|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Oifigi agus Fostaiochta faoi Udarais Áitiúla.) | Ar Aghaidh (CUID V. Ilghneitheach.) |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1946
[EN] | ||
[EN] |
CHUID IV. Droichid, Tarbhealai agus Tollain a Fhoirgniu agus a Athfhoirgniu. | |
[EN] |
Mínithe do Chuid IV. |
43. —Sa Chuid seo den Acht seo— |
[EN] | an droichead. |
ciallaíonn an abairt “an droichead” an droichead, an tarbhealach nó an tollán lena mbaineann an t-Ordú droichid; |
[EN] | an t-ordú droichid. |
ciallaíonn an abairt “an t-ordú droichid” an t-ordú iomchuí a hiarrfar faoi alt 44 den Acht seo nó a déanfar faoi alt 48 den Acht seo; |
[EN] | foirgniú. |
folaíonn aon tagairt don droichead a fhoirgniú tagairt d'aon fhoirgniú nó athfhoirgniú iarmartach a dhéanamh ar bhóthar nó ar chuid de bhóthar i gcomharsanacht an droichid; |
[EN] | an t-údarás déanmhach. |
ciallaíonn an abairt “an t-údarás déanmhach” an t-údarás bóthar dá n-ordófar faoi alt 50 den Acht seo an obair a dhéanamh; |
[EN] | an fiosrúchán. |
ciallaíonn an abairt “an fiosrúchán” an fiosrúchán áitiúil a cuirfear ar siúl de bhun ailt 47 den Acht seo tar éis an réamh thuarascáil a bhreithniú; |
na pleananna. |
ciallaíonn an abairt “na pleananna” na pleananna, arna gceadú ag an Aire faoi alt 51 den Acht seo, chun an obair a dhéanamh; | |
an réamhthuarascáil. |
ciallaíonn an abairt “an réamhthuarascáil” an réamhthuarascáil maidir leis an ordú droichid a bhéarfar de bhun ordacháin faoi alt 46 den Acht seo; | |
athfhoirgniú. |
folaíonn aon tagairt don droichead a athfhoirgniú tagairt d'aon athfhoirgniú nó foirgniú iarmartach a dhéanamh ar bhóthar i gcomharsanacht an droichid; | |
an obair. |
ciallaíonn an abairt “an obair” foirgniú nó athfhoirgniú an droichid. | |
[EN] |
Iarratas ar ordú droichid. |
44. —(1) Más dóigh le húdarás bóthar é a bheith fóirstineach, chun cumarsáidí bóthar idir áiteanna laistigh dá líomatáiste feidhmiúcháin nó idir áiteanna laistigh den líomatáiste sin agus áiteanna lasmuigh dhe a fheabhsú nó chun cumarsáidí bóthar tríd an líomatáiste sin a fheabhsú, droichead is cuid de bhóthar nó tarbhealach is cuid de bhóthar nó tollán a ngabhann bóthar tríd nó a bhfuil beartaithe bóthar do ghabháil tríd (lena n-áirítear aon droichead nó tarbhealach nó tollán den tsórt sin atá i bpáirt nó go hiomlán lasmuigh dá líomatáiste feidhmiúcháin) a fhoirgniú nó a athfhoirgniú, féadfaid ordú a iarraidh ar an Aire á shocrú an foirgniú nó an t-athfhoirgniú sin (pé acu é) a dhéanamh. |
[EN] | (2) Is feidhm fhorcoimeádta déanamh an iarratais ar an ordú droichid. | |
[EN] | (3) Ineosfar san iarratas ar an ordú droichid cad é cineál na hoibre agus cad é an tslí ina bhfeabhsófar cumarsáidí bóthar dá thairbhe agus féadfar tograí a dhéanamh ann i dtaobh glanadh costas na hoibre agus i dtaobh cothabhála an droichid ag dhá údarás bhóthar nó níos mó. | |
[EN] |
Comhchoiste d'údaráis bhóthar a cheapadh chun tograí le haghaidh iarratais ar ordú droichid a bhreithniú, etc. |
45. —(1) Féadfaidh aon dá údarás bhóthar nó níos mó, le rún faoin alt seo arna rith ag gach ceann de na húdaráis sin, comhchoiste dá gcomhaltaí a bhunú chun tograí a bhreithniú d'iarratas ar ordú droichid a bheas le déanamh ag aon cheann de na húdaráis bhóthar sin agus chun é a chur in usacht toiliú a fháil ó gach údarás bóthar acu sin le téarmaí iarratais den tsórt sin. |
