An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID X. Forais Phriobhaideacha.) Ar Aghaidh (CUID XII. Forais Udaraithe.)

19 1945

AN tACHT CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1945

CUID XI.

Forais Deirciula Priobhaideacha.

Mínithe chun críocha Coda XI.

133. —Sa Chuid seo den Acht so—

ciallaíonn an abairt “an clár” an clár d'fhorais déirciúla príobháideacha a bheas á choimeád faoin gCuid seo den Acht so;

ciallaíonn an abairt “dílseánach cláraithe”, maidir le foras déirciúil príobháideach a bheas cláraithe sa chlár, an duine a mbeidh a ainm iontrálta sa chlár i leith an fhorais sin.

Clár d'fhorais déirciúla príobháideacha.

134. —(1) Coimeádfaidh an tAire clár d'fhorais déirciúla príobháideacha.

(2) Iontrálfar sa chlár i leith gach forais déirciúil phríobháidigh a bheas cláraithe ann ainm an duine a sheolfas an foras, ráiteas i dtaobh an méid fireannach mí-mheabhrach, nó an méid baineannach mí-mheabhrach, nó an méid fireannach mímheabhrach agus baineannach mí-mheabhrach a bheas le haireachasú sa bhforas, agus pé sonnraí eile (más ann) a hordófar.

E bheith d'oblagáid foras déirciúil príobháideach a chlárú.

135. —Ní dleathach do dhuine ar bith foras déirciúil príobháideach a sheoladh mura mbíonn an foras san cláraithe sa chlár agus murab é an duine sin dílseánach cláraithe an fhorais.

Eisceachta ón oblagáid chun foras déirciúil príobháideach a chlárú.

136. —Ní bheidh feidhm ag alt 135 den Acht so maidir le haon duine mí-mheabhrach d'aireachasú i bhforas is duine—

(a) a bheas as láthair ar promhadh faoin Acht so ó fhoras meabhair-ghalar, nó

(b) a bheas arna chur faoin Acht so ó fhoras meabhair-ghalar chun a chóireála, nó

(c) a bheas arna chur amach ar iostas faoin Acht so.

Iarratas chun foras déirciúil príobháideach a chlárú nó chun clárú forais déirciúil phríobháidigh d'athnuachain.

137. —(1) I gcás iarratas chun foras déirciúil príobháideach a chlárú sa chlár, is é an duine a bheas ar intinn bheith ina dhílseánach cláraithe ar an bhforas a dhéanfas é, sa bhfoirm agus ar an modh ordaithe, agus ní foláir na sonnraí ordaithe bheith ann.

(2) I gcás iarratas chun clárú forais déirciúil phríobháidigh sa chlár d'athnuachain, is é an dílseánach cláraithe a dhéanfas é agus ní foláir na sonnraí ordaithe bheith ann.

(3) Nuair a déanfar iarratas faoin alt so, féadfaidh an tAire a cheangal ar an iarratasóir pé pleananna agus scríbhní eile, maidir leis an bhforas déirciúil príobháideach a bheas i gceist, a chur isteach a mheasfaidh an tAire is gá chun an t-iarratas a bhreithniú.

(4) Féadfaidh an tAire a thabhairt go n-iniúchfar foras déirciúil príobháideach a mbeidh iarratas déanta ina leith faoin alt so agus go dtabharfar tuarascáil dó ar an iniúchadh san.

(5) Déanfar iarratas chun clárú sa chlár d'athnuachain—

(a) i gcás an chéad iarratais ar athnuachain, sa deichiú mí tar éis an mhí a rinneadh an clárú,

(b) in aon chás eile, sa deichiú mí tar éis an mhí a thosnaigh an athnuachain deiridh ar an gclárú ar éifeacht a bheith aici de bhun na Coda so den Acht so.

Ré chláraitheachta forais déirciúil phríobháidigh.

138. —(1) Nuair a clárófar foras déirciúil príobháideach sa chlár leanfa sé, mura mbaintear an foras den chlár roimhe sin, de bheith cláraithe amhlaidh go ceann dhá mhí dhéag arna n-áireamh ó dheireadh mí a chláraithe.

