An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XVI. Daoine a Bheas a gCoinneail faoi Ordaithe Glactha.) Ar Aghaidh (CUID XVIII. Cumhachta agus Dualgais an Chigire Ospideal Meabhair Ghalar.)

19 1945

AN tACHT CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1945

CUID XVII.

Costas Cothabhala agus Coireala in Ospideil Mheabhair-Ghalar Cheantair d'Aisghabhail.

Dliteanas maidir le gaolta a chothabháil.

230. —(1) Chun críocha an Achta so agus gan dochar d'aon oblagáidí a bheas forchurtha de thuras na huaire le dlí seachas leis an Acht so nó chun críocha an Achta so, beidh éifeacht ag na forála so leanas:—

(a) dlífidh gach duine dlisteanach a athair agus a mháthair nó a hathair agus a máthair a chothabháil;

(b) dlífidh gach duine mí-dhlistineach a mháthair nó a máthair a chothabháil;

(c) dlífidh gach fear an chuid sin dá chlainn dlistineach a bheas de thuras na huaire faoi bhun sé bliana déag d'aois a chothabháil;

(d) dlífidh gach bean an chuid sin dá clainn, dlistineach nó mí-dhlisteanach, a bheas de thuras na huaire faoi bhun sé bliana déag d'aois a chothabháil;

(e) dlífidh gach fear pósta a bhean chéile a chothabháil agus dlífidh freisin gach leanbh, dlisteanach nó mídhlisteanach, lena bhean chéile a saolaíodh di sar ar phós sí é agus a bheas de thuras na huaire faoi bhun sé bliana déag d'aois a chothabháil;

(f) dlífidh gach bean phósta a fear céile a chothabháil.

(2) Gach tagairt atá san Acht so do dhuine a dhlíos duine eile a chothabháil léireofar í mar thagairt a chiallaíos duine a dhlíos de bhuaidh an ailt seo agus chun críocha an Achta so an duine eile sin a chothabháil.

Sonnraí chun a chinneadh cé acu othar ionmhuirir duine áirithe nó nach ea.

231. —I gcás—

(a) ina glacfar duine in óspidéal meabhair-ghalar ceantair, agus

(b) nach eol don údarás óspidéil mheabhair-ghalar a bheas ag cothabháil an óspidéil cé acu othar ionmhuirir an duine nó nach ea, agus

(c) nach é an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar an t-údarás cúnaimh phoiblí don cheantar chúnaimh phoiblí ina raibh gnáth-chomhnaí ar an duine sar ar glacadh é,

déanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar sonnraí ar ainm agus áit chomhnaithe an duine do chur chun an údaráis chúnaimh phoiblí sin agus air sin cuirfidh an t-údarás san sa bhfoirm ordaithe, chun an údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, na sonnraí is gá chun a chumasú don údarás óspidéil mheabhair-ghalar a chinneadh cé acu othar ionmhuirir an duine nó nach ea agus, más othar ionmhuirir é, cad é an ranníoc is cuibhe dhó a dhéanamh nó is cuibhe a dhéanamh thar a cheann i leith costais an chúnaimh óspidéil mheabhair-ghalar a bhéarfar dó.

Dliteanas maidir le ranníoc a dhéanamh i leith costais chúnaimh óspidéil mheabhairghalar.

232. —Má thugann údarás óspidéil mheabhair-ghalar cúnamh óspidéil mheabhair-ghalar do dhuine ar bith (dá ngairmtear an t-othar san alt so), beidh éifeacht ag na forála so leanas:—

(a) gach duine a dhlífeas an t-othar a chothabháil dlífidh ranníoc do réir a acmhainne a dhéanamh i leith an chúnaimh;

(b) féadfaidh an t-údarás iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche, tar éis fógra a thabhairt d'éinne de na daoine a dhlífeas an t-othar a chothabháil ag iarraidh ordaithe á ordú don duine sin ranníoc a dhéanamh i leith costais an chúnaimh;