[EN] | (2) Aon rún a rithfeas gach údarás faoi leith d'údaráis bhóthar éagsúla faoin alt seo, luafar ann— | |
[EN] | (a) nádúir agus cuspóir ginearálta na hoibre, | |
[EN] | (b) an méid comhaltaí ó gach údarás bóthar faoi leith acu sin atá le bheith ina gcomhaltaí den chomhchoiste a bunaítear leis an rún, agus | |
[EN] | (c) an tslí ina mbeidh na costais faoina raghaidh an comhchoiste sin le glanadh ag na húdaráis bhóthar éagsúla. | |
[EN] | (3) Déanfaidh comhchoiste de dhá údarás bhóthar nó níos mó a bunófar le rún faoin alt seo tograí a bhreithniú don iarratas ar ina leith a bheid bunaithe amhlaidh agus bhéarfaid do gach údarás bóthar acu sin tuarascáil ina leagfar amach na téarmaí inar cheart, dar leo, an t-iarratas sin a dhéanamh agus, chun críocha an bhreithnithe agus na tuarascála sin, beidh feidhm ag alt 54 den Acht seo amhail is dá mba údarás bóthar an coiste. | |
[EN] | (4) Na costais faoina raghaidh comhchoiste a bheas bunaithe faoin alt seo, ag dhá údarás bhóthar nó níos mó, glanfaidh na húdaráis sin iad sa tslí a bheas sonraithe sa rún lenar bunaíodh an coiste sin. | |
[EN] | (5) Is tuigthe, chun críocha an ailt seo, údarás cuain do réir bhrí an Achta Chuanta, 1946 ( Uimh. 9 de 1946 ), a bheith ina údarás bóthar. | |
[EN] |
Réamhthuarascáil. |
46. —(1) Féadfaidh an tAire a ordú don údarás bóthar a rinne an t-iarratas ar an ordú droichid nó d'aon údarás bóthar eile réamhthuarascáil a ullmhú agus a thabhairt dó ar aon nithe a mheasfas sé ba chóir a scrúdú sar a ngéillfear nó a diúltófar don iarratas, lena n-áirítear, go háirithe, aon ní nó nithe acu seo a leanas:— |
[EN] | (a) indéantacht na hoibre, | |
[EN] | (b) costas dóchúil na hoibre, | |
[EN] | (c) an modh is fearr chun an obair a dhéanamh, | |
[EN] | (d) más é foirgniú an droichid an obair a bheas ann, an suíomh is fearr don droichead. | |
[EN] | (2) Ní thabharfaidh an tAire ordachán faoi fho-alt (1) den alt seo d'údarás bóthar ná dearna an t-iarratas ar an ordú droichid ach amháin tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás bóthar sin. | |
[EN] | (3) Má thugann an tAire ordachán faoi fho-alt (1) den alt seo d'údarás bóthar, bhéarfaidh sé go gcuirfear fógra i dtaobh an ordacháin leis an bpost go dtí gach údarás bóthar eile, más ann, a dtogrófar san iarratas ar an ordú droichid costais a bhainfeas leis an obair a bheith le glanadh acu. | |
[EN] | (4) Aon údarás bóthar dá dtabharfar ordachán faoi fho-alt (1) den alt seo— | |
[EN] | (a) comhlíonfaid an t-ordachán, | |
[EN] | (b) déanfaid aon taighde (lena n-áirítear, go háirithe, suirbhéireachta, tástála agus tolladóireachta trialach) a mheasfaid is gá chun an réamhthuarascáil a ullmhú nó a cheanglós an tAire orthu a dhéanamh, pé acu roimh an réamhthuarascáil a thabhairt nó dá éis é, | |
[EN] | (c) maidir le haon taighde den tsórt sin a cheanglós an tAire orthu a dhéanamh, cuirfid toradh an taighde in iúl don Aire. | |
[EN] |
Fiosrúchán áitiúil. |
47. —(1) Tar éis dó an réamhthuarascáil a bhreithniú, féadfaidh an tAire fiosrúchán áitiúil a chur ar siúl chun breithniú a dhéanamh ar an obair, ar an réamhthuarascáil agus ar aon eolas maidir leis an obair a tugadh don Aire de bhun míre (c) d'fho-alt (4) d'alt 46 den Acht seo. |
[EN] | (2) Cuirfidh an tAire faoi ndear go dtabharfar leis an bpost fógra seacht lá ar a laghad i dtaobh an fhiosrúcháin— | |