(2) Má déantar go cuibhe iarratas chun clárú forais déirciúil phríobháidigh sa chlár d'athnuachain agus go ndeonfar an athnuachain sin roimh dhul in éag do chlárú nó don athnuachain deiridh ar chlárú (pé acu é) an fhorais sa chlár, beidh éifeacht ag an athnuachain sin ó am an dulta in éag san agus leanfa sí, mura mbaintear an foras den chlár roimhe sin, d'éifeacht a bheith aici go ceann dhá mhí dhéag arna n-áireamh ó am an dúlta in éag san.

(3) Má déantar go cuibhe iarratas chun clárú forais déirciúil phríobháidigh sa chlár d'athnuachain agus ná tabharfar breith ar an iarratas san go dtí tar éis dul in éag do chlárú nó don athnuachain deiridh ar chlárú (pé acu é) an fhorais sa chlár—

(a) is tuigthe an foras do leanúin de bheith cláraithe sa chlár go dtí go dtabharfar an bhreith,

(b) más breith ag deonadh athnuachana an bhreith, beidh éifeacht ag an athnuachain sin amhail ó dhul in éag do chlárú nó don athnuachain deiridh ar chlárú (pé acu é) an fhorais sa chlár agus leanfa sí, mura mbaintear an foras den chlár roimhe sin, d'éifeacht a bheith aici go ceann dhá mhí dhéag arna n-áireamh ó am an dulta in éag san.

Deimhniú ar chlárú, nó ar athnuachain ar chlárú, forais déirciúil phríobháidigh.

139. —Nuair a dhéanfas an tAire foras déirciúil príobháideach a chlárú, nó clárú forais déirciúil phríobháidigh d'athnuachain, sa chlár bhéarfa sé deimhniú sa bhfoirm ordaithe ar an gclárú, nó ar an athnuachain ar chlárú, don dílseánach cláraithe.

Clárú, nó athnuachain ar chlárú, forais déirciúil phríobháidigh a dhiúltú agus foras déirciúil príobhaideach a bhaint den chlár.

140. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú (ina sonnróidh fáth a dhéanta san), diúltú d'fhoras déirciúil príobháideach a chlárú sa chlár, diúltú do chlárú forais déirciúil phríobháidigh sa chlár d'athnuachain, nó foras déirciúil príobháideach a bhaint den chlár.

(2) Sar a ndéanfaidh an tAire ordú faoin alt so bhéarfa sé fógra don iarratasóir nó do dhílseánach cláraithe an fhorais déirciúil phríobháidigh a bheas i gceist á rá go bhfuil sé ar intinn an t-ordú a dhéanamh agus ag luadh an fhátha atá leis agus déarfaidh sa bhfógra go dtabharfar caoi don iarratasóir nó don dílseánach san ar chúis a shuíomh don Aire nach ceart an t-ordú a dhéanamh, más rud é, roimh dháta sonnraithe nach luaithe ná ceithre lá déag tar éis an fógra a thabhairt, go gcuirfe sé in iúl don Aire i scríbhinn gur mian leis san a dhéanamh.

(3) Má chuireann duine in iúl don Aire faoi fho-alt (2) den alt so gur mian leis cúis a shuíomh nach ceart ordú a dhéanamh, bhéarfaidh an tAire caoi dhó, roimh an ordú san a dhéanamh, ar chúis a shuíomh.

Na fátha ar a ndiúltófar d'fhoras déirciúil príobháideach a chlárú.

