An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Udarais Ospideil Mheabhair-Ghalar do thogaint Tailimh agus da chur de Laimh.) Ar Aghaidh (CUID IX. Forala Ilghneitheacha a Bhaineas le hUdarais Ospideil Mheabhair-Ghalar.)

19 1945

AN tACHT CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1945

CUID VIII.

Aoisliuntais, etc., d'Oifigigh agus do Sheirbhisigh Udaras Ospideil Mheabhair-Ghalar.

Mínithe chun críocha Coda VIII.

63. —(1) Sa Chuid seo den Acht so—

ciallaíonn an focal “oifigeach” oifigeach a mbaineann a dhualgais le feadhma údaráis óspidéil mheabhair-ghalar faoin Acht so agus—

(a) a thugas iomlán a chuid aimsire do sheirbhís aon údaráis óspidéil mheabhair-ghalar amháin nó níos mó, nó

(b) ar gá dhó de bhuaidh a oifige bheith ina dhochtúir leighis cláraithe,

ach ní fholaíonn an focal san oifigeach a ceapfar chun bheith i seilbh oifige—

(a) go cionn tréimhse sonnraithe, nó

(b) go dtí go mbeidh obair nó dualgas sonnraithe críochnaithe, nó

(c) go dtí go gceapfar duine eile chun bheith i seilbh na hoifige sin, nó

(d) mar oifigeach ionaid;

ciallaíonn an focal “seirbhíseach” seirbhíseach a mbaineann a dhualgais le feadhma údaráis óspidéil mheabhair-ghalar faoin Acht so agus a thugas iomlán a chuid aimsire do sheirbhís aon údaráis óspidéil mheabhair-ghalar amháin nó níos mó, ach ní fholaíonn an focal san seirbhíseach a ceapfar chun bheith i seilbh poist—

(a) go ceann tréimhse sonnraithe, nó

(b) go dtí go mbeidh obair nó dualgas sonnraithe críochnaithe, nó

(c) go dtí go gceapfar duine eile chun bheith i seilbh an phoist sin, nó

(d) mar sheirbhíseach ionaid;

folaíonn na focail “tuarastal” agus “páigh” sochar oifige, ach ní fholaíd íocaíochta in aghaidh breis-aimsire, costais taistil, ná aon liúntais a híoctar i gcóir costais chóiríochta oifige nó chúnaimh chléireachais;

folaíonn an abairt “sochar oifige” gach táille, puntáiste, agus íocaíocht eile a íocann údarás óspidéil mheabhair-ghalar chun a úsáide féin le haon oifigeach nó seirbhíseach dóibh sa cháil sin dó, agus fós luach airgid aon chóiríochta, chiondála, nó liúntais eile in earraí a ghabhas lena oifig nó a fhostaíocht;

ciallaíonn an abairt “an dochtúir oifigiúil iomchuibhe” príomhdhoctúir comhnaitheach an óspidéil mheabhair-ghalar cheantair a chothabhálann an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar iomchuibhe;

ciallaíonn an abairt “Acht 1909” an Asylum Officers Superannuation Act, 1909.

(2) Déanfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, ó am go ham nó mar ordóidh an tAire, a chinneadh, le toiliú an Aire, cad is luach bliantúil in airgead do shochar oifige a n-oifigeach agus a seirbhíseach agus coimeádfaid ar taspáint in áit fheiceálach i ngach foras a bheas á chothabháil acu liost mion-chruinn de na luacha a cinnfear mar adúradh do shochar oifige na n-oifigeach agus na seirbhíseach a bheas ar fostú sa bhforas san.

(3) Chun críocha na Coda so den Acht so, is tuigthe gurb é is méid do thuarastal nó do pháigh bhliantúil oifigigh nó seirbhísigh ná meán-mhéid a thuarastail bhliantúil nó a pháighe bliantúla ar feadh na dtrí mblian dar críoch an lá cinn ráithe díreach roimh lá a scortha de bheith i seilbh oifige nó ar fostú nó, i gcás oifigigh nó seirbhísigh ar giorra ná trí bliana a sheirbhís, meán-mhéid a thuarastail bhliantúil nó a pháighe bliantúla ar feadh tréimhse iomlán a sheirbhíse.

(4) Chun críocha na Coda so den Acht so, is tuigthe gur seirbhís faoi údarás óspidéil mheabhair-ghalar seirbhís oifigigh nó seirbhísigh d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar a tugadh roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so agus ar híocadh ranníoca ina leith faoi Acht 1909 agus, má ba sheirbhís le coiste ar comhbhord is comharba dhóibh an tseirbhís nó aon chuid di, is tuigthe gur seirbhís faoin gcomhbhord an tseirbhís nó an chuid sin den tseirbhís.

(5) I gcás oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhairghalair do thabhairt seirbhíse roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so is seirbhís a mbeadh ranníoca déanta aige ina leith faoi Acht 1909 mura mbeadh gur le linn é bheith á áireamh mar dhuine nárbh oifigeach ná seirbhíseach bunaithe do réir bhrí Achta 1909 a tugadh an tseirbhís sin, féadfaidh an t-oifigeach nó an seirbhíseach sin a ghlacadh de roghain na ranníoca san a dhéanamh tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so d'ainneoin Acht 1909 a bheith athghairmthe agus, ar na ranníoca san a bheith déanta amhlaidh aige, áireofar iad, chun críocha na Coda so den Acht so, mar ranníoca a rinneadh faoi Acht 1909.

Gan feidhm a bheith ag Cuid VIII i gcásanna áirithe.

64. —(1) Más rud é, i gcás duine is oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar i dtosach feidhme na Coda so den Acht so, go raibh an duine sin, díreach roimh an tosach feidhme sin agus de bhuaidh ailt 20 d'Acht 1909, faoi réir forál na n-achtachán a hathghairmeadh le hAcht 1909—

(a) ní bheidh feidhm ag an gCuid seo den Acht so (ach amháin an fo-alt so) maidir leis an duine sin, agus

(b) leanfaidh an duine sin de bheith faoi réir na bhforál san do hathghairmeadh le hAcht 1909.

(2) Duine is oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar i dtosach feidhme na Coda so den Acht so agus ná raibh, díreach roimh an tosach feidhme sin, ina dhuine do bhí, de bhuaidh ailt 20 d'Acht 1909, faoi réir forál na n-achtachán do hathghairmeadh le hAcht 1909, féadfa sé, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, a chur in iúl i scríbhinn don údarás nach mian leis tairbhiú d'fhorála na Coda so den Acht so, agus air sin—

(a) ní bheidh feidhm ag an gCuid seo den Acht so (ach amháin an fo-alt so), agus is tuigthe ná raibh feidhm aici riamh, maidir leis an duine sin, agus

(b) leanfaidh an duine sin, le héifeacht amhail ó thosach feidhme na Coda so den Acht so, de bheith faoi réir na n-achtachán céanna i dtaobh aoisliúntais agus nithe dá shamhail a raibh sé faoina réir díreach roimh an tosach feidhme sin, ach go ndéanfar, in aon chás ina dtonascfar alt 16 d'Acht 1909 maidir leis, an focal “three” a chur in ionad an fhocail “ten” sa dá áit ina bhfuil an focal deiridh sin san alt san 16.

Clár d'oifigigh agus seirbhísigh áirithe.

65. —(1) Coimeádfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar clár de na hoifigigh agus na seirbhísigh a bheas ar fostú acu agus ar a mbeidh aireachas nó cúram othar i ngnáth-chúrsa a bhfostaíochta.

(2) Déanfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, ar oifigeach nó seirbhíseach a bheas ar fostú acu dá iarraidh sin, a chur in iúl dó i scríbhinn cé acu atá nó ná fuil a ainm iontrálta sa chlár a bheas á choimeád acu faoin alt so.

(3) Coimeádfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar ar taspáint in áit fheiceálach i ngach foras a bheas á chothabháil acu fógra á rá go ndéanfaid, ar oifigeach nó seirbhíseach a bheas ar fostú acu dá iarraidh sin, a chur in iúl dó cé acu atá nó ná fuil a ainm iontrálta sa chlár a bheas á choimeád acu faoin alt so.

(4) Ní déanfar aon ainm, seachas ainm oifigigh nó seirbhísigh arb é amháin is fostaíocht dó aireachas nó cúram othar, d'iontráil i gclár a bheas á choimeád faoin alt so ach amháin le toiliú an Aire.

(5) Ní bainfear aon ainm de chlár a bheas á choimeád faoin alt so ach amháin le toiliú an Aire.

