheith ag teastáil go géar;

(d) tuairisc a thabhairt don údarás san ar éinní a measfaidh an coiste é bheith fóirstineach tuairisc a thabhairt air amhlaidh nó ar iarr an t-údarás san ar an gcoiste tuairisc a thabhairt air amhlaidh.

(4) Ní dhéanfaidh coiste fiosraithe óspidéil mheabhair-ghalar cheantair aon scrúdu ná aon ghearán a ghlacadh ná aon tuairisc a thabhairt maidir le seirbhísí, luach saothair, príbhléidí ná aoisliúntais oifigeach agus seirbhíseach, ná aon duine d'oifigigh nó de sheirbhísigh, an údaráis óspidéil mheabhair-ghalar a cheap an coiste.

(5) Déanfar ceapadh an chathaoirligh ar choiste fiosraithe óspidéil mheabhair-ghalar cheantair, agus a gcruinnithe agus an córam agus an nós imeachta ag a gcruinnithe, a rialú le buan-ordaithe arna ndéanamh ag an údarás óspidéil mheabhair-ghalar a cheap an coiste.

(6) Beidh coiste fiosraithe óspidéil mheabhair-ghalar cheantair, ag gníomhú dhóibh le chéile nó trí aon dá chomhalta nó níos mó a ainmneoid chuige sin, i dteideal fiosrú a dhéanamh tráth ar bith ar an óspidéal meabhair-ghalar ceantair agus na forais agus an chóiríocht eile a bheas á gcothabháil ag an údarás óspidéal mheabhair-ghalar a cheap an coiste agus gabháil gan cosc go dtí gach páirt díobh, faoi réir iad do chomhlíonadh na rialacha a déanfar faoin alt so.

(7) Féadfaidh an tAire rialacha do dhéanamh ina leagfaidh amach cumhachta agus dualgais choistí fiosraithe óspidéal meabhair-ghalar ceantair agus chomhaltaí fiosraithe de na coistí sin agus an modh ar a bhfeidhmeoidh agus ar a gcomhlíonfaidh na coistí sin agus na comhaltaí fiosraithe sin na cumhachta agus na dualgais sin agus gach cumhacht agus dualgas eile a bronntar nó cuirtear orthu leis an alt so nó a bronnfar nó cuirfear orthu ar shlí eile.

(8) Déanfaidh coiste fiosraithe óspidéil mheabhair-ghalar cheantair na rialacha a bheas déanta ag an Aire faoi fho-alt (7) den alt so agus a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire do chomhlíonadh agus do choimeád sa mhéid go mbainfidh na rialacha san leis an gcoiste sin.

(9) Gach riail a bheas i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so faoi fho-alt (6) (a hathghairmtear leis an Acht so) d'alt 34 den Acht um Bainistí Chontae, 1940 ( Uimh. 12 de 1940 ), leanfa sí de bheith i bhfeidhm ar thosach feidhme na Coda so den Acht so agus féadfar í a leasú nó a chúlghairm fé is dá mbeadh sí arna déanamh go cuibhe faoin alt so.

(10) Má bhionn údarás óspidéil mheabhair-ghalar ag cothabháil fo-óspidéil mheabhair-ghalar nach cuid dá n-óspidéal meabhairghalar ceantair, ní bheidh feidhm ag na forála san roimhe seo den alt so maidir leis an bhfo-óspidéal meabhair-ghalar agus, ina ionad san, beidh feidhm maidir leis ag forála ailt 97 den Acht so.

Coiste fiosraithe fo-óspidéil mheabhairghalar.

97. —(1) Má bhíonn údarás óspidéil mheabhair-ghalar ag cothabháil fo-óspidéil mheabhair-ghalar nach cuid dá n-óspidéal meabhair-ghalar ceantair déanfaid, ó am go ham, coiste a cheapadh chun a bhfo-óspidéal meabhair-ghalar d'fhiosrú.

(2) Beidh feidhm ag na forála so leanas maidir le comhaltaí coiste fiosraithe fo-óspidéil mheabhair-ghalar:—

(a) ní raghaidh líon na gcomhaltaí thar trian de líon comhaltaí an údaráis óspidéil mheabhair-ghalar a cheap an coiste;

(b) ní cead níos mó ná leath na gcomhaltaí do bheith ina ndaoine nach comhaltaí den údarás san;

(c) is é an t-údarás san a chinnfeas sealbhaíocht oifige na gcomhaltaí;

(d) is é an t-údarás san a líonfas gach corr-fholúntas i gcomhaltas an choiste.

(3) Faoi réir forál eile an ailt seo, beidh de dhualgas ar choiste fiosraithe fo-óspidéil mheabhair-ghalar na nithe seo leanas a dhéanamh:—

(a) fiosrú a dhéanamh ó am go ham ar an óspidéal agus aon ghearáin d'éisteacht ann a dhéanfaidh aon othar leo agus an gearán d'éisteacht go príobháideach má iarrann sé san;

(b) aon mhí-chleachta a thabharfaid faoi ndeara i gcúrsa a bhfiosraithe a thuairisciú don údarás óspidéil mheabhair-ghalar a cheap iad;

(c) tuairisc a thabhairt don údarás san ar aon deisiúchán a thabharfaid faoi ndeara i gcúrsa a bhfiosraithe a bheith ag teastáil go géar;

(d) tuairisc a thabhairt don údarás san ar éinní a measfaidh an coiste é bheith fóirstineach tuairisc a thabhairt air amhlaidh nó ar iarr an t-údarás san ar an gcoiste tuairisc a thabhairt air amhlaidh.

(4) Ní dhéanfaidh coiste fiosraithe fo-óspidéil mheabhair-ghalar aon scrúdú ná aon ghearán a ghlacadh ná aon tuairisc a thabhairt maidir le seirbhísí, luach saothair, príbhléidí nó aoisliúntas oifigeach agus seirbhíseach, ná aon duine d'oifigigh nó de sheirbhísigh, an údaráis óspidéil mheabhair-ghalar a cheap an coiste.

(5) Déanfar ceapadh an chathaoirligh ar choiste fiosraithe fo-óspidéil mheabhair-ghalar, agus a gcruinnithe agus an córam agus an nós imeachta ag á gcruinnithe, do rialú le buan-ordaithe arna ndéanamh ag an údarás óspidéil mheabhair-ghalar a cheap an coiste.

(6) Beidh coiste fiosraithe fo-óspidéil mheabhair-ghalar, ag gníomhú dhóibh le chéile nó trí aon dá chomhalta nó níos mó a ainmneoid chuige sin, i dteideal an t-óspidéal d'fhiosrú tráth ar bith agus gabháil gan cosc go dtí gach páirt de, faoi réir iad do chomhlíonadh na rialacha a déanfar faoin alt so.

(7) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ina leagfaidh amach cumhachta agus dualgais choistí fiosraithe fo-óspidéal meabhair-ghalar agus chomhaltaí fiosraithe de na coistí sin agus an modh ar a bhfeidhmeoidh agus ar a gcomhlíonfaidh na coistí sin agus na comhaltaí fiosraithe sin na cumhachta agus na dualgais sin agus gach cumhacht agus dualgas eile a bronntar nó a cuirtear orthu leis an alt so nó a bronnfar nó a cuirfear orthu ar shlí eile.

(8) Déanfaidh coiste fiosraithe fo-óspidéil mheabhair-ghalar na rialacha bheas déanta ag an Aire faoi fho-alt (7) den alt so agus a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire a chomhlíonadh agus a choimeád sa mhéid go mbainfidh na rialacha san leis an gcoiste sin.

Comhriaradh ceantar óspidéil mheabhairghalar.

98. —(1) Má chítear don Aire, tar éis dul i gcomhairle le húdaráis óspidéil mheabhair-ghalar dhá cheantar óspidéil mheabhair-ghalar nó níos mó, go raghaidh sé chun costas a laghdú nó go mba thairbhe phoiblí nó áitiúil ar shlí eile na ceantair sin a chomhbhainistí agus a chomhriaradh chun aon chríche áirithe de chríocha an Achta so nó chun aon chríche áirithe a bhaineas le riaradh an Achta so, féadfaidh an tAire a ordú, le hordú, go ndéanfar, chun na críche a sonnrófar san ordú, riaradh an Achta so sna ceantair sin a chomhbhainistí agus a chomhsheoladh ag údaráis óspidéil mheabhair-ghalar na gceantar san faoi seach trí údarás agus ag údarás a bunófar faoi réim agus do réir an ordaithe.