[EN] | (a) don údarás bóthar a d'iarr an t-ordú droichid, agus | |
[EN] | (b) do gach údarás bóthar eile ar dóigh leis go mba dhifir dóibh an t-ordú droichid a dhéanamh, agus | |
[EN] | (c) i gcás an t-ordú droichid do bhaint le droichead nó tarbhealach thar iarnród nó uisce intseolta (lena n-áirítear canáil) nó le tollán faoi aon cheann acu sin, don Aire Tionnscail agus Tráchtála. | |
[EN] |
Ordú droichid a dhéanamh. |
48. —(1) Faoi réir fo-alt (2) agus (4) den alt seo, féadfaidh an tAire an t-ordú droichid a dhéanamh i pé téarmaí is cuí leis. |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh an tAire an t-ordú droichid mura rud é— | |
[EN] | (a) gur thoiligh gach údarás bóthar lena mbaineann an t-ordú droichid leis an iarratas sin, nó | |
[EN] | (b) go ndearnadh na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (i) go ndearnadh réamhthuarascáil a ullmhú agus a thabhairt faoi alt 46 den Acht seo, agus | |
[EN] | (ii) go ndearnadh fiosrúchán áitiúil faoi alt 47 den Acht seo, agus | |
[EN] | (iii) go ndearnadh fógra i dtaobh an fhiosrúcháin a thabhairt do gach údarás bóthar lena mbaineann an t-ordú, agus | |
[EN] | (iv) go ndearna an tAire an tuarascáil ar an bhfiosrúchán a bhreithniú. | |
[EN] | (3) Is feidhm fhorcoimeádta údarás bóthar dá thoiliú ordú droichid do bhaint leis an údarás bóthar sin. | |
[EN] | (4) Má bhaineann an t-ordú droichid le droichead nó tarbhealach thar iarnród nó uisce intseolta (lena n-áirítear canáil) nó le tollán faoi aon cheann acu sin, ní dhéanfaidh an tAire an t-ordú sin ach amháin le toiliú an Aire Thionnscail agus Tráchtála. | |
[EN] |
Diúltú d'iarratas ar ordú droichid. |
49. —(1) Féadfaidh an tAire diúltú don iarratas ar an ordú droichid tráth ar bith i gcúrsa an iarratais, sé sin le rá, tar éis an t-iarratas a dhéanamh, tar éis an réamhthuarascáil a bhreithniú nó tar éis an tuarascáil ar an bhfiosrúchán a bhreithniú |
[EN] | (2) Má dhiúltaíonn an tAire don iarratas ar an ordú droichid tar éis dó an réamhthuarascáil nó an tuarascáil ar an bhfiosrúchán a bhreithniú, féadfaidh sé, le hordú, a cheangal go ndéanfar ranníocaíocht i leith costas na réamhthuarascála (lena n-áirítear costas déanta an taighde a luaitear in alt 46 den Acht seo) leis an údarás bóthar a d'ullmhaigh an réamhthuarascáil ó aon údarás bóthar eile. | |
[EN] | (3) Má ceangaltar faoi fho-alt (2) den alt seo ar aon údarás bóthar ranníocaíocht a dhéanamh le haon údarás bóthar eile, féadfaidh an t-údarás bóthar is déanaí a luaitear an ranníocaíocht a aisghabháil ón údarás bóthar a céadluaitear mar fhiach gnáthchonnartha in aon chúirt dlínse inniúla. | |
[EN] |
An t-údarás déanmhach. |
50. —(1) Beidh san ordú droichid ordachán d'údarás bóthar an obair a dhéanamh do réir an orduithe dhroichid agus na Coda seo den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfaidh treoracháin nó coinníollacha a bheas le comhlíonadh ag an údarás déanmhach a bheith san ordú droichid. | |
[EN] |
Na pleananna. |
51. —(1) Ullmhóidh an t-údarás déanmhach pleananna chun an obair a dhéanamh agus cuirfid faoi bhráid an Aire iad. |
[EN] | (2) Nuair a cuirfear pleananna faoi bhráid an Aire faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire— | |
[EN] | (a) na pleananna sin a cheadú, nó | |
[EN] | (b) a cheangal ar an údarás déanmhach na pleananna sin a mhodhnú (trí bhreisiú, fágaint-ar-lár nó athrú) i slí shonraithe, nó | |