(6) Más cúis mhí-shásaimh le hoifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar an t-údarás san dá fhaillí nó dá dhiúltú a ainm d'iontráil sa chlár a bheas á choimeád acu faoin alt so, féadfa sé gearán a chur chun an Aire i scríbhinn agus má ordaíonn an tAire don údarás, tar éis dó an gearán a bhreithniú, ainm an oifigigh nó an tseirbhísigh d'iontráil sa chlár san, déanfaid do réir an ordacháin sin.

Aoisliúntais oifigeach agus seirbhíseach cláraithe.

66. —(1) Baineann an t-alt so le gach oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar—

(a) a mbeidh a ainm cláraithe sa chlár a bheas á choimeád faoin gCuid seo den Acht so ag an údarás, agus

(b) a mbeidh fiche bliain ar a laghad caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, agus

(c) a bheas cúig bliana caogad d'aois ar a laghad.

(2) Faoi réir forál na Coda so den Acht so, aon oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar a éireos as a oifig nó a fhostaíocht nó a scoirfeas ar shlí eile de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta, le linn feidhm a bheith ag an alt so maidir leis, beidh sé i dteideal suimeanna mar leanas d'fháil ón údarás:—

(a) liúntas ar feadh a shaoil a mbeidh a mhéid bliantúil comhdhéanta—

(i) d'fhiche ochtódú dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil, agus

(ii) i gcás aon cheann fichead nó níos mó de bhlianta iomlána a bheith caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, de dhá ochtódú dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil in aghaidh an aonú ceann fichead agus gach ceann faoi leith ina dhiaidh sin (más ann) de na blianta iomlána san, agus

(b) cnapshuim a bheas comhdhéanta—

(i) d'fhiche tríochadú dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil, agus

(ii) i gcás aon cheann fichead nó níos mó de bhlianta iomlána a bheith caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, de dhá thríochadú dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil in aghaidh an aonú ceann fichead agus gach ceann faoi leith ina dhiaidh sin (más ann) de na blianta iomlána san.

Pinsin, etc., d'oifigigh agus seirbhísigh chláraithe ar iad d'éirí éagumasach.

67. —(1) Baineann an t-alt so le gach oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar—

(a) a mbeidh a ainm cláraithe sa chlár a bheas á choimeád faoin gCuid seo den Acht so ag an údarás, agus

(b) a mbeidh deich mbliana ar a laghad caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, agus

(c) a bheas—

(i) tar éis tréimhse is lú ná fiche bliain a chaitheamh i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, nó

(ii) faoi bhun cúig bliana caogad d'aois.

(2) Faoi réir forál na Coda so den Acht so, aon oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar a éireos as a oifig nó a fhostaíocht nó a scoirfeas ar shlí eile de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta, le linn feidhm a bheith ag an alt so maidir leis, de dheascaibh aon díobháil nó easláine choirp nó mheabhrach do bhaint dó nó do theacht air, ar shlí seachas trína mhí-iompar féin, is díobháil nó easláine a ndeimhneoidh an dochtúir oifigiúil iomchuibhe gur chuir sí faoi éagumas buan é maidir le hothair d'aireachasú, beidh sé i dteideal suimeanna mar leanas d'fháil ón údarás:—

(a) i gcás gur giorra ná fiche bliain an tréimhse a bheas caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar—

(i) liúntas ar feadh a shaoil nó a éagumais arb é is méid bliantúil dó an t-ochtódú cuid dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil in aghaidh gach bliana faoi leith dá bhlianta iomlána seirbhíse, agus

(ii) cnapshuim arb é is méid di an tríochadú cuid dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil in aghaidh gach bliana faoi leith dá bhlianta iomlána seirbhíse; agus

(b) i gcás gur fiche bliain nó níos mó an tréimhse a bheas caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar—

(i) liúntas ar feadh a shaoil nó a éagumais a mbeidh a mhéid bliantúil comhdhéanta—

(I) d'fiche ochtódú dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil, agus

(II) i gcás aon cheann fichead nó níos mó de bhlianta iomlána a bheith caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, de dhá ochtódú dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil in aghaidh an aonú ceann fichead agus gach ceann faoi leith ina dhiaidh sin (más ann) de na blianta iomlána san, agus

(ii) cnapshuim a bheas comhdhéanta—

(I) d'fhiche tríochadú dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil, agus

(II) i gcás aon cheann fichead nó níos mó de bhlianta iomlána a bheith caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, de dhá thríochadú dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil in aghaidh an aonú ceann fichead agus gach ceann faoi leith ina dhiaidh sin (más ann) de na blianta iomlána san.

Aoisliúntais oifigeach agus seirbhíseach ná beidh cláraithe.

68. —(1) Baineann an t-alt so le gach oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar—

(a) ná beidh a ainm cláraithe sa chlár a bheas á choimeád faoin gCuid seo den Acht so ag an údarás, agus

(b) a mbeidh fiche bliain ar a laghad caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, agus

(c) a bheas seasca bliain d'aois ar a laghad.

(2) Faoi réir forál na Coda so den Acht so, aon oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar a éireos as a oifig nó a fhostaíocht nó a scoirfeas ar shlí eile de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta, le linn feidhm a bheith ag an alt so maidir leis, beidh sé i dteideal suimeanna mar leanas d'fháil ón údarás:—

(a) liúntas ar feadh a shaoil arb é is méid bliantúil dó an t-ochtódú cuid dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil in aghaidh gach bliana faoi leith dá bhlianta iomlána seirbhíse,

(b) cnapshuim arb é is méid di an tríochadú cuid dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil in aghaidh gach bliana faoi leith dá bhlianta iomlána seirbhíse.

d'oifigigh agus seirbhísigh ná beidh cláraithe ar iad d'éirí éagumasach.

69. —(1) Baineann an t-alt so le gach oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar—

(a) ná beidh a ainm cláraithe sa chlár a bheas á choimeád faoin gCuid seo den Acht so ag an údarás, agus

(b) a mbeidh deich mbliana ar a laghad caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, agus

(c) a bheas—

(i) tar éis tréimhse is giorra ná fiche bliain a chaitheamh i seirbhís údaráis óspidéil mheabhairghalar, nó

(ii) faoi bhun seasca bliain d'aois.

(2) Faoi réir forál na Coda so den Acht so, aon oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar a éireos as a oifig nó a fhostaíocht nó a scoirfeas ar shlí eile do bheith i seilbh oifige nó fostaíochta, le linn feidhm a bheith ag an alt so maidir leis, de dheascaibh aon díobháil nó easláine choirp nó mheabhrach do bhaint dó nó do theacht air, ar shlí seachas trína mhí-iompar féin, is díobháil nó easláine a ndeimhneoidh an dochtúir oifigiúil iomchuibhe gur chuir sí faoi éagumas buan é maidir lena dhualgais a chomhlíonadh, beidh sé i dteideal suimeanna mar leanas d'fháil ón údarás:—

(a) liúntas ar feadh a shaoil nó a éagumais arb é is méid bliantúil dó an t-ochtódú cuid dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil in aghaidh gach bliana faoi leith dá bhlianta iomlána seirbhíse, agus

(b) cnapshuim arb é is méid di an tríochadú cuid dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil in aghaidh gach bliana faoi leith dá bhlianta iomlána seirbhíse.

Iocaíocht i gcás oifigeach nó seirbhíseach d'éag.

70. —I gcás oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'éag le linn dó bheith ina seirbhís agus cúig bliana nó níos mó ná san a bheith caite ag an oifigeach nó an seirbhíseach san i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar ar ina seirbhís a éagfas sé (pé acu a bheas nó ná beidh deontas tugtha ag an údarás san ina leith faoi alt 77 nó 78 den Acht so), as a gcomhairle féin, íocaíocht acu so leanas a dhéanamh le hionadaí pearsanta dlíthiúil an oifigigh nó an tseirbhísigh sin:—

(a) i gcás ina mbeadh an t-oifigeach nó an seirbhíseach san, dá mba rud é nár éag sé ach gur éirigh sé as a oifig nó a fhostaíocht tráth a éagtha, i dteideal cnapshuim d'fháil faoin gCuid seo den Acht so—an chnapshuim sin nó tuarastal nó páigh bliana (pé acu sin is mó), nó

(b) in aon chás eile—tuarastal nó páigh bliana.

Pinsean, etc., d'oifigigh agus seirbhísigh ar dhíobháil, is ionchurtha i leith a ndualgas, do bhaint dóibh nó ar easláine do theacht orthu i gcomhlíonadh a ndualgas.

