An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) Ar Aghaidh (CUID III. Éifeacht Orduithe Uchtála.)

25 1952

AN tACHT UCHTÁLA, 1952

CUID II.

Orduithe Uchtála.

An Bord Uchtála.

8. —(1) Beidh comhlucht ann dá ngairmfear an Bord Uchtála (ar a dtugtar an Bord san Acht seo) chun na feidhmeanna a ceaptar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Cathaoirleach agus seisear gnáthchomhaltaí a bheas ar an mBord.

(3) Is é an Rialtas a cheapfas an Cathaoirleach agus na gnáthchomhaltaí.

(4) Ní ceapfar aon duine ina Chathaoirleach mura bhfuil nó mura raibh sé ina Bhreitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt, den Chúirt Chuarda nó den Chúirt Dúiche nó murab abhcóide nó aturnae é le deich mbliana ar a laghad.

(5) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas amháin a bheith ina chomhaltas.

(6) Bainfidh forála an Chéad Sceidil leis an mBord.

Cumhacht chun ordú uchtála a dhéanamh.

9. —(1) Féadfaidh an Bord, ar iarratas ó dhuine ar mian leis leanbh d'uchtáil, ordú a dhéanamh chun an duine sin d'uchtáil an linbh.

(2) Más lánú phósta na hiarratasóirí is ordú chun iad d'uchtáil an linbh i gcomhpháirt a déanfar.

Leanaí a féadfar d'uchtáil.

10. —Ní déanfar ordú uchtála mura rud é—

(a) gur sa Stát atá cónaí ar leanbh, agus

(b) go bhfuil an leanbh, ar dháta an iarratais, sé mhí ar a laghad agus gan bheith thar seacht mbliana d'aois, agus

(c) gur leanbh neamhdhlisteanach nó dílleachta an leanbh.

Daoine a fhéadfas ordú uchtála d'iarraidh.

11. —(1) Ní déanfar ordú uchtála mura rud é—

(a) gur lánú phósta atá ina gcónaí le chéile na hiarratasóirí, nó

(b) gurb í máthair an linbh nó gurb é a athair nádúrtha nó gur gaol dó an t-iarratasóir, nó

(c) gur baintreach an t-iarratasóir.

(2) Ní déanfar ordú chun níos mó ná duine amháin d'uchtáil linbh, ach amháin i gcás lánún pósta atá ina gcónaí le chéile.

(3) Ní déanfar ordú uchtála mura rud é—

(a) go bfhuil tríocha bliain d'aois slán ag an iarratasóir, agus más lánú phósta na hiarratasóirí ag an mbeirt acu, nó

(b) go bhfuil bliain agus fiche d'aois slán ag an iarratasóir agus gurb í máthair an linbh nó gurb é a athair nádúrtha nó gur gaol dó an t-iarratasóir, nó

(c) gur lánú phósta na hiarratasóirí agus gurb í an bhean chéile máthair an linbh agus go bhfuil bliain agus fiche d'aois slán aici féin nó ag a fear céile, nó

(d) gur lánú phósta na hiarratasóirí agus gurb é athair nádúrtha an linbh, nó gur gaol don leanbh, duine acu agus go bhfuil bliain agus fiche d'aois slán acu beirt.

(4) Ní déanfar ordú uchtála mura bfhuil cónaí sa Stát ar na hiarratasóirí.

(5) Ní déanfar ordú uchtála mura rud é gur saoránach Éireannach an t-iarratasóir nó, más lánú phósta na hiarratasóirí, gur saoránach Éireannach an fear céile nó go raibh gnáthchónaí sa Stát ar an iarratasóir nó ar an bhfear céile ar feadh na gcúig mblian roimh dháta an iarratais.

Creideamh.

12. —(1) Ní déanfar ordú uchtála mura gcomhlíontar coinníollacha an ailt seo maidir le creideamh.

(2) Ní foláir an t-iarratasóir nó na hiarratasóirí a bheith ar aon-chreideamh leis an leanbh agus lena thuismitheoirí nó, i gcás linbh neamhdhlisteanaigh, lena mháthair.

(3) Féadfaidh an Bord, ag féachaint d'imthosca speisialta aon cháis áirithe, ordú uchtála a dhéanamh d'ainneoin nach den aon-chreideamh na daoine go léir dá dtagartar i bhfo-alt (2), ar choinníoll gur comhalta de cheann de na haicmí creidimh seo a leanas gach duine ar leith acu, eadhon, Eaglais na hÉireann, an Eaglais Phresbitéarach in Éirinn, an Eaglais Mhetoidisteach in Éirinn, Creideamh-Chumann na gCarad in Éirinn, Aontas Baisteach na hÉireann, agus na Bráithre ar a dtugtar go coitianta Bráithre Plymouth.

(4) I gcás tuismitheora atá tar éis bháis measfar gurb é an creideamh a bhí aige i dtráth a bháis a chreideamh.

(5) I gcás linbh measfar gurb é an creideamh a bhfuiltear á thabhairt suas leis a chreideamh.

(6) Beidh de rogha ag an mBord an coinníoll maidir le creideamh tuismitheora a ligean thar ceal mura féidir leo é d'fhionnadh.

Oiriúnacht na n-uchtóirí.

13. —(1) Ní dhéanfaidh an Bord ordú uchtála mura deimhin leo gur duine dea-charachtair mhorálta an t-iarratasóir, gur leor a acmhainn chun an leanbh a chothú agus gur duine oiriúnach é chun cearta agus dualgais tuismitheora i leith an linbh a bheith aige.

(2) Más lánú phósta na hiarratasóirí, déanfaidh an Bord deimhin i dtaobh cáilíochta morálta agus oiriúnachta na beirte acu.

Toiliú le huchtáil.

14. —(1) Ní déanfar ordú uchtála gan toiliú gach duine acu seo a leanas, eadhon, máthair an linbh nó caomhnóir an linbh nó aon duine atá i gcúram nó i bhfeighil an linbh, mura ligfidh an Bord aon toiliú den tsórt sin thar ceal do réir an ailt seo.

(2) Féadfaidh an Bord toiliú aon duine a ligean thar ceal más deimhin leis an mBord nach bhfuil ar chumas an duine sin, de dheasca easláine meabhrach, a thoiliú a thabhairt nó nach féidir an duine sin d'fháil.

(3) Ní ligfear thar ceal toiliú coimircí chúirte ach amháin le ceadú na Cúirte.

(4) Féadfaidh duine toiliú le hordú uchtála a dhéanamh gan a fhios a bheith aige cé hé iarratasóir an orduithe.

(5) Is i scríbhinn sa bhfoirm ordaithe a bhéarfar toiliú.

(6) Féadfar toiliú a tharraingt siar aon tráth sara ndéanfar ordú uchtála.

Toiliú a bheith bailí.

15. —(1) Ní bheidh toiliú bailí mara dtabharfar é tar éis sé mhí d'aois a bheith slán ag an leanbh agus tráth nach luaithe ná trí mhí sara ndéanfar an t-iarratas uchtála.

(2) (a) Má athraíonn máthair linbh neamhdhlisteanaigh a creideamh laistigh de dhá mhí dhéag roimh bhreith an linbh, ní bheidh a toiliú le huchtáil an linbh bailí mura dtabharfar é tar éis bliain d'aois a bheith slán ag an leanbh.

(b) Má athraíonn sí a creideamh laistigh de dhá mhí dhéag tar éis na breithe, ní bheidh a toiliú bailí mura dtabharfar é dhá mhí dhéag ar a laghad tar éis an dáta lena nglacfaidh an Bord mar dháta athruithe a creidimh.

(3) Déanfaidh an Bord deimhin de, i dtaobh gach duine ar gá a thoiliú agus nár ligeadh a thoiliú thar ceal, gur thug sé a thoiliú agus go dtuigeann sé brí agus éifeacht an toilithe sin agus an orduithe uchtála.

Iarratais d'éisteacht.