(c) más rud é, ar iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche ag iarraidh ordaithe faoin alt so, gur deimhin leis an gCúirt an duine a mbeifear ag iarraidh an ordaithe ina choinne do bheith, tráth an iarratais d'éisteacht, acmhainneach ar ranníoc a dhéanamh i leith an chúnaimh, cinnfidh an Chúirt méid an ranníoca a bheas le déanamh aige agus ordóidh dó an ranníoc a cinnfear amhlaidh d'íoc leis an údarás in aon tsuim amháin nó i pé tráthchoda seachtainiúla nó míosúla a mheasfaidh an Chúirt is ceart;

(d) féadfar ordú ón gCúirt Dúiche faoin alt so á ordú íocaíocht a dhéanamh leis an údarás d'fhorfheidhmiú ar an modh céanna agus leis na meáin chéanna ina bhféatar ordú ón gCuirt Dúiche á ordú suim airgid d'íoc i gcás síbhialta d'fhorfheidhmiú;

(e) ní dhéanfaidh an t-údarás, tri iarratais faoin alt so chun na Cúirte Dúiche, suim d'aisghabháil is mó ná costas an chúnaimh nó, i gcás ranníoc a bheith déanta de bhun an ailt seo, is mó ná an difríocht idir an ranníoc agus costas an chúnaimh.

Dliteanas maidir le costas cúnaimh óspidéil mheabhairghalar d'aisíoc.

233. —I gcás údarás óspidéil mheabhair-ghalar a bheith tar éis cúnamh óspidéil mheabhair-ghalar a thabhairt do dhuine ar bith (dá ngairmtear an t-othar san alt so) agus gan aon chuid nó gan ach cuid de chostas an chúnaimh a bheith arna aisíoc leis an údarás, beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir le méid an chostais sin nó leis an gcuid de nár haisíocadh (pé acu é):—

(a) beidh de dhualgas ar an othar nó, i gcás eisean dá fhaillí i bpáirt nó go hiomlán, ar gach duine a dhlífeas é a chothabháil, an méid sin d'aisíoc leis an údarás do réir acmhainne gach duine acu faoi seach;

(b) más dóigh leis an údarás an t-othar a bheith acmhainneach ar iomlán an mhéide sin nó cuid de d'aisíoc leo, féadfaid iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche, tar éis fógra a thabhairt don othar, ag iarraidh ordaithe á ordú don othar aisíoc a dhéanamh mar adúradh agus féadfaidh an Chúirt, más dóigh léi sin a bheith ceart, duine a cheapadh chun an t-othar d'ionadú chun gach críche a bhainfeas leis an iarratas;

(c) más dóigh leis an údarás tráth ar bith an t-othar a bheith neamh-acmhainneach ar an méid sin d'aisíoc leo agus éinne de na daoine do dhligh an t-othar a chothabháil an tráth a tugadh an cúnamh a bheith acmhainneach ar iomlán an mhéide sin nó cuid de d'aisíoc leo, féadfaid iarratas a dhéanamh chun an Cúirte Dúiche, tar éis fógra a thabhairt don duine sin, ag iarraidh ordaithe á ordú dhó aisíoc a dhéanamh mar adúradh;

(d) más rud é ar iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche faoin alt so ag iarraidh aisíoca, gur deimhin leis an gCúirt an duine a mbeifear ag lorg an aisíoca uaidh a bheith, tráth an iarratais d'éisteacht, acmhainneach ar iomlán an mhéide a mbeifear ag lorg a aisíoca nó ar chuid den mhéid sin d'aisíoc, cinnfidh an Chúirt méid an aisíoca a bheas le dhéanamh aige agus ordóidh dó an méid a cinnfear amhlaidh d'aisíoc leis an údarás in aon tsuim amháin nó i pé tráthchoda seachtainiúla nó míosúla a mheasfaidh an Chúirt is ceart;

(e) féadfar ordú ón gCúirt Dúiche faoin alt so á ordú aisíoc a dhéanamh leis an údarás d'fhorfheidhmiú ar an modh céanna agus leis na meáin chéanna ina bhféatar ordú ón gCúirt Dúiche á ordú suim airgid d'íoc i gcás síbhialta d'fhorfheidhmiú;

(f) ní dhéanfaidh an t-údarás, trí iarratais faoin alt so chun na Cúirte Dúiche, suim d'aisghabháil is mó ná an méid sin.