71. —(1) I gcás—

(a) díobháil do bhaint, ar shlí seachas trína mhí-iompar féin, d'oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhairghalar le linn dó bheith ag comhlíonadh a dhualgas, agus

(b) an díobháil a bheith ionchurtha go díreach i leith cineáil a dhualgas, agus

(c) an dochtúir oifigiúil iomchuibhe dá dheimhniú é bheith faoi éagumas buan de dheascaibh na díobhála chun a dhualgais a chomhlíonadh, agus

(d) tréimhse is giorra ná deich mbliana a bheith caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar,

féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar ar ina seirbhís a bhainfeas an díobháil dó, as a gcomhairle féin ach faoi réir thoiliú an Aire agus forál na Coda so den Acht so, pé liúntas bliantúil agus cnapshuim a dheonadh dhó a mheasfaid is cuibhe ag féachaint do thosca uile an cháis.

(2) Déanfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, nuair a bheas méideanna an liúntais bhliantúil agus na cnapshuime a bheas le deonadh faoi fho-alt (1) den alt so d'oifigeach nó seirbhíseach díobhálta á gcinneadh acu, áird a thabhairt, go sonnrach, ar aon íocaíocht a bheas déanta nó le déanamh ag an údarás maidir le haon éileamh ón oifigeach nó ón seirbhíseach san ar shlí seachas faoin gCuid seo den Acht so i leith na díobhála a bhain dó.

(3) I gcás—

(a) aon easláine choirp nó mheabhrach do theacht, ar shlí seachas trína mhí-iompar nó a mhainneachtain féin, ar oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhairghalar, a mbeidh a ainm iontrálta sa chlár a bheas á choimeád faoin gCuid seo den Acht so ag an údarás san, i seirbhís an údaráis sin, agus

(b) an dochtúir oifigiúil iomchuibhe dá dheimhniú é bheith faoi éagumas buan de dheascaibh na heasláine chun a dhualgais a chomhlíonadh, agus

(c) tréimhse chúig bliana nó tréimhse is sia ná san agus is giorra ná deich mbliana a bheith caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar,

féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar ar ina seirbhís a thiocfas an easláine air, as a gcomhairle féin ach faoi réir thoiliú an Aire agus forál na Coda so den Acht so, pé liúntas bliantúil agus cnapshuim a dheonadh dhó a mheasfaid is cuibhe ag féachaint do thosca uile an cháis.

(4) Ní raghaidh méid aon liúntais nó cnapshuime a deonfar faoi fho-alt (3) den alt so thar an méid dob iomchuibhe dá mbeifí á dheonadh faoi alt 67 den Acht so ar an mbonn go raibh ag an deonaí dhá oiread na huimhreach de bhlianta iomlána seirbhíse a bhí aige iarbhfír.

Pinsean, etc., i gcásanna speisialta áirithe.

72. —(1) Deonfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, d'aon oifigeach nó seirbhíseach ina seirbhís a mbeidh deich mbliana ar a laghad caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar agus

(a) a cuirfear as a oifig nó a fhostaíocht ar chúis seachas mí-iompar nó éagumas, nó

(b) a gcuirfear deireadh lena oifig nó a fhostaíocht, nó

(c) a mbeidh, dar leis an Aire, athrú substainteach chun dochair dó tagtha ar a staid de dheascaibh athrú a dhéanamh ar a choinníollacha seirbhíse gan cúis réasúnach, agus a éireos as a oifig nó a fhostaíocht le toiliú an Aire,

pé liúntas bliantúil agus cnapshuim a mheasfaid is cuibhe ag féachaint do thosca uile an cháis.

(2) I gcás ina dtiocfaidh oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar chun bheith i dteideal liúntas agus cnapshuim a dheonadh dhó faoin alt so agus ina mbeadh sé freisin, mura mbeadh an fo-alt so, i dteideal liúntais agus cnapshuime arna ndeonadh de bhun ailt 66 nó ailt 68 den Acht so, ní bheidh an t-oifigeach nó an seirbhíseach sin i dteideal an liúntais agus na cnapshuime is déanaí a luaitear ach, gan dochar d'alt 73 den Acht so, ní bheidh an liúntas agus an chnapshuim faoi seach a deonfar dó faoin alt so níos lú ná an liúntas agus an chnapshuim faoi seach a deonfaí dhó faoin alt san 66 nó faoin alt san 68 (pé acu é) mura mbeadh an fo-alt so.

Liúntas a laghdú i gcásanna áirithe.

73. —(1) Bainfidh an t-alt so le gach oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar—

(a) a bheas tar éis éirí as a oifig nó a fhostaíocht nó a mbeidh scortha aige ar shlí eile de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta, agus

(b) a bheas i dteideal liúntas d'fháil faoin gCuid seo den Acht so ón údarás, agus

(c) ná dearna a dhualgais mar oifigeach nó seirbhíseach dóibh a chomhlíonadh chun a sástachta.

(2) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, maidir le haon oifigeach nó seirbhíseach dá gcuid is oifigeach nó seirbhíseach lena mbaineann an t-alt so, a chinneadh, faoi réir thoiliú an Aire, go ndéanfar an liúntas is iníoctha acu leis faoin gCuid seo den Acht so a laghdú pé méid a mheasfaid is cóir, agus air sin beidh an t-oifigeach nó an seirbhíseach san i dteideal an liúntas san d'fháil arna laghdú amhlaidh agus ní ar aon tslí eile.

Liúntas agus cnapshuim oifigigh nó seirbhísigh a bhreisiú i gcás díobhála is ionchurtha i leith a dhualgas do bhaint dó nó easláine do theacht air i gcomhlíonadh a dhualgas.

74. —(1) I gcás—

(a) díobháil a bhaint, ar shlí seaches trína mhí-iompar féin, d'oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhairghalar, le linn dó bheith ag comhlíonadh a dhualgas, agus

(b) an díobháil a bheith ionchurtha go díreach i leith cineáil a dhualgas, agus

(c) an dochtúir oifigiúil iomchuibhe dá dheimhniú é bheith faoi éagumas buan de dheascaibh na díobhála chun a dhualgais a chomhlíonadh, agus

(d) deich mbliana nó níos mó ná san a bheith caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar,

féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar ar ina seirbhís a bhainfeas an díobháil do, as a gcomhairle féin ach faoi réir thoiliú an Aire agus forál na Coda so den Acht so, an liúntas agus an chnapshuim a mbeidh sé ina dteideal faoin gCuid seo den Acht so (ach amháin an t-alt so) a bhreisiú pé méid a mheasfaid is ceart agus beidh sé i dteideal dá réir sin an liúntas agus an chnapshuim sin arna mbreisiú amhlaidh d'fháil uathu.

(2) Déanfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, nuair a bheas méideanna na mbreisithe a bheas le deonadh faoi fho-alt (1) den alt so d'oifigeach nó seirbhíseach díobhálta á gcinneadh acu, áird a thabhairt, go sonnrach, ar aon íocaíocht a bheas déanta nó le déanamh ag an údarás maidir le haon éileamh ón oifigeach nó ón seirbhíseach san ar shlí seachas faoin gCuid seo den Acht so i leith na díobhála a bhain dó.

(3) I gcás—

(a) aon easláine choirp nó mheabhrach do theacht, ar shlí seachas trína mhí-iompar nó a mhainneachtain féin, ar oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhairghalar, a mbeidh a ainm iontrálta sa chlár a bheas á choimeád faoin gCuid seo den Acht so ag an údarás san, i seirbhís an údaráis sin, agus

(b) an dochtúir oifigiúil iomchuibhe dá dheimhniú é bheith faoi éagumas buan de dheascaibh na heasláine chun a dhualgais a chomhlíonadh, agus

(c) deich mbliana nó níos mó ná san a bheith caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar,

féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar ar ina seirbhís a thiocfas an easláine air, as a gcomhairle féin ach faoi réir thoiliú an Aire agus forál na Coda so den Acht so, an liúntas agus an chnapshuim a mbeidh sé ina dteideal faoin gCuid seo den Acht so (ach amháin an t-alt so) a bhreisiú pé méid a mheasfaid is ceart agus beidh sé i dteideal dá réir sin an liúntas agus an chnapshuim sin arna mbreisiú amhlaidh d'fháil uathu.

(4) Ní raghaidh méid aon bhreisithe a deonfar faoi fho-alt (3) den alt so ar liúntas nó cnapshuim thar méid na difríochta idir an liúntas nó an chnapshuim sin agus an liúntas nó an chnapshuim a mbeadh an deonaí ina theideal faoin gCuid seo den Acht so (ach amháin an t-alt so) dá gcuirtí deich mbliana leis an méid a bheas caite aige de bhlianta iomlána seirbhíse.