16. —(1) Beidh na daoine seo a leanas, agus ní bheidh duine ar bith eile, i dteideal éisteacht d'fháil ar iarratas a dhéanamh ar ordú uchtála—

(a) na hiarratasóirí,

(b) máthair an linbh,

(c) caomhnóir an linbh,

(d) duine atá i gcúram nó i bhfeighil an linbh,

(e) gaol don leanbh,

(f) ionadaí do chumann uchtála cláraithe a bhfuil, nó a raibh tráth ar bith, baint aige leis an leanbh,

(g) sagart nó duine de chléir aon aicme creidimh a admhaíos an Bunreacht (nó, i gcás aon aicme creidimh den tsórt sin nach bhfuil cléir aici, ionadaí údaraithe don aicme chreidimh sin), má héilítear gur den aicme chreidimh sin an leanbh nó duine dá thuismitheoirí (pé acu beo nó marbh dó).

(h) oifigeach don Bhord,

(i) aon duine eile a gcinnfidh an Bord, dá rogha féin, éisteacht a thabhairt dó.

(2) Aon duine a mbeidh teideal aige éisteacht d'fháil, féadfaidh abhcóide nó aturnae feidhmiú ar a shon.

(3) Féadfaidh an Bord an t-iarratas go léir, nó aon chuid de, d'éisteacht go príobháideach.

(4) Má gheibheann an Bord fógra bhfuil imeachta ar feitheamh in aon chúirt bhreithiúnais maidir le coimeád linbh a bhfuil iarratas ina leith faoi bhráid an Bhoird, ní dhéanfaidh an Bord aon ordú sa chás go dtí go mbeidh breith tugtha ar na himeachta.

Orduithe eatraimh.

17. —(1) Nuair a déanfar iarratas ar ordú uchtála, féadfaidh an Bord, más dleathach an t-ordú uchtála a dhéanamh i gcúrsaí an cháis, an t-iarratas a chur ar atráth, más cuí leis é, agus ordú (dá ngairmtear san Acht seo ordú eatraimh) a dhéanamh ag tabhairt coimeád an linbh don iarratasóir go ceann tréimhse promhaidh nach sia ná dhá bhliain.

(2) Féadfaidh an Bord coinníollacha maidir le cothabháil, oideachas agus maoirsiú leasa an linbh a chur ag gabháil leis an ordú eatraimh.

(3) Féadfaidh an Bord an t-ordú eatraimh a chúlghairm, agus déanfaidh sé amhlaidh ar an duine dár tugadh coimeád an linbh, nó ar mháthair nó caomhnóir an linbh, dá iarraidh sin.

(4) Aon duine a shárós, pé acu trí ghníomh nó neamhghníomh é, coinníoll in ordú eatraimh, beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

Athuchtáil.

18. —I gcás uchtóirí (nó uchtóir aonair) linbh a bheith tar éis bháis, féadfar ordú uchtála eile a dhéanamh do réir an Achta seo maidir leis an leanbh, agus chuige sin measfar gur leanbh dleathach leis na huchtóirí nó leis an uchtóir atá tar éis bháis an leanbh.

Uchtáil roimh dháta an Achta seo.

19. —(1) Má dhéanann duine iarratas ar ordú uchtála laistigh den tréimhse a ceaptar le fo-alt (5) agus go gcruthóidh sé chun sástachta an Bhoird go raibh an leanbh faoina chúram ó dháta roimh dháta an Achta seo a rith, beidh éifeacht ag forála an ailt seo.

(2) Féadfar an t-ordú uchtála a dhéanamh d'ainneoin an leanbh a bheith os cionn seacht mbliana d'aois ar dháta an iarratais.

(3) Má bhí an leanbh ina chónaí ar feadh trí bliana ar a laghad leis an iarratasóir agus go gcruthófar chun sástachta an Bhoird gur thoiligh máthair an linbh leis an iarratasóir d'uchtáil an linbh mar leanbh leis féin, féadfaidh an Bord toiliú na máthar faoi alt 14 a ligean thar ceal.

(4) Bhéarfaidh an Bord aird chuí ar mhianta an linbh ag féachaint dá aois agus dá thuiscint.

(5) Ní foláir iarratas faoin alt seo a dhéanamh laistigh de dhá bhliain tar éis tosach feidhme an Achta seo nó laistigh de pé tréimhse bhreise a cheadós an Bord in aon chás áirithe ar chúis réasúnach.

Cás a shonrú don Ard-Chúirt.

20. —(1) Féadfaidh an Bord (agus, má iarrann iarratasóir ar ordú uchtála, máthair nó caomhnóir an linbh, nó aon duine i gcúram nó i bhfeighil an linbh, air é, déanfaidh, an Bord, mura dóigh leo gur ar chúis suaibhreosach atáthar á iarraidh sin) aon cheist dlí a éireos as iarratas ar ordú uchtála a tharchur chun na hArd-Chúirte lena cinneadh.

(2) Faoi réir rialacha na cúirte, féadfar cás a sonraíodh faoin alt seo d'éisteacht in camera.

Ordú uchtála a cheartú.

21. —Féadfaidh an Bord ordú uchtála a leasú trí aon earráid ana sonraí ann a cheartú.

An clár d'uchtleanaí.

22. —(1) Coimeádfaidh an tArd-Chláraitheoir Clár d'Uchtleanaí.

(2) Déanfar taifead sa chlár maidir le gach uchtleanbh. Is sa bhfoirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal a bheas an taifead agus beidh ann na sonraí is gá do réir na foirme.

(3) Mura bhfuil dáta breithe an linbh ar eolas, cinnfidh an Bord an dáta is dóigh a rugadh an leanbh agus taifeadfar an dáta sin mar dháta breithe an linbh.

(4) Taifeadfar sa chlár an tír ina rugadh an leanbh más deimhin leis an mBord cad é an tír í agus má ordaíonn sé í a thaifeadadh.

(5) Coimeádfaidh an tArd-Chláraitheoir treoir chun go bhféadfar an bhaint idir gach taifead sa chlár agus an taifead comhréire i gclár na mbreitheanna a rianú. Ní bheidh an treoir sin inscrúduithe ag an bpobal; agus ní tabharfar aon fhaisnéis aisti d'aon duine ach amháin ar ordú ó Chúirt nó ón mBord.

(6) Má leasaítear ordú uchtála leasófar dá réir an taifead a bhaineas leis.

(7) Má cuirtear ordú uchtála ar ceal cealófar an taifead.

(8) Cuirfidh an Bord chun an Ard-Chláraitheora na sonraí is gá chun a chur ar a chumas déanamh dó réir an ailt seo.

(9) Coimeádfaidh an tArd-Chláraitheoir ina oifig treoir don chlár; agus beidh daoine i dteideal an treoir sin a chuardach agus cóip dheimhnithe d'fháil de thaifead sa chlár nó de shonraí an taifid ar na téarmaí agus na coinníolacha céanna ar gach slí, maidir le táillí agus eile, ag a bhfuil feidhm faoi na hAchta um Chlárú Breitheanna agus Bása, 1863 go 1952, nó faoi aon achtachán eile maidir le breitheanna a chlárú, agus déanfar na táillí sin a bhailiú agus a dhiúscairt amhail mar déantar le táillí is iníoctha faoi na hAchta sin adúradh.

(10) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoi alt 6 den Acht um Staidreamh Beatha agus um Chlárú Breitheanna, Bása agus Póstaí, 1952 ( Uimh. 8 de 1952 ), (a bhaineas le heisiúint gearr-dheimhnithe), chun go n-eiseofar, maidir le haon taifead sa Chlár d'Uchtleanaí, deimhniú ar pé cinn de na sonraí sa taifead a sonrófar sna rialacháin.

(11) Déanfar cóip dheimhnithe de thaifead sa Chlár d'Uchtleanaí, má airbheartaíonn sí a bheith arna heisiúint faoi shéala Oifige an Ard-Chláraitheora, a ghlacadh, gan a thuilleadh cruthúnais, mar fhianaise ar na fíorais a bheas luaite inti agus is leor an chóip dheimhnithe sin a thabhairt ar aird mar chomhlíonadh ar aon cheanglas dlí i dtaobh deimhniú breithe a thabhairt ar aird.

Ranníoc ó údarás cúnaimh phoiblí i leith caiteachas uchtála.

23. —Féadfaidh údarás cúnaimh phoiblí, dá rogha féin, ranníoc a dhéanamh i leith na gcaiteachas faoina raghaidh duine ar bith i dtaobh iarratais ar ordú uchtála maidir le leanbh a bhfuil an t-údarás sin i dteideal ranníoc a dhéanamh i leith a chothuithe.