An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IX. Forala Ilghneitheacha a Bhaineas le hUdarais Ospideil Mheabhair-Ghalar.) Ar Aghaidh (CUID XI. Forais Deirciula Priobhaideacha.)

19 1945

AN tACHT CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1945

CUID X.

Forais Phriobhaideacha.

Mínithe chun críocha Coda X.

111. —Sa Chuid seo den Acht so—

ciallaíonn an abairt “an clár” an clár d'fhorais phríobháideacha a coimeádfar faoin gCuid seo den Acht so,

ciallaíonn an abairt “dílseánach cláraithe”, maidir le foras príobháideach a bheas cláraithe sa chlár, an duine a mbeidh a ainm iontrálta sa chlár i leith an fhorais sin.

Clár d'fhorais phríobháideacha.

112. —(1) Coimeádfaidh an tAire clár d'fhorais phríobháideacha.

(2) Iontrálfar sa chlár i leith gach forais phríobháidigh a clárófar ann ainm an duine a sheolfas an foras, ráiteas i dtaobh an méid fireannach mí-mheabhrach, nó an méid baineannach mí-mheabhrach, nó an méid fireannach mí-mheabhrach agus baineannach mímheabhrach a bheas le haireachasú sa bhforas, agus pé sonnraí eile (más ann) a hordófar.

E bheith d'oblagáid foras príobháideach a chlárú.

113. —Ní dleathach do dhuine ar bith foras príobháideach a sheoladh mura mbíonn an foras san cláraithe sa chlár agus murab é an duine sin dílseánach cláraithe an fhorais.

Eisceachta ón oblagáid chun foras príobháideach a chlárú.

114. —Ní bheidh feidhm ag alt 113 den Acht so maidir le haon duine mí-mheabhrach d'aireachasú i bhforas nó in áitreabh is duine—

(a) a bheas as láthair ar promhadh faoin Acht so ó fhoras meabhair-ghalar, nó

(b) a bheas arna chur faoin Acht so ó fhoras meabhair-ghalar chun a chóireála, nó

(c) a bheas arna chur amach ar iostas faoin Acht so.

Iarratas chun foras príobháideach a chlárú nó chun clárú forais phríobháidigh d'athnuachain.

115. —(1) I gcás iarratas chun foras príobháideach a chlárú sa chlár, is é an duine a bheas ar intinn bheith ina dhílseánach cláraithe ar an bhforas a dhéanfas é, sa bhfoirm agus ar an modh ordaithe, agus ní foláir na sonnraí ordaithe bheith ann agus an táille ordaithe bheith ag gabháil leis.

(2) I gcás iarratas chun clárú forais phríobháidigh sa chlár d'athnuachain, is é an dílseánach cláraithe a dhéanfas é, sa bhfoirm agus ar an modh ordaithe, agus ní foláir na sonnraí ordaithe bheith ann agus an táille ordaithe bheith ag gabháil leis.

(3) Nuair a déanfar iarratas faoin alt so, féadfaidh an tAire a cheangal ar an iarratasóir pé pleananna agus scríbhní eile, maidir leis an bhforas príobháideach a bheas i gceist, a chur isteach a mheasfaidh an tAire is gá chun an t-iarratas a bhreithniú.

(4) Féadfaidh an tAire a thabhairt go n-iniúchfar foras príobháideach a mbeidh iarratas déanta ina leith faoin alt so agus go dtabharfar tuarascáil dó ar an iniúchadh san.

(5) Déanfar iarratas chun clárú sa chlár d'athnuachain—

(a) i gcás an chéad iarratais ar athnuachain, sa deichiú mí tar éis an mhí a rinneadh an clárú,

(b) in aon chás eile, sa deichiú mí tar éis an mhí a thosnaigh an athnuachain deiridh ar an gclárú ar éifeacht a bheith aici de bhun na Coda so den Acht so.

Ré chláraitheachta forais phríobháidigh.

116. —(1) Nuair a clárófar foras príobháideach sa chlár leanfa sé, mura mbaintear an foras den chlár roimhe sin, de bheith cláraithe amhlaidh go ceann dhá mhí dhéag arna n-áireamh ó dheireadh mí a chláraithe.