Marthain éagumais d'fhionnadh.

75. —(1) Má bhíonn duine i dteideal faoi alt 67, alt 69 nó alt 71 den Acht so liúntas d'fháil nó má bhíonn sé i dteideal faoi alt 74 den Acht so liúntas breisithe d'fháil, beidh éifeacht ag na forála so leanas:—

(a) déanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar ag á mbeidh an liúntas iníoctha a fhionnadh ó am go ham cé acu mhaireann éagumas an duine sin nó ná maireann agus, chuige sin, féadfaid a cheangal air dul ó am go ham faoi pé scrudaithe dochtúra a shocróid;

(b) má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn an duine sin dul faoi aon scrúdú dochtúra den tsórt san, scoirfe sé de bheith i dteideal an liúntas d'fháil;

(c) má dheimhníonn dhá dhochtúir leighis chláraithe ar a laghad go bhfuil deireadh le héagumas an duine sin, féadfaidh an t-údarás, as a gcomhairle féin ach faoi réir thoiliú an Aire, an liúntas a chealú agus, má dhéanaid amhlaidh, scoirfidh an duine sin de bheith i dteideal an liúntas d'fháil amhail ó dháta a chealaithe agus féadfaidh an t-údarás, as a gcomhairle féin, post ina seirbhís a thairgsin dó a bheas, ó thaobh cineáil agus ó thaobh ráta tuarastail nó páighe, ar aon chothrom ar a laghad leis an bpost a bhí aige nuair a bhí sé ina seirbhís roimhe sin.

(2) Na hoblagáidí a bheas ar údarás óspidéil mheabhair-ghalar faoin alt so maidir le haon duine áirithe a bheas ag fáil liúntais, scoirfid—

(a) i gcás ainm an duine sin a bheith, díreach roimh é d'éirí as a oifig nó a fhostaíocht nó do scor ar shlí eile de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta, iontrálta sa chlár a bheas á choimeád ag an údarás faoin gCuid seo den Acht so—ar chúig bliana caogad a bheith slán ag an duine sin, agus

(b) in aon chás eile—ar seasca bliain a bheith slán ag an duine sin.

(3) Má dhéanann dochtúir leighis cláraithe duine a scrúdú chun críocha an ailt seo agus nach oifigeach don údarás óspidéil mheabhair-ghalar a shocraigh an scrúdú an dochtúir sin, íocfaidh an t-údarás san táille giní leis an dochtúir sin as an scrúdú.

(4) Ní thabharfaidh éinní dá bhfuil san alt so go mbeidh aon tréimhse sheirbhíse faoi údarás óspidéil mheabhair-ghalar ag aon oifigeach nó seirbhíseach dá gcuid ionáirithe níos mó ná uair amháin chun cnapshuim is iníoctha faoin gCuid seo den Acht so a ríomh.

Aiscí pósta.

76. —I gcás—

(a) ina bhfágfaidh ban-oifigeach nó ban-tseirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar seirbhís an údaráis sin chun pósadh, agus

(b) ina mbeidh cúig bliana ar a laghad caite aici i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, agus

(c) ina ndéanfa sí, laistigh de thrí mhí (nó pé tréimhse is sia ná san, ach nach sia ná sé mhí, a cheadóidh an tAire, más oiriúnach leis é in aon chás áirithe) tar éis i d'fhágaint a seirbhíse amhlaidh, deimhniú pósta á chruthú gur pósadh í laistigh den tréimhse sin a thaspáint don údarás óspidéil mheabhair-ghalar a mbeidh sí tar éis a seirbhís d'fhágaint,

déanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar a mbeidh sí tar éis a seirbhís d'fhágaint aisce d'íoc léi arb é bheas inti an dóú cuid déag dá tuarastal nó dá páigh bhliantúil in aghaidh gach bliana faoi leith dá blianta iomlána seirbhíse, ach san faoi réir na teorann ná beidh an aisce níos mó ná a tuarastal nó a páigh bhliantúil.

Liúntais do bhaintreacha i gcásanna áirithe.

77. —(1) I gcás oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'éag le linn dó bheith ina seirbhís de dheascaibh díobhála a bhain dó, ar shlí seachas trína mhí-iompar nó a mhainneachtain féin, le linn dó bheith ag comhlíonadh a dhualgas agus baintreach an oifigigh nó an tseirbhísigh sin do mharthain dá éis, féadfaidh an t-údarás (pé acu a bheas nó ná beidh deontas tugtha acu i leith an oifigigh nó an tseirbhísigh sin faoi alt 70 den Acht so), as a gcomhairle féin ach faoi réir thoiliú an Aire agus forál na Coda so den Acht so, pé liúntas a mheasfaid is ceart a dheonadh don bhaintreach ar feadh a saoil.

(2) Déanfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, nuair a bheas méid aon liúntais a bheas le deonadh faoi fho-alt (1) den alt so do bhaintreach á chinneadh acu, áird a thabhairt, go sonnrach, ar aon íocaíocht a bheas déanta nó le déanamh ag an údarás maidir le haon éileamh ón mbaintreach ar shlí seachas faoin gCuid seo den Acht so i leith báis a fir chéile.

(3) I gcás oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhairghalar, a mbeidh a ainm iontrálta sa chlár a bheas á choimeád faoin gCuid seo den Acht so ag an údarás san, d'éag le linn dó bheith ina seirbhís de dheascaibh aon easláine choirp nó mheabhrach do theacht air, ar shlí seachas trína mhí-iompar nó a mhainneachtain féin, i seirbhís an údaráis sin agus baintreach an oifigigh nó an tseirbhísigh sin do mharthain dá éis, féadfaidh an t-údarás (pé acu a bheas nó ná beidh deontas tugtha acu i leith an oifigigh nó an tseirbhísigh sin faoi alt 70 den Acht so), as a gcomhairle féin ach faoi réir thoiliú an Aire agus forál na Coda so den Acht so, pé liúntas a mheasfaid is ceart a dheonadh don bhaintreach ar feadh a saoil.

(4) Údarás óspidéil mheabhair-ghalar a bheas tar éis liúntas a dheonadh faoin alt so féadfaid, faoi réir thoiliú an Aire agus forál na Coda so den Acht so, an liúntas san a laghdú, a bhreisiú, a chealú, nó a athdheonadh (i gcás é bheith cealaithe roimhe sin) in aon tosca is dóigh leo a bheir gur ceart san a dhéanamh.

Liúntas i leith leanbhaí i gcásanna áirithe.

78. —(1) I gcás oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'éag le linn dó bheith ina seirbhís de dheascaibh díobháil do bhaint dó, ar shlí seachas trína mhí-iompar nó a mhainneachtain féin, le linn dó bheith ag comhlíonadh a dhualgas agus an t-oifigeach nó an seirbhíseach san a bheith ina bhaintreach fir nó ina baintreach mná agus leanbh cleithiúnach amháin nó níos mó faoi bhun sé bliana déag d'aois do mharthain d'éis an oifigigh nó an tseirbhísigh sin, féadfaidh an t-údarás (pé acu a bheas nó ná beidh deontas tugtha acu i leith an oifigigh nó an tseirbhísigh sin faoi alt 70 den Acht so), as a gcomhairle féin ach faoi réir thoiliú an Aire agus forál na Coda so den Acht so, pé liúntas a mheasfaid is ceart a dheonadh i leith an linbh nó gach duine de na leanbhaí.

(2) Déanfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, nuair a bheas méid aon liúntais a bheas le deonadh faoi fho-alt (1) den alt so i leith báis oifigigh nó sheirbhísigh á chinneadh acu, áird a thabhairt, go sonnrach, ar aon íocaíocht a bheas déanta nó le déanamh ag an údarás maidir le haon éileamh, thar ceann an linbh a mbeidh an liúntas le deonadh ina leith, ar shlí seachas faoin gCuid seo den Acht so i dtaobh an bháis sin.

(3) I gcás oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhairghalar, a mbeidh a ainm iontrálta sa chlár a bheas á choimeád faoin gCuid seo den Acht so ag an údarás san, d'éag le linn dó bheith ina seirbhís de dheascaibh aon easláine choirp nó mheabhrach do theacht air, ar shlí seachas trína mhí-iompar nó a mhainneachtain féin, i seirbhís an údaráis sin agus an t-oifigeach nó an seirbhíseach san a bheith ina bhaintreach fir nó ina baintreach mná agus leanbh cleithiúnach amháin nó níos mó faoi bhun sé bliana déag d'aois do mharthain d'éis an oifigigh nó an tseirbhísigh sin, féadfaidh an t-údarás (pé acu a bheas nó ná beidh deontas tugtha acu i leith an oifigigh nó an tseirbhísigh sin faoi alt 70 den Acht so), as a gcomhairle féin ach faoi réir thoiliú an Aire agus forál na Coda so den Acht so, pé liúntas a mheasfaid is ceart a dheonadh i leith an linbh nó gach duine de na leanbhaí.

