An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1949) Ar Aghaidh (CUID II. Leasuithe Ilghnéitheacha ar na hAchta.)

1 1949

AN tACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1949

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1949 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1949, a ghairm de na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1948, agus den Acht seo le chéile.

Mínithe agus léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

na hAchta.

ciallaíonn an abairt “na hAchta” na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1948;

an Príomh-Acht.

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923) , arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

(2) Léifear agus léireofar le chéile na hAchta agus an tAcht seo, agus dá réir sin beidh san Acht seo ag aon fhocal agus abairt a húsáidtear san Acht seo agus dá dtug na hAchta brí áirithe an bhrí a tugadh dó amhlaidh.

Na hAchta a bhuanú.

3. —Leanfaidh na hAchta, arna leasú agus arna leathnú leis an Acht seo, i bhfeidhm go dtí meán oíche an 31ú lá de Mhárta, 1950, agus raghaid in éag ansin.

Athghairm.

4. —Déantar leis seo an t-achtachán a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin