An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XV. Daoine a Ghlacadh i bhForais Cheadaithe mar Othair Thoildheonacha.) Ar Aghaidh (CUID XVII. Costas Cothabhala agus Coireala in Ospideil Mheabhair Ghalar Cheantair d'Aisghabhail.)

19 1945

AN tACHT CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1945

CUID XVI.

Daoine a Bheas a gCoinneail faoi Ordaithe Glactha.

Cóip d'ordú glactha a thabhairt don Aire.

199. —(1) Nuair a déanfar duine do ghlacadh i bhforas meabhair-ghalar agus é choinneáil ann bhéarfar cóip den ordú glactha a bhainfeas leis agus de na scríbhní a bheas ag gabháil leis an ordú san don Aire tráth nach déanaí ná trí lá glan tar éis a ghlactha.

(2) Nuair a gheobhaidh an tAire, tar éis duine do ghlacadh i bhforas meabhair-ghalar faoi ordú glactha othair phríobháidigh, na scríbhní is gá do thabhairt dó faoin alt so, cuirfe sé san in iúl do Chláraitheoir na gCoimircithe Cúirte agus, má iarrann an Cláraitheoir air é, bhéarfaidh dó cóipeanna de na scríbhní sin.

Clár de dhaoine a glacfar i bhforais mheabhairghalar faoi ordaithe glactha.

200. —(1) Coimeádfaidh an tAire gach cóip a bhéarfar dó faoin alt deiridh sin roimhe seo agus iontrálfaidh astu san i gclár a choimeádfa sé ainm gach duine a dtaspánfar gur glacadh i bhforas meabhair-ghalar é maraon le pé sonnraí a hordófar i dtaobh an ordaithe ghlactha agus i dtaobh na scríbhní a bheas ag gabháil leis an ordú san.

(2) Féadfaidh duine ar bith eolas d'iarraidh ar an Aire i dtaobh cé acu do hiontráladh nó nár hiontráladh sonnraí i dtaobh aon duine áirithe sa chlár a bheas á choimeád faoin alt so agus bhéarfaidh an tAire, más dóigh leis an t-iarratas bheith réasúnach, go ndéanfar scrúdú ar an gclár san.

(3) Má taspántar go bhfuil duine a ndearnadh iarratas ina thaobh faoi fho-alt (2) den alt so á choinneáil faoi ordú glactha, bhéarfaidh an tAire don iarratasóir (más deimhin leis an Aire gur duine é ar ceart an t-eolas a thabhairt dó) ainm fheighilteoir an fhorais a bheas luaite san ordú glactha, suíomh an fhorais sin agus, más oiriúnach leis an Aire, cóip den ordú glactha agus d'aon scríbhinn a bhí ag gabháil leis an ordú glactha.

Tuarascáil don Aire ar lá is fiche a bheith caite tar éis duine a ghlacadh faoi ordú glactha.

201. —(1) Déanfaidh príomh-dhochtúir oifigiúil forais mheabhairghalar, ar lá is fiche bheith caite tar éis duine do ghlacadh faoi ordú glactha sa bhforas, tuarascáil sa bhfoirm ordaithe ar staid mheabhrach agus choirp an duine a glacadh d'ullmhú agus do thabhairt don Aire.

(2) An tagairt do phríomh-dhochtúir oifigiúil atá i bhfo-alt (1) den alt seo déanfar, i gcás gur áitreabh chun aon duine amháin a ghlacadh an foras meabhair-ghalar iomchuibhe, í léiriú mar thagairt do dhochtúir freastail an duine a glacfar.

(3) Má fhaillíonn aon dochtúir oifigiúil nó dochtúir freastail aon cheanglas a cuirtear air leis an alt so do chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar deich bpuint a chur air.

Fógra i dtaobh duine d'éaló, etc., a thabhairt don Aire.

202. —(1) I gcás duine a bheas á choinneáil i bhforas meabhairghalar d'éaló nó é d'aistriú nó d'urscaoileadh as an bhforas san nó é d'éag, bhéarfar don Aire, laistigh de thrí lá ina dhiaidh sin, fógra i scríbhinn i dtaobh an duine sin d'éaló, d'aistriú, d'urscaoileadh, nó d'éag agus beidh an fógra san sa bhfoirm ordaithe agus beidh na sonnraí ordaithe ann.

(2) I gcás duine do bhí á choinneáil i bhforas meabhair-ghalar agus d'éalaigh nó do haistríodh as do ghlacadh arís sa bhforas nó do thabhairt thar n-ais ann bhéarfar don Aire, laistigh de thrí lá ina dhiaidh sin, fógra i scríbhinn i dtaobh an duine do ghlacadh nó do thabhairt thar n-ais, agus beidh an fógra san sa bhfoirm ordaithe agus beidh na sonnraí ordaithe ann.

(3) Nuair a gheobhaidh an tAire fógra faoin alt so maidir le duine a bheas á choinneáil faoi ordú glactha othair phríobháidigh, cuirfe sé san in iúl do Chláraitheoir na gCoimircithe Cúirte agus, má iarrann an Cláraitheoir air é, bhéarfaidh cóip den fhógra faoin alt so dhó.

(4) Coimeádfaidh an tAire gach fógra do bhéarfar dó faoin alt so agus déanfaidh na sonnraí ordaithe maidir leis an bhfógra san d'iontráil sa chlár a bheas a choimeád faoin gCuid seo den Acht so.

234

Duine a bheith as láthair ar promhadh.

203. —(1) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, ag gníomhú dhóibh ar chomhairle phríomh-dhochtúra chomhnaithigh a n-óspidéil mheabhair-ghalar cheantair, a cheadú do dhuine a bheas á choinneáil san óspidéal san nó in aon fhoras eile a bheas á chothabháil acu bheith as láthair ón óspidéal nó ón bhforas eile sin ar promhadh ar feadh aon tréimhse nach sia ná tríocha lá, agus féadfaid an tréimhse sin d'fhaidiú tréimhse bhreise nach sia ná tríocha lá nó dhá thréimhse nó níos mó den tsórt san nach sia ná nócha lá a n-iomlán le chéile.

(2) Féadfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar a cheadú do dhuine a bheas á choinneáil i bhforas meabhair-ghalar, nach foras a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar, bheith as láthair ón bhforas san ar promhadh ar feadh aon tréimhse nach sia ná tríocha lá, agus féadfaidh an tréimhse sin d'fhaidiú tréimhse bhreise nach sia ná tríocha lá nó dhá thréimhse nó níos mó den tsórt san nach sia ná nócha lá a n-iomlán le chéile.

(3) I gcás gan duine a bheas as láthair ar promhadh faoin alt so do theacht thar n-ais i gceann na tréimhse nó na tréimhse faidithe is cead dó bheith as láthair agus gan deimhniú ó dhochtúir leighis cláraithe do thabhairt d'fheighilteoir an fhorais mheabhair-ghalar iomchuibhe á dheimhniú nach gá a thuilleadh an duine sin a choinneáil, féadfar, tráth ar bith laistigh d'ocht lá fichead tar éis an tréimhse nó an tréimhse fhaidithe sin bheith caite, é d'atógaint fé is dá mbeadh sé tar éis éaló as an bhforas san.

(4) I gcás duine a bheas á choinneáil mar othar ionmhuirir agus a bheas as láthair ar promhadh faoin alt so ó óspidéal meabhairghalar ceantair nó foras eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar, féadfaidh an t-údarás a ordú go n-íocfar i leith an duine sin ar feadh na tréimhse a bheas sé as láthair ar promhadh liúntas nach mó ná meán-chostas cothabhála othair ionmhuirir san óspidéal nó sa bhforas eile sin ar feadh na tréimhse sin, agus déanfar an liúntas a mhuirearú in aghaidh an duine sin agus beidh sé iníoctha fé is dá mbeadh sé san óspidéal nó sa bhforas eile sin, ach íocfar leis nó chun tairbhe dhó é mar ordóidh an t-údarás.

Duine a bheith as láthair ar parúl.

204. —(1) Féadfaidh príomh-dhochtúir oifigiúil forais mheabhairghalar a cheadú do dhuine a bheas á choinneáil sa bhforas san agus nach dainséar dó féin ná do dhaoine eile bheith as láthair ón bhforas san ar parúl ar feadh aon tréimhse nach sia ná ocht n-uaire ceathrachad a chloig.

(2) An tagairt atá i bhfo-alt (1) den alt so do phríomh-dhochtúir oifigiúil déanfar, i gcás gur áitreabh chun aon duine amháin a ghlacadh an foras meabhair-ghalar iomchuibhe, í léiriú mar thagairt do dhochtúir freastail an duine a bheas á choinneáil.

(3) I gcás gan duine a bheas as láthair ar parúl faoin alt so ó fhoras meabhair-ghalar do theacht thar n-ais i gceann na tréimhse is cead dó bheith as láthair féadfar, tráth ar bith laistigh d'ocht lá fichead tar éis an tréimhse sin bheith caite, é d'atógaint fé is dá mbeadh sé tar éis éaló as an bhforas san.

Údarás óspidéil mheabhairghalar d'iomaistriú othair go dtí foras eile a bheas á chothabháil acu.

205. —Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, ag gníomhú dhóibh ar chomhairle phríomh-dhochtúra chomhnaithigh a n-óspidéil mheabhair-ghalar cheantair—

(a) othar a bheas á choinneáil san óspidéal san d'iomaistriú go dtí aon fhoras eile a bheas á chothabháil acu, agus

(b) othar a bheas á choinneáil i bhforas (seachas an t-óspidéal san) a bheas á chothabháil acu d'iomaistriú go dtí an t-óspidéal san nó go dtí aon fhoras eile a bheas á chothabháil acu.

Duine d'iomaistriú go dtí óspidéal meabhairghalar ceantair eile.

206. —(1) Más é tuairim údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, ag gníomhú dhóibh ar chomhairle phríomh-dhochtúra chomhnaithigh a n-óspidéil mheabhair-ghalar cheantair, go raghadh sé chun tairbhe do shláinte dhuine a bheas á choinneáil san óspidéal san nó in aon fhoras eile a bheas á chothabháil acu, nó gur gá chun cóireáil speisialta d'fháil don duine sin, é d'iomaistriú go sealadach go dtí óspidéal meabhair-ghalar ceantair eile ina bhféadfar é ghlacadh de bhun socraithe faoin alt so, féadfaidh an t-údarás a iarraidh ar an Aire ordú do dhéanamh ag ordú agus ag údarú an iomaistrithe agus féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, an t-ordú do dhéanamh agus féadfaidh tráth ar bith ina dhiaidh sin, arna iarraidh sin don údarás agus iad ag gníomhú dhóibh mar adúradh, a ordú agus a údarú, le hordú, an duine sin a chur thar n-ais go dtí an t-óspidéal nó an foras eile ónar hiomaistríodh é.

(2) Faoi réir forál fo-ailt (1) den alt so, féadfaidh aon dá údarás óspidéil mheabhair-ghalar socrú chun críocha an fho-ailt sin a dhéanamh agus a chur i ngníomh.

Duine d'iomaistriú go dtí Príomh-Ghealtlann Choiriúil Dúndroma.

207. —(1) I gcás ina ndéanfar—

(a) duine a bheas á choinneáil in óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó i bhforas eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar do chúiseamh i gcionta indíotálta i láthair breithimh den Chúirt Dúiche a shuífeas san óspidéal meabhair-ghalar ceantair sin nó sa bhforas eile sin, agus

(b) fianaise do thabhairt is dóigh leis an mbreitheamh is fianaise prima facie

(i) go ndearna an duine sin an cionta, agus

(ii) go mbeadh sé, dá gcuirtí ar triail é, neamh-inniúil ar phléideáil,

deimhneoidh an breitheamh, le hordú, gur duine oiriúnach chun a iomaistrithe go dtí Príomh-Ghealtlann Choiriúil Dúndroma an duine sin agus bhéarfaidh go gcuirfear cóipeanna den ordú san chun an Aire agus chun feighilteora an óspidéil mheabhair-ghalar cheantair nó an fhorais eile sin.