(4) Déanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar a dheonfas liúntas faoin alt so an liúntas d'íoc le pé duine a mheasfaid is ceart ó am go ham chun é chaitheamh thar ceann an linbh ar ina leith a deonadh é.

(5) Údarás óspidéil mheabhair-ghalar a bheas tar éis liúntas a dheonadh faoin alt so féadfaid, faoi réir thoiliú an Aire agus forál na Coda so den Acht so, an liúntas san a laghdú, a bhreisiú, a chealú, nó a athdheonadh (i gcás é bheith cealaithe roimhe sin) in aon tosca is dóigh leo a bheir gur ceart san a dhéanamh.

(6) Beidh deireadh ar fad le liúntas faoin alt so ar an leanbh ar ina leith a deonadh an liúntas do shlánú sé bliana déag d'aois nó ar é d'éag roimhe sin.

Teora le liúntais agus cnapshuimeanna.

79. —(1) D'ainneoin éinní dá bhfuil sa Chuid seo den Acht so—

(a) ní bheidh aon liúntas faoin gCuid seo den Acht so níos mó—

(i) i gcás liúntais faoi alt 77 den Acht so, ná an tríú cuid de thuarastal nó de pháigh bhliantúil an oifigigh nó an tseirbhísigh a bheas i gceist,

(ii) in aon chás eile, ná leath an tuarastail nó na páighe bliantúla san,

(b) ní bheidh aon chnapshuim faoin gCuid seo den Acht so níos mó ná oiread go leith an mhéide is tuarastal nó páigh bhliantúil don oifigeach nó don tseirbhíseach a bheas i gceist.

(2) Chun críocha míre (a) d'fho-alt (1) den alt so, déanfar dhá liúntas nó níos mó faoi alt 78 den Acht so i leith báis an aon duine amháin d'áireamh mar aon liúntas amháin arna chomhdhéanamh de chomhshuim na liúntas san.

Easnaimh áirithe d'íoc.

80. —I gcás oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar, a thiocfas chun bheith i dteideal liúntas agus cnapshuim d'fháil ón údarás faoin gCuid seo den Acht so, d'éag tráth a bheas comhshuim na n-íocaíocht a bheas déanta ar scór an liúntais agus na chnapshuime faoi bhun a thuarastail nó a pháighe bliantúla, íocfaidh an t-údarás le hionadaí pearsanta dlíthiúil an oifigigh nó an tseirbhísigh sin an méid a bheas an chomhshuim sin faoi bhun a thuarastail nó a pháighe bliantúla.

Liúntas a gheallbhroid i gcás mí-iompair mhóir.

81. —(1) I gcás oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar a chur as a oifig nó a dhíbhe de dheascaibh mí-iompair mhóir, ní bheidh sé i dteideal aon liúntas ná cnapshuim d'fháil faoin gCuid seo den Acht so is liúntas nó cnapshuim a bheas iontagartha i bpáirt nó go hiomlán dá sheirbhís faoi údarás óspidéil mheabhair-ghalar roimh é a chur as a oifig nó a dhíbhe amhlaidh.

(2) An t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar ar ina seirbhís a bhí oifigeach nó seirbhíseach lena mbainfidh an t-alt so díreach roimh é a chur as a oifig nó a dhíbhe, féadfaid, as a gcomhairle féin, suim is ionann agus iomlán comhshuime nó cuid de chomhshuim a ranníoc faoin gCuid seo den Acht so d'íoc (faoi réir an phrovíso a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 31 den Finance Act, 1922) leis an oifigeach nó an seirbhíseach san nó le duine ar bith nó i leith duine ar bith a dhlífeas sé a chothabháil.

(3) San alt so, ciallaíonn an abairt “mí-iompar mór” mí-iompar a ndéanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar, ar ina seirbhís a bhí an t-oifigeach nó an seirbhíseach iomchuibhe díreach roimh é a chur as a oifig nó a dhíbhe, a chinneadh, le toiliú an Aire, gur mí-iompar mór é.

Seirbhís d'áireamh.

82. —(1) An tseirbhís uile, pé acu seirbhís leanúnach í nó nach ea, a bhéarfaidh oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar faoi aon údarás óspidéil mheabhair-ghalar agus is seirbhís mar oifigeach nó seirbhíseach, déanfar í do chur i gcomhshuim agus d'áireamh chun críocha na Coda so den Acht so.

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt so, aon uair agus a mhinice a fhágfas oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhairghalar seirbhís an údaráis sin agus gur giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse dá sheirbhís leanúnach leo mar oifigeach nó seirbhíseach a chríochnós ar an dáta ar a bhfágfa sé a seirbhís, ní déanfar a sheirbhís ar feadh na tréimhse sin a chur i gcomhshuim ná d'áireamh chun críocha na Coda so den Acht so.

(3) An tseirbhís uile, pé acu seirbhís leanúnach í nó nach ea, a bhéarfaidh oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhairghalar faoi aon údarás áitiúil seachas údarás óspidéil mheabhairghalar agus is seirbhís is ionáirithe ag an údarás áitiúil sin chun críocha aoisliúntais, déanfar í a chur i gcomhshuim agus d'áireamh chun críocha na Coda so den Acht so fé is dá mba sheirbhís le húdarás óspidéil mheabhair-ghalar í.

(4) D'ainneoin fo-ailt (3) den alt so—

(a) aon uair agus a mhinice a fhágfas oifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil seachas údarás óspidéil mheabhairghalar seirbhís an údaráis sin agus gur giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse dá sheirbhís leanúnach leo, is seirbhís is ionáirithe acu chun críocha aoisliúntais, a chríochnós ar an dáta ar a bhfágfa sé a seirbhís, ní bheidh a sheirbhís ar feadh na tréimhse sin ionchurtha i gcomhshuim ná ionáirithe chun críocha na Coda so den Acht so,

(b) ní déanfar seirbhís le húdarás áitiúil, seachas údarás óspidéil mheabhair-ghalar, a mbeidh aoisliúntas deonta ag an údarás áitiúil sin ina leith, a chur i gcomhshuim ná d'áireamh chun críocha na Coda so den Acht so.

(5) Murab ionann na sochair aoisliúntais nó na coinníollacha a cháilíos duine le haghaidh aoisliúntais i gcás oifigigh d'údarás áitiúil, seachas údarás óspidéil mheabhair-ghalar, agus i gcás oifigigh nó seirbhísigh d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar, cinnfidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, cad iad na modhnaithe (más ann), ar comhréir leis an difríocht idir na sochair nó na coinníollacha san faoi seach, a déanfar ar aon tsuim a deonfar, in aon chás áirithe, faoin gCuid seo den Acht so do réir an ailt seo.

Liúntas a laghdú ar an bhfáltaí a cheapadh chun oifige nó fostaíochta.

83. —(1) I gcás duine ar bith, lena n-íocfar liúntas faoin gCuid seo den Acht so, a cheapadh chun aon oifige nó fostaíochta ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar nó ag aon údarás áitiúil eile nó chun aon oifige nó fostaíochta lena ngabhann luach saothair a híoctar as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, beidh éifeacht, faid a bheas sé i seilbh na hoifige nó na fostaíochta san, ag na forála so leanas:—

(a) i gcás an luach saothair a ghabhfas leis an oifig nó an fhostaíocht san a bheith comhionann leis an luach saothair nó níos mó ná an luach saothair a ghabh leis an oifig nó an fhostaíocht ar ina leith a deonadh an liúntas—ní híocfar an liúntas leis an duine sin;

(b) in aon chás eile—ní híocfar leis an duine sin ach an oiread den liúntas agus a dhéanfas, i dteannta an luach saothair a ghabhfas leis an oifig nó an fhostaíocht san, suim is cóimhéid leis an luach saothair a ghabh leis an oifig ar ina leith a deonadh an liúntas.

(2) Maidir le liúntas is iníoctha ag údarás óspidéil mheabhairghalar agus a mbeidh ranníoc ina leith á dhéanamh ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar eile, má bhíonn agus faid a bheas sé, de bhun an ailt seo, gan íoc, ní híocfar an ranníoc ach oiread.

