An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XVII. Costas Cothabhala agus Coireala in Ospideil Mheabhair Ghalar Cheantair d'Aisghabhail.) Ar Aghaidh (CUID XIX. Ilghneitheach.)

19 1945

AN tACHT CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1945

CUID XVIII.

Cumhachta agus Dualgais an Chigire Ospideal Meabhair-Ghalar.

Cumhacht ghenerálta ag an gCigire Ospidéal Meabhair-Ghalar chun forais Mheabhair-Ghalar d'iniúchadh.

235. —Féadfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis agus tráth ar bith de ló nó d'oíche, aon fhoras meabhair-ghalar d'fhiosrú agus d'iniúchadh agus aon othar ann d'fhiosrú agus do scrúdú.

An Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar do dhéanamh iniúchta tréimhsiúil ar fhorais mheabhairghalar.

236. —(1) Déanfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar gach óspidéal meabhair-ghalar ceantair agus gach foras eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'fhiosrú agus d'iniúchadh uair amháin ar a laghad sa bhliain.

(2) Déanfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar gach foras meabhair-ghalar ná beidh á chothabháil ag údarás meabhair-ghalar ceantair d'fhiosrú agus d'iniúchadh uair amháin ar a laghad gach leath-bhliain.

Dualgais an Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar le linn iniúchadh a dhéanamh.

237. —Nuair a bheas fiosrú agus iniúchadh a ceangaltar leis an Acht so á dhéanamh ag an gCigire Ospidéal Meabhair-Ghalar ar fhoras meabhair-ghalar, déanfaidh—

(a) tuairisc a chur féachaint ar tugadh áird chuibhe, i mbainistí an fhorais, ar an Acht so agus ar na forála a bheas arna ndéanamh faoi,

(b) tuairisc a chur féachaint an ndearnadh daoine a ghlacadh sa bhforas agus d'urscaoileadh as mar is cuibhe,

(c) tuairisc a chur féachaint an bhfuil biathadh na n-othar sásúil,

(d) tuairisc a chur i dtaobh staid mheabhrach agus choirp gach othair faoi leith ar é a ghlacadh agus le linn an fhiosraithe,

(e) tuairisc a chur i dtaobh na saoráidí a bheirtear d'othair chun seirbhísí creidimh do fhreastal agus i dtaobh cabhair eile i gcúrsaí creidimh a bheirtear d'othair,

(f) tuairisc a chur féachaint an bhfuil aon chóras comhéigin, srianta, nó leithlise i bhfeidhm, agus má tá—

(i) cad iad sonnraí an chórais,

(ii) cad iad na meáin trína n-oibrítear é,

(iii) cé acu trí chóireáil liachta nó ar shlí eile a hoibrítear é,

(iv) cad é a thoradh,

(g) tuairisc a chur féachaint cé acu déantar aicmiú ar na hothair nó ná déantar,

(h) tuairisc a chur i dtaobh cúrsaí foirne,

(i) tuairisc a chur i dtaobh obair agus caitheamh aimsire na n-othar agus a dtoradh san,

(j) tuairisc a chur féachaint ar baineadh feidhm as liacht-tríobair nó as aon tsaghas speisialta cóireála agus, má baineadh, cad é a thoradh,

(k) gach páirt de na háitribh sa bhforas d'iniúchadh,

(l) gach duine faoi leith d'fheicsint de na hothair a glacadh ón uair dheiridh a rinne sé fiosrú do réir an Achta so agus iniúchadh a dhéanamh ar na scríbhní lenar húdaraíodh gach othar faoi leith acu san a ghlacadh,

(m) tuairisc a chur i dtaobh smachta sa bhforas,

(n) pé tuairisc eile a chur i dtaobh an fhorais agus na n-othar agus na foirne, agus pé daoine eile d'fheicsint, a mheasfaidh is ceart,

(o) na nithe seo leanas d'iontráil i leabhar a coimeádfar sa bhforas—

(i) dáta an fhiosraithe,

(ii) staid na n-othar ar dháta an fhiosraithe,

(iii) an méid othar atá faoi shrianadh agus na cúiseanna a tugadh chuige sin,

(iv) sonnraí i dtaobh aon neamhrialtachta a tugadh faoi ndeara le linn an fhiosraithe,

(v) aon nótaí eile a mheasfaidh is ceart.