(2) Aon ordú a dhéanfaidh an tAire faoi fho-alt (1) den alt so—

(a) déanfa sé socrú i dtaobh an comhúdarás iomchuibhe a bhunú agus i dtaobh comhdhéanamh, comhaltas, nós imeachta, airgeadas, agus oifigigh an chomhúdaráis sin,

(b) míneo sé feadhma an chomhúdaráis agus, más cuibhe, leagfaidh amach feadhma an chomhúdaráis agus feadhma údarás óspidéil mheabhair-ghalar na gceantar óspidéil mheabhair-ghalar a chomhdhéanfas líomatáiste feidhmiúcháin an chomhúdaráis,

(c) déanfa sé pé socrú a mheasfaidh an tAire is ceart chun coda iomchuibhe de shócmhainní agus maoin na n-údarás óspidéil mheabhair-ghalar san a dháiliú don chomhúdarás agus chun na húdaráis óspidéil mheabhairghalar san do ghlanadh fiachas an chomhúdaráis agus go generálta chun maoin agus fiachais, láithreach agus todhachaí, a choigeartú idir na húdaráis óspidéil mheabhair-ghalar san faoi seach agus an comhúdarás,

(d) déanfa sé socrú chun an mhaoin uile a gheobhaidh an comhúdarás a dhílsiú sna húdaráis óspidéil mheabhairghalar san i pé cionúireachta agus i pé slí a mheasfaidh an tAire is ceart agus a shonnróidh san ordú,

(e) déanfa sé go generálta pé socraithe a chífear don Aire is gá nó is ceart chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an comhúdarás go cuibhe na críocha chun a mbeifear á bhunú.

(3) Na húdaráis óspidéil mheabhair-ghalar faoi seach do na ceantair óspidéil mheabhair-ghalar uile agus faoi seach a chomhdhéanfas líomatáiste feidhmiúcháin comhúdaráis, scoirfid d'fheidhmiú nó comhlíonadh a dhéanamh ar pé méid dá gcumhachta agus dá ndualgais faoi seach a háireofar ar fheadhma an chomhúdaráis leis an ordú lena mbunófar an comhúdarás agus feidhmeoidh agus comhlíonfaidh an comhúdarás na cumhachta agus na dualgais sin.

(4) Féadfaidh an tAire tráth ar bith as a chomhairle féin aon ordú a bheas déanta aige roimhe sin faoin alt so a chúlghairm nó a leasú agus, go sonnrach, féadfaidh tráth ar bith, le hordú, comhúdarás a bunaíodh faoin alt so a scor agus gach socrú a dhéanamh a chífear dó is gá nó is ceart chun feadhma an chomhúdaráis a thabhairt thar n-ais do na húdaráis óspidéil mheabhair-ghalar uile agus faoi seach ag a raibh na feadhma san ar dtúis nó chun aon chríche eile a leanfas as an gcomhúdarás a scor.

Miontuairiscí ar na himeachta ag cruinniú de chomhbhord a ghlacadh mar fhianaise, etc.

99. —(1) Na miontuairiscí uile ar na himeachta ag cruinniú de chomhbhord a airbheartós bheith sínithe ag cathaoirleach an chruinnithe sin nó ag cathaoirleach an chéad chruinnithe eile ina dhiaidh sin den bhord, déanfar (gan cruthúnas ar shíniú an duine a n-airbheartóidh na miontuairiscí iad a bheith sínithe aige ná gurbh é an duine sin ba chathaoirleach iarbhfír ar an gcruinniú a n-airbheartóidh na miontuairiscí sin gur síníodh ann iad) iad a ghlacadh i ngach imeacht dlí mar fhianaise prima facie ar na himeachta ag an gcruinniú lena mbainfidh na miontuairiscí agus mar fhianaise prima facie gur gairmeadh, gur tionóladh, agus gur seoladh an cruinniú san do réir dlí.

(2) Aon chóip de rún a ritheadh nó d'ordú do rinneadh ag cruinniú de chomhbhord a airbheartós bheith deimhnithe ag príomhchléireach an chomhbhuird mar chóip dhílis den rún nó den ordú, glacfar léi i ngach imeacht dlí mar fhianaise prima facie gur ritheadh an rún nó go ndearnadh an t-ordú (pé acu é) agus mar fhianaise prima facie ar théarmaí an rúin nó an ordaithe gan cruthúnas ar shíniú an duine a n-airbheartóidh an chóip í bheith deimhnithe amhlaidh aige ná gurbh é an duine sin an príomhchléireach san iarbhfír.

Comhbhord a bheith ina n-údarás áitiúil chun críocha Acht áirithe.

100. —Beidh comhbhord ina n-údarás áitiúil do réir bhrí agus chun críocha na nAcht a luaitear sa Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht so.

Socrú i dtaobh othair a chothabháil i bhforas ná beidh á chothabháil ag an údarás óspidéil mheabhairghalar iomchuibhe.

101. —(1) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, socrú a dhéanamh agus a chur i ngníomh chun aon aicme dá n-othair ionmhuirir a chothabháil i bhforas speisialta.

(2) Féadfaidh an tAire toiliú a bheas tugtha aige faoi fho-alt (1) den alt so a tharraing siar agus air sin beidh deireadh leis an socrú lena mbainfidh an toiliú agus déanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar dar tugadh an toiliú aon othar, a bheas á chothabháil de bhun an tsocraithe i bhforas speisialta, d'aistriú ón bhforas san.

(3) San alt so, ciallaíonn an abairt “foras speisialta” aon teaghlach, óspidéal, nó foras eile ná beidh á chothabháil ag an údarás óspidéil mheabhair-ghalar a dhéanfas an socrú iomchuibhe i dtaobh cothabhála agus a bheas oiriúnach chun cóireála na ndaoine dá ndéanfar an socrú san.

Socrú i dtaobh cóireála i bhforais cheadaithe.

102. —Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar socrú a dhéanamh agus a chur i ngníomh chun aon chuid dá n-othair ionmhuirir a ghlacadh agus a chóireáil mar othair shealadacha nó mar othar thoildheonacha i bhforas ceadaithe.

Socrú chun othair údaráis óspidéil mheabhairghalar áirithe a ghlacadh i bhforas a bheas á chothabháil ag údarás eile.

103. —(1) Féadfaidh aon dá údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, socrú a dhéanamh agus a chur i ngníomh chun othair a bheas á gcothabháil ag údarás amháin acu a ghlacadh san óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó in aon fhoras eile a bheas á chothabháil ag an údarás eile.

(2) Féadfaidh an tAire toiliú a bheas tugtha aige faoi fho-alt (1) den alt so a tharraing siar agus air sin beidh deireadh leis an socrú lena mbainfidh an toiliú agus aon othar a glacadh faoin tsocrú déanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar a chuir chun a ghlactha é faoin tsocrú é d'aistriú.

Seirbhísí creidimh agus séiplínigh i bhforais a bheas á gcothabháil ag údarás óspidéil mheabhairghalar.

104. —(1) Déanfaidh an tAire, le hordú, socrú chun seirbhísí creidimh a chomóradh go cuibhe agus chun cabhair i gcúrsaí creidimh a chur ar fáil in óspidéil mheabhair-ghalar cheantair agus i bhforais eile a bheas á gcothabháil ag údaráis óspidéil mheabhairghalar.

(2) Ceapfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar maidir le gach óspidéal meabhair-ghalar ceantair agus gach foras eile a bheas á chothabháil acu daoine oiriúnacha chun bheith i seilbh oifige mar shéiplínigh don chéanna.

(3) Ní oifig lena mbaineann Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) , oifig sheiplínigh a ndéanfar ceapacháin chuici faoin alt so.

Rialacháin maidir le connartha a dhéanfaidh údaráis óspidéil mheabhairghalar.

105. —(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, rialacháin a dhéanamh maidir le húdaráis óspidéil mheabhair-ghalar do cheangal agus do dhéanamh connartha agus féadfaidh aon rialacháin den tsórt san baint le connartha go generálta nó le connartha d'aicme áirithe.

(2) I gcás rialacháin arna ndéanamh faoin alt so do bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, is do réir na rialachán san a ceanglófar agus a déanfar gach connradh lena mbainfidh na rialacháin sin agus a dhéanfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar agus, mura dá réir a ceanglófar nó a déanfar aon chonnradh den tsórt san, beidh sé, má ordaíonn an tAire amhlaidh, gan bhrí ar bith agus, mura dtuga agus go dtí go dtuga an tAire an t-ordachán san, beidh sé ionchurtha ó bhrí más rogha le haon pháirtí ann é.

(3) I gcás connradh a dhéanfaidh nó a cheanglóidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar a chur ó bhrí faoin alt so, pé acu ag an Aire nó ag páirtí ann é, déanfar gach íocaíocht a dhéanfaidh an t-údarás nó aon oifigeach dóibh, agus a airbheartós bheith arna déanamh de bhun an chonnartha tar éis a churtha ó bhrí, a neamhlomháil i gcuntais an údaráis nó an oifigigh (pé acu é) mar íocaíocht a bheas contrártha don dlí.

(4) Ní dhéanfaidh éinní dá bhfuil san alt so, nó in aon rialachán a déanfar faoi, dochar ná difir d'fheidhm Achta na nUdarás Áitiúla (Comh-Cheannach), 1925 ( Uimh. 20 de 1925 ), nó Achta na nUdarás Áitiúla (Comh-Cheannach), 1939 ( Uimh. 14 de 1939 ), maidir le húdaráis óspidéil mheabhair-ghalar ná d'oibriú ceachtair de na hAchta san maidir leis na húdaráis sin.

Ranníoca le comhlachain agus cumainn chun meabhair ghalair a chosc agus a chóireáil.

106. —Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, ranníoc bliantúil d'íoc le cistí aon chomhlachais nó chumainn chun meabhair-ghalair a chosc nó a chóireáil.

Adhlacadh.

107. —(1) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar nó, i gcás práinne, féadfaidh a bpríomh-dhochtúir comhnaitheach socrú a dhéanamh chun corp duine a éagfas le linn dó bheith á chothabháil mar othar ionmhuirir i gceantar óspidéil mheabhair-ghalar an údaráis sin d'adhlacadh in áit ar bith laistigh de cheantar óspidéil mheabhair-ghalar an údaráis sin.

(2) I gcás ina n-éagfaidh duine a bheas á chothabháil mar othar ionmhuirir lasmuigh de cheantar éspidéil mheabhair-ghalar an údaráis óspidéil mheabhair-ghalar a bheas freagarthach ina chothabháil amhlaidh, féadfaidh an t-údarás san socrú a dhéanamh chun corp an duine sin d'adhlacadh i reilig a bheas comhgarach don áit inar éag sé nó féadfaid socrú a dhéanamh chun an corp a thabhairt isteach ina gceantar óspidéil mheabhair-ghalar agus a adhlacadh ann.

(3) I gcás údarás óspidéil mheabhair-ghalar do dhul faoi chaiteachas faoin alt so i leith coirp dhuine mhairbh, féadfaid aisíoc an chaiteachais d'fháil as maoin an duine mhairbh nó ó dhuine ar bith a dhligh é chothabháil díreach roimh é d'fháil bháis fé is dá mb'é a bhí sa chaiteachas costas cúnaimh óspidéil mheabhair-ghalar a tugadh don duine marbh sar a bhfuair sé bás.

Othar d'iomaistriú chun an óspidéil mheabhairghalar cheantair iomchuibhe, etc.

108. —(1) Mura mbíonn duine a glacfar mar othar ionmhuirir in óspidéil mheabhair-ghalar ceantair nó i bhforas eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar ina ghnáth-chomhnaí i gceantar óspidéil mheabhair-ghalar an údaráis sin, bhéarfaidh an t-údarás san fógra i dtaobh a ghlactha don údarás óspidéil mheabhair-ghalar don cheantar óspidéil mheabhair-ghalar ina mbíonn an duine ina ghnáth-chomhnaí.

(2) Má thugann údarás óspidéil mheabhair-ghalar fógra faoi fho-alt (1) den alt so maidir le duine ar bith d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar eile—

(a) féadfaidh an t-údarás eile sin socrú a dhéanamh chun an duine sin d'iomaistriú chun a n-óspidéil mheabhairghalar cheantair,

(b) dlífidh an t-údarás eile sin an costas iomlán, arna chinneadh ar an modh ordaithe, a bhainfeas leis an aireachasú, an chothabháil, agus an chóireáil a rinneadh ar an duine sin ón am a tugadh an fógra go dtí go n-iomaistrítear an duine sin faoi shocrú arna dhéanamh faoi mhír (a) den fho-alt so d'íoc leis an údarás a céad-luaitear.

(3) Chun críocha an ailt seo is é an tAire a chinnfeas aon díospóid i dtaobh an cheantair óspidéil mheabhair-ghalar ina mbíonn ghnáth-chomhnaí ar dhuine agus ní bheidh dul thar a chinneadh san.

Daoine a ligean isteach mar othair phríobháideacha i bhforas meabhairghalar a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhairghalar.