(3) Maidir le liúntas is iníoctha ag údarás óspidéil mheabhairghalar agus a mbeidh ranníoc ina leith á dhéanamh ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar eile, má bhíonn agus faid a bheas sé, de bhun an ailt seo, arna laghdú, laghdofar an ranníoc an chionúireacht chéanna a bheas an liúntas arna laghdú.

Liúntais áirithe a laghdú.

84. —(1) I gcás duine lena mbeidh liúntas á íoc toisc é do scor, roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so nó dá éis, de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta (dá ngairmtear an tsean-oifig san alt so) lenar ghabh luach saothar a híocadh as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó chun ar cheap údarás áitiúil seachas údarás óspidéil mheabhair-ghalar é, má dhéanann údarás óspidéil mheabhair-ghalar an duine sin a cheapadh chun aon oifige nó fostaíochta (dá ngairmtear an oifig nua san alt so), beidh éifeacht, faid a bheas sé i seilbh na hoifige nua, ag na forála so leanas:—

(a) i gcás tuarastal nó páigh na hoifige nua do bheith comhionann le tuarastal nó páigh na sean-oifige nó níos mó ná é—ní híocfar an liúntas leis an duine sin;

(b) in aon chás eile—ní híocfar leis an duine sin ach an oiread den liúntas agus a dhéanfas, i dteannta tuarastail nó páighe na hoifige nua, suim is comhmhéid le tuarastal nó páigh na sean-oifige.

(2) Maidir le liúntas is iníoctha ag duine ar bith agus a mbeidh ranníoc ina leith á dhéanamh ag duine eile, má bhíonn agus faid a bheas sé, de bhun an ailt seo, gan íoc, ní híocfar an ranníoc ach oiread.

(3) Maidir le liúntas is iníoctha ag duine ar bith agus a mbeidh ranníoc ina leith á dhéanamh ag duine eile, má bhíonn agus faid a bheas sé, de bhun an ailt seo, arna laghdú, laghdófar an ranníoc an chionúireacht chéanna a bheas an liúntas arna laghdú.

Ranníoca.

85. —(1) Faoi réir forál na Coda so den Acht so, déanfaidh oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar gach bliain faoi leith a trí faoin gcéad dá thuarastal nó dá pháigh don bhliain sin a ranníoc chun críocha na Coda so den Acht so agus bainfear méid an ranníoca san ó am go ham as a thuarastal nó a pháigh.

(2) I gcás ná déanfar asbhaint is cuibhe a dhéanamh faoin alt so ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar as tuarastal nó páigh oifigigh nó seirbhísigh, féadfaidh an t-údarás an tsuim a bheas i gceist d'aisghabháil trína coimeád as aon tsuim a bheas dlite dhíobh don oifigeach nó don tseirbhíseach nó trí aon liúntas nó cnapshuim is iníoctha acu faoin gCuid seo den Acht so leis an oifigeach nó an seirbhíseach nó ina leith a choimeád siar.

(3) Gach ranníoc a bheas íoctha faoi Acht 1909 ag oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar, déanfar, más iomchuibhe, é d'áireamh mar ranníoc faoin gcuid seo den Acht so.

Ranníoca d'aisíoc.

86. —(1) Más rud é—

(a) go gcaillfidh oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar a oifig nó a fhostaíocht ar aon chúis seachas mí-iompar nó éirí-as toildheonach, agus

(b) go mbeidh tréimhse is lú ná deich mbliana caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar,

déanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar ar ina seirbhís a bhí sé díreach sar ar chaill sé a oifig nó a fhostaíocht, ach amháin i gcás ina ndeonfaidh an t-údarás san deontas dó faoi alt 71 den Acht so, comhshuim a ranníoc faoin gCuid seo den Acht so d'íoc leis (faoi réir an phrovíso a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 31 den Finance Act, 1922).

(2) Má éiríonn oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar as a seirbhís go toildheonach agus ná beidh sé air sin i dteideal liúntais faoin gCuid seo den Acht so, féadfaidh an t-údarás, as a gcomhairle féin, suim is ionann agus iomlán comhshuime nó cuid de chomhshuim a ranníoc faoin gCuid seo den Acht so d'íoc leis (faoi réir an phrovíso a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 31 den Finance Act, 1922).

(3) Má éagann oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar le linn dó bheith ina seirbhís agus go mbeidh tréimhse is giorra ná cúig bliana caite ag an oifigeach nó an seirbhíseach san i seirbhís óspidéil mheabhair-ghalar, féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar ar ina seirbhís a éagfas sé (pé acu a bheas nó ná beidh deontas tugtha ag an údarás san ina leith faoi alt 77 nó 78 den Acht so), as a gcomhairle féin, comhshuim ranníoc an oifigigh nó an tseirbhísigh sin faoin gCuid seo den Acht so d'íoc lena ionadaí pearsanta dlíthiúil (faoi réir an phrovíso a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 31 den Finance Act, 1922).

(4) I gcás—

(a) ina bhfágfaidh ban-oifigeach nó ban-tseirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar seirbhís an údaráis sin chun pósadh, agus

(b) ina mbeidh tréimhse is giorra na cúig bliana caite aici i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, agus

(c) ina ndéanfa sí, laistigh de thrí mhí (nó pé tréimhse is sia ná san, ach nach sia ná sé mhí, a cheadóidh an tAire, más oiriúnach leis é in aon chás áirithe) tar éis í d'fhágaint a seirbhíse amhlaidh, deimhniú pósta á chruthú gur pósadh í laistigh den tréimhse sin a thaspáint don údarás óspidéil mheabhair-ghalar a mbeidh sí tar éis a seirbhís d'fhágaint,

déanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar a mbeidh sí tar éis a seirbhís d'fhágaint comhshuim a ranníoc faoin gCuid seo den Acht so d'íoc léi, faoi réir an phrovíso a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 31 den Finance Act, 1922.

(5) Má déantar oifigeach nó seirbhíseach a gheobhaidh íocaíocht faoin alt so a cheapadh ina dhiaidh sin chun seirbhíse údaráis mheabhair-ghalar, ní déanfar aon tseirbhís a bheas tugtha ag an oifigeach nó an seirbhíseach san faoi aon údarás óspidéil mheabhairghalar roimh é cheapadh amhlaidh a chur i gcomhshuim ná a áireamh chun críocha na Coda so den Acht so mura ndéantar, ar é a cheapadh amhlaidh, an íocaíocht san a thabhairt thar n-ais don údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'íoc í.

(6) Má tugtar íocaíocht thar n-ais d'údarás óspidéil mheabhairghalar faoi fho-alt (5) den alt so agus go mbeidh ranníoc déanta faoin gCuid seo den Acht so i leith na híocaíochta san ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar eile, bhéarfaidh an chéad údarás a luaitear méid an ranníoca thar n-ais don údarás eile sin.

Pinsin, etc., a shannadh.

87. —(1) Beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir le haon íocaíocht (dá ngairmtear an deontas san alt so) is iníoctha faoin gCuid seo den Acht so ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar le duine ar bith (dá ngairmtear an fáltaí san alt so), sé sin le rá:—

(a) beidh gach sannadh agus muirearú ar an deontas agus gach comhaontú chun an deontas a shannadh nó a mhuirearú gan bhrí, ach amháin sa mhéid gur chun tairbhe do theaghlach an fháltaí a déanfar é, agus i gcás féimhíochta an fháltaí ní híocfar an deontas le haon iontaobhaí ná duine eile a bheas ag gníomhú thar ceann an chreidiúnaí,

(b) má tugtar aon chúnamh poiblí de bhun an Achta um Chúnamh Phoiblí, 1939 ( Uimh. 27 de 1939 ), don fháltaí nó do dhuine ar bith a dhlífidh sé faoin Acht san a chothabháil, féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhairghalar iomlán an deontais nó aon chuid de d'íoc leis an údarás cúnaimh phoiblí a bhéarfaidh an cúnamh, agus féadfar an méid den deontas a híocfar amhlaidh a chur chun aisíoctha aon tsuimeanna a bheas caite ar an gcúnamh san agus, faoina réir sin, déanfaidh an t-údarás cúnaimh phoiblí é d'íoc leis an bhfáltaí nó a chur chun tairbhe dhó,

(c) má mhainníonn an fáltaí duine ar bith a chothabháil a dhlífidh sé a chothabháil, féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar, as a gcomhairle féin, iomlán an deontais nó aon chuid de d'íoc leis an duine sin nó a chur chun tairbhe dhó,

