An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) Ar Aghaidh (CUID III. Fo-dhlithe i dtaobh Bóithre Trasna nó in aice Tailimh a hUsáidtear chun Críocha Míleata.)

1 1949

AN tACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1949

CUID II.

Leasuithe Ilghnéitheacha ar na hAchta.

Alt 153 den Phríomh-Acht d'athachtú fara modhnuithe, agus leasú iarmartach ar alt 157 den Phríomh-Acht.

5. —(1) Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad ailt 153 den Phríomh-Acht—

“153.—(1) Má dhéanann saighdiúir de na Fórsaí a chríochnaigh, nó a chríochnós laistigh de bhliain, tréimhse leanúnach bliana agus fiche san iomlán de sheirbhís Airm faoi alt 152 den Acht seo, fógra a thabhairt dá oifigeach ceannais gur mian leis leanúint ar seirbhís go ceann tréimhse eile dhá bhliain (dá ngairmtear an chéad tréimhse sa bhfo-alt seo), beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) féadfar, le haontú an údaráis mhíleata ordaithe, é a choimeád i seirbhís don chéad tréimhse,

(b) más rud é—

(i)  go gcoimeádfar i seirbhís é don chéad tréimhse, agus

(ii)  go dtabharfaidh sé fógra dá oifigeach ceannais, roimh dheireadh na tréimhse sin, gur mian leis leanúint ar seirbhís go ceann tréimhse eile dhá bhliain (dá ngairmtear an dara tréimhse sa bhfo-alt seo),

féadfar, le haontú an údaráis mhíleata ordaithe, é a choimeád i seirbhís don dara tréimhse,

(c) más rud é—

(i)  go gcoimeádfar i seirbhís é don dara tréimhse, agus

(ii)  go dtabharfaidh sé fógra dá oifigeach ceannais, roimh dheireadh na tréimhse sin, gur mian leis leanúint ar seirbhís go ceann tréimhse eile dhá bhliain (dá ngairmtear an tríú tréimhse sa bhfo-alt seo),

féadfar, le haontú an údaráis mhíleata ordaithe, é a choimeád i seirbhís don tríú tréimhse,

(d) más rud é—

(i)  go gcoimeádfar i seirbhís é don tríú tréimhse, agus

(ii)  go dtabharfaidh sé fógra dá oifigeach ceannais, roimh dheireadh na tréimhse sin, gur mian leis leanúint ar seirbhís go ceann tréimhse eile dhá bhliain (dá ngairmtear an ceathrú tréimhse sa bhfo-alt seo),

féadfar, le haontú an údaráis mhíleata ordaithe, é a choimeád i seirbhís don cheathrú tréimhse,

(e) más rud é—

(i)  go gcoimeádfar i seirbhís é don cheathrú tréimhse, agus

(ii)  go dtabharfaidh sé fógra dá oifigeach ceannais, roimh dheireadh na tréimhse sin, gur mian leis leanúint ar seirbhís go ceann tréimhse eile dhá bhliain,

féadfar é a choimeád i seirbhís don tréimhse eile sin.

(2) Má coimeádtar saighdiúir de na Fórsaí i seirbhís do thréimhse áirithe dhá bhliain faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfar é a choimeád mar shaighdiúir de na Fórsaí don tréimhse sin ar gach slí amhail agus dá mbeadh a thréimhse sheirbhíse fós gan caitheamh.”

(2) Leasaítear leis seo alt 157 den Phríomh-Acht mar leanas:—

(a) i bhfo-alt (1) cuirfear na focail “nó do thréimhse a choimeádta i seirbhís” isteach i ndiaidh an fhocail “ath-fhostuithe”;

(b) i bhfo-alt (3) cuirfear na focail “nó a choimeádta i seirbhís” isteach i ndiaidh an fhocail “athfhostuithe”.

Alt 220 den Phríomh Acht a leasú.

6. —In alt 220 den Phríomh-Acht cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (1), is é sin le rá:—

“(1) Dlífidh gach duine nó aon duine de na fir a bhaineas leis an gCúltaca dul faoi thréineáil sa Stát pé trátha agus go ceann pé tréimhsí (nach sia in aon bhliain ná tríocha lá) a hordófar, agus chuige sin féadfar iad a ghairm amach ó am go ham a mhinicí is gá agus féadfar a cheangal orthu teacht i láthair ag pé áiteanna a ordós an tAire.”

Oifigeach den Chúltaca a shannadh d'aicme áirithe den Chúltaca Oifigeach.

7. —(1) Aon oifigeach den Chúltaca Oifigeach, a ceapadh chuige sin roimh an Acht seo a rith, agus nach mbaineann le haon aicme áirithe den Chúltaca Oifigeach, féadfaidh an tAire é a shannadh d'aon aicme áirithe den Chúltaca Oifigeach.

(2) Aon oifigeach den Chúltaca Oifigeach, a ceapfar chuige sin tar éis an tAcht seo a rith, féadfaidh an tAire é a shannadh d'aon aicme áirithe den Chúltaca Oifigeach.

(3) Aon oifigeach den Chúltaca Oifigeach, pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin a ceapadh chuige é, a bhaineas de thuras na huaire le haicme áirithe den Chúltaca Oifigeach, féadfaidh an tAire é d'aistriú, le toiliú an oifigigh féin, chun aicme eile den Chúltaca Oifigeach.

Alt 13 den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1946 , a leasú.

8. —(1) I mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 13 den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1946 ( Uimh. 7 de 1946 ), léireofar an tagairt do thréimhse seacht mblian ó dháta an díbhe mar thagairt don tréimhse dar críoch dáta an Achta seo a rith.

(2) Má bhíonn duine, ar dháta an Achta seo a rith, i seilbh oifige nó fostaíochta dá luaitear i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 13 den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1946 ( Uimh. 7 de 1946 ), ní léireofar an mhír sin (a) mar ní a dhéanas neamhdhleathach nó a rinne neamhdhleathach riamh ceapadh an duine sin chun na hoifige nó chun na fostaíochta sin.

Alt 3 den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1947 , a leasú.

9. —(1) I bhfo-alt (4) d'alt 3 den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1947 ( Uimh. 4 de 1947 ), cuirfear na focail “nó ceachtar de na céimeanna cabhlaigh coimisiúnta” isteach i ndiaidh na bhfocal “an chéim chabhlaigh choimisiúnta.”

(2) Sa Táibhle a ghabhas le halt 3 den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1947 , cuirfear na focail “Meánloingseach nó (i mBéarla) Midshipman.” isteach i ndiaidh na bhfocal “Meirgire nó (i mBéarla) Ensign.” sa tríú colún ag uimhir thagartha 9.