|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM LIMISTÉIRÍ NEAMHFHORBARTHA, 1952) | Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL. Forala Maidir le Feidhmiu Cumhacht an Bhoird. Talamh a Thógaint.) |
AN tACHT UM LIMISTÉIRÍ NEAMHFHORBARTHA, 1952
[EN] | ||
[EN] |
AN CHEAD SCEIDEAL An Foras Tionscal. | |
Corprú. | 1. Beidh an Bord ina gcomhlucht corpraithe le comharbas suthain agus gnáthshéala agus cumhacht agartha agus chun bheith inagartha faoina n-ainm chorpraithe agus cumacht chun talamh a thógaint agus a shealbhú. | |
Ceapadh agus coinníollacha seirbhíse. | 2. (1) Beidh an Bord comhdhéanta de thriúr comhaltaí a mbeidh duine acu ina chathaoirleach. | |
(2) Is é an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a cheapfas an Cathaoirleach agus na comhaltaí eile. | ||
(3) Is mar chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, tráth a cheaptha ina chomhalta, a bheas téarma oifige (nach mbeidh níos sia ná cúig bliana) agus coinníollacha seirbhíse comhalta. | ||
(4) Íocfar le gach comhalta, as cistí a bheas faoina réir ag an mBord, pé luach saothair a chinnfeas an tAire le toiliú an Aire Airgeadais. | ||
(5) Féadfar comhalta a bheas ag dul as oifig d'athcheapadh. | ||
(6) Ní bhainfidh Achta Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 agus 1926, le hoifig chomhalta. | ||
Nós imeachta. | 3. (1) Féadfaidh an Bord gníomhú trí aon bheirt dá líon agus d'ainneoin folúntais ina gcomhaltas. | |
(2) Féadfaidh an Bord a nós imeachta féin a rialáil. | ||
Cur as oifig, éirí as oifig agus dícháiliú. | 4. (1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, comhalta a chur as oifig. | |
(2) Féadfaidh comhalta éirí as a oifig. | ||
(3) Má thagann comhalta den Bhord chun bheith ina chomhalta de cheachtar Tigh den Oireachtas, ansin, ar é a theacht, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, i dteideal suí sa Tigh sin, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Bhord. | ||
(4) Duine a bheas de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, chun suí sa Tigh sin, beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord. | ||
(5) Beidh comhalta dícháilithe chun bheith, agus scoirfidh de bheith, i seilbh oifige má breithnítear ina fhéimhí é, nó má dhéanannséimshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe, nó má dhaorann cúirt dlínse inniúla é chun príosúnachta nó pian-tseirbhíse. | ||
(6) Ní bheidh comhalta den Bhord ina chomhalta d'údarás áitiúil. | ||
Gan eolas a nochtadh. | 5. Ní nochtfaidh comhalta aon eolas a gheobhas sé i gcomhlíonadh a fheidhmeanna i dtaobh cúrsaí príobháideacha aon duine nó gnótha ach amháin i gcúrsa tuarascála chun an Aire. | |
Leas airgeadais a nochtadh. | 6. Má bhíonn aon leas airgeadais, díreach nó neamhdhíreach, ag comhalta in aon ghnóthas tionscail, cuirfidh sé in iúl don Aire, sara gcomhlíonfaidh sé aon fheidhmeanna mar chomhalta den Bhord, cad é an leas é agus déanfaidh do réir pé ordachán a bhéarfas an tAire dhó ina thaobh. | |
Gnáthshéala. | 7. (1) Déanfar gnáthshéala an Bhoird, nuair a cuirfear ar dhoiciméad é, d'fhianú le síniú bheirt chomhaltaí. | |
(2) Bhéarfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar ghnáthshéala an Bhoird agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartós a bheith ina ionstraim arna déanamh ag an mBord agus a bheith séalaithe le gnáthshéala an Bhoird agus a bheith fianaithe do réir na míre seo, agus measfar, gan a thuilleadh cruthúnais, gurb í an ionstraim sin í, mura gcruthaítear a mhalairt. | ||
Conartha agus ionstraimí gan séala. | 8. Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba phearsa a dhéanfadh nó d'fhorghníomhódh é, féadfaidh aon duine a bheas údaraithe go ginearálta nó go speisialta ag an mBord chuige sin é a dhéanamh nó d'fhorghníomhú thar ceann an Bhoird. | |
Oifigigh agus seirbhísígh. | 9. (1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, pé oifigigh agus seirbhísigh a cheapadh is dóigh leis is gá chun cabhrú leis an mBord i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna. | |
(2) Beidh na hoifigigh agus na seirbhísigh a ceapfar amhlaidh i seilbh oifige ar pé téarmaí, agus gheobhaid pé luach saothair. a chinnfeas an tAire Airgeadais. | ||
(3) Féadfaidh an tAire, ar an mBord dá iarraidh sin agus le toiliú an Aire Airgeadais, comhairleoirí teicniúla don Bhord a cheapadh agus féadfar pé táillí nó luach saothair eile a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, d'íoc leis na comhairleoirí sin as airgead a sholáthrós an tOireachtas. | ||
(4) Ní dhéanfaidh aon chomhairleoir teicniúil aon eolas a gheobhas sé i gcomhlíonadh a dhualgas mar chomhairleoir den tsórt sin a nochtadh ach amháin i gcúrsa tuarascála uaidh chun an Bhoird. Aon duine a shárós an fhoráil seo beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air. | ||
Cuntais agus iniúchadh. | 10. (1) Coimeádfaidh an Bord, i pé foirm a cheadós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is gnáth agus is cuí ar airgead a gheobhaid agus a chaithfid, agus coimeádfaid go háirithe na ountais speisialta sin go léir a ordós an tAire ó am go ham. | |
(2) Cuirfidh an Bord na cuntais faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go bliantúil lena n-iniúchadh, pé tráth a ordós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus déanfar na cuntais sin ar iad a bheith iniúchta amhlaidh, maraon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, a thíolacadh don Aire agus bhéarfaidh seisean go leagfar cóipeanna dhíobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | ||
Tuarascáil bhliantúil. | 11. Bhéarfaidh an Bord tuarascáil bhliantúil ar a ngníomhachta i pé foirm a ordós an tAire, agus bhéarfaidh an tAire go leagfar cóipeanna den tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
Tuairisceáin. | 12. Bhéarfaidh an Bord don Aire pé eolas i dtaobh a ngníomhachta a iarrfas sé ó am go ham. | |
Caiteachais chomhaltaí. | 13. Íocfaidh an Bord le gach duine dá gcomhaltaí pé caiteachais taistil agus chothuithe agus pé caitheachais teagmhasacha faoina raghaidh sé agus a cheadós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais. |