(d) má chítear don údarás óspidéil mheabhair-ghalar gur duine mí-mheabhrach an fáltaí nó go bhfuil sé ar shlí eile éagumasach ar ghníomhú, féadfaid pé méid den deontas a mheasfaid is ceart d'íoc leis an bhforas nó an duine ar a mbeidh cúram an fháltaí, agus féadfaid an t-iarmhéid (más ann) nó pé cuid de is oiriúnach leo d'íoc chun nó mar chabhair chun cothabhála agus tairbhe mná céile nó fir chéile nó gaolta cleithiúnacha an fháltaí,

(e) má bhíonn an fáltaí nó an t-oifigeach nó an seirbhíseach ar ina leith a bheas an deontas iníoctha tar éis bás d'fháil agus go mbeidh suim nach mó ná céad punt dlite ar scór an deontais, féadfar, más oiriúnach leis an údarás óspidéil mheabhair-ghalar é, déanamh d'éagmais probháide nó cruthúnais eile ar theideal ionadaithe pearsanta an duine mhairbh agus féadfar an tsuim d'íoc leis na daoine nó d'iomdháil ar na daoine a chífear don údarás óspidéil mheabhair-ghalar a bheith i dteideal tairbheach eastáit phearsanta an duine mhairbh nó í d'íoc le haon duine nó daoine áirithe dhíobh san nó d'iomdháil orthu nó, i gcás gur duine mí-dhlisteanach an duine marbh, í d'íoc le pé daoine nó d'iomdháil ar pé daoine is oiriúnach leis an údarás óspidéil mheabhair-ghalar, agus beidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar agus aon oifigeach dóibh a dhéanfas an íocaíocht saor ó gach dliteanas maidir le haon íocaíocht nó iomdháil den tsórt san,

(f) aon tsuim is iníoctha le mion-aoiseach ar scór an deontais féadfar í d'íoc leis an mion-aoiseach nó le pé duine is oiriúnach leis an údarás óspidéil mheabhair-ghalar ar pé coinníollacha is oiriúnach leo chun tairbhe don mhionaoiseach,

(g) má dhéanann an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar íocaíocht le duine ar bith de bhun an ailt seo, beidh admháil an duine sin ina cúiteántas maith ar an suim a híocfar.

(2) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, rialacha a dhéanamh á cheangal dearbhaithe a dhéanamh chun aon chríche a bhainfeas le híocaíochta a déanfar de bhun an ailt seo agus ní bheidh duine lenarb indéanta aon íocaíocht den tsórt san i dteideal an íocaíocht san d'fháil má fhaillíonn sé aon dearbhú a dhéanamh a ceanglófar air a dhéanamh leis na rialacha san.

(3) Duine ar bith a dhéanfas go toilteannach mí-ráiteas i dtaobh éinní thábhachtaigh in aon dearbhú a dhéanfa sé faoi riail ar bith a déanfar faoin alt so, beidh sé ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt a chur air nó príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná trí mhí.

Oifigeach nó seirbhíseach do theacht chun bheith ina Stát-Sheirbhíseach.

88. —(1) I gcás—

(a) duine—

(i) ná raibh cúig bliana caogad slán aige a cheapadh roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht so chun poist bhunaithe i stát-sheirbhís an Stáit, nó

(ii) ná beidh cúig bliana caogad slán aige a cheapadh tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so chun poist bhunaithe i stát-sheirbhís an Stáit, agus

(b) an duine sin a bheith, roimh é cheapadh amhlaidh, ag íoc ranníoc faoi Acht 1909 nó faoin gCuid seo den Acht so i leith oifige nó fostaíochta a mbaineann a dualgais leis na nithe céanna lena mbaineann dualgais an poist bhunaithe sin, agus

(c) gan na ranníoca san a bheith íoctha thar n-ais leis an duine sin nó, má híocadh thar n-ais leis iad, iad a bheith aisíoctha aige faoi Acht 1909 nó faoin gCuid seo den Acht so,

is tuigthe, chun críocha na nAcht Aoisliúntas, 1834 go 1942, gur seirbhís i bpost bunaithe i stát-sheirbhís an Stáit, na seirbhísí de chuid an duine sin ar híocadh na ranníoca san ina leith.

(2) Murab ionann na sochair aoisliúntais nó na coinníollacha a cháilíos duine le haghaidh aoisliúntais i gcás stát-sheirbhísigh agus i gcás duine a íocas ranníoca faoi Acht 1909 nó faoin gCuid seo den Acht so, féadfaidh an tAire Airgeadais a chinneadh cad iad na modhnaithe (más ann), ar comhréir leis an difríocht idir na sochair nó na coinníollacha san faoi seach, a déanfar ar an tsuim a deonfar, in aon chás áirithe, de bhuaidh fo-ailt (1) den alt so faoi na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1942.

(3) Má déantar aon íocaíocht le duine ar bith do réir an ailt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais a chinneadh cad é an chuid nó cad iad na coda den íocaíocht a híocfar as aon chiste nó cistí lena ndearna an duine sin ranníoca faoin gCuid seo den Acht so nó faoi Acht 1909, agus air sin íocfaidh an t-údarás nó na húdaráis óspidéil mheabhair-ghalar iomchuibhe leis an Aire sin as an gciste nó na cistí sin an tsuim nó na suimeanna faoi seach a chinnfe sé mar adúradh.

Stát-Sheirbhíseach do theacht chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach.

89. —(1) I gcás—

(a) oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhairghalar a bheith, díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, ag íoc ranníoc faoi Acht 1909, agus

(b) an t-oifigeach nó an seirbhíseach san do thosnú ar na ranníoca san d'íoc roimh chúig bliana caogad a bheith slán aige, agus

(c) an t-oifigeach nó an seirbhíseach san a bheith, díreach roimh é do thosnú ar na ranníoca san d'íoc, i seilbh poist bhunaithe i stát-sheirbhís an Stáit ar bhain a dhualgais leis na nithe céanna lenar bhain dualgais na hoifige nó na fostaíochta a raibh sé ag íoc na ranníoc san ina leith,

is tuigthe, chun críocha na Coda so den Acht so, gur seirbhís faoi údarás óspidéil mheabhair-ghalar seirbhís an oifigigh nó an tseirbhísigh sin sa phost bunaithe sin, mura bhfuair sé cúiteamh as é chailliúint.

(2) I gcás duine a bheas i seilbh poist bhunaithe i stát-sheirbhís an Stáit do theacht chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar a mbainfidh dualgais a oifige nó a fhostaíochta leis na nithe céanna lenar bhain dualgais an phoist bhunaithe sin, is tuigthe, chun críocha na Coda so den Acht so, gur seirbhís faoi údarás óspidéil mheabhair-ghalar seirbhís an duine sin sa phost bunaithe sin, mura bhfuair sé cúiteamh as é chailliúint.

(3) Murab ionann na sochair aoisliúntais nó na coinníollacha a cháilíos duine le haghaidh aoisliúntais i gcás stát-sheirbhísigh agus i gcás oifigigh nó seirbhísigh d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar, féadfaidh an tAire Airgeadais a chinneadh cad iad na modhnaithe (más ann), ar comhréir leis an difríocht idir na sochair nó na coinníollacha san faoi seach, a déanfar ar aon tsuim a deonfar, in aon chás áirithe, faoin gCuid seo den Acht so do réir an ailt seo.

(4) Má dhéanann údarás óspidéil mheabhair-ghalar aon íocaíocht le duine ar bith do réir an ailt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais pé ranníoc is réasúnach leis a dhéanamh i leith na híocaíochta as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas agus íocfa se an ranníoc leis an údarás san.

Ranníoca i gcás reirbhíse le níos mó ná aon údarás óspidéil mheabhairghalar amháin.

90. —I gcás ina mbeidh liúntas, cnapshuim, aisce phósta, aisíoc ranníocanna, nó íocaíocht eile iníoctha faoin gCuid seo den Acht so ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar (dá ngairmtear an t-údarás íocach san alt so) le duine ar bith nó i leith duine ar bith toisc é a scor de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta fúthu agus ina ndearnadh, nuair a bhí méid an liúntais, na cnapshuime, na haisce, an aisíoca, nó na híocaíochta eile á chinneadh, aon tseirbhís d'áireamh do thug an duine sin faoi údarás óspidéil mheabhairghalar eile nó faoi údarás áitiúil seachas údarás óspidéil mheabhair-ghalar (dá ngairmtear an t-údarás ranníocach san alt so), aisíocfaidh an t-údarás ranníocach leis an údarás íocach cuid den liúntas, den chnapshuim, den aisce, den aisíoc nó den íocaíocht eile a háiríodh do réir seirbhíse agus páighe nó do réir ranníocanna an duine sin faoin gcomhlucht ranníocach agus do réir na dtosca inar scoir sé de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta faoin údarás íocach, agus cinnfear an chuid sin trí chomhaontú idir an t-údarás íocach agus an t-údarás ranníocach nó, cheal comhaontaithe, cinnfidh an tAire í.