(2) I gcás ina ndéanfar ordú faoi fho-alt (1) den alt so maidir le duine a bheas á choinneáil in óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó i bhforas eile—

(a) coiméadfar an duine sin san óspidéal meabhair-ghalar ceantair sin nó sa bhforas eile sin agus leanfar d'é choinneáil ann faoi réir aon ordaithe arna dhéanamh faoin bhfo-alt so,

(b) ceanglóidh an tAire ar an gCigire Ospidéal Meabhair-Ghalar an duine sin d'fhiosrú agus tuarascáil ar staid a mheabhrach a thabhairt don Aire,

(c) tar éis dó tuarascáil an Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar a bhreithniú, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a ordú agus a údarú, le hordú, an duine sin d'iomaistriú go dtí Príomh-Ghealtlann Choiriúil Dúndroma.

(3) Féadfaidh an tAire a ordú agus a údarú, le hordú, duine do hiomaistríodh faoi ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt so do chur thar n-ais go dtí an t-óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó an foras eile ónar hiomaistríodh é.

(4) Má chomhaontaíonn agus má dheimhníonn gobharnóir agus liaigh comhnaitheach Phríomh-Ghealtlann Choiriúil Dúndroma agus an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar, maidir le duine do hiomaistríodh faoi ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt so ná fuil sé a thuilleadh ina dhuine mí-mheabhrach, urscaoilfidh an gobharnóir agus an liaigh sin an duine sin agus, más gá san, íocfaidh leis a chostais taistil chun a bhaile féin.

Duine d'aistriú i gcóir cóireála speisialta.

208. —(1) Más é tuairim údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, ag gníomhú dhóibh ar chomhairle phríomh-dhochtúra chomhnaithigh a n-óspidéil mheabhair-ghalar cheantair, gur gá do dhuine a bheas á choinneáil san óspidéal san nó in aon fhoras eile a bheas á chothabháil acu cóireáil (lena n-áirítear cóireáil mháinliachta) ná beidh le fáil ach de bhun an ailt seo, féadfaidh an t-údarás a ordú agus a údarú an duine sin d'aistriú go dtí aon óspidéal nó áit eile ina mbeidh an chóireáil sin le fáil agus ina bhféadfar é ghlacadh de bhun socraithe faoin alt so.

(2) Faoi réir forál fo-ailt (1) den alt so, féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar agus údarás rialaithe aon óspidéil nó áite eile ina mbeidh cóireáil le fáil socrú do dhéanamh agus do chur i ngníomh chun críocha an fho-ailt sin.

(3) Más é tuairim dochtúra freastail dhuine a bheas á choinneáil i bhforas meabhair-ghalar, nach foras a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar, gur gá don duine sin cóireáil (lena n-áirítear cóireáil mháinliachta) ná beidh le fáil ach de bhun an ailt seo, féadfa sé a ordú agus a údarú an duine sin d'aistriú go dtí aon óspidéal nó áit eile ina mbeidh an chóireáil le fáil agus a gcomhaontófar é ghlacadh ann.

(4) I gcás duine d'aistriú faoin alt so ó fhoras meabhair-ghalar, déanfar tuarascáil ina mbeidh sonnraí iomlána i dtaobh a aistrithe do thabhairt don Aire tráth nach déanaí ná trí lá tar éis a aistrithe.

(5) Duine a haistreofar faoin alt so go dtí óspidéal nó áit eile, féadfar é choimeád ann faid is gá chun críche a chóireála agus bhéarfar thar n-ais ansan é go dtí an áit ónar haistríodh é mura ndeimhní dochtúir leighis cláraithe nach gá a thuilleadh é choinneáil.

Duine a chur amach ar iostas.

209. —(1) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar socrú do dhéanamh agus do chur i ngníomh chun aon duine a bheas á choinneáil mar othar ionmhuirir ina n-óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó in aon fhoras eile a bheas á chothabháil acu do chur amach ar iostas i dtigh comhnaithe príobháideach (laistigh nó lasmuigh dá gceantar óspidéil mheabhair-ghalar).

(2) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú iarratasóra an ordaithe ghlactha iomchuibhe, socrú do dhéanamh agus do chur i ngníomh chun aon duine a bheas á choinneáil mar othar phríobháideach ina n-óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó in aon fhoras eile a bheas á chothabháil acu do chur amach ar iostas i dtigh comhnaithe príobháideach (laistigh nó lasmuigh dá gceantar óspidéil mheabhair-ghalar).

(3) Ní déanfar duine a bheas á choinneáil in óspidéal meabhairghalar ceantair nó i bhforas eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar do chur amach ar iostas faoin alt so ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha so leanas:—

(a) go molfaidh príomh-dhochtúir comhnaitheach an óspidéil sin an duine do chur amach ar iostas,

(b) go ndeimhneoidh an príomh-dhochtúir comhnaitheach nach gá don duine cóireáil i bhforas agus nach dainséar dó féin ná do dhaoine eile é,

(c) gur deimhin leis an údarás óspidéil mheabhair-ghalar go mbeidh an duine i dtigh compórdach, go bhfagha sé dóthain bídh agus éadaigh, agus go gcuirfear cóir oiriúnach air thairis sin,

(d) gur deimhin leis an údarás óspidéil mheabhair-ghalar gur duine iontaobhach feighilteoir an tighe chomhnaithe bheartaithe agus go ndéanfa sé do réir na n-ordachán a bhéarfar dó maidir leis an duine a cuirfear amach ar iostas,

(e) ná cuirfear aon duine eile amach ar iostas faoin alt so sa tigh comhnaithe céanna.

(4) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, faoi réir aon rialachán is oiriúnach leis an Aire a dhéanamh chuige sin, coiste nó coistí do cheapadh chun othair a bheas curtha amach ar iostas ag an údarás faoin alt so d'fhiosrú agus chun tuarascáil ar staid na n-othar san agus na dtithe comhnaithe a mbeid amuigh ar iostas iontu do thabhairt don údarás.

Forála is infheidmhe i gcás othar ionmhuirir a chur amach ar iostas.

210. —(1) I gcás ina ndéanfaidh údarás óspidéil mheabhairghalar duine (dá ngairmtear an t-othar sa bhfo-alt so) a bheas á choinneáil mar othar ionmhuirir a chur amach ar iostas faoi alt 209 den Acht so in aon tigh comhnaithe, beidh éifeacht ag na forála so leanas:—

(a) cuirfidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar in iúl don Aire gur cuireadh an t-othar amach ar iostas,

(b) déanfaidh an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe an t-othar d'fhiosrú ó am go ham agus ar a laghad uair amháin gach trí mhí,

(c) déanfaidh príomh-dhochtúir comhnaitheach óspidéil mheabhair-ghalar cheantair an údaráis óspidéil mheabhair-ghalar nó dochtúir oifigiúil eile don óspidéal san an t-othar d'fhiosrú ó am go ham agus ar a laghad dhá uair sa bhliain nó, má ordaíonn an tAire é d'fhiosrú níos minice, chomh minic ar a laghad agus is cuibhe do réir an ordacháin,

(d) aon uair a fiosrófar an t-othar de bhun míre (b) nó (c) den fho-alt so, iontrálfaidh an duine a dhéanfas an fiosrú tuairisc ar an bhfiosrú i leabhar a choimeádfaidh feighilteoir an tighe chomhnaithe agus a thabharfa sé ar áird chun an iontráil sin a dhéanamh ann,

(e) déanfaidh an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe nó an príomhdhochtúir comhnaitheach, ar an údarás óspidéil mheabhair-ghalar dá cheangal air aon eolas a thabhairt i dtaobh an othair nó an tighe chomhnaithe, an t-eolas san a thabhairt uaidh,

(f) déanfaidh an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe nó an príomh-dhochtúir comhnaitheach, mura mbeidh sé sásta le staid an othair nó an tighe chomhnaithe nó má mheasann sé gur gá aon mholadh a dhéanamh maidir leis an othar, tuarascáil speisialta ar an gcás a thabhairt don údarás óspidéil mheabhair-ghalar,

(g) i gcás cabhair dochtúra do bheith ag teastáil ón othar tráth ar bith, déanfaidh feighilteoir an tighe chomhnaithe—

(i) an ní do thuairisciú don oifigeach chúnaimh iomchuibhe nó, i gcás práinne, fios a chur ar dhochtúir oifigiúil an cheantair íclainne ina mbeidh an tigh comhnaithe nó, mura mbeidh an dochtúir sin ar fáil, ar aon dochtúir leighis cláraithe eile, agus

(ii) an ní do thuairisciú don phríomh-dhochtúir chomhnaitheach agus ainm an dochtúra oifigiúil nó an dochtúra leighis chláraithe eile (más ann) ar ar cuireadh fios do luadh sa tuarascáil sin,

(h) má bhíonn an t-othar breoite agus gurb é tuairim dochtúra leighis a bheas ag freastal ar an othar go bhfuil éinní neamhghnáthach ag baint leis an mbreoiteacht ar cheart é chur in iúl don phríomh-dhochtúir chomhnaitheach, tuairisceoidh an dochtúir an bhreoiteacht don phríomh-dhochtúir chomhnaitheach,

(i) féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar tráth ar bith an t-othar d'aistriú go dtí aon fhoras a bheas á chothabháil acu nó go dtí tigh comhnaithe príobháideach eile agus, má éiríonn an t-othar dainséarach dó féin nó do dhaoine eile, beidh de dhualgas ar an údarás óspidéil mheabhair-ghalar é d'aistriú láithreach go dtí foras a bheas á chothabháil acu,

(j) má dhéanann an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar othar d'aistriú de bhun míre (i) den fho-alt so, cuirfid an t-aistriú in iúl don Aire,

(k) féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar, ar mholadh an phríomh-dhochtúra chomhnaithigh, an t-othar d'urscaoileadh má scoireann sé de bheith ina dhuine mí-mheabhrach,

(l) má hurscaoiltear an t-othar, déanfaidh an príomhdhochtúir comhnaitheach, tráth nach déanaí ná seacht lá tar éis a urscaoilte, san a chur in iúl don Aire,

(m) má éagann an t-othar, déanfaidh feighilteoir an tighe chomhnaithe a bhás a chur in iúl láithreach don phríomh-dhochtúir chomhnaitheach,

(n) ar thuairisc d'fháil dó ar bhás an othair, cuirfidh an príomh-dhochtúir comhnaitheach a bhás in iúl don Aire,

(o) is é an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar a chinnfeas an íocaíocht a bheas le déanamh ag an údarás óspidéil mheabhair-ghalar as an othar do chothabháil, d'éadú agus d'aireachasú faid a bheas sé amuigh ar iostas, ach ní raghaidh an íocaíocht san thar pé suim a cheadóidh an tAire,

(p) féadfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar, tráth ar bith, an t-othar d'fhiosrú nó an tigh comhnaithe d'iniúchadh agus bhéarfaidh feighilteoir an tighe chomhnaithe gach saoráid réasúnach don Chigire chun an fiosrú nó an t-iniúchadh san a dhéanamh, agus déanfaidh freisin an leabhar a bheas á choimeád aige chun críocha míre (d) den fho-alt so do thabhairt ar áird chun a iniúchta ag an gcigire.

(2) Má fhaillíonn duine ar bith aon ghníomh a dhéanamh a ceangaltar air le fo-alt (1) den alt so a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcionta faoin alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt a chur air.

Forála is infheidhme i gcás othar príobháideach a chur amach ar iostas.

211. —(1) I gcás ina ndéanfaidh údarás óspidéil mheabhairghalar duine (dá ngairmtear an t-othar sa bhfo-alt so) a bheas á choinneáil mar othar phríobháideach a chur amach ar iostas faoi alt 209 den Acht so in aon tigh comhnaithe, beidh éifeacht ag na forála so leanas:—

(a) cuirfidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar in iúl don Aire gur cuireadh an t-othar amach ar iostas,

(b) déanfaidh príomh-dhochtúir comhnaitheach óspidéil mheabhair-ghalar cheantair an údaráis óspidéil mheabhair-ghalar nó dochtúir oifigiúil eile don óspidéal san an t-othar d'fhiosrú ó am go ham agus ar a laghad uair amháin i ngach trí mhí nó, má ordaíonn an tAire é d'fhiosrú níos minice, chomh minic ar a laghad agus is cuibhe do réir an ordacháin,

(c) aon uair a fiosrófar an t-othar de bhun míre (b) den fho-alt so iontrálfaidh an duine a dhéanfas an fiosrú tuairisc ar an bhfiosrú i leabhar a choimeádfaidh feighilteoir an tighe chomhnaithe agus a thabharfa sé ar áird chun an iontráil sin a dhéanamh ann,

(d) déanfaidh an príomh-dhochtúir comhnaitheach, ar an údarás óspidéil mheabhair-ghalar dá cheangal air aon eolas a thabhairt i dtaobh an othair nó an tighe chomhnaithe, an t-eolas san a thabhairt uaidh,

(e) déanfaidh an príomh-dhochtúir comhnaitheach, mura mbeidh sé sásta le staid an othair nó an tighe chomhnaithe nó má mheasann sé gur gá aon mholadh a dhéanamh maidir leis an othar, tuarascáil speisialta ar an gcás a thabhairt don údarás óspidéil mheabhairghalar,

(f) i gcás cabhair dochtúra do bheith ag teastáil ón othar tráth ar bith, déanfaidh feighilteoir an tighe chomhnaithe—

(i) an ní do thuairisciú don phríomh-dhochtúir chomhnaitheach, nó

(ii) i gcás práinne, fios a chur ar aon dochtúir leighis cláraithe agus ainm an dochtúra san a chur in iúl don phríomh-dhochtúir chomhnaitheach agus a thuairisciú dhó gur cuireadh fios air,

(g) má bhíonn an t-othar breoite agus gurb é tuairim dochtúra leighis a bheas ag freastal ar an othar go bhfuil éinní neamhghnáthach ag baint leis an mbreoiteacht ar cheart é chur in iúl don phríomh-dhochtúir chomhnaitheach, tuairisceoidh an dochtúir an bhreoiteacht don phríomhdhochtúir chomhnaitheach,

(h) féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar, tráth ar bith, an t-othar d'aistriú go dtí aon fhoras a bheas á chothabháil acu nó go dtí tigh comhnaithe príobháideach eile agus, má éiríonn an t-othar dainséarach dó féin nó do dhaoine eile, beidh de dhualgas ar an údarás óspidéil mheabhair-ghalar é d'aistriú láithreach go dtí foras a bheas á chothabháil acu,

(i) má dhéanann an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar an t-othar d'aistriú de bhun míre (h) den fho-alt so, cuirfid an t-aistriú in iúl don Aire,

(j) féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar, ar mholadh an phríomh-dhochtúra chomhnaithigh, an t-othar d'urscaoileadh má scoireann sé do bheith ina dhuine mí-mheabhrach,

(k) má hurscaoiltear an t-othar, déanfaidh an príomh-dhochtúir comhnaitheach, tráth nach déanaí ná seacht lá tar éis a urscaoilte, san a chur in iúl don Aire,

(l) má éagann an t-othar, déanfaidh feighilteoir an tighe chomhnaithe a bhás a chur in iúl láithreach don phríomh-dhochtúir chomhnaitheach,

(m) ar thuairisc d'fháil dó ar bhás an othair, cuirfidh an príomh-dhochtúir comhnaitheach a bhás in iúl don Aire,

(n) féadfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar, tráth ar bith, an t-othar d'fhiosrú nó an tigh comhnaithe d'iniúchadh agus bhéarfaidh feighilteoir an tighe chomhnaithe gach saoráid réasúnach don Chigire chun an fiosrú nó an t-iniúchadh san a dhéanamh agus déanfaidh freisin an leabhar a bheas á choimeád aige chun críocha míre (c) den fho-alt so do thabhairt ar áird chun a iniúchta ag an gCigire.

(2) Má fhaillíonn duine ar bith aon ghníomh a dhéanamh a ceangaltar air le fo-alt (1) den alt so do dhéanamh, beidh sé ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt a chur air.

Socrú i dtaobh cothabhála.

212. —(1) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, ag gníomhú dhóibh ar chomhairle phríomh-dhochtúra chomhnaithigh a n-óspidéil mheabhair-ghalar cheantair agus faoi réir thoiliú an Aire, socrú do dhéanamh agus do chur i ngníomh go gcothabhálfar, in aon fhoras meabhair-ghalar a cheadóidh an tAire chuige sin agus ar feadh pé tréimhse a mheasfaid is ceart, duine ar bith a bheas á choinneáil san óspidéal san nó in aon fhoras eile a bheas á chothabháil acu.

(2) Má dhéanann údarás óspidéil mheabhair-ghalar socrú faoin alt so chun duine ar bith a chothabháil, cuirfid in iúl don Aire an chothabháil do thosnú.

(3) Má déantar duine a bheas á choinneáil mar othar ionmhuirir a chothabháil de bhun an ailt seo, is í ranníoc a bheas le déanamh ag an údarás óspidéil mheabhair-galar a shocraigh an chothabháil i leith costas na cothabhála san ná suim ná raghaidh, gan toiliú an Aire, thar meán-chostas cothabhála othair ionmhuirir in óspidéal meabhair-ghalar ceantair an údaráis sin arna ríomh sa tslí ordaithe.

Duine d'iomaistriú ó fhoras meabhairghalar ná beidhá chothabháil ag údarás óspidéil mheabhairghalar.

213. —(1) An duine a bheas ag seoladh forais mheabhair-ghalar ná beidh á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar féadfa sé, le toiliú an Aire, duine a bheas á choinneáil sa bhforas d'iomaistriú ar mhaithe lena shláinte go dtí aon áit áirithe go ceann aon tréimhse áirithe, agus féadfaidh ó am go ham, le toiliú an Aire, an áit sin d'athrú agus an tréimhse sin d'fhaidiú.

(2) An duine a bheas ag seoladh forais mheabhair-ghalar ná beidh á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar féadfa sé iarratas a chur chun an Aire ag iarraidh ordaithe á údarú duine a bheas á choinneáil sa bhforas faoi ordú glactha d'iomaistriú go dtí foras meabhair-ghalar eile, agus air sin féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, an t-iomaistriú san d'údarú le hordú.

(3) Sar a dtuga an tAire toiliú faoi fho-alt (1) den alt so nó sara ndéana sé ordú faoi fho-alt (2) den alt so, taspánfar dó ceadú i scríbhinn don iomaistriú a bheas beartaithe agus é sínithe ag an duine d'iarr an t-ordú glactha a bhainfeas leis an duine a bheas beartaithe d'iomaistriú mura rud é go ndéanfaidh an tAire, ar chúis chuibhe dá suíomh, taspáint an cheadaithe sin a ligean ar ceal.

Duine d'iomaistriú ar iarratasóir an ordaithe ghlactha dá iarraidh sin.

214. —Má dhéanann an duine d'iarr an t-ordú glactha faoina mbeidh duine á choinneáil i bhforas meabhair-ghalar iarratas a chur chun an Aire ag iarraidh ordaithe á údarú an duine a bheas á choinneáil d'iomaistriú go dtí foras meabhair-ghalar eile, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, an t-iomaistriú san d'údarú le hordú.

Duine a bheas á choinneáil mar othar phríobháideach d'urscaoileadh de dhruim ordacháin.

215. —(1) Duine a bheas á choinneáil i bhforas meabhair-ghalar mar othar phríobháideach urscaoilfear é ar ordachán d'fháil i scríbhinn ón duine do rinne an íocaíocht deiridh i leith an duine a bheas á choinneáil.

(2) Mura mbeidh an duine ar fáil a gcumhachtaítear dó le fo-alt (1) den alt so ordachán a thabhairt, féadfaidh fear céile nó bean chéile an duine a bheas á choinneáil nó, mura mbeidh aon fhear céile nó bean chéile ann nó ná beidh an fear céile nó an bhean chéile ar fáil, athair an duine a bheas á choinneáil nó, mura mbeidh aon athair ann nó ná beidh sé ar fáil, máthair an duine a bheas á choinneáil nó, mura mbeidh aon mháthair ann nó ná beidh sí ar fáil, éinne de na daoine is gaire i ngaol don duine a bheas á choinneáil, an t-ordachán a thabhairt.

(3) Duine a bheas á choinneáil in óspidéal meabhair-ghalar nó i bhforas eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhairghalar, ní hurscaoilfear é faoin alt so ach amháin le ceadú an údaráis.

Mian a bheith ag duine a bheas á choinneáil go nglacfaí é mar othar thoildheonach.

216. —(1) I gcás—

(a) duine a bheas á choinneáil faoi ordú glactha in óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó i bhforas eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar do theacht chun bheith cumasach ar a chur in iúl, agus go gcuirfidh in iúl, gur mian leis go nglacfaí é mar othar thoildheonach i bhforas ceadaithe, agus

(b) an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar maraon leis an bpríomh-dhochtúir comhnaitheach dá cheadú san a dhéanamh, agus

(c) na bearta is gá chuige sin a bheith arna ndéanamh faoi Chuid XV den Acht so,

déanfar an duine a bheas á choinneáil d'urscaoileadh as an óspidéal nó an foras eile sin chun a ghlactha mar othar thoildheonach i bhforas ceadaithe.

(2) Is é a dhéanfas an moladh dá dtagartar i bhfo-alt (3) d'alt 190 den Acht so, i gcás iarratais arna dhéanamh de bhun fo-ailt (1) den alt so maidir le duine a bheas á choinneáil i bhforas agus ná beidh gnáth-chomhnaí air sa cheantar íclainne ina mbeidh an foras, ná an dochtúir oifigiúil údaraithe ar chuibhe gurb é a dhéanfadh an moladh dá mbeadh gnáth-chomhnaí ar an duine sin sa cheantar íclainne sin.

(3) I gcás—

(a) duine a bheas á choinneáil faoi ordú glactha i bhforas príobháideach, i bhforas déirciúil príobháideach, nó i bhforas údaraithe do theacht chun bheith cumasach ar a chur in iúl, agus go gcuirfidh in iúl, gur mian leis go nglacfaí é mar othar thoildheonach i bhforas ceadaithe, agus

(b) feighilteoir an fhorais maraon le príomh-dhochtúir oifigiúil an fhorais dá cheadú san a dhéanamh, agus

(c) na bearta is gá chuige sin a bheith arna ndéanamh faoi Chuid XV den Acht so,

déanfar an duine a bheas á choinneáil d'urscaoileadh as an bhforas san chun a ghlactha mar othar thoildheonach i bhforas ceadaithe.

(4) An tagairt atá i bhfo-alt (3) den alt so do phríomhdhochtúir oifigiúil forais phríobháidigh déanfar, i gcás gur áitreabh chun aon duine amháin a ghlacadh an foras, í léiriú mar thagairt do dhochtúir freastail an duine a glacfar.

Fógra i dtaobh téarnaimh dhuine a bheas á choinneáil mar othar phríobháideach.

217. —(1) Más deimhin le feighilteoir forais mheabhair-ghalar duine a bheas á choinneáil ann mar othar phríobháideach a bheith téarnaithe, bhéarfa sé fógra á rá san don duine do rinne an íocaíocht deiridh i leith an duine a bheas á choinneáil, agus déarfar sa bhfógra go ndéanfar, mura n-aistrítear an duine a bheas á choinneáil roimh dháta sonnraithe nach luaithe ná seacht lá tar éis dáta an fhógra do thabhairt, é d'urscaoileadh.

(2) Mura ndéantar duine a dtabharfar fógra ina thaobh faoin alt so d'aistriú ón bhforas ina mbeidh sé á choinneáil roimh an dáta a sonnrófar chuige sin sa bhfógra, urscaoilfear é láithreach.

(3) Ní tabharfar fógra faoin alt so i dtaobh duine a bheas á choinneáil in óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó i bhforas eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar ach amháin le ceadú an údaráis.

Fógra i dtaobh téarnaimh dhuine a bheas á choinneáil mar othar ionmhuirir.

218. —(1) Más deimhin le feighilteoir óspidéil mheabhair-ghalar cheantair nó forais eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar duine a bheas á choinneáil ann mar othar ionmhuirir a bheith téarnaithe, bhéarfa sé fógra á rá san do pé gaol (más eol dó a leithéid a bheith ann) don duine a bheas á choinneáil a mheasfaidh is ceart, agus déarfar sa bhfógra go ndéanfar, mura n-aistrítear an duine a bheas á choinneáil roimh dháta sonnraithe nach luaithe ná seacht lá tar éis dáta an fhógra do thabhairt, é d'urscaoileadh.

(2) Mura ndéantar duine a dtabharfar fógra ina thaobh faoin alt so d'aistriú ón bhforas ina mbeidh sé á choinneáil roimh an dáta a sonnrófar chuige sin sa bhfógra, urscaoilfear é láithreach.

(3) Ní tabharfar fógra faoin alt so i dtaobh duine a bheas á choinneáil in óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó i bhforas eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar ach amháin le ceadú an údaráis.

(4) Nuair a déanfar, de dhruim fógra faoin alt so, duine a bheas á choinneáil in óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó i bhforas eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'aistriú nó d'urscaoileadh, féadfaidh an t-údarás, má mheasaid gur ceart é, pé suim is réasúnach leo d'íoc leis nó ina thaobh i leith a chostas taistil ar a thuras abhaile.

Duine a bheas á choinneáil mar othar ionmhuirir d'urscaoileadh i gcás nach eol aon ghaol a bheith aige.

219. —(1) Más deimhin le feighilteoir óspidéil mheabhair-ghalar cheantair nó forais eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar duine a bheas á choinneáil ann mar othar ionmhuirir a bheith téarnaithe ach nach eol don fheighilteoir sin aon ghaol don duine a bheas á choinneáil a bhféadfaí fógra do thabhairt dó faoi alt 218 den Acht so, urscaoilfear an duine a bheas á choinneáil.

(2) Ní déanfar duine a bheas á choinneáil in óspidéal meabhairghalar ceantair nó i bhforas eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'urscaoileadh faoin alt so ach amháin le ceadú an údaráis.

(3) Nuair a déanfar duine a bheas á choinneáil in óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó i bhforas eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'urscaoileadh faoin alt so, féadfaidh an t-údarás, má mheasaid gur ceart é, pé suim is réasúnach leo d'íoc leis nó ina thaobh i leith a chostas taistil ar a thuras abhaile.

Iarratas ó ghaol nó cara do dhuine a bheas á choinneáil mar othar ionmhuirir chun an duine sin d'aireachasú.

220. —(1) Féadfaidh aon ghaol nó cara do dhuine a bheas á choinneáil mar othar ionmhuirir in óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó i bhforas eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar iarratas a chur chun feighilteoir an fhorais ag iarraidh ceada chun an duine a bheas á choinneáil d'aireachasú agus, ar an iarratas san d'fháil dó, féadfaidh feighilteoir an fhorais, más oiriúnach leis é agus más deimhin leis go dtabharfar aireachas ceart don duine a bheas á choinneáil, an duine a bheas á choinneáil d'urscaoileadh.

(2) Ní déanfar duine a bheas á choinneáil in óspidéal meabhairghalar ceantair nó i bhforas eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'urscaoileadh faoin alt so ach amháin le ceadú an údaráis.

Deimhniú go bhfuil duine a beartaítear d'urscaoileadh neamhoiriúnach chuige sin.

221. —(1) D'ainneoin éinní dá bhfuil sa Chuid seo den Acht so ní déanfar, ach amháin i gcás ina n-ordóidh an tAire an duine sin d'urscaoileadh faoin Acht so, duine a bheas á choinneáil i bhforas meabhair-ghalar d'urscaoileadh más rud é (i gcás óspidéil mheabhair-ghalar cheantair nó forais eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar) go dtabharfaidh an príomhdhochtúir comhnaitheach, nó (in aon chás eile) a dhochtúir freastail, deimhniú i scríbhinn, ina luafar na fátha atá leis, á dheimhniú an duine sin a bheith dainséarach nó é bheith neamhoiriúnach ar shlí eile chun a urscaoilte.

(2) I gcás deimhniú do thabhairt faoin alt so, beidh éifeacht ag na forála so leanas:—

(a) féadfaidh an duine lena mbainfidh an deimhniú, nó féadfar thar a cheann, fógra i scríbhinn a thabhairt don Aire ag cur i gcoinne an deimhnithe,

(b) ar an bhfógra san d'fháil dó, féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn arna thabhairt d'fheighilteoir an fhorais mheabhair-ghalar iomchuibhe, a cheangal ar an bhfeighilteoir sin cóip den deimhniú do thabhairt don Aire agus déanfaidh an feighilteoir sin do réir an cheanglais sin láithreach,

(c) féadfaidh an tAire, ar an gcóip sin den deimhniú d'fháil dó, a cheangal ar an gCigire Ospidéal Meabhair-Ghalar an duine lena mbainfidh an deimhniú do scrúdú,

(d) tar éis dó tuarascáil an Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar i dtaobh a scrúdaithe ar an duine lena mbainfidh an deimhniú do bhreithniú, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus más rud é ná beidh níos mó ná ceithre lá déag caite ó fuair sé an chóip sin den deimhniú, a ordú, le hordú, an duine lena mbainfidh an deimhniú d'urscaoileadh agus, má ordaíonn an tAire amhlaidh, urscaoilfear an duine sin dá réir sin.

Ordú chun othar a scrúdú.

222. —(1) Féadfaidh duine ar bith iarratas a chur chun an Aire ag iarraidh ordaithe chun duine a bheas á choinneáil i bhforas meabhair-ghalar a scrúdú, ar chostas an iarratasóra, ag beirt dochtúirí leighis cláraithe a cheadóidh an tAire, agus féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, an t-ordú san a dhéanamh.

(2) Má dhéanann an tAire ordú faoi fho-alt (1) den alt so chun duine a bheas á choinneáil i bhforas meabhair-ghalar a scrúdú ag beirt dochtúirí leighis cláraithe déanfar, ar iad do thíolacadh an ordaithe ag an bhforas, na dochtúirí do ligean isteach agus ceadófar dóibh an duine sin a scrúdú ar dhá ócáid, a mbeidh seacht lá ar a laghad eatarthu, agus má dheimhníonn na dochtúirí gur féidir an duine sin d'urscaoileadh gan baol díobhála dó féin ná do dhaoine eile féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a ordú, le hordú, an duine sin d'urscaoileadh agus, má ordaíonn an tAire amhlaidh, urscaoilfear an duine sin dá réir sin.

Duine a hurscaoileadh d'fhiosrú tar éis é bheith á choinneáil mar othar ionmhuirir.

223. —Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar a ordú d'aon dochtúir oifigiúil dá n-óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó d'aon fhoras eile a bheas á chothabháil acu fiosrú do dhéanamh ar dhuine ar bith, a bhí á choinneáil mar othar ionmhuirir san óspidéal nó sa bhforas eile sin agus a hurscaoileadh, chun comhairle do thabhairt dó i dtaobh aon chóireála meabhair-ghalar ar cheart dó dul faoi.

Duine a bheas á choinneáil mar othar ionmhuirir agus a bheas i dteideal cúnaimh phoiblí a chur chun forais cheantair ar é d'urscaoileadh.

224. —I gcás duine a bheas á choinneáil mar othar ionmhuirir in óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó foras eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar agus is duine a bheas i dteideal cúnaimh phoiblí faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , d'urscaoileadh as an óspidéal nó an foras eile sin, féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar, más oiriúnach leo, é chur chun forais cheantair iomchuibhe an cheantair chúnaimh phoiblí inar chomhnaigh sé sar ar cuireadh chun an óspidéil nó an fhorais eile sin é.

Cás-leabhair a chur ar fáil d'údarás óspidéil mheabhairghalar.

225. —Cuirfidh príomh-dhochtúir comhnaitheach óspidéil mheabhair-ghalar cheantair ar fáil ó am go ham don údarás óspidéil mheabhair-ghalar ag á mbeidh an t-óspidéal á chothabháil cás-leabhair a thaspánfas staid mheabhrach na ndaoine a bheas á gcoinneáil san óspidéal agus sna forais eile a bheas á gcothabháil ag an údarás, agus cuirfidh na cás-leabhair sin ar fáil ar chuma go ndéanfar cás-leabhar a thaspánfas staid gach duine faoi leith a bheas á choinneáil amhlaidh a chur faoi bhráid an údaráis uair sa bhliain ar a laghad.

An Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar do scrúdú duine a bheas á choinneáil mar othar shealadach.

226. —(1) Nuair a dhéanfas an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar fiosrú agus iniúchadh a ceangaltar leis an Acht so ar fhoras ceadaithe scrúdó sé gach duine a bheas á choinneáil ann mar othar shealadach agus a glacadh ón uair dheiridh a rinne sé fiosrú agus iniúchadh a ceangaltar leis an Acht so ar an bhforas.

(2) Féadfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar, ar fheighilteoir forais cheadaithe dá iarraidh sin air, duine ar bith a bheas á choinneáil mar othar shealadach sa bhforas a scrúdú.

(3) Más rud é, ar dhuine a bheas á choinneáil mar othar shealadach a scrúdú dhó faoin alt so, gurb é tuairim an Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar gur ceart go bhfanfadh an duine sa bhforas ina mbeidh sé á chóireáil bhéarfaidh an Cigire ráiteas i scríbhinn á rá san d'fheighilteoir an fhorais.

(4) Más rud é, ar dhuine a bheas á choinneáil mar othar shealadach a scrúdú dhó faoin alt so, gurb é tuairim an Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar nach ceart go bhfanfadh an duine sa bhforas ina mbeidh sé á chóireáil, déanfaidh an Cigire tuarascáil ina luadhfaidh a thuairim, na fátha is bonn leis an tuairim, agus pé nótaí eile a mheasfaidh is ceart, a thabhairt don Aire.

Ordachán chun duine a bheas á choinneáil mar othar shealadach, d'urscaoileadh, etc.

227. —Ar thuarascáil faoi fho-alt (4) d'alt 226 den Acht so d'fháil dó, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a ordú, le hordú, d'fheighilteoir an fhorais iomchuibhe an duine lena mbainfidh an tuarascáil d'urscaoileadh nó na bearta oiriúnacha do dhéanamh chun a thabhairt go nglacfar é i bhforas meabhair-ghalar mar dhuine mí-mheabhrach, agus déanfaidh feighilteoir an fhorais do réir an ordacháin sin.

Ordachán chun cóip den ordú agus den deimhniú dochtúra a thabhairt d'othar shealadach.

228. —Féadfaidh an tAire, ar dhuine a bheas á choinneáil mar othar shealadach i bhforas ceadaithe agus a mheasfas é bheith á choinneáil go héagórach dá iarraidh sin i scríbhinn, a ordú, le hordú, d'fheighilteoir an fhorais cóip a thabhairt in aisce don duine a bheas á choinneáil den ordú agus den deimhniú dochtúra ar dá ndruim a bheas sé á choinneáil, agus déanfaidh feighilteoir an fhorais do réir an ordacháin sin.

Duine a éalós d'atógaint.

229. —(1) Féadfaidh comhalta den Ghárda Síochána duine a bheas á choinneáil faoi ordú choinneála agus a éalós d'atógaint tráth nach déanaí ná ocht lá fichead tar éis a éalaithe, agus féadfa sé an duine sin a thabhairt thar n-ais chun na háite ónar éalaigh sé.

(2) Ní déanfar duine a bheas á choinneáil mar othar shealadach d'atógaint ná do thabhairt thar n-ais faoin alt so tar éis sé mhí do bheith caite ón lá do rinneadh an t-ordú glactha a bhainfeas leis nó, má faidíodh an tréimhse sin faoi alt 189 den Acht so, tar éis an tréimhse sin arna faidiú amhlaidh a bheith caite.

(3) Beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir le haon chostais faoina raghaidh an Gárda Síochána faoin alt so:—

(a) déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, na costais sin d'íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas,

(b) déanfaidh an duine freagarthach na costais sin d'aisíoc leis an Aire Dlí agus Cirt agus, mura n-aisíoctar amh laidh iad, féadfar iad d'aisghabháil mar fhiacha gnáthchonnartha in aon chúirt dlínse inniúla,

(c) aon tsuim a ndéanfar í d'aisíoc nó d'aisghabháil amhlaidh íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste í do réir ordachán an Aire Airgeadais.

(4) I bhfo-alt (3) den alt so, ciallaíonn an abairt “an duine freagarthach”—

(a) i gcás an foras meabhair-ghalar as ar éalaigh an t-éalaitheach a bheith cláraithe i gclár a bheas á choimeád ag an Aire faoin Acht so—an duine a mbeidh a ainm iontrálta sa chlár maidir leis an bhforas, agus

(b) i gcás gan an foras meabhair-ghalar as ar éalaigh an t-éalaitheach a bheith cláraithe amhlaidh—an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar nó an duine eile a bheas ag seoladh an fhorais.