An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Ordaithe Glactha Othair Phríobháidigh.) Ar Aghaidh (CUID XV. Daoine a Ghlacadh i bhForais Cheadaithe mar Othair Thoildheonacha.)

19 1945

AN tACHT CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1945

Caibidil III.

Ordaithe Glactha Othair Ionmhuirir Shealadaigh agus Ordaithe Glactha Othair Phríobháidigh Shealadaigh.

Ordaithe glactha othair ionmhuirir shealadaigh d'iarraidh agus do dhéanamh.

184. —(1) I gcás inar mian go ndéanfaí duine do ghlacadh agus do choinneáil mar othar shealadach agus mar othar ionmhuirir i bhforas ceadaithe a bheas á chothabháil ag an údarás óspidéil mheabhair-ghalar don cheantar óspidéil mheabhair-ghalar ina gcomhnaíonn an duine sin de ghnáth nó i bhforas ceadaithe ina bhféadfar, de bhun socraithe arna dhéanamh faoi alt 102 den Acht so, othair shealadacha de chuid an údaráis sin a ghlacadh, féadfar iarratas sa bhfoirm ordaithe do chur chun feighilteoir an fhorais sin ag iarraidh ordaithe (dá ngairmtear ordú glactha othair ion mhuirir shealadaigh san Acht so) á ordú an duine sin a ghlacadh agus a choinneáil mar othar shealadach agus mar othar ionmhuirir sa bhforas san.

(2) Féadfaidh duine ar bith acu so leanas iarratas faoin alt so do dhéanamh—

(a) fear céile nó bean chéile an duine lena mbainfidh an t-iarratas nó gaol don duine sin, nó

(b) ar fhear céile nó bean chéile an duine lena mbainfidh an t-iarratas nó gaol don duine sin dá iarraidh sin, an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe, nó

(c) faoi réir forál an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, duine ar bith eile.

(3) Más rud é, i gcás iarratais faoin alt so, nach é fear céile nó bean chéile an duine lena mbainfidh an t-iarratas ná gaol don duine sin a dhéanfas é ná nach é an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe a dhéanfas é ar fhear céile nó bean chéile an duine sin nó gaol dó dá iarraidh sin air, déarfar san iarratas cad iad na cúiseanna ná dearnadh amhlaidh é, cad é an coibhneas atá ag an iarratasóir leis an duine lena mbaineann an t-iarratas, agus cad iad na tosca ina bhfuil an t-iarratas á dhéanamh.

(4) Beidh ag gabháil le hiarratas faoin alt so deimhniú sa bhfoirm ordaithe ón dochtúir oifigiúil údaraithe á dheimhniú gur scrúdaigh sé an duine lena mbaineann an t-iarratas ar dháta sonnraithe nach luaithe ná seacht lá roimh dháta an iarratais agus gurb é a thuairim—

(a) gur duine é—

(i) a bhfuil easláine mheabhrach air, agus

(ii) nach gá dhó, chun a théarnaithe, ach sé mhí ar a mhéid faoi chóireáil oiriúnach, agus

(iii) atá neamhoiriúnach, de dheascaibh staid a mheabhrach, le haghaidh cóireála mar othar thoildheonach, nó

(b) gur duine é—

(i) is andúileach, agus

(ii) ar gá dhó, chun a théarnaithe, sé mhí ar a laghad faoi chóireáil réamhchoscach leigheasach.

(5) Tar éis dó breithniú do dhéanamh ar iarratas ag iarraidh ordaithe ghlactha othair ionmhuirir shealadaigh agus ar an deimhniú a bheas ag gabháil leis an iarratas, féadfaidh an duine chun ar cuireadh an t-iarratas, má mheasann sé gur ceart é, an t-ordú san a dhéanamh sa bhfoirm ordaithe.

Ordú glactha othair phríobháidigh shealadaigh d'iarraidh agus do dhéanamh.

185. —(1) I gcás inar mian go ndéanfaí duine do ghlacadh agus do choinneáil i bhforas ceadaithe mar othar shealadach agus mar othar phríobháideach, féadfar iarratas sa bhfoirm ordaithe do chur chun feighilteoir an fhorais ag iarraidh ordaithe (dá ngairmtear ordú glactha othair phríobháidigh shealadaigh san Acht so) á ordú an duine sin a ghlacadh agus a choinneáil mar othar shealadach agus mar othar phríobháideacha sa bhforas san.

(2) Féadfaidh duine ar bith acu so leanas iarratas faoin alt so do dhéanamh—

(a) fear céile nó bean chéile an duine lena mbainfidh an t-iarratas nó gaol don duine sin, nó

(b) faoi réir forál an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, duine ar bith eile.

(3) Más rud é, i gcás iarratais faoin alt so, nach é fear céile nó bean chéile an duine lena mbainfidh an t-iarratas ná gaol don duine sin a dhéanfas é, déarfar san iarratas cad iad na cúiseanna ná dearnadh amhlaidh é, cad é an coibhneas atá ag an iarratasóir leis an duine lena mbaineann an t-iarratas, agus cad iad na tosca ina bhfuil an t-iarratas á dhéanamh.

(4) Beidh ag gabháil le hiarratas faoin alt so deimhniú sa bhfoirm ordaithe arna shíniú ag beirt dochtúirí leighis cláraithe á dheimhniú go ndearna gach dochtúir acu an duine lena mbaineann an deimhniú do scrúdú ar leithligh ar dháta nach luaithe ná seacht lá roimh dháta an iarratais agus gurb é a thuairim—

(a) gur duine é—

(i) a bhfuil easláine mheabhrach air, agus

(ii) nach gá dhó, chun a théarnaithe, ach sé mhí ar a mhéid faoi chóireáil oiriúnach, agus

(iii) atá neamhoiriúnach, de dheascaibh staid a mheabhrach, le haghaidh cóireála mar othar thoildheonach, nó

(b) gur duine é—

(i) is andúileach, agus

(ii) ar gá dhó, chun a théarnaithe, sé mhí ar a laghad faoi chóireáil réamhchoscach leigheasach.

(5) Ní dhéanfaidh dochtúir leighis cláraithe deimhniú faoin bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do thabhairt más rud é—

(a) gurb é is feighilteoir ar an bhforas ceadaithe a mbeidh an duine a dtabharfar an deimhniú ina leith le glacadh ann, nó

(b) gur duine é atá ar fostú ag feighilteoir an fhorais sin, nó

(c) gur duine é a bhfuil leas aige sa bhforas san.

(6) Tar éis dó breithniú do dhéanamh ar iarratas ag iarraidh ordaithe ghlactha othair phríobháidigh shealadaigh agus ar an deimhniú dochtúra a bheas ag gabháil leis an iarratas, féadfaidh an duine chun ar cuireadh an t-iarratas, má mheasann sé gur ceart é, an t-ordú san a dhéanamh sa bhfoirm ordaithe.

Eifeacht ordaithe ghlactha othair ionmhuirir shealadaigh nó ordaithe ghlactha othair phríobháidigh shealadaigh.

186. —(1) Nuair a déanfar ordú glactha othair ionmhuirir shealadaigh nó ordú glactha othair phríobháidigh shealadaigh, beidh éifeacht ag na forála so leanas:—

(a) féadfaidh iarratasóir an ordaithe nó duine ar bith a bheas údaraithe aige, tráth nach déanaí ná seacht lá tar éis an dáta a déanfar an t-ordú, an duine lena mbainfidh an t-ordú do thógaint agus é d'iomluadh go dtí an foras ceadaithe a luafar san ordú;

(b) féadfaidh duine ar bith acu san a sonnraítear i bhfo-alt (2) den alt so an duine lena mbainfidh an t-ordú do ghlacadh agus do thógaint faoi chúram agus é choinneáil go ceann tréimhse de shé mhí ó dháta dhéanta an ordaithe nó, i gcás san a thárlachtain roimhe sin, go dtí go n-aistrítear nó go n-urscaoiltear é le húdarás ceart nó go n-éaga sé, agus féadfaid, má éalaíonn sé, é d'atógaint laistigh d'ocht lá fichead dá éis sin (ach ní fhéadfaid tar éis an tréimhse sin de shé mhí do bheith caite) agus an choinneáil adúradh a chríochnú.

(2) Is iad daoine a bheas i dteideal duine do ghlacadh, do thógaint faoi chúram, agus d'atógaint faoin alt so ná feighilteoir an fhorais cheadaithe a luafar san ordú glactha iomchuibhe agus a oifigigh, a chúntóirí, agus a sheirbhísigh sin agus aon dochtúir oifigiúil don foras san.

Costas iomluaite othair ionmhuirir d'íoc ar ordú glactha othair ionmhuirir shealadaigh a bheith déanta.

187. —(1) Íocfaidh an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe na costais réasúnta faoina raghfar maidir leis an duine lena mbainfidh ordú glactha othair ionmhuirir shealadaigh d'iomluadh go dtí an foras ceadaithe a luafar san ordú.

(2) Féadfaidh an t-údarás cúnaimh phoiblí a bheas i gceist na costais a híocfar faoin alt so d'aisghabháil faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , fé is dá mba é bhí sna costais sin costas cúnaimh phoiblí, do réir bhrí an Achta san, a thug an t-údarás san don duine do hiomluadh.

Comhoibriú chun duine d'aistriú ar ordú glactha othair ionmhuirir shealadaigh a bheith déanta.

188. —Féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar a bheas ag cothabháil óspidéil mheabhair-ghalar cheantair a luafar in ordú glactha othair ionmhuirir shealadaigh comhoibriú le hiarratasóir an ordaithe, nó le haon ghaol nó caomhnóir don duine lena mbainfidh an t-ordú, chun socrú do dhéanamh i dtaobh an duine sin d'aistriú chun an óspidéil.

Tréimhse choinneála othair shealadaigh d'fhaidiú.

189. —(1) I gcás an príomh-dhochtúir oifigiúil d'fhoras ceadaithe do theacht ar an tuairim ná beidh duine a bheas á choinneáil sa bhforas, faoi ordú glactha othair ionmhuirir shealadaigh nó ordú glactha othair phríobháidigh shealadaigh, téarnaithe i gceann na tréimhse a féadfar, de bhun míre (b) d'fho-alt (1) d'alt 186 den Acht so, é choinneáil—

(a) féadfaidh feighilteoir an fhorais a iarraidh ar an Aire an tréimhse sin d'fhaidiú,

(b) má déantar iarraidh den tsórt san, féadfaidh an tAire más oiriúnach leis, trí ordú, an tréimhse sin d'fhaidiú tréimhse eile nach sia ná sé mhí nó, trí sreath d'ordaithe, í d'fhaidiú tréimhsí eile nach sia ná sé mhí aon tréimhse áirithe acu agus nach sia ná ocht mí dhéag a n-iomlán le chéile,

(c) má dhéanann an tAire aon ordú nó ordaithe den tsórt san, beidh éifeacht ag mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 186 den Acht so faoi réir an fhaidithe a dhéanfas an t-ordú nó na hordaithe sin ar an tréimhse sin.

(2) An tagairt do phríomh-dhochtúir oifigiúil atá i bhfo-alt (1) den alt so déanfar, i gcás gur áitreabh chun aon duine amháin a ghlacadh an foras ceadaithe iomchuibhe, í léiriú mar thagairt do dhochtúir freastail an duine a bheas á choinneáil.