|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Fir.) | Ar Aghaidh (Caibidil IV. Páigh agus Liúntais Chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.) |
AN tACHT COSANTA, 1954
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil III. Seirbhís Chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann. | |
Seirbhís chomhaltaí de na Buan-Óglaigh. | ||
[EN] |
Seirbhís chomhaltaí de na Buan-Óglaigh. |
85. —Dlífidh gach oifigeach agus gach fear de na Buan-Óglaigh i gcónaí seirbhís mhíleata a thabhairt laistigh den Stát agus, má tá sé ar fostú ar long Stáit nó ar aerárthach seirbhíse, dlífidh sé i gcónaí le linn dó bheith ar fostú amhlaidh seirbhís mhíleata a thabhairt lasmuigh d'fharraigí tórann an Stáit. |
Seirbhís oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca. | ||
[EN] |
Seirbhís oifigeach dena hÓglaigh Cúltaca. |
86. —(1) Dlífidh gach oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca pé dualgas nó seirbhís mhíleata a forordófar a dhéanamh laistigh den Stát agus, má tá sé ar fostú ar long Stáit nó ar aerárthach seirbhíse, dlífidh sé le linn dó bheith ar fostú amhlaidh pé dualgas nó seirbhís mhíleata a forordófar a dhéanamh lasmuigh d'fharraigí tórann an Stáit. |
[EN] | (2) Bhéarfaidh gach oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca seirbhís faoi pé coinníollacha a forórdófar. | |
Seirbhís chúltacairí. | ||
[EN] |
Cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís. |
87. —(1) (a) Féadfaidh an Rialtas, tráth ar bith le linn tréimhse éigeandála, le forógra— |
[EN] | (i) a dhearbhú é a bheith foirstineach cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís, agus | |
[EN] | (ii) a údarú don Aire pé treoracha is gá leis a thabhairt ó am go ham maidir leis na cúltacairí uile nó le haon chúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís. | |
[EN] | (b) Féadfaidh an Rialtas, le forógra, aon fhorógra arna dhéanamh faoi mhír (a) den fho-alt seo a chúlghairm. | |
[EN] | (c) Más rud é, an tráth a déanfar forógra faoi mhír (a) den fho-alt seo, go mbeidh ceachtar Teach den Oireachtas ar atráth, comórfar an Teach sin a luaithe is caothúil. | |
[EN] | (d) Leagfar gach forógra faoin bhfo-alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus foilseofar é san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis a dhéanta. | |
[EN] | (2) Más rud é— | |
[EN] | (a) go dtabharfaidh an tAire, de bhun forógra faoi mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, treoracha maidir le haon chúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís, agus | |
[EN] | (b) go ndéanfar ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas— | |
[EN] | (i) fógra (dá ngairmtear fógra speisialta sa bhfo-alt seo) a sheirbheáil ar gach cúltacaire lena mbaineann na treoracha á cheangal air freastal an tráth a sonrófar sa bhfógra speisialta sin ag a airmheán slógaidh, nó | |
[EN] | (ii) fógra (dá ngairmtear fógra ginearálta sa bhfo-alt seo) d'fhoilsiú ar an modh forordaithe á cheangal ar gach cúltacaire lena mbaineann na treoracha freastal an tráth a luafar ina leith sa bhfógra ginearálta sin ag a airmheán slógaidh, | |
[EN] | beidh éifeacht ag na forála seo a leanas— | |
[EN] | (I) beidh an cúltacaire sin, chun críocha an Achta seo, arna ghairm amach ar buantseirbhís, i gcás fógra speisialta a sheirbheáil air, amhail ón tráth a bheas ceangailte air leis an bhfógra speisialta sin freastal ag a airmheán slógaidh nó, i gcás fógra ginearálta d'fhoilsiú ar an modh forordaithe, amhail ón tráth a sonrófar sa bhfógra ginearálta sin mar thráth freastail dó ag a airmheán slógaidh; | |
[EN] | (II) mura scaoile an t-údarás míleata forordaithe roimhe sin é, fanfaidh an cúltacaire sin gairmthe amach ar buan-tseirbhís an fhaid a bheas an forógra sin i bhfeidhm. | |
[EN] | (3) San alt seo ciallaíonn an abairt “airmheán slógaidh”, maidir le cúltacaire, an áit a bheas ceaptha ina airmheán slógaidh dó, do réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo. | |
[EN] |
Cúltacairí áirithe a ghairm amach ar buantseirbhís seachas faoi alt 87. |
88. —(1) Baineann an t-alt seo le cúltacaire— |
[EN] | (a) a chomhaontaigh i scríbhinn bheith faoi dhliteanas a ghairmthe amach ar buan-tseirbhís faoin alt seo, agus | |
[EN] | (b) nár chúlghairm an comhaontú sin (cúlghairm is féidir leis a dhéanamh trí fhógra trí mhí i scríbhinn a thabhairt d'oifigeach forordaithe). | |
[EN] | (2) Aon uair a bheas oibríochtaí á n-ullmhú nó ar siúl chun an Stát a chosaint, féadfaidh an Rialtas a údarú don Aire pé treoracha is gá leis a thabhairt maidir le cúltacairí lena mbaineann an t-alt seo a ghairm amach ar buan-tseirbhís. | |
[EN] | (3) Más rud é— | |
[EN] | (a) go dtabharfaidh an tAire, de bhun údaráis faoi fho-alt (2) den alt seo, treoracha maidir le haon chúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís, agus | |
[EN] | (b) go seirbheálfar fógra ar aon chúltacaire lena mbaineann na treoracha á cheangal air freastal a dhéanamh tráth sonraithe in áit shonraithe, | |
[EN] | beidh éifeacht ag na forála seo a leanas— | |
[EN] | (i) beidh an cúltacaire sin, chun críocha an Achta seo, arna ghairm amach ar buan-tseirbhís amhail ón tráth a bheas ceangailte air leis an bhfógra freastal a dhéanamh, | |
[EN] | (ii) scoirfidh an cúltacaire sin de bheith gairmthe amach ar buan-tseirbhís ar thréimhse trí mhí a bheith caite tar éis a ghairmthe amach amhlaidh, mura rud é— | |
[EN] | (I) go mbeidh forógra déanta agus i bhfeidhm an tráth sin á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís, nó | |
[EN] | (II) gur scaoil an t-údarás míleata forordaithe é roimhe sin, | |
[EN] | (iii) má bhíonn forógra i bhfeidhm ar bheith caite don tréimhse sin á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís, ansin, murar scaoil an t-údarás míleata forordaithe é roimhe sin— | |
[EN] | (I) leanfaidh sé de bheith arna ghairm amach ar buan-tseirbhís, | |
[EN] | (II) bainfidh alt 87 leis amhail is dá mba faoin alt sin a gairmeadh amach ar buan-tseirbhís é. | |
[EN] |
Seirbhís chúltacairí a gairmfear amach ar buan-tseirbhís. |
89. —Dlífidh gach cúltacaire a gairmfear amach ar buantseirbhís seirbhís mhíleata a thabhairt i gcónaí laistigh den Stát agus, má tá sé ar fostú ar long Stáit nó ar aerárthach seirbhíse, dlífidh sé i gcónaí le linn dó bheith ar fostú amhlaidh seirbhís mhíleata a thabhairt lasmuigh d'fharraigí tórann an