(2) Má déantar go cuibhe iarratas chun clárú forais phríobháidigh sa chlár d'athnuachain agus go ndeonfar an athnuachain sin roimh dhul in éag do chlárú nó don athnuachain deiridh ar chlárú (pé acu é) an fhorais sa chlár, beidh éifeacht ag an athnuachain sin ó am an dulta in éag san agus leanfa sí, mura mbaintear an foras den chlár roimhe sin, d'éifeacht a bheith aici go ceann dhá mhí dhéag arna n-áireamh ó am an dulta in éag san.

(3) Má déantar go cuibhe iarratas chun clárú forais phríobháidigh sa chlár d'athnuachain agus ná tabharfar breith ar an iarratas san go dtí tar éis dul in éag do chlárú nó don athnuachain deiridh ar chlárú (pé acu é) an fhorais sa chlár—

(a) is tuigthe an foras do leanúin de bheith cláraithe sa chlár go dtí go dtabharfar an bhreith,

(b) más breith ag deonadh athnuachana an bhreith, beidh éifeacht ag an athnuachain sin amhail ó dhul in éag do chlárú nó don athnuachain deiridh ar chlárú (pé acu é) an fhorais sa chlár agus leanfa sí, mura mbaintear an foras den chlár roimhe sin, d'éifeacht a bheith aici go ceann dhá mhí dhéag arna n-áireamh ó am an dulta in éag san.

Deimhniú ar chlárú, nó ar athnuachain ar chlárú, forais phríobháidigh.

117. —Nuair a dhéanfas an tAire foras príobháideach a chlárú nó clárú forais phríobháidigh d'athnuachain sa chlár bhéarfa sé deimhniú sa bhfoirm ordaithe ar an gclárú, nó ar an athnuachain ar chlárú, don dílseánach cláraithe.

Clárú, nó athnuachain ar chlárú, forais phríobháidigh a dhiúltú agus foras príobháideach a bhaint de v. chlár.

118. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú (ina sonnróidh fáth a dhéanta san), diúltú d'fhoras príobháideach a chlárú sa chlár, diúltú do chlárú forais phríobháidigh sa chlár d'athnuachain, nó foras príobháideach a bhaint den chlár.

(2) Sar a ndéanfaidh an tAire ordú faoin alt so bhéarfa sé fógra don iarratasóir nó do dhílseánach cláraithe an fhorais phríobháidigh a bheas i gceist á rá go bhfuil sé ar intinn an t-ordú a dhéanamh agus ag luadh an fhátha atá leis agus déarfaidh sa bhfógra go dtabharfar caoi don iarratasóir nó don dílseánach san ar chúis a shuíomh don Aire nach ceart an t-ordú a dhéanamh, más rud é, roimh dháta sonnraithe nach luaithe ná ceithre lá déag tar éis an fógra a thabhairt, go gcuirfe sé in iúl don Aire i scríbhinn gur mian leis san a dhéanamh.

(3) Má chuireann duine in iúl don Aire faoi fho-alt (2) den alt so gur mian leis cúis a shuíomh nach ceart ordú a dhéanamh, bhéarfaidh an tAire caoi dhó, roimh an ordú san a dhéanamh, ar chúis a shuíomh.

Na fátha ar a ndiúltófar d'fhoras príobháideach a chlárú.

119. —Is ar na fátha so leanas (agus ní ar aon fhátha eile) a diúltófar d'iarratas chun foras príobháideach a chlárú sa chlár:—

(a) gur deimhin leis an Aire nach duine oiriúnach chun an foras a sheoladh an t-iarratasóir,

(b) gur deimhin leis an Aire nach duine oiriúnach don phost san an duine a beartaítear a chur i bhfeighil an fhorais,

(c) ná geallann an duine a bheas ina fheighilteoir ar an bhforas go gcomhnó sé sa bhforas,

(d) gur deimhin leis an Aire go bhfuil áitreabh an fhorais nó a shuíomh, a fhoireann, nó a ghléasra neamhoiriúnach ag féachaint don úsáid atá le déanamh díobh,

(e) gur deimhin leis an Aire ná beidh an duine mí-mheabhrach nó na daoine mí-mheabhracha a bheas le haireachasú sa bhforas faoi fhaire dochtúra leighis chláraithe a bheas arna cheadú ag an Aire,

(f) nach do réir na Coda so den Acht so do rinneadh an t-iarratas nó nár cuireadh isteach laistigh d'am réasúnach pleananna nó scríbhní eile i dtaobh an fhorais a cheangail an tAire faoin gCuid seo den Acht so a chur isteach nó go ndiúltaítear iad a chur isteach.

Na fátha ar a ndiúltófar do chlárú forais phríobháidigh d'athnuachain.

120. —Is ar na fátha so leanas (agus ní ar aon fhátha eile) a diúltófar d'iarratas chun clárú forais phríobháidigh sa chlár d'athnuachain:—

(a) gur deimhin leis an Aire nach duine oiriúnach chun an foras a sheoladh an t-iarratasóir,

(b) gur deimhin leis an Aire nach duine oiriúnach don phost feighilteoir an fhorais,

(c) gur deimhin leis an Aire ná comhnaíonn feighilteoir an fhorais sa bhforas,

(d) gur deimhin leis an Aire go bhfuil áitreabh an fhorais nó a shuíomh, a fhoireann, nó a ghléasra gan bheith oiriúnach a thuilleadh ag féachaint don úsáid a deántar díobh,

(e) gur deimhin leis an Aire ná bíonn an duine mí-mheabhrach nó na daoine mí-mheabhracha a bhíonn faoi aireachas sa bhforas faoi fhaire dochtúra leighis chláraithe do cheadaigh an tAire,

(f) gur deimhin leis an Aire nach leor an t-aireachas nó an chóireáil a tugadh don duine nó do na daoine sin,

(g) gur deimhin leis an Aire nach oiriúnach nó nach leor an biadh a tugadh don duine nó do na daoine sin,

(h) i gcás an foras a bheith á bhainistí ag comhlucht rialúcháin, gur deimhin leis an Aire go bhfuil duine ar bith dá chomhaltaí dícháilithe chun bheith ina chomhalta,

(i) go ndearnadh ciontú maidir leis an bhforas i gcionta ar bith faoin Acht so,

(j) nach do réir na Coda so den Acht so do rinneadh an t-iarratas nó nár cuireadh isteach pleananna nó scríbhní eile do cheangail an tAire faoin gCuid seo den Acht so a chur isteach nó go ndiúltaítear iad a chur isteach.

Na fátha ar a ndéanfar foras príobháideach a bhaint den chlár.

121. —Is ar na fátha so leanas (agus ní ar aon fátha eile) a déanfar foras príobháideach a bhaint den chlár:—

(a) nach duine oiriúnach chun an foras a sheoladh an duine atá ag seoladh an fhorais,

(b) gur deimhin leis an Aire nach duine oiriúnach don phost san feighilteoir an fhorais,

(c) gur deimhin leis an Aire ná comhnaíonn feighilteoir an fhorais sa bhforas,

(d) gur deimhin leis an Aire go bhfuil áitreabh an fhorais nó a shuíomh, a fhoireann, nó a ghléasra gan bheith oiriúnach a thuilleadh ag féachaint don úsáid a déantar díobh,

(e) gur deimhin leis an Aire ná bíonn an duine mí-mheabhrach nó na daoine mí-mheabhracha a bhíonn faoi aireachas sa bhforas faoi fhaire dochtúra leighis chláraithe do cheadaigh an tAire,

(f) gur deimhin leis an Aire nach leor an t-aireachas nó an chóireáil a tugadh don duine nó do na daoine sin,

(g) gur deimhin leis an Aire nach oiriúnach nó nach leor an biadh a tugadh don duine nó do na daoine sin,

(h) i gcás an foras a bheith á bhainistí ag comhlucht rialúcháin, gur deimhin leis an Aire go bhfuil duine ar bith dá chomhaltaí dícháilithe chun bheith ina chomhalta,

(i) go ndearnadh ciontú maidir leis an bhforas i gcionta ar bith faoin Acht so.

Cumhachta áirithe do leanúin de bheith i bhfeidhm tar éis foras príobháideach a bhaint den chlár nó clárú a bheith gan athnuachain.

122. —Más rud é go ndéanfar foras príobháideach a bheas cláraithe sa chlár a bhaint den chlár nó ná déanfar clárú forais phríobháidigh a bheas cláraithe sa chlár d'athnuachain, leanfaidh na cumhachta a bheirtear leis an Acht so don Aire agus don Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar maidir leis an bhforas agus fós na forála den Acht so a bhaineas leis na hothair sa bhforas d'urscaoileadh, d'aistriú, agus d'iomaistriú de bheith i bhfeidhm go ceann tréimhse trí mhí dá éis sin agus is dleathach an foras a sheoladh ar feadh na tréimhse sin chun an t-urscaoileadh, an t-aistriú agus an t-iomaistriú san a dhéanamh.

Dícháilíocht maidir le duine do bheith ina chomhalta de chomhlucht rialúcháin forais phríobháidigh.

123. —Más comhlucht rialúcháin a bheas ag bainistí forais phríobháidigh a bheas cláraithe sa chlár, ní bheidh aon dochtúir oifigiúil ná aon oifigeach eile ná aon tseirbhíseach don fhoras ina chomhalta den chomhlucht rialúcháin murab é únaer nó páirtúnaer an fhorais é nó mura duine é de shámhadh creidimh a mbeidh an foras á sheoladh thar a gceann nó mura dtoilí an tAire lena bheith ina chomhalta den chomhlucht rialúcháin.

Forála a leanfas as foras príobháideach d'iomaistriú, etc.

124. —I gcás foras príobháideach a bheas cláraithe sa chlár do scor, de dhruim aon iomaistrithe nó báis aon duine nó aon teagmhais eile, de bheith á sheoladh ag an dílseánach cláraithe, beidh an duine (más ann) a leanfas de bheith ag seoladh an fhorais i dteideal, ar iarratas i scríbhinn (a mbeidh an táille iomchuibhe ag gabháil leis) a chur chun an Aire tráth nach déanaí ná ceithre lá déag tar éis an scoir sin agus más rud é go gceadóidh an tAire an duine sin, a ainm d'iontráil sa chlár mar dhílseánach cláraithe, agus is tuigthe, ar é do dhéanamh an iarratais sin, an duine sin a bheith ina dhílseánach cláraithe amhail ón scor san go dtí go dtabharfaidh an tAire breith ar an iarratas san.

Clárú forais phríobháidigh a bhualadh amach nó a cheartú.

125. —Déanfaidh an tAire—

(a) clárú sa chlár a scoirfeas d'éifeacht a bheith aige do bhualadh amach,

(b) na cláraithe sa chlár a cheartú ó am go ham mar a fhionnfas sé bheith oiriúnach.

Breisiú nó athrú aráitreabh forais phríobháidigh.

126. —Ní déanfar aon bhreisiú ná aon athrú déanmhais ar áitreabh forais phríobháidigh a bheas cláraithe sa chlár mura rud é—

(a) go dtugtar don Aire fógra i scríbhinn i dtaobh an bhreisithe nó an athraithe, maraon leis na pleananna ordaithe a bhainfeas leis an gcéanna, agus

(b) go dtoilí an tAire leis an mbreisiú nó an t-athrú do dhéanamh.

Pleananna áitribh fhorais phríobháidigh a choimeád ar fáil chun a n-iniúchta.

127. —Nuair a déanfar aon phlean a bhainfeas le háitreabh forais phríobháidigh a bheas cláraithe sa chlár a chur faoi bhráid an Aire faoin gCuid seo den Acht so chun go gclárófaí an foras nó chun aon chríche eile, coimeádfar cóip den phlean san ar fáil sa bhforas chun a hiniúchta ag duine ar bith a mbeidh údarás aige ón Aire an chóip sin d'iniúchadh.

Srian leis an méid othar a coimeádfar 1 bhforas príobháideach.

128. —Ní raghaidh an méid fireannach nó baineannach mímheabhrach ar a ndéanfar aireachasú i bhforas príobháideach a bheas cláraithe sa chlár thar an méid a sonnrófar chuige sin sa chlár.

Foras príobháideach ina gcoimeátar dhá othar nó níos mó d'fhiosrú.

129. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal go bhfiosróidh dochtúirí leighis cláraithe forais phríobháideacha a bheas cláraithe sa chlár agus ina mbeidh beirt nó níos mó de dhaoine mí-mheabhracha faoi aireachas agus á ordú cad iad na dualgas a bheas le comhlíonadh ag na dochtúirí sin, agus féadfaidh aon rialacháin den tsórt san baint leis na forais sin uile, le pé méid de na forais sin is d'aicme áirithe, nó le ceann nó cinn áirithe de na forais sin.

(2) Má déantar, maidir le foras príobháideach a bheas cláraithe sa chlár, faillí i gcomhlíonadh aon rialacháin a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire faoin alt so agus a bhainfeas leis an bhforas san, beidh an dílseánach cláraithe ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt a chur air.

Othar aonair i bhforas príobháideach d'fhiosrú.

130. —(1) Mura mbíonn ach aon duine mí-mheabhrach amháin faoi aireachas i bhforas príobháideach a bheas cláraithe sa chlár, féadfaidh an tAire a ordú, le hordú, cá mhinice a bheas an duine sin le fiosrú ag dochtúir leighis cláraithe, agus déanfar forála an ordaithe sin a chomhlíonadh go cuibhe.

(2) Mura ndéantar agus go dtí go ndéanfar ordú maidir le haon duine áirithe faoi fho-alt (1) den alt so, cuirfear faoi ndear go bhfiosróidh dochtúir leighis cláraithe an duine sin dhá uair ar a laghad sa tseachtain.

(3) Dochtúir leighis cláraithe a bheas ag fiosrú de bhun an ailt seo nó de bhun ordaithe arna dhéanamh faoi, déanfaidh agus síneoidh, tráth gach fiosraithe, ráiteas sa bhfoirm ordaithe i dtaobh sláinte an duine ar a ndéanfaidh an fiosrú agus coimeádfaidh dílseánach cláraithe an fhorais phríobháidigh ina ndéanfar an fiosrú an ráiteas san sa bhforas chun a iniúchta ag an gCigire Ospidéal Meabhair-Ghalar.

(4) Féadfaidh an tAire a cheangal ar dhochtúir leighis cláraithe a bheas ag fiosrú de bhun an ailt seo nó de bhun ordaithe arna dhéanamh faoi tuarascáil i scríbhinn a thabhairt don Aire ar staid an duine ar a ndéanfaidh an fiosrú agus déanfaidh an dochtúir sin do réir cheanglais an Aire.

(5) Féadfaidh an tAire a ordú, le hordú, go scarfar le seirbhísí aon dochtúra leighis chláraithe áirithe a bheas ag fiosrú duine mhímheabhraigh, arb é an t-aon duine amháin é a bheas faoi aireachas i bhforas príobháideach a bheas cláraithe sa chlár, agus go ndéanfar, ina ionad san, seirbhísí dochtúra leighis chláraithe éigin eile d'fháil, agus comhlíonfar go cuibhe forála an ordaithe sin.

Clár d'othair i bhforas príobháideach.

131. —Coimeádfar, i leith forais phríobháidigh a bheas cláraithe sa chlár, clár sa bhfoirm ordaithe ina n-iontrálfar na sonnraí ordaithe i dtaobh gach duine mí-mheabhrach a bheas faoi aireachas sa bhforas.

Rialacháin chun seoladh, etc., forais phríobháidigh a rialú.

132. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) ag rialú seoladh foras príobháideach a bheas cláraithe sa chlár,

(b) á ordú cad iad na foirne liachta a bheas le fostú maidir leis na forais sin,

(c) á ordú cad iad na breacacháin a bheas le coimeád maidir leis na forais sin.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt so baint le gach foras príobháideach a bheas cláraithe sa chlár, nó le pé méid de na forais sin is d'aicme áirithe, nó le ceann nó cinn áirithe de na forais sin.

(3) Má déantar, maidir le haon fhoras príobháideach a bheas cláraithe sa chlár, sárú trí ghníomh nó faillí ar aon rialachán a bheas déanta faoin alt so agus a bhainfeas leis an bhforas san, beidh an dílseánach cláraithe ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint a chur air agus, más cionta leanúnach an cionta, fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae a leanfar den chionta.