109. —(1) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, má mheasaid gur ceart é, rialacháin a dhéanamh maidir le haon fhoras áirithe a bheas á chothabháil acu trína n-údaróid agus a rialóid, faoi réir forál an Achta so agus gach achtacháin eile, ceachtar ní nó an dá ní acu so leanas:—

(a) daoine a ligean isteach mar othair phríobháideacha sa bhforas agus an chóiríocht a bhéarfar dóibh ann,

(b) comhairle nó cóireáil a thabhairt sa bhforas do dhaoine is othair phríobháideacha.

(2) Má dhéanann údarás óspidéil mheabhair-ghalar rialacháin faoi fho-alt (1) den alt so, cuirfid na rialacháin faoi bhráid an Aire chun go gceadó sé iad agus féadfaidh an tAire (má mheasann sé gur ceart san a dhéanamh) na rialacháin a cheadú fara modhnú nó gan mhodhnú agus tiocfaid i ngníomh má ceadaítear agus nuair a ceadófar agus fé mar céadófar iad amhlaidh.

(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith a cheangal ar údarás óspidéil mheabhair-ghalar rialacháin (lena n-áirítear rialacháin leasaitheacha) faoi fho-alt (1) den alt so a dhéanamh agus a chur faoina bhráid maidir le haon fhoras áirithe a bheas á chothabháil acu agus, mura ndéanaid na rialacháin sin agus mura gcuirid faoi bhráid an Aire iad laistigh de thrí mhí tar éis an tAire dá cheangal san orthu nó má dhéanaid agus má chuirid faoi bhráid an Aire de bhun an cheanglais sin rialacháin a ndiúltóidh an tAire iad a cheadú, féadfaidh an tAire féin, má mheasann sé gur ceart é, na rialacháin a luaifear sa cheanglas san a dhéanamh agus féadfaidh an lá ar a dtiocfaidh na rialacháin sin i ngníomh a cheapadh iontu.

(4) Aon rialacháin a déanfar faoin alt so maidir le foras—

(a) beidh iontu forála a bhainfeas leis an íocaíocht a bheas le déanamh, ag na daoine nó i leith na ndaoine a ligfear isteach mar othair phríobháideacha sa bhforas, leis an údarás óspidéil mheabhair-ghalar a bheas ag cothabháil an fhorais as an gcóiríocht, an chomhairle, nó an chóireáil a gheobhaidh na daoine sin sa bhforas, agus a dhéanfas freisin méid na n-íocaíocht san a rialú,

(b) forálfaid ná ligfear duine ar bith isteach mar othar phríobháideach sa bhforas mura mbíonn ar fáil dó sa bhforas an tráth a ligfear isteach ann é cóiríocht ná fuil ag teastáil do dhaoine atá ionghlactha sa bhforas mar othair ionmhuirir.

(5) Ní déanfar duine ar bith a ligean isteach i bhforas a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar ná cóiríocht, comhairle, ná cóireáil a thabhairt dó ann mar othar phríobháideach mura mbíonn rialacháin arna ndéanamh faoin alt so i ngníomh maidir leis an bhforas san, agus ní déanfar duine ar bith a ligean isteach i bhforas den tsórt san ná cóiríocht, comhairle, ná cóireáil a thabhairt dó ann mar othar phríobháideach ach amháin do réir na rialachán san.

(6) Ní dhéanfaidh dochtúir leighis cláraithe i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar a bheas ag cothabháil forais aon íocaíocht d'éileamh ná do ghlacadh ó dhuine a ligfear isteach nó a comhairleofar nó a cóireálfar sa bhforas mar othar phríobháideach faoi rialacháin arna ndéanamh faoin alt so i leith comhairle nó cóireála a bhéarfaidh an dochtúir don duine sin sa bhforas.

(7) Is feidhm fhorcoimeáta chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942, déanamh rialachán faoin alt so.

Rialacháin chun údaráis óspidéil mheabhairghalar agus a gcuid oifigeach threorú agus a rialú.

110. —Féadfaidh an tAire pé rialacháin a dhéanamh, maidir le gach údarás óspidéil mheabhair-ghalar nó le haon údarás amháin nó níos mó den tsórt san, a chífear dó bheith fóirstineach chun na húdaráis sin agus a n-oifigigh nó a seirbhísigh a threorú agus a rialú i gcomhlíonadh a bhfeadhm faoin Acht so agus chun a áirithiú go riarfar an tAcht so go héifeachtúil, agus beidh de dhualgas ar údarás óspidéil mheabhair-ghalar nó ar oifigeach nó seirbhíseach dóibh lena mbainfidh aon rialacháin den tsórt san na rialacháin sin a chomhlíonadh.