[EN] | (c) a cheangal ar an údarás déanmhach pleananna nua a ullmhú. | |
[EN] | (3) Má cuirtear pleananna faoi bhráid an Aire faoi fho-alt (1) den alt seo agus go mbeidh ceanglas faoi alt 53 den Acht seo san ordú droichid á cheangal ar údarás bóthar ranníocaíocht a íoc— | |
[EN] | (a) bhéarfaidh an tAire go gcuirfear cóip de na pleananna sin leis an bpost chun an údaráis sin agus iarrfaidh orthu na pleananna sin a bhreithniú agus, más áil leo, a dtuairimí orthu a chur chuige laistigh d'am sonraithe, | |
[EN] | (b) ní fheidhmeoidh an tAire na cumhachta a bheirtear dó le fo-alt (2) den alt seo go dtí go mbeidh breithniú déanta aige ar aon tuairimí ar na pleananna sin a chuirfeas an t-údarás sin chuige laistigh den am a bheas sonraithe amhlaidh. | |
[EN] | (4) Má cheanglann an tAire faoi fho-alt (2) den alt seo ar an údarás déanmhach pleananna a mhodhnú, modhnóidh an t-údarás déanmhach na pleananna sin do réir an cheanglais agus cuirfid faoi bhráid an Aire iad athuair agus air sin beidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) den alt seo amhail is dá mba den chéad uair a bhí na pleananna sin á gcur faoi bhráid an Aire. | |
[EN] | (5) Má cheanglann an tAire faoi fho-alt (2) den alt seo ar an údarás déanmhach pleananna nua a ullmhú, ullmhóidh an t-údarás déanmhach na pleananna sin agus cuirfid faoi bhráid an Aire iad agus air sin beidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) den alt seo amhail is dá mba den chéad uair a bhí na pleananna sin á gcur faoi bhráid an Aire | |
[EN] |
An obair a dhéanamh. |
52. —(1) Déanfaidh an t-údarás déanmhach an obair do réir an orduithe dhroichid, na pleananna agus na Coda seo den Acht seo. |
[EN] | (2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, féadfaidh an t-údarás déanmhach, nuair a bheas an obair á dhéanamh acu, claonadh ó na pleananna má thoilíonn an tAire leis sin. | |
[EN] | (3) Chun an t-alt seo a chomhlíonadh, féadfaidh an t-údarás déanmhach feadhma a fheidhmiú lasmuigh dá líomatáiste feidhmiúcháin, agus dá réir sin beidh acu agus beidh infheidhmithe acu lasmuigh dá líomatáiste feidhmiúcháin gach cumhacht (lena n-áirítear, go háirithe, cumhacht chun talamh a thógaint) atá ag údarás bóthar agus atá infheidhmithe acu laistigh dá líomatáiste feidhmiúcháin chun bóithre a fhoirgniú agus a chothabháil. | |
[EN] |
Ranníocaíocht i leith costas. |
53. —(1) Féadfaidh foráil a bheith san ordú droichid á cheangal go mbeidh ranníocaíocht i leith ceachtar ní nó an dá ní acu seo leanas, sé sin le rá: |
[EN] | (a) costais na hoibre (lena n-áirítear costais ullmhuithe na réamhthuarascála agus costais an taighde dá dtagartar in alt 46 den Acht seo), | |
[EN] | (b) na costais faoina raghfar i leith an droichid aon tráth tar éis an obair a dhéanamh, | |
[EN] | le híoc leis an údarás bóthar a raghaidh faoi na costais sin ag aon údarás bóthar eile. | |
[EN] | (2) Aon ranníocaíocht a ceanglófar a íoc faoi fho-alt (1) den alt seo féadfar í a luadh san ordú droichid ina suim chinnte nó trí thagairt do chionúireacht ainmnithe de na costais a bheas i gceist agus féadfar a shonrú gur in aon tsuim amháin nó ina tráthchoda a bheas sí le n-íoc. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire, le hordú, athrú a dhéanamh ar ranníocaíocht a ceanglófar a íoc faoi fho-alt (1) den alt seo. | |