Maoin a leithreasú.

234. —(1) I gcás aon airgead nó urrús ar airgead a bheith dá chuid féin ag duine a bheas ag fáil cúnaimh óspidéil mheabhairghalar i bhforas meabhair-ghalar a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar, féadfaidh an t-údarás—

(a) má bhíonn an t-airgead san ar a sheilbh phearsanta ag an duine sin, an t-airgead san a thógaint agus a leithreasú agus iad féin a chúiteamh i gcostas an chúnaimh óspidéil mheabhair-ghalar a thugadar don duine sin tráth ar bith roimh an airgead san a thógaint, agus an t-iarmhéid (más ann) a choimeád thar ceann an duine,

(b) má bhíonn an t-urrús san ina sheilbh phearsanta ag an duine, é thógaint agus é go léir nó leor-chuid de d'uirdhíol agus iad féin a chúiteamh as an toradh i gcostas an chúnaimh óspidéil mheabhair-ghalar a thugadar don duine sin tráth ar bith roimh an urrús san a thógaint, agus an t-iarmhéid (más ann) a choimeád thar ceann an duine,

(c) in aon chás, an t-airgead nó an t-urrús san a chur ar fáil, trí imeachta dlí iomchuibhe, chun iad féin a chúiteamh as i gcostas an chúnaimh óspidéil mheabhair-ghalar a thugadar don duine tráth ar bith roimh na himeachta a bhunú, agus iad féin a chúiteamh dá réir sin.

(2) I gcás duine a bheas ag fáil cúnaimh óspidéil mheabhairghalar ó údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'fháil bháis agus aon airgead nó maoin eile a bheith dá chuid féin aige tráth a bháis, féadfaidh an t-údarás—

(a) i gcás inar féidir sin, suim a thógaint agus a leithreasú as an airgead san is leor chun iad féin a chúiteamh sa chaiteachas (más ann) faoina ndeachadar ag adhlacadh a choirp agus i gcostas an chúnaimh óspidéil mheabhairghalar a thugadar don duine tráth ar bith roimh a bhás,

(b) i gcás inar féidir san, an mhaoin sin nó leor-chuid di a thógaint agus a uirdhíol agus iad féin a chúiteamh as an toradh sa chaiteachas agus sa chostas san,

(c) in aon chás, an t-airgead nó an mhaoin sin a chur ar fáil, trí imeachta dlí iomchuibhe, chun iad féin a chúiteamh sa chaiteachas agus sa chostas san, agus iad féin a chúiteamh dá réir sin.

(3) Sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so, folaíonn an focal “airgead” airgead i dtaisce i mBanc Taisce an Phoist nó in aon bhanc eile agus folaíonn an abairt “urrús ar airgead” leabhar taisce arna eisiúin ag Banc Taisce an Phoist chun taisceora agus folaíonn freisin Cairt Choigiltis, agus na cumhachta a bheirtear leis na fo-ailt sin faoi seach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar folóid—

(a) i gcás airgid i mBanc Taisce an Phoist, cumhacht, ar sheilbh d'fháil ar an leabhar taisce d'eisigh an Banc san ina leith, chun an t-airgead nó leor-chuid de a tharraing amach do réir rialachán chuige sin arna ndéanamh ag an Aire Airgeadais,

(b) i gcás airgid in aon bhanc eile, cumhacht chun ordú d'iarraidh ar an gCúirt Dúiche á ordú don bhanc an t-airgead nó leor-chuid de d'íoc leis an údarás óspidéil mheabhair-ghalair sin agus, má mheasann an Chúirt sin san a bheith ceart, chun an t-ordú san d'fháil,

(c) i gcás Cairte Coigiltis, cumhacht, ar sheilbh d'fháil ar an gcairt sin, chun an chairt sin d'uirdhíol do réir rialacha chuige sin arna ndéanamh ag an Aire Airgeadais.