141. —Is ar na fátha so leanas (agus ní ar aon fhátha eile) a diúltófar d'iarratas chun foras déirciúil príobháideach a chlárú sa chlár:—

(a) gur deimhin leis an Aire nach duine oiriúnach chun an foras a sheoladh an t-iarratasóir,

(b) gur deimhin leis an Aire nach duine oiriúnach don phost san an duine a beartaítear a chur i bhfeighil an fhorais,

(c) ná geallann an duine a bheas ina fheighilteoir ar an bhforas go gcomhnó sé sa bhforas,

(d) gur deimhin leis an Aire go bhfuil áitreabh an fhorais nó a shuíomh, a fhoireann, nó a ghléasra neamhoiriúnach ag féachaint don úsáid atá le déanamh díobh,

(e) gur deimhin leis an Aire ná beidh na daoine mí-mheabhracha a bheas le haireachasú sa bhforas faoi fhaire dochtúra leighis chláraithe a bheas arna cheadú ag an Aire,

(f) gur deimhin leis an Aire ná beidh an foras á sheoladh ar fad nó go formhór chun daoine mí-mheabhracha d'aireachasú in aisce nó ar suim is lú ná a chostas san,

(g) nach do réir na Coda so den Acht so do rinneadh an t-iarratas nó nár cuireadh isteach laistigh d'am réasúnach pleananna nó scríbhní eile i dtaobh an fhorais a cheangail an tAire faoin gCuid seo den Acht so a chur isteach nó go ndiúltaítear iad a chur isteach.

Na fátha ar a ndiúltófar do chlárú forais déirciúil phríobháidigh d'athnuachain.

142. —Is ar na fátha so leanas (agus ní ar aon fhátha eile) a diúltófar d'iarratas ar chlárú forais déirciúil phríobháidigh sa chlár d'athnuachain:—

(a) gur deimhin leis an Aire nach duine oiriúnach chun an foras a sheoladh an t-iarratasóir,

(b) gur deimhin leis an Aire nach duine oiriúnach don phost san feighilteoir an fhorais,

(c) gur deimhin leis an Aire ná comhnaíonn feighilteoir an fhorais sa bhforas,

(d) gur deimhin leis an Aire go bhfuil áitreabh an fhorais nó a shuíomh, a fhoireann, nó a ghléasra gan bheith oiriúnach a thuilleadh ag féachaint don úsáid a déantar díobh,

(e) gur deimhin leis an Aire ná bíonn na daoine mí-mheabhracha a bhíonn faoi aireachas sa bhforas faoi fhaire dochtúra leighis chláraithe do cheadaigh an tAire,

(f) gur deimhin leis an Aire nach leor an t-aireachas nó an chóireáil a tugadh do na daoine sin,

(g) gur deimhin leis an Aire nach oiriúnach nó nach leor an biadh a tugadh do na daoine sin,

(h) i gcás an foras a bheith á bhainistí ag comhlucht rialúcháin, gur deimhin leis an Aire go bhfuil duine ar bith dá chomhaltaí dícháilithe chun bheith ina chomhalta,

(i) go ndearnadh ciontú maidir leis an bhforas i gcionta ar bith faoin Acht so,

(j) gur deimhin leis an Aire ná fuil an foras á sheoladh ar fad nó go formhór chun daoine mí-mheabhracha d'aireachasú in aisce nó ar suim is lú ná a chostas san,

(k) nach do réir na Coda so den Acht so do rinneadh an t-iarratas nó nár cuireadh isteach pleananna nó scríbhní eile do cheangail an tAire faoin gCuid seo den Acht so a chur isteach nó go ndiúltaítear iad do chur isteach.

Na fátha ar a ndéanfar foras déirciúil príobháideach a bhaint den chlár.

143. —Is ar na fátha so leanas (agus ní ar aon fhátha eile) a déanfar foras déirciúil príobháideach a bhaint den chlár:—

(a) nach duine oiriúnach chun an foras a sheoladh an duine atá ag seoladh an fhorais,

(b) gur deimhin leis an Aire nach duine oiriúnach don phost san feighilteoir an fhorais,

(c) gur deimhin leis an Aire ná comhnaíonn feighilteoir an fhorais sa bhforas,

(d) gur deimhin leis an Aire go bhfuil áitreabh an fhorais nó a shuíomh, a fhoireann, nó a ghléasra gan bheith oiriúnach a thuilleadh ag féachaint don úsáid a déantar díobh,

(e) gur deimhin leis an Aire ná bíonn na daoine mí-mheabhracha a bhíonn faoi aireachas sa bhforas faoi fhaire dochtúra leighis chláraithe do cheadaigh an tAire,

(f) gur deimhin leis an Aire nach leor an t-aireachas nó an chóireáil a tugadh do na daoine sin,

(g) gur deimhin leis an Aire nach oiriúnach nó nach leor an biadh a tugadh do na daoine sin,

(h) i gcás an foras a bheith á bhainistí ag comhlucht rialúcháin, gur deimhin leis an Aire go bhfuil duine ar bith dá chomhaltaí dícháilithe chun bheith ina chomhalta,

(i) go ndearnadh ciontú maidir leis an bhforas i gcionta ar bith faoin Acht so,

(j) gur deimhin leis an Aire ná fuil an foras á sheoladh ar fad nó go formhór chun daoine mí-mheabhracha d'aireachasú in aisce nó ar suim is lú ná a chostas san.

Cumhachta áirithe do leanúin de bheith i bhfeidhm tar éis foras déirciúil príobháideach a bhaint den chlár nó clárú a bheith gan athnuachain.

144. —Más rud é go ndéanfar foras déirciúil príobháideach a bheas cláraithe sa chlár a bhaint den chlár nó ná déanfar clárú forais déirciúil phríobháidigh a bheas cláraithe sa chlár d'athnuachain, leanfaidh na cumhachta do bheirtear leis an Acht so don Aire agus don Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar maidir leis an bhforas agus fós na forála den Acht so a bhaineas leis na hothair sa bhforas d'urscaoileadh, d'aistriú, agus d'iomaistriú de bheith i bhfeidhm go ceann tréimhse trí mhí dá éis sin agus is dleathach an foras a sheoladh ar feadh na tréimhse sin chun an t-urscaoileadh, an t-aistriú, agus an t-iomaistriú san a dhéanamh.

Dícháilíocht maidir le duine do bheith ina chomhalta de chomhlucht rialúcháin forais déirciúil phríobháidigh.

145. —Más comhlucht rialúcháin a bheas ag bainistí forais déirciúil phríobháidigh a bheas cláraithe sa chlár, ní bheidh aon dochtúir oifigiúil ná aon oifigeach eile ná aon tseirbhíseach don fhoras ina chomhalta den chomhlucht rialúcháin murab é únaer nó páirt-únaer an fhorais é nó mura duine é de shámhadh creidimh a mbeidh an foras á sheoladh thar a gceann nó mura dtoilí an tAire lena bheith ina chomhalta den chomhlucht rialúcháin.

Forála a leanfas as foras déirciúil príobháideach d'iomaistriú, etc.

146. —I gcás foras déirciúil príobháideach a bheas cláraithe sa chlár do scor, de dhruim aon iomaistrithe nó báis aon duine nó aon teagmhais eile, de bheith á sheoladh ag an dílseánach cláraithe, beidh an duine (más ann) a leanfas de bheith ag seoladh an fhorais i dteideal, ar iarratas i scríbhinn (a mbeidh an táille iomchuibhe ag gabháil leis) a chur chun an Aire tráth nach déanaí ná ceithre lá déag tar éis an scoir sin agus más rud é go gceadóidh an tAire an duine sin, a ainm d'iontráil sa chlár mar dhílseánach cláraithe, agus is tuigthe, ar é do dhéanamh an iarratais sin, an duine sin a bheith ina dhílseánach cláraithe amhail ón scor san go dtí go dtabharfaidh an tAire breith ar an iarratas san.

Clárú forais déirciúil phríobháidigh a bhualadh amach nó a cheartú.

147. —Déanfaidh an tAire—

(a) clárú sa chlár a scoirfeas d'éifeacht a bheith aige do bhualadh amach,

(b) na cláraithe sa chlár a cheartú ó am go ham mar a fhionnfas sé bheith oiriúnach.

Breisiú nó athrú aráitreabh forais déirciúil phríobháidigh.

148. —Ní déanfar aon bhreisiú ná aon athrú déanmhais ar áitreabh forais déirciúil phríobháidigh a bheas cláraithe sa chlár mura rud é—

(a) go dtugtar don Aire fógra i scríbhinn i dtaobh an bhreisithe nó an athraithe, maraon leis na pleananna ordaithe a bhainfeas leis an gcéanna, agus

(b) go dtoilí an tAire leis an mbreisiú nó an t-athrú do dhéanamh.

Pleananna áitribh fhorais deirciúil phríobháidigh a choimeád ar fáil chun a n-iniúchta.

149. —Nuair a déanfar aon phlean a bhainfeas le háitreabh forais déirciúil phríobháidigh a bheas cláraithe sa chlár a chur faoi bhráid an Aire faoin gCuid seo den Acht so chun go gclárófaí an foras nó chun aon chríche eile, coimeádfar cóip den phlean san ar fáil sa bhforas chun a hiniúchta ag duine ar bith a mbeidh údarás aige ón Aire an chóip sin d'iniúchadh.

Srian leis an méid othar a coimeádfar i bhforas déirciúil príobháideach.

150. —Ní raghaidh an méid fireannach nó baineannach mímheabhrach ar a ndéanfar aireachasú i bhforas déirciúil príobháideach a bheas cláraithe sa chlár thar an méid a sonnrófar chuige sin sa chlár.

Foras déirciúil príobháideach d'fhiosrú.

151. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal go bhfiosróidh dochtúirí leighis cláraithe forais déirciúla príobháideacha a bheas cláraithe sa chlár agus á ordú cad iad na dualgais a bheas le comhlíonadh ag na dochtúirí sin, agus féadfaidh aon rialacháin den tsórt san haint leis na forais sin uile, le pé méid de na forais sin is d'aicme áirithe, nó le ceann nó cinn áirithe de na forais sin.

(2) Má déantar, maidir le foras déirciúil príobháideach a bheas cláraithe sa chlár, faillí i gcomhlíonadh aon rialacháin a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire faoin alt so agus a bhainfeas leis an bhforas san, beidh an dílseánach cláraithe ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt a chur air.

Clár d'othair i bhforas déirciúil príobháideach.

152. —Coimeádfar, i leith forais déirciúil phríobháidigh a bheas cláraithe sa chlár, clár sa bhfoirm ordaithe ina n-iontrálfar na sonnraí ordaithe i dtaobh gach duine mí-mheabhrach a bheas faoi aireachas sa bhforas.

Rialacháin chun seoladh, etc., foras déirciúla phríobháideacha a rialú.

153. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) ag rialú seoladh foras déirciúla príobháideacha a bheas cláraithe sa chlár,

(b) á ordú cad iad na foirne liachta a bheas le fostú maidir leis na forais sin,

(c) á ordú cad iad na breacacháin a bheas le coimeád maidir leis na forais sin.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt so baint le gach foras déirciúil príobháideach a bheas cláraithe sa chlár, nó le pé méid de na forais sin is d'aicme áirithe, nó le ceann nó cinn áirithe de na forais sin.

(3) Má déantar, maidir le haon fhoras déirciúil príobháideach a bheas cláraithe sa chlár, sárú trí ghníomh nó faillí ar aon rialachán a bheas déanta faoin alt so agus a bhainfeas leis an bhforas san, beidh an dílseánach cláraithe ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint a chur air agus, más cionta leanúnach an cionta, fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae a leanfar den chionta.

Achomaireacht ar chuntais.

154. —(1) Roimh an 31ú lá de Mhárta gach bliain, cuirfear faoi bhráid an Aire, maidir le foras déirciúil príobháideach a bheas cláraithe sa chlár, achomaireacht ar chuntais an fhorais don bhliain dar críoch an 31ú lá de Nollaig roimhe sin.

(2) Ní foláir achomaireacht faoin alt so a bheith i bhfoirm a cheadóidh an tAire agus na sonnraí sin a bheith inti a luafar nó a hiarrfar sa bhfoirm sin, agus ní foláir í bheith deimhnithe bheith ina hachomaireacht cheart ag an iniúchóir d'iniúch na cuntais lena mbainfe sí.