Aire speisialta i gcás iomchuibheacht choinneála a bheith in amhras.

238. —Nuair a fhiosrós an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar aon fhoras meabhair-ghalar bhéarfa sé dá aire go speisialta staid mheabhrach aon othair a bheas á choinneáil ann agus a mbeidh sé amhrasach i dtaobh iomchuibheacht a choinneála nó a mbeidh iarrtha air ag an othar féin nó ag duine éigin eile san a scrúdú agus, má thagann sé ar an tuairim gur gá iomchuibheacht a choinneála a bhreithniú tuilleadh luafaidh an tuairim sin in aon chlár d'othair a bheas á choimeád sa bhforas.

Coinneáil othair i bhforas a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhairghalar a bhreithniú tuilleadh.

239. —(1) I gcás an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar do theacht ar an tuairim gur gá iomchuibheacht choinneála othair a bheas á choinneáil in óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó i bhforas eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar a bhreithniú tuilleadh, tuairisceoidh san don Aire.

(2) Tar éis dó tuarascáil faoi fho-alt (1) den alt so a bhreithniú, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a cheangal ar an gCigire Ospidéal Meabhair-Ghalar an duine lena mbainfidh an tuarascáil d'fhiosrú agus tuarascáil ar staid a mheabhrach a thabhairt don Aire.

(3) Tar éis dó tuarascáil faoi fho-alt (2) den alt so a bhreithniú, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a ordú, le hordú, an t-othar lena mbainfidh an tuarascáil d'urscaoileadh agus, má ordaíonn an tAire amhlaidh, urscaoilfear an t-othar dá réir sin.

Coinneáil othair i bhforas ná beidh á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhairghalar a bhreithniú tuilleadh.

240. —(1) I gcás an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar do theacht ar an tuairim gur gá iomchuibheacht choinneála othair a bheas á choinneáil i bhforas meabhair-ghalar ná beidh á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar a bhreithniú tuilleadh, tuairisceoidh san don Aire.

(2) Tar éis dó breithniú a dhéanamh ar thuarascáil faoi fho-alt (1) den alt so maidir le hothar a bheas á choinneáil i bhforas meabhair-ghalar, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a cheangal ar an gCigire Ospidéal Meabhair-Ghalar agus ar phríomhdhochtúir comhnaitheach an óspidéil mheabhair-ghalar cheantair is gaire don fhoras san (dá ngairmtear na fiosraitheoirí san alt so) an t-othar d'fhiosrú.

(3) Ar an Aire do chur ceanglais faoi fho-alt (2) den alt so orthu, déanfaidh na fiosraitheoirí an t-othar d'fhiosrú dhá uair, a mbeidh ocht lá déag ar a laghad eatarthu.

(4) Is iad na daoine céanna mar fhiosraitheoirí a dhéanfas an chéad fhiosrú agus an dara fiosrú faoin alt so ar othar.

(5) Bhéarfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar fógra cheithre lá déag ar a laghad i dtaobh an dara fiosraithe faoin alt so ar othar—

(a) d'fheighilteoir an fhorais mheabhair-ghalar ina mbeidh an t-othar á choinneáil, agus

(b) más féidir san, don duine gur ar a iarratas a bheas an t-othar á choinneáil.

(6) Maidir le fógra faoi fho-alt (5) den alt so d'fheighilteoir forais mheabhair-ghalar, féadfar (gan dochar do thabhairt an fhógra san in aon tslí eile a húdaraítear leis an Acht so) é a thabhairt trí iontráil iomchuibhe in aon chlár d'othair a bheas á choimeád sa bhforas.

(7) Tar éis dó an dara fiosrú faoin alt so a thabhairt ar othar, bhéarfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar tuarascáil don Aire ar staid mheabhrach an othair.

