|
|||||
|
AN tACHT SLÁINTE, 1947
[EN] | ||
[EN] |
CUID VII. Oifigigh D'Udarais Slainte. | |
[EN] |
Mínithe do Chuid VII. |
68. —Sa Chuid seo den Acht seo—ciallaíonn an abairt “Acht, 1926,” Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926; ciallaíonn an abairt “Acht, 1941” an t Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941) . |
[EN] |
Dochtúirí oifigiúla contae. |
69. —(1) I ngach contae beidh dochtúir oifigiúil contae chun comhairle a thabhairt don údarás sláinte go ginearálta maidir le sláinte na ndaoine agus chun pé dualgais eile a dhéanamh a sannfar dó maidir le feidhmeanna an údaráis sláinte nó feidhmeanna aon údaráis sláintíochta sa chontae. |
[EN] | (2) Beidh oifig an dochtúra oifigiúil chontae do chontae ina hoifig faoi chomhairle na contae agus is í an chomhairle sin a íocfas tuarastal agus costais na hoifige, ach beidh feidhm maidir leis an oifig sin ag na forála atá i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 10, agus in alt 20 d'Acht, 1941, maidir le dualgais oifigeach agus i bhfo-alt (2) den alt sin 10 maidir le hachomhairc ó oifigigh amhail is dá mba oifig í freisin faoi údarás sláintíochta gach ceantair shláintíochta sa chontae. | |
[EN] | (3) Beidh an dochtúir oifigiúil contae do chontae ina phríomhdhochtúir oifigiúil don chontae chun críocha an Achta seo. | |
[EN] | (4) Is é a gairmfear den dochtúir oifigiúil do chontae ná Dochtúir Oifigiúil Contae_________________(agus ainm na contae a chur leis). | |
[EN] | (5) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, i seilbh oifige, i gcáil sheasmhach, mar dhochtúir oifigiúil sláinte contae faoi alt 21 (a hathghairmtear leis an Acht seo) den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) — | |
[EN] | (a) i dtosach feidhme an ailt seo, tiocfaidh an duine sin chun bheith, agus beidh sé, ina dhochtúir oifigiúil contae faoin alt seo don chontae ina ndearna sé a dhualgais mar dhochtúir oifigiúil sláinte contae den tsórt sin, | |
[EN] | (b) is tuigthe, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas, gan deireadh a bheith curtha leis an oifig chéadluaite. | |
[EN] | (6) Déanfar tagairt in aon achtachán a bheas i bhfeidhm i dtosach feidhme an ailt seo d'oifig dhochtúra oifigiúil shláinte chontae nó do shealbhóir na hoifige sin a léiriú mar thagairt don oifig a bunaítear leis an alt seo nó do shealbhóir na hoifige sin (pé acu é). | |
[EN] | (7) I gcás ina raibh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag gabháil do roghnú duine nó daoine a molfaí a cheapadh chun oifige dhochtúra oifigiúil shláinte chontae, críochnófar an roghnú sin i pé slí is cuí leis na Coimisinéirí sin, agus an duine nó duine de na daoine a dhéanfas na Coimisinéirí sin a roghnú agus a mholadh amhlaidh chun a cheaptha, ceapfaidh comhairle na contae é ina dhochtúir oifigiúil contae amhail is dá mba ar iarratas ó chomhairle na contae tar éis tosach feidhme an ailt seo faoi alt 6 d'Acht 1926 a rinneadh an roghnú agus an moladh sin. | |
[EN] |
Dochtúirí oifigiúla contae cúnta. |
70. —(1) Féadfaidh comhairle chontae, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh le hordú, dochtúir oifigiúil contae cúnta amháin nó níos mó a cheapadh chun cúnamh a thabhairt don dochtúir oifigiúil contae lena dhualgais a chomhlíonadh. |
[EN] | (2) Beidh oifig dhochtúra oifigiúil chontae chúnta do chontae ina hoifig faoi chomhairle na contae agus is í an chomhairle sin a íocfas tuarastal agus costais na hoifige, ach beidh feidhm maidir leis an oifig sin ag na forála atá i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 10 agus in alt 20 d'Acht, 1941, maidir le dualgais oifigeach agus i bhfo-alt (2) den alt sin 10 maidir le hachomhairc ó oifigigh amhail is dá mba oifig í freisin faoi údarás sláintíochta gach ceantair shláintíochta sa chontae. | |
[EN] | (3) Más gá, chun críocha aon achtacháin (lena n-áirítear an tAcht seo), an dochtúir oifigiúil contae do chontae do dhéanamh aon orduithe, do thabhairt aon aontuithe nó ceaduithe nó do dhéanamh aon ghnímh eile agus go mbeifear tar éis an dualgas sin a shannadh do dhochtúir oifigiúil contae cúnta don chontae, beidh an t-ordú, an t-aontú, an ceadú nó an gníomh sin, ar é a bheith déanta nó tugtha ag an dochtúir oifigiúil contae cúnta, chomh bailí chun gach críche is dá mba é an dochtúir oifigiúil contae a rinne nó a thug é. | |
[EN] | (4) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, i seilbh oifige, i gcáil sheasmhach, i gcontae faoin teideal dochtúir oifigiúil contae cúnta nó dochtúir oifigiúil sláinte contae cúnta— | |
[EN] | (a) i dtosach feidhme an ailt seo, tiocfaidh an duine sin chun bheith, agus beidh sé ina dhochtúir oifigiúil contae cúnta don chontae sin faoi ordú is tuigthe a bheith arna dhéanamh faoin alt seo, | |
[EN] | (b) is tuigthe, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas, gan deireadh a bheith curtha leis an oifig chéadluaite. | |
[EN] | (5) I gcás ina raibh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag gabháil do roghnú duine nó daoine a molfaí a cheapadh chun oifige i gcontae faoin teideal dochtúir oifigiúil contae cúnta nó dochtúir oifigiúil sláinte contae cúnta críochnófar an roghnú sin i pé slí is cuí leis na Coimisinéirí sin, agus an duine nó duine de na daoine a dhéanfas na Coimisinéirí sin a roghnú agus a mholadh amhlaidh chun a cheaptha, ceapfaidh comhairle na contae sin é ina dhochtúir oifigiúil contae cúnta don chontae sin amhail is dá mba ar iarratas ón gcomhairle sin tar éis tosach feidhme an ailt seo faoi alt 6 d'Acht, 1926, a rinneadh an roghnú agus an moladh sin. | |
[EN] |
Dochtúirí oifigiúla cathrach. |
71. —(1) I ngach contae-bhuirg beidh dochtúir oifigiúil cathrach chun comhairle a thabhairt don údarás sláinte go ginearálta maidir le sláinte na ndaoine agus chun pé dualgais eile a dhéanamh a sannfar dó maidir le feidhmeanna bhardais na contae-bhuirge. |
[EN] | (2) Beidh oifig an dochtúra oifigiúil chathrach do chontaebhuirg ina hoifig faoi bhardas na contae-buirge. | |
[EN] | (3) Beidh an dochtúir oifigiúil cathrach do chontae-bhuirg ina phríomh-dhochtúir oifigiúil don chontae-bhuirg chun críocha an Achta seo. | |
[EN] | (4) Is é a gairmfear den dochtúir oifigiúil cathrach do chontaebhuirg ná Dochtúir Oifigiúil Cathrach_______________(agus ainm na contae-buirge a chur leis). | |
[EN] | (5) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, i seilbh oifige, i gcáil sheasmhach, mar phríomh-dhochtúir oifigiúil sláinte do chontae-bhuirg faoi alt 11 (a hathghairmtear leis an Acht seo) den Public Health (Ireland) Act, 1878— | |
[EN] | (a) i dtosach feidhme an ailt seo tiocfaidh an duine sin chun bheith, agus beidh sé, ina dhochtúir oifigiúil cathrach don chontae-bhuirg sin faoin alt seo, | |
[EN] | (b) is tuigthe, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas, gan deireadh a bheith curtha leis an oifig chéadluaite. | |
[EN] | (6) Déanfar tagairt in aon achtachán a bheas i bhfeidhm i dtosach feidhme an ailt seo d'oifig phríomh-dhochtúra oifigiúil shláinte do chontae-bhuirg nó do shealbhóir na hoifige sin a léiriú mar thagairt d'oifig dhochtúra oifigiúil chathrach, a bunaítear leis an alt seo, nó do shealbhóir na hoifige sin (pé acu é). | |
[EN] | (7) I gcás ina raibh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag gabháil do roghnú duine nó daoine a molfaí a cheapadh chun oifige phríomh-dhochtúra oifigiúil shláinte do chontae-bhuirg, críochnófar an roghnú sin i pé slí is cuí leis na Coimisinéirí sin, agus an duine nó duine de na daoine a dhéanfas na Coimisinéirí sin a roghnú agus a mholadh amhlaidh chun a cheaptha, ceapfaidh bardas na contae-bhuirge sin é ina dhochtúir oifigiúil cathrach don chontae-bhuirg sin amhail is dá mba ar iarratas ón mbardas sin tar éis tosach feidhme an ailt seo faoi alt 6 d'Acht, 1926, a rinneadh an roghnú agus an moladh sin. | |
[EN] |
Dochtúirí oifigiúla cathrach cúnta. |
72. —(1) Féadfaidh bardas chontae-buirge, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh le hordú, dochtúir oifigiúil cathrach cúnta amháin nó níos mó a cheapadh chun cúnamh a thabhairt don dochtúir oifigiúil cathrach lena dhualgais a chomhlíonadh. |
[EN] | (2) Beidh oifig dhochtúra oifigiúil chathrach chúnta do chontae bhuirg ina hoifig faoi bhardas na contae-buirge. | |
[EN] | (3) Más gá, chun críocha aon achtacháin (lena n-áirítear an tAcht seo), an dochtúir oifigiúil cathrach do chontae-bhuirg do dhéanamh aon orduithe, do thabhairt aon aontuithe nó ceaduithe nó do dhéanamh aon ghnímh eile agus go mbeifear tar éis an dualgas sin a shannadh do dhochtúir oifigiúil cathrach cúnta don chontae-bhuirg, beidh an t-ordú, an t-aontú, an ceadú nó an gníomh sin, ar é a bheith déanta nó tugtha ag an dochtúir oifigiúil cathrach cúnta, chomh bailí chun gach críche is dá mba é an dochtúir oifigiúil cathrach a rinne nó a thug é. | |
[EN] | (4) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le duine a bhí díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, i seilbh oifige, i gcáil sheasmhach, i gcontae-bhuirg faoin teideal dochtúir oifigiúil sláinte cúnta— | |
[EN] | (a) i dtosach feidhme an ailt seo, tiocfaidh an duine sin chun bheith, agus beidh sé, ina dhochtúir oifigiúil cathrach cúnta don chontae-bhuirg sin faoi ordú is tuigthe a bheith arna dhéanamh faoin alt seo, | |
[EN] | (b) is tuigthe, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas, gan deireadh a bheith curtha leis an oifig chéadluaite. | |
[EN] | (5) I gcás ina raibh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag gabháil do roghnú duine nó daoine a molfaí a cheapadh chun oifige dhochtúra oifigiúil shláinte chúnta i gcontae-bhuirg, críochnófar an roghnú sin i pé slí is cuí leis na Coimisinéirí sin, agus an duine nó duine de na daoine a dhéanfas na Coimisinéirí sin a roghnú agus a mholadh amhlaidh chun a cheaptha, ceapfaidh bardas na contaebuirge sin é ina dhochtúir oifigiúil cathrach cúnta don chontaebhuirg sin amhail is dá mba ar iarratas ón mbardas sin tar éis tosach feidhme an ailt seo faoi alt 6 d'Acht, 1926, a rinneadh an roghnú agus an moladh sin. | |
[EN] |
Dochtúirí oifigiúla sláinte ceantair. |
73. —(1) Beidh dochtúir oifigiúil ceantair íclainne faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , ina dhochtúir oifigiúil sláinte don cheantar atá comhdhéanta den cheantar íclainne sin nó den chuid de a bhfuil sé ina feighil. |
[EN] | (2) Beidh oifig dhochtúra oifigiúil cheantair ina hoifig faoin údarás sláinte dá cheantar, ach— | |
[EN] | (a) más amhlaidh atá ceantar dochtúra oifigiúil cheantair comhdhéanta go bhfuil cuid de i gcontae agus cuid de i gcontae-bhuirg, beidh an dochtúir oifigiúil ceantair sin, maidir leis an gcuid atá sa chontae, ina oifigeach do chomhairle na contae agus, maidir leis an gcuid atá sa chontae-bhuirg ina oifigeach do bhardas na contae-bhuirge, | |
[EN] | (b) más i gceantar uirbeach atá ceantar dochtúra oifigiúil cheantair nó atá cuid dá cheantar, is tuigthe, chun críocha alt 10 agus 20 d'Acht 1941, oifig an oifigigh sin a bheith, maidir le sannadh dualgas a bhaineas le feidhmeanna an údaráis sláintíochta uirbigh don cheantar uirbeach sin, ina hoifig faoin údarás sláintíochta uirbeach don cheantar uirbeach. | |
[EN] | (3) Déanfar luach saothair dochtúra oifigiúil cheantair d'íoc— | |
[EN] | (a) i gcás gan ach an t-aon údarás sláinte amháin a bheith ann dá cheantar, ag an údarás sin, agus | |
[EN] | (b) i gcás dhá údarás sláinte a bheith ann dá cheantar, ag na húdaráis sin i pé cionúireachta a ordós an tAire. | |
[EN] | (4) Déanfar costais dochtúra oifigiúil cheantair d'íoc— | |
[EN] | (a) i gcás gan ach an t-aon údarás sláinte amháin a bheith ann dá cheantar, ag an údarás sin, agus | |
[EN] | (b) i gcás dhá údarás sláinte a bheith ann dá cheantar, ag an údarás sláinte don chuid sin dá cheantar ar ina leith a chuathas faoi na costais. | |
[EN] | (5) I gcás ina raibh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag gabháil do roghnú duine nó daoine a molfaí a cheapadh chun oifige dhochtúra oifigiúil do cheantar íclainne, críochnófar an roghnú sin i pé slí is cuí leis na Coimisinéirí sin, agus an duine nó duine de na daoine a dhéanfas na Coimisinéirí a roghnú agus a mholadh amhlaidh, ceapfar é ina dhochtúir oifigiúil don cheantar íclainne sin agus beidh feidhm ag forála fo-alt (1), (2), (3), (4) agus (5) den alt seo maidir leis an dochtúir oifigiúil sin amhail is dá mba roimh thosach feidhme an ailt seo a ceapadh amhlaidh é. | |
[EN] | (6) Déanfar tagairt in aon achtachán a bheas i bhfeidhm i dtosach feidhme an ailt seo d'oifig dhochtúra oifigiúil shláinte do cheantar íclainne nó do shealbhóir na hoifige sin a léiriú mar thagairt don oifig a bunaítear leis an alt seo nó do shealbhóir na hoifige sin (pé acu é). | |
[EN] |
Baictéarlaithe. |
74: —(1) Féadfaidh údarás sláinte, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh le hordú, baictéarlaí a cheapadh chun pé dualgais a dhéanamh a sannfar dó maidir le feidhmeanna an údaráis sláinte sin agus feidhmeanna aon údaráis sláintíochta i líomatáiste feidhme an údaráis sláinte sin. |
[EN] | (2) Beidh oifig bhaictéarlaí ina hoifig faoin údarás sláinte agus is é an t-údarás sin a íocfas luach saothair agus costais na hoifige ach beidh feidhm maidir leis an oifig sin ag na forála atá i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 10 agus in alt 20 d'Acht 1941 maidir le dualgais oifigeach agus i bhfo-alt (2) den alt sin 10 maidir le hachomhairc ó oifigigh amháil is dá mba oifig í freisin faoi údarás sláiníochta gach ceantair shláintíochta i líomatáiste feidhme an údaráis sláinte. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, i seilbh oifige i gcáil sheasmhach, mar bhaictéarlaí faoi údarás sláintíochta— | |
[EN] | (a) i dtosach feidhme an ailt seo tiocfaidh an duine sin chun bheith, agus beidh sé, ina bhaictéarlaí don údarás sláinte ar ina líomatáiste feidhme a bheas an t-údarás sláintíochta suite faoi ordú is tuigthe a bheith arna dhéanamh faoin alt seo, | |
[EN] | (b) is tuigthe, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas, gan deireadh a bheith curtha leis an oifig chéadluaite. | |
[EN] |
Cigirí sláinte. |
75. —(1) Féadfaidh údarás sláinte, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh le hordú, cigire sláinte amháin nó níos mó a cheapadh chun pé dualgais a dhéanamh a sannfar dó maidir le feidhmeanna an údaráis sláinte sin agus feidhmeanna aon údaráis sláintíochta i líomataiste feidhme an údaráis sláinte sin. |
[EN] | (2) Beidh oifig chigire shláinte ina hoifig faoin údarás sláinte agus is é an t-údarás sin a íocfas luach saothair agus costais na hoifige ach beidh feidhm maidir leis an oifig sin ag na forála atá i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 10 agus in alt 20 d'Acht 1941 maidir le dualgais oifigeach agus i bhfo-alt (2) den alt sin 10 maidir le hachomhairc ó oifigigh amhail is dá mba oifig í freisin faoi údarás sláintíochta gach ceantair shláintíochta i líomatáiste feidhme an údaráis sláinte sin. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, i seilbh oifige, i gcáil sheasmhach, faoin teideal cigire sláintíochta faoi údarás sláintíochta— | |
[EN] | (a) i dtosach feidhme an ailt seo, tiocfaidh an duine sin chun bheith, agus beidh sé, ina chigire sláinte don údarás sláinte ar ina líomatáiste feidhme a bheas ceantar an údaráis sláintíochta suite faoi ordú is tuigthe a bheith arna dhéanamh faoin alt seo, | |
[EN] | (b) is tuigthe, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas, gan deireadh a bheith curtha leis an oifig chéadluaite. | |
[EN] | (4) I gcás ina raibh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag gabháil do roghnú duine nó daoine a molfaí a cheapadh chun oifige chigire shláintíochta faoi údarás sláintíochta, críochnófar an roghnú sin i pé slí is cuí leis na Coimisinéirí sin, agus an duine nó duine de na daoine a dhéanfas na Coimisinéirí sin a roghnú agus a mholadh amhlaidh chun a cheaptha, déanfaidh an t-údarás sláinte ar ina líomatáiste feidhme atá ceantar an údaráis sláintíochta é a cheapadh ina chigire sláinte don údarás sláinte sin amhail is dá mba ar iarratas ón údarás sláinte sin tar éis tosach feidhme an ailt seo faoi alt 6 d'Acht 1926 a rinneadh an roghnú agus an moladh sin. | |
[EN] |
Forála maidir le sealbhóirí oifigí áirithe faoi údaráis sláintíochta. |
76. —(1) I gcás ina dtug achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo (dá ngairmtear “an t-achtachán athghairmthe” san alt seo) cumhachta agus dualgais d'údarás sláintíochta agus ina dtugtar cumhachta agus dualgais chomhréire leis an Acht seo d'údarás sláinte, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:— |
[EN] | (a) gach duine a bheas, díreach roimh athghairm an achtacháin athghairmthe, ina shealbhóir i gcáil sheasmhach ar oifig faoi údarás sláintíochta ná baineann a dualgais ach amháin leis na cumhachta agus na dualgais a tugadh don údarás sláintíochta sin leis an achtachán athghairmthe sin, tiocfaidh sé chun bheith, agus beidh sé, ina shealbhóir ar an oifig chéanna faoin údarás sláinte ar ina líomatáiste feidhme atá ceantar an údaráis sláintíochta sin, | |
[EN] | (b) is tuigthe, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas, gan deireadh a bheith curtha leis an oifig sin faoi údarás sláintíochta, | |
[EN] | (c) má éiríonn aon cheist i dtaobh gan dualgais oifige áirithe do bhaint ach amháin le cumhachta agus dualgais a tugadh don údarás sláintíochta sin leis an achtachán athghairmthe, cuirfear an cheist sin faoi bhráid an Aire agus beidh a bhreith sin ina breith chríochnaitheach. | |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le gach duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, i seilbh oifige, i gcáil sheasmhach, faoin teideal fo-oifigeach sláintíochta faoi údarás sláintíochta:— | |
[EN] | (a) tiocfaidh an duine sin chun bheith, agus beidh sé, ina shealbhóir ar oifig faoin teideal céanna faoin údarás sláinte a bhfuil líomatáiste feidhme an údaráis sláintíochta ina líomatáiste feidhme, | |
[EN] | (b) is tuigthe, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas, gan deireadh a bheith curtha leis an oifig sin faoin údarás sláintíochta, | |
[EN] | (c) déanfaidh an duine a bheas i seilbh oifige mar fho-oifigeach sláintíochta faoi údarás sláinte (i dteannta dualgais a chomlíonadh maidir le feidhmeanna an údaráis sláinte) pé dualgais a chomhlíonadh a sannfar dó maidir le feidhmeanna aon údaráis sláintíochta i líomatáiste feidhme an údaráis sláinte sin agus chuige sin beidh feidhm maidir leis an oifig sin ag na forála atá i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 10 agus in alt 20 d'Acht 1941 maidir le dualgais oifigeach agus i bhfo-alt (2) den alt sin 10 maidir le hachomhairc ó oifigigh amhail is dá mba oifig í freisin faoi údarás sláintíochta gach ceantair shláintíochta i líomatáiste feidhme an údaráis sláinte sin. |