[EN] | (4) Má ceangaltar faoi fho-alt (1) den alt seo ar údarás bóthar ranníocaíocht nó tráthchuid de ranníocaíocht a íoc le húdarás bóthar eile, féadfaidh an t-údarás is déanaí a luaitear an ranníocaíocht nó an tráthchuid a aisghabháil ón údarás a céadluaitear mar fhiach gnáthchonnartha in aon chúirt dlínse inniúla. | |
[EN] |
Dul isteach ar thalamh, etc. |
54. —(1) Faoi réir forál an ailt seo agus gan dochar d'aon chumhacht eile, féadfaidh aon oifigeach nó gníomhaire d'údarás bóthar, a bheas údaraithe go cuí chuige sin ag an údarás, dul isteach ar aon talamh idir a 9 a chlog a.m., agus a 6 a chlog p.m., lá ar bith chun aon dualgas a chomhlíonadh a cuirtear ar an údarás leis an gCuid seo den Acht seo. |
[EN] | (2) Duine a rachas isteach ar thalamh faoin alt seo féadfaidh sé gach ní a dhéanamh ann is gá do réir réasúin chun na críche chun a raghaidh isteach agus, go háirithe, féadfaidh suirbhéireacht agus pleananna a dhéanamh, leibhéil a thógaint, tomhais a shuíomh chun sreabhadh an uisce a thaispeáint, tochailt a dhéanamh agus doimhneas agus nádúir na fo-ithreach a scrúdú. | |
[EN] | (3) Sar a raghaidh duine isteach ar aon talamh faoin alt seo, déanfaidh an t-údarás bóthar ar le húdarás uathu a beartófar dul isteach ar an talamh toiliú an áititheora (i gcás tailimh áitithe) nó (i gcás tailimh neamháitithe) toiliú an únaera a fháil nó bhéarfaidh leis an bpost don tsealbhóir nó don únaer (pé acu é) fógra lae agus fiche ar a laghad go bhfuiltear chun dul isteach ar an talamh. | |
[EN] | (4) Duine a mbeidh fógra go bhfuiltear ar intinn dul isteach ar thalamh tugtha dhó faoin alt seo ag údarás bóthar, féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná lá agus fiche tar éis an fógra a thabhairt, iarratas a dhéanamh, ar é do thabhairt fógra don údarás bóthar, chun an bhreithimh den Chúirt Dúiche ag a mbeidh dlínse sa cheantar ina mbeidh an talamh, ag iarraidh orduithe chun an dul isteach a thoirmeasc agus, ar an iarratas a éisteacht, féadfaidh an breitheamh, más cuí leis, an dul isteach a thoirmeasc ar fad nó coinníollacha a shonrú a bheas le comhlíonadh ag an duine a bheas ag dul isteach ar an talamh. | |
[EN] | (5) Má thoirmisceann breitheamh den Chúirt Dúiche, faoin alt seo, dul isteach a beartófar a dhéanamh ar thalamh, ní dleathach do dhuine ar bith dul isteach faoin alt seo ar an talamh, agus má dhéanann breitheamh den Chúirt Dúiche coinníollacha a shonrú faoin alt seo a bheas le comhlíonadh ag daoine a bheas ag dul isteach ar thalamh, comhlíonfaidh gach duine a bheas ag dul isteach faoin alt seo ar an talamh na coinníollacha a sonrófar amhlaidh. | |
[EN] | (6) Duine dá mbainfidh damáiste de dheascaibh éinní a déanfar faoin alt seo ar aon talamh agus a chuirfeas, laistigh de mhí tar éis an ní sin a bheith déanta, chun an údaráis bhóthar ar le húdarás uathu a chuathas isteach faoin alt seo ar an talamh, éileamh ar chúiteamh i leith an damáiste, beidh sé i dteideal cúiteamh réasúnach a fháil ón údarás sa damáiste agus, mura n-íoctar an cúiteamh sin leis nuair a bheas comhaontú nó cinneadh déanta faoin alt seo i dtaobh a mhéid, é a aisghabháil ón údarás bóthar in aon chúirt dlínse inniúla mar fhiach ghnáthchonnartha. | |
[EN] | (7) Cheal comhaontuithe, déanfar méid aon chúitimh is iníoctha ag údarás bóthar faoin alt seo a chinneadh, mura mó ná fiche punt an tsuim a héileofar ina leith, ag an gCúirt Dúiche nó, in aon chás eile, trí eadráin faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919 (arna leasú le hachtacháin iardain) amhail is dá mba é a bheadh sa chúiteamh sin an praghas ar thalamh a tógfaí go héigeanta. | |
[EN] | (8) Féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche, nuair a bheas aon ordú faoin alt seo (lena n-áirítear diúltú d'iarratas) á dhéanamh aige, a ordú, as a chomhairle féin, go mbeidh na costais, go dtí méid nach mó ná trí ghiní, faoina raghaidh aon pháirtí sna himeachta, maidir leis na himeachta, le n-íoc ag aon pháirtí eile iontu. | |
[EN] | (9) Gach duine a dhéanfas, trí ghníomh nó neamhghníomh, oifigeach nó gníomhaire d'údarás bóthar a chosc go toiliúil agus na cumhachta a bheirtear leis an alt seo á bhfeidhmiú aige go dleathach, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion. | |
[EN] |
Cumhachta agus dualgais áirithe a aistriú chun an údaráis déanmhaigh. |
55. —(1) Ar an obair a chríochnú, aistreofar chun an údaráis déanmhaigh aon chumhachta agus dualgais de chuid údaráis bhóthar seachas an t-údarás déanmhach maidir leis an droichead. |
[EN] | (2) Má bhíonn ag údarás bóthar, seachas an t-údarás déanmhach, cumhachta agus dualgais (lasmuigh de chumhachta agus dualgais faoin gCuid seo den Acht seo) maidir le haon chuid de bhóthar a bheas buailte leis an droichead, féadfaidh an tAire, le hordú, na cumhachta agus na dualgais sin a aistriú chun an údaráis déanmhaigh le héifeacht amhail ó dháta na hoibre a chríochnú. | |
[EN] | (3) Ní léireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanas difir do cheart údaráis bhóthar chun ranníocaíocht nó tráthchuid de ranníocaíocht a aisghabháil ó údarás bóthar eile faoi alt 53 den Acht seo. | |
[EN] |
Páirteanna áirithe de Chuid IV a chur i mbaint le húdaráis chuain. |
56. —(1) Aon uair a húdarófar d'údarás cuain, le hordú cuanoibreacha faoi Chuid VIII den Acht Cuanta, 1946 (Uimh. 9 de 1946) , an droichead a fhoirgniú nó a chothabháil— |
[EN] | (a) beidh éifeacht ag an gCuid seo den Acht seo (ach amháin ailt 58, 60 agus 61) amhail is dá mba údarás bóthar an t-údarás cuain sin, | |
[EN] | (b) beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 53 den Acht seo amhail is dá mba chuid de chostais na hoibre na costais faoina raghaidh an t-údarás cuain sin faoin Acht Cuanta, 1946 , chun an t-ordú cuan-oibreacha a fháil. | |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh an tAire, de bhuaidh an ailt seo, aon ní acu seo a leanas ach amháin le toiliú an Aire Thionnscail agus Tráchtála, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) ordachán faoi alt 50 den Acht seo a chur san ordú droichid á ordú d'údarás cuain an obair a dhéanamh; | |
[EN] | (b) ceanglas faoi fho-alt (1) d'alt 53 den Acht seo a chur san ordú droichid á cheangal ar údarás cuain ranníocaíocht a íoc; | |
[EN] | (c) más údarás bóthar seachas údarás cuain, a dhéanfas an t-iarratas ar an ordú droichid agus go ndiúltófar don iarratas, a cheangal faoi fho-alt (2) d'alt 49 den Acht seo ar údarás cuain ranníocaíocht a íoc; | |
[EN] | (d) ranníocaíocht a bheas le n-íoc ag údarás cuain faoi fho-alt (1) d'alt 53 den Acht seo a athrú faoi fho-alt (3) den alt sin. | |
[EN] | (3) San alt seo tá leis an abairt “údarás cuain” an bhrí atá léi san Acht Cuanta, 1946 . | |
[EN] |
Páirteanna áirithe de Chuid IV a chur i mbaint le daoine seachas údarás bóthar. |
57. —(1) Má ceangaltar ar dhuine seachas údarás bóthar, le haon Acht nó faoi, an droichead nó cuid den droichead a fhoirgniú nó a chothabháil nó íocaíocht nó ranníocaíocht a íoc i leith costas an fhoirgnithe nó na cothabhála sin, beidh éifeacht ag na páirteanna seo a leanas den Chuid seo den Acht seo amhail is dá mba údarás bóthar an duine sin, sé sin le rá, fo-alt (3) d'alt 44, fo-alt (3) d'alt 46, mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 47, fo-alt (3) d'alt 51, alt 53 agus alt 55. |
[EN] | (2) Más rud é go mbeidh san ordú droichid, de bhuaidh an ailt seo, ceanglas faoi fho-alt (1) d'alt 53 den Acht seo á cheangal ar chuideachta a mbeidh iarnród nó canáil faoina n-urlámhas ranníocaíocht a íoc, ní dhéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (3) den alt sin ag athrú na ranníocaíochta ach amháin le toiliú an Aire Thionnscail agus Tráchtála. | |
[EN] |
Costais faoina raghaidh údarás bóthar faoi Chuid IV a aicmiú. |
58. —(1) Aon chostais faoina raghaidh comhairle chontae nó údarás uirbeach faoin gCuid seo den Acht seo, áireofar iad mar chostais a ndeachthas fúthu chun príomhbhóithre a fhoirgniú agus a chothabháil agus beidh feidhm dá réir sin ag gach foráil i gcóir cruinniú costas a ndeachthas fúthu chun príomhbhóithre a fhoirgniú agus a chothabháil, pé acu trí rátaí é nó trí iasacht a fháil. |
[EN] | (2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo— | |
[EN] | (a) má ordaíonn an tAire, le hordú, go ndéanfar costais shonraithe faoina raghaidh comhairle chontae faoin gCuid seo den Acht seo a áireamh mar chostais a ndeachthas fúthu chun bóithre contae a fhoirgniú agus a chothabháil, áireofar amhlaidh iad agus beidh feidhm dá réir sin ag gach foráil i gcóir cruinniú costas a ndeachthas fúthu chun bóithre contae a fhoirgniú agus a chothabháil, pé acu trí rátaí é nó trí iasacht a fháil, agus | |
[EN] | (b) má ordaíonn an tAire, le hordú, go ndéanfar costais shonraithe faoina raghaidh údarás uirbeach faoin gCuid seo den Acht seo a áireamh mar chostais a ndeachthas fúthu chun bóithre uirbeacha a fhoirgniú agus a chothabháil, áireofar amhlaidh iad agus beidh feidhm dá réir sin ag gach foráil i gcóir cruinniú costas a ndeachthas fúthu chun bóithre uirbeacha a fhoirgniú agus a chothabháil, pé acu trí rátaí é nó trí iasacht a fháil. | |
[EN] | (3) Gach foráil i gcóir cruinniú costas a ndeachaigh bardas contae-bhuirge fúthu chun bóithre a fhoirgniú agus a chothabháil, pé acu trí rátaí é nó trí iasacht a fháil, beidh feidhm aici maidir le costais faoina raghaidh an bardas sin faoin gCuid seo den Acht seo. | |
[EN] |
Tuairisc na hoibre. |
59. —Féadfar tuairisc ar an obair a thabhairt san iarratas ar an ordú droichid trí ráiteas ginearálta ar nádúir agus cuspóir na hoibre. |
[EN] |
Srian ginearálta maidir le huisce intseolta. |
60. —Ní dhéanfaidh údarás bóthar aon droichead ná tarbhealach thar iarnród nó uisce intseolta (lena n-áirítear canáil), ná tollán faoi aon cheann acu sin, a fhoirgniú ná a athfhoirgniú ach amháin faoin gCuid seo den Acht seo nó le toiliú an Aire Thionnscail agus Tráchtála. |
[EN] |
Iasacht chun droichead a fhoirgniú. |
61. —Aon tsuim a gheobhas údarás bóthar ar iasacht chun droichead a fhoirgniú nó a athfhoirgniú, ní háireofar í mar chuid d'fhiach an údaráis sin chun críocha aon teorann reachtúla a bheas curtha le hairgead a fháil ar iasacht. |