Seirbhís le húdarás óspidéil mheabhairghalar d'áireamh ar údarás áitiúil seachas údarás óspidéil mheabhairghalar do dheonadh aoisliúntais.

91. —(1) An tseirbhís uile, pé acu seirbhís leanúnach í nó nach ea, a bhéarfaidh oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar déanfar, i gcás é do theacht chun bheith ina oifigeach nó sheirbhíseach d'údarás áitiúil seachas údarás óspidéil mheabhair-ghalar, í a chur i gcomhshuim agus d'áireamh chun aon aoisliúntas a dheonadh agus a ríomh is iníoctha leis ag an údarás áitiúil sin.

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt so—

(a) aon uair agus a mhinice a fhágfas oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar seirbhís an údaráis sin agus gur giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse dá sheirbhís leanúnach leo a chríochnós ar an dáta ar a bhfágfa sé a seirbhís, ní bheidh a sheirbhís ar feadh na tréimhse sin ionchurtha i gcomhshuim ná ionáirithe do réir fo-ailt (1) den alt so;

(b) ní déanfar seirbhís a ndearnadh íocaíocht ina leith faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) nó fo-alt (4) d'alt 86 den Acht so a chur i gcomhshuim ná d'áireamh do réir fo-ailt (1) den alt so mura dtugtar an íocaíocht san thar n-ais don údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'íoc í.

(3) Má tugtar íocaíocht thar n-ais d'údarás óspidéil mheabhairghalar faoi fho-alt (2) den alt so agus go mbeidh ranníoc déanta faoin gCuid seo den Acht so i leith na híocaíochta san ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar eile, bhéarfaidh an chéad údarás a luaitear méid an ranníoca thar n-ais don údarás eile sin.

(4) I gcás ina mbeidh aoisliúntas iníoctha ag údarás áitiúil seachas údarás óspidéil mheabhair-ghalar (dá ngairmtear an t-údarás íocach sa bhfo-alt so) le duine toisc é a scor de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta fúthu agus ina ndearnadh, nuair a bhí méid an liúntais á chinneadh, aon tseirbhís a thug an duine sin faoi údarás óspidéil mheabhair-ghalar (dá ngairmtear an t-údarás ranníocach sa bhfo-alt so) d'áireamh do réir fo-ailt (1) den alt so, aisíocfaidh an t-údarás ranníocach leis an údarás íocach cuid den liúntas a háiríodh do réir seirbhíse agus páighe nó do réir ranníocanna an duine sin faoin údarás ranníocach agus do réir na dtosca inar scoir sé de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta faoin údarás íocach, agus cinnfear an chuid sin trí chomhaontú idir an t-údarás íocach agus an t-údarás ranníocach nó, cheal comhaontaithe, cinnfidh an tAire í.

Achomharc chun an Aire.

92. —(1) I gcás—

(a) ina n-éireoidh oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar as a oifig nó a fhostaíocht nó ina scoirfidh ar shlí eile de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta faoin údarás, agus

(b) inar cúis mhí-shásaimh leis an oifigeach nó an seirbhíseach méid an deontais a dheonfaidh an t-údarás dó de bhun na Coda so den Acht so nó an t-údarás dá mhainneachtain nó dá dhiúltú deontas a dheonadh dhó de bhun na Coda so den Acht so,

féadfaidh an t-oifigeach nó an seirbhíseach, laistigh de shé mhí (nó pé tréimhse is sia ná san, ach nach sia ná dhá mhí dhéag, a cheadóidh an tAire, más oiriúnach leis é in aon chás áirithe) tar éis é d'éirí as a oifig nó a fhostaíocht nó do scor ar shlí eile de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta, fíorais an cháis a chur in iúl don Aire agus féadfaidh an tAire, más deimhin leis go bhfuil cúis mhaith mhí-shásaimh ag an oifigeach nó an seirbhíseach, aon deontas a dheonadh don ofigeach nó don tseirbhíseach a mheasfaidh bheith ceart agus ba chumas don údarás a dheonadh agus beidh éifeacht ag an deontas san faoi is dá mba é an t-údarás a dheon é agus in ionad an deontais (más ann) a dheon an t-údarás.

(2) I gcás—

(a) ina n-éagfaidh oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar, agus

(b) inar cúis mhí-shásaimh le hionadaí pearsanta dlíthiúil an duine mhairbh nó, má ba bhaintreach fir an duine marbh agus go mairfidh leanbh cleithiúnach amháin nó níos mó faoi bhun sé bliana déag d'aois dá éis, le duine ar bith a bheas ag gníomhú thar ceann an linbh nó na leanbhaí, méid an deontais a bheas deonta de bhun na Coda so den Acht so ag an údarás i leith an duine mhairbh nó an t-údarás dá mhainneachtain nó dá dhiúltú deontas a dheonadh de bhun na Coda so den Acht so i leith an duine mhairbh,

féadfaidh an t-ionadaí nó an duine sin, laistigh de shé mhí (nó pé tréimhse is sia ná san ach nach sia ná dhá mhí dhéag, a cheadóidh an tAire, más oiriúnach leis é in aon chás áirithe) tar éis bháis an duine mhairbh, fíorais an cháis a chur in iúl don Aire agus féadfaidh an tAire, más deimhin leis go bhfuil cúis mhaith mhíshásaimh ag an ionadaí nó an duine sin, aon deontas a dheonadh i leith an duine mhairbh a mheasfaidh bheith ceart agus ba chumas don údarás a dheonadh agus beidh éifeacht ag an deontas san fé is dá mba é an t-údarás a dheon é agus in ionad an deontais (más ann) a dheon an t-údarás.

(3) Más rud é, i gcás ina mbeidh fo-alt (1) nó fo-alt (3) d'alt 77 den Acht so infheidhme, gur cúis mhí-shásaimh le baintreach oifigigh nó sheirbhísigh mhairbh d'údarás óspidéil mheabhairghalar an t-údarás dá mhainneachtain nó dá dhiúltú deontas a dheonadh dhi de bhun an fho-ailt sin, féadfa sí, laistigh de shé mhí (nó pé tréimhse is sia ná san, ach nach sia ná dhá mhí dhéag, a cheadóidh an tAire, más oiriúnach leis é in aon chás áirithe) tar éis bháis an duine mhairbh, fíorais an cháis a chur in iúl don Aire agus féadfaidh an tAire, más deimhin leis go bhfuil cúis mhaith mhí-shásaimh aici, aon deontas a dheonadh dhi a mheasfaidh bheith ceart agus ba chumas don údarás a dheonadh agus beidh éifeacht ag an deontas san fé is dá mba é an t-údarás a dheon é.

Aois-teora.

93. —(1) Féadfaidh an tAire a dhearbhú, le rialacháin, aon aois shonnraithe, a bheith ina haois-teora do na hoifigigh uile d'údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, do na hoifigigh sin d'údaráis óspidéil mheabhair-ghalar a bhaineas le haicme, saghas nó grád sonnraithe nó d'oifigeach nó oifigigh sonnraithe d'údarás óspidéil mheabhairghalar.

(2) Féadfaidh an tAire a dhearbhú, le rialacháin, aon aois sonnraithe a bheith ina haois-teora do na seirbhísigh uile d'údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, do na seirbhísigh sin d'údaráis óspidéil mheabhair-ghalar a bhainfeas le haicme, saghas no grád sonnraithe nó do sheirbhíseach nó seirbhísigh sonnraithe d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar.

(3) Tiocfaidh dearbhú faoin alt so i bhfeidhm sé mhí tar éis an lae a déanfar é.

(4) Más rud é, an lá a thiocfas dearbhú faoin alt so i bhfeidhm, go sroichfidh oifigeach nó seirbhíseach lena mbainfidh an dearbhú an aois, nó go mbeidh sé thar an aois, a sonnrófar sa dearbhú bheith ina aois-teora maidir leis, scoirfe sé, an lá san a thiocfas an dearbhú i bhfeidhm, de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta.

(5) Más rud é, aon lá i ndiaidh an lae a thiocfas dearbhú faoin alt so i bhfeidhm, go sroichfidh oifigeach nó seirbhíseach an aois a sonnrófar sa dearbhú bheith ina haois-teora maidir leis, scoirfe sé, an lá san i ndiaidh an lae a thiocfas an dearbhú i bhfeidhm, de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta.