44 1947


Uimhir 44 de 1947.


AN tACHT IONSTRAIMÍ REACHTÚLA, 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE AGUS RIALÁLA MAIDIR LE CLÓBHUALADH, FÓGRA DÉANTA, UIMHRIÚ AGUS MODH LUAITE ORDUITHE, RIALACHÁN, RIALACHA, SCÉIMEANNA AGUS FO-DHLÍTHE ARNA nDÉANAMH FAOI ÚDARÁS REACHTÚIL, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [20ú Nollaig, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn an focal “reacht” aon reacht is—

(a) reacht Éireannach réamh-aontachta, nó

(b) reacht Breataineach, nó

(c) reacht de chuid Shaorstáit Éireann, nó

(d) Acht ón Oireachtas (arna rith roimh an Acht seo nó dá éis sin);

ciallaíonn an abairt “ionstraim reachtúil” ordú, rialachán, riail, scéim nó fo-dhlí arna dhéanamh i bhfeidhmiú cumhachta a bheirtear le reacht.

(2) Déanfar tagairtí san Acht seo do reacht, má bhíonn an reacht sin arna oiriúnú faoi aon achtachán nó le haon achtachán, a léiriú mar thagairtí don reacht sin arna oiriúnú amhlaidh.

Na hionstraimí reachtúla lena mbaineann an tAcht seo go príomha

2. —(1) Baineann an tAcht seo go príomha le gach ionstraim reachtúil—

(a) a déanfar an lú lá d'Eanáir, 1948, nó dá éis sin, agus

(b) a dhéanfas aon údarás acu seo a leanas, eadhon:—

(i) an tUachtarán,

(ii) an Rialtas,

(iii) aon chomhalta den Rialtas,

(iv) aon Rúnaí Parlaiminte,

(v) aon duine nó comhlucht, corpraithe nó neamhchorpraithe, a bheas ag feidhmiú aon fheidhme rialtais ar fuaid an Stáit, nó ag comhlíonadh aon dualgas poiblí maidir le riarachán poiblí ar fuaid an Stáit,

(vi) aon údarás ag a mbeidh cumhacht de thuras na huaire chun rialacha cúirte a dhéanamh, agus

(c) is ionstraim reachtúil—

(i) ar gá do réir reachta í a leagadh faoi bhráid dhá Thigh an Oireachtais nó faoi cheachtar de Thithe an Oireachtais, nó

(ii) atá de shaghas a bhaineas leis an bpobal i gcoitinne nó le haon aicme nó aicmí áirithe den phobal, agus

(d) nach ionstraim reachtúil ar gá do réir reachta í d'fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

(2) (a) Má dheimhníonn an tArd-Aighne i scríbhinn gur dóigh leis gur údarás den aicme a luaitear i bhfomhír (v) de mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo duine nó comhlucht áirithe, is tuigthe, chun críocha an fho-ailt sin (1), gur údarás den aicme sin an duine nó an comhlucht sin.

(b) Má dheimhníonn an tArd-Aighne i scríbhinn gur dóigh leis ionstraimí reachtúla d'aicme áirithe (arna míniú i pé slí agus faoi threoir pé nithe is cuí leis an Ard-Aighne) a bheith de shaghas a tuairiscítear i bhfo-mhír (ii) de mhír (c) d'fho-alt (1) den alt seo, is tuigthe, chun críocha an fho-ailt sin (1), na hionstraimí reachtúla sin a bheith ina n-ionstraimí reachtúla den tsaghas sin.

(3) Aon uair—

(i) a beartófar ionstraim reachtúil áirithe a dhéanamh agus, dá ndéanfaí í, go mbeadh sí, de bhuaidh fo-ailt (1) den Acht seo, ina hionstraim reachtúil lena mbaineann an tAcht seo go príomha, agus

(ii) is dóigh leis an Ard-Aighne, toisc gan ach feidhm áitiúil nó phearsanta a bheith aici nó gan í a bheith i ngníomh ach go sealadach nó gan ach feidhm theoranta a bheith aici nó ar aon chúis eile, go mba cheart an ionstraim reachtúil sin, dá ndéanfaí í, a shaoradh ó oibriú fo-ailt (1) d'alt 3 den Acht seo,

féadfaidh an tArd-Aighne ordachán a thabhairt go mbeidh an ionstraim sin, má déantar í, saortha amhlaidh, agus sa chás sin, má déantar an ionstraim reachtúil sin, ní bheidh sí ina hionstraim reachtúil lena mbaineann an tAcht seo go príomha.

(4) Aon uair is dóigh leis an Ard-Aighne, maidir le hionstraimí reachtúla (is ionstraimí reachtúla lena mbaineann an tAcht seo go príomha de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo) d'aicme áirithe (arna míniú i pé slí agus faoi threoir pé nithe is cuí leis an Ard-Aighne) go mba cheart, toisc gan ach feidhm áitiúil nó phearsanta a bheith acu nó gan iad a bheith i ngníomh ach go sealadach nó gan ach feidhm theoranta a bheith acu nó ar aon chúis eile, iad a shaoradh ó oibriú fo-ailt (1) d'alt 3 den Acht seo, féadfaidh sé ordachán a thabhairt go mbeidh gach ionstraim reachtúil den aicme sin saortha amhlaidh agus sa chás sin ní bheidh aon ionstraim reachtúil den aicme sin a déanfar ar dháta an ordacháin nó dá éis sin ina hionstraim reachtúil lena mbaineann an tAcht seo go príomha.

(5) (a) Foilseofar san Iris Oifigiúil gach deimhniú nó ordachán a bhéarfas an tArd-Aighne faoin alt seo.

(b) Féadfar fianaise prima facie ar aon deimhniú nó ordachán ón Ard-Aighne faoin alt seo a thabhairt trí chóip a thabhairt ar aird den Iris Oifigiúil a airbheartós an deimhniú nó an t-ordachán sin a bheith ann.

Clóbhualadh, fógra déanta, etc., ionstraimí reachtúla lena mbaineann an tAcht seo go príomha agus forála forlíontacha.

3. —(1) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le gach ionstraim reachtúil lena mbaineann an tAcht seo go príomha—

(a) déanfar, laistigh de sheacht lá tar éis í a dhéanamh, cóip di a chur go dtí gach ceann acu seo a leanas, eadhon, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, an Leabharlann Dlí, na Ceithre Cúirteanna, Baile Atha Cliath, Dlí-Chumann Corpraithe na hÉireann, Comhlachas Tráchtála Bhaile Atha Cliath, Comhlachas Tráchtála Chorcaighe, Comhlachas Tráchtála Luimnigh, Comhlachas Tráchtála Phortláirge agus Comhlachas Tráchtála na Gaillimhe,

(b) a luaithe is féidir tar éis í a dhéanamh déanfar, d'ainneoin í a bheith i gcaoi a neamhnithe, í a chlóbhualadh faoi mhaoirseacht Oifige an tSoláthair,

(c) a luaithe is féidir tar éis í a chlóbhualadh, foilseofar san Iris Oifigiúil fógra á rá go ndearnadh í agus ag insint na háite a bhféadfar cóipeanna dhi d'fháil,

(d) amhail ar dháta agus ó dháta na huimhreach den Iris Oifigiúil ina mbeidh an fógra sin, coimeádfar cóipeanna den ionstraim reachtúil sin san áit a bheas sonraithe sa bhfógra sin agus féadfar iad d'fháil ann.

(2) Faoi réir fo-ailt (3) den alt seo ní dhéanfaidh aon neamhchomhlíonadh ar fho-alt (1) den alt seo difir do bhailíocht ná d'éifeacht ná do theacht i ngníomh aon ionstraime reachtúla lena mbaineann an tAcht seo go príomha.

(3) Más rud é—

(a) go gcúiseofar duine (dá ngairmtear an cosantóir sa bhfo-alt seo) i sárú (trí ghníomh nó neamhghníomh) forála in ionstraim reachtúil lena mbaineann an tAcht seo go príomha, agus

(b) ná cruthóidh an cúisitheoir go raibh arna fhoilsiú, san Iris Oifigiúil um dháta an tsáruithe líomhnaithe, fógra á rá go ndearnadh an ionstraim reachtúil sin,

díbheofar an cúiseamh, mura gcruthaí an cúisitheoir chun sástachta na Cúirte go ndearnadh bearta réasúnacha um an dáta sin chun airbheart na hionstraime sin a chur in iúl don phobal nó do dhaoine ar dócha í do bhaint leo nó don chosantóir.

(4) Má bheirtear ar aird cóip (a airbheartós a bheith arna foilsiú ag Oifig an tSoláthair nó le húdarás ó Oifig an tSoláthair) d'ionstraim reachtúil lena mbaineann an tAcht seo go príomha agus ráiteas clóbhuailte uirthi gur foilsíodh in uimhir áirithe den Iris Oifigiúil fógra á rá go ndearnadh an ionstraim reachtúil sin, beidh sin ina fhianaise prima facie in aon imeachta gur foilsíodh an fógra sin san uimhir sin den Iris Oifigiúil.

(5) Ní léireofar aon ní san alt seo mar ní a chuireas srian le clóbhualadh agus foilsiú aon ionstraime reachtúla nach ionstraim reachtúil lena mbaineann an tAcht seo go príomha.

Uimhriú ionstraimí reachtúla.

4. —(1) Déanfaidh Oifig an tSoláthair i gcás gach ionstraime reachtúla lena mbaineann an tAcht seo go príomha, agus féadfaid i gcás aon ionstraime reachtúla eile a chlóbhuailfeas agus a fhoilseos Oifig an tSoláthair, uimhir i leith bliana a déanta a shannadh dhi, agus, nuair a sannfar amhlaidh aon uimhir den tsórt sin d'ionstraim reachtúil, clóbhuail ear go feiceálach ar a héadan—

(a) más i nGaeilge a bheas sí tarraing he, an scríbhinn seo a leanas, eadhon “I.R. Uimh. (an uimhir sin) de (an bhliain sin).”, nó

(b) más i mBéarla a bheas sí tarraingthe, an scríbhinn seo a leanas, eadhon, “S.I. No. (an uimhir sin) of (an bhliain sin).”.

(2) Ní dhéanfaidh neamhchomhlíonadh ar fho-alt (1) den alt seo difir do bhailíocht ná do theacht i bhfeidhm aon ionstraime reachtúla.

Lua ionstraimí reachtúla.

5. —Féadfar, gan dochar d'aon mhodh luaite eile, aon ionstraim reachtúil a ghairm—

(a) má bhíonn an scríbhinn dá dtagartar i bhfo-alt (1) d'alt 4 den Acht seo clóbhuailte ar a héadan, do réir na scríbhinne sin, nó

(b) do réir aon mhodha luaite a bheas údaraithe leis an ionstraim reachtúil sin.

Athghairm.

6. —(1) Athghairmtear leis seo an Rules Publication Act, 1893.

(2) Athghairmtear leis seo an méid d'aon reacht Breataineach a airbheartaíos a cheangal—

(a) ionstraim reachtúil lena mbaineann an tAcht seo go príomha d'fhoilsiú sa London Gazette, nó

(b) fógra d'fhoilsiú sa London Gazette á rá go ndearnadh ionstraim reachtúil lena mbaineann an tAcht seo go príomha.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

7. —(1) Féadfar an tAcht Ionstraimí Reachtúla, 1947 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1948.