(8) Tar éis dó tuarascáil faoi fho-alt (7) den alt so a bhreithniú, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a ordú, le hordú, an t-othar lena mbainfidh an tuarascáil d'urscaoileadh agus, má ordaíonn an tAire amhlaidh, urscaoilfear an t-othar dá réir sin.

(9) Féadfaidh an tAire pé suim a bheas ordaithe d'íoc, i leith a sheirbhísí agus a chaiteachais, le príomh-dhochtúir comhnaitheach a déanfas fiosrú faoin alt so.

Ordú ó Uachtarán na hArd-Chúirte chun duine a bheas á choinneáil mar dhuine mímheabhrach d'fhiosrú agus a scrúdú.

241. —Féadfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte, le hordú, a cheangal ar an gCigire Ospidéal Meabhair-Ghalar agus a údarú dhó aon duine a bheas á choinneáil mar dhuine mí-mheabhrach in áit ar bith d'fhiosrú agus a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt d'Uachtarán na hArd-Chúirte ar staid an duine sin.

Scrúdú faoi mhionn.

242. —(1) Féadfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar, chun a dhualgais faoin Acht so a chomhlíonadh, duine ar bith a scrúdú faoi mhionn (a húdaraítear dhó leis seo a chur ar dhaoine).

(2) Duine ar bith a dhiúltós nó a mhainneos go toiliúil eolas a thabhairt faoi mhionn ar an gCigire Ospidéal Meabhair-Ghalar dá cheangal san air de bhun an ailt seo, beidh sé ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt a chur air.

Tuarascáil don Aire.

243. —Bhéarfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar tuarascáil don Aire ar gach fiosrú agus iniúchadh a dhéanfa sé ar fhoras meabhair-ghalar.

Liostaí d'othair, etc., a thaspáint.

244. —(1) Nuair a fhiosrós an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar foras meabhair-ghalar, nach foras chun aon duine amháin a ghlacadh, taspánfar don Chigire—

(a) liost de na hothair ina ndéanfar, i gcás óspidéil mheabhairghalar cheantair nó forais eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar, othair ionmhuirir agus othair eile d'idirdhealú agus ina ndéanfar, i ngach cás, fireannacha agus baineannacha d'idirdhealú agus na hothair a creitear a bheith inleighis a chur in iúl,

(b) gach clár, leabhar, breacachán agus scríbhinn eile a ceangaltar leis an Acht so nó a ceanglófar faoi a choimeád maidir leis an bhforas,

(c) gach scríbhinn i dtaobh aon othair a glacadh sa bhforas ón tráth deiridh a rinne an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar fiosrú,

(d) aon scríbhní eile a iarrfaidh an Cigire i dtaobh othair a glacadh tráth ar bith sa bhforas.

(2) Nuair a fhiosrós an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar foras meabhair-ghalar chun aon duine amháin a ghlacadh, taspánfar don Chigire—

(a) gach clár, leabhar, breacachán, agus scríbhinn eile a ceangaltar leis an Acht so nó a ceanglófar faoi a choimeád maidir leis an bhforas,

(b) más ón tráth deiridh a rinne an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar fiosrú a glacadh an t-othar, na scríbhní d'údaraigh é a ghlacadh,

(c) aon scríbhní eile a iarrfaidh an Cigire i dtaobh an othair.

(3) Nuair a taspánfar leabhar faoin alt so don Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar, deimhneoidh sé air gur taspánadh amhlaidh é.

Saoráidí chun iniúchta.

245. —Nuair a bheas an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar ag iniúchadh aon fhorais mheabhair-ghalar, bhéarfar gach saoráid réasúnach dó is gá chun an t-iniúchadh a dhéanamh agus taspánfar dó gach páirt den fhoras agus gach othar ann.

Cúnamh ó dhochtúir leighis nó ó phríomhdhochtúir comhnaitheach chun foras meabhairghalar d'fhiosrú.

246. —(1) Má bheartaíonn an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar aon fhoras meabhair-ghalar d'fhiosrú, féadfa sé a iarraidh ar aon dochtúir leighis cláraithe a mbeidh comhnaí air laistigh d'achar réasúnach ón bhforas cabhrú leis sa bhfiosrú.

(2) Má bheartaíonn an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar aon fhoras meabhair-ghalar d'fhiosrú nach óspidéal meabhair-ghalar ceantair ná foras eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar, féadfa sé a iarraidh ar phríomh-dhochtúir comhnaitheach an óspidéil mheabhair-ghalar cheantair is gaire dhó cabhrú leis sa bhfiosrú san.

(3) Ní hiarrfar faoin alt so ar dhochtúir leighis cláraithe ag á mbeidh leas go díreach nó go neamhdhíreach i bhforas meabhairghalar an foras san d'fhiosrú.

(4) Féadfaidh an tAire pé suim a bheas ordaithe d'íoc i leith a sheirbhísí agus a chaiteachais le príomh-dhochtúir comhnaitheach nó dochtúir leighis eile a chabhrós faoin alt so i bhfiosrú forais mheabhair-ghalar.

Tuarascáil bhliantúil ar fhoras mheabhairghalar.

247. —(1) Déanfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar tuarascáil a thabhairt don Aire, in aghaidh gach bliana faoi leith, ar gach foras (nach foras chun aon duine amháin a ghlacadh) agus ar aireachasú na n-othar ann agus cuirfidh sa tuarascáil sin cuntas generálta, i leith na bliana san, ar riaradh an dlí a bhaineas le forais mheabhair-ghalar agus le haireachasú, soileas agus cóireáil daoine mí-mheabhracha.

(2) Déanfar gach tuarascáil faoin alt so a leagadh faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas agus cuirfear cóip di go dtí Uachtarán na hArd-Chúirte.

Príomh-Ghealtlann Choiriúil Dúndroma d'iniúchadh.

248. —(1) Féadfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis agus tráth ar bith de ló nó d'oíche, Príomh-Ghealtlann Choiriúil Dúndroma (dá ngairmtear an Ghealtlann san alt so) d'fhiosrú agus d'iniúchadh.

(2) Déanfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar an Ghealtlann d'fhiosrú agus d'iniúchadh uair amháin ar a laghad gach leath-bhliain.

(3) Déanfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar taighdeadh ar aon ghearán i dtaobh riaradh na Gealtlainne nó i dtaobh cóireáil aon iostaí ann.

(4) I gcás ina gcruthófar aon chúiseamh i gcoinne oifigigh nó seirbhísigh don Ghealtlainn ar an gCigire Ospidéal Meabhair-Ghalar dá thaighdeadh, féadfaidh an Cigire, más oiriúnach leis, an t-oifigeach nó an seirbhíseach d'fhionnraí ó chomhlíonadh a dhualgas agus an scéal a thuairisciú don Aire.

(5) Ordóidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar ó am go ham an scála bídh d'iostaithe na Gealtlainne, ach féadfaidh liaigh comhnaitheach agus gobharnóir na Gealtlainne (nó, má bhíonn seisean as láthair, an dochtúir oifigiúil cúnta) pé breiseanna d'ordú a mheasfaidh is gá i gcásanna áirithe.

(6) I gcás iostaí de chuid na Gealtlainne do théarnamh, déanfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar sonnraí ar ainm an iostaí, ar an gcionta ar ina leith a ciontaíodh nó a cúisíodh é, agus ar a charachtar agus a iompar generálta a thabhairt don Aire Dlí agus Cirt.

(7) Bhéarfaidh an Cigire tuarascáil, in aghaidh gach bliana faoi leith, ar an nGealtlainn don Aire, agus cuirfidh sa tuarascáil cuntas generálta i leith na bliana san ar riaradh na Gealtlainne agus ar aireachasú, soileas agus cóireáil na n-iostaithe ann.

(8) Déanfar gach tuarascáil faoi fho-alt (7) den alt so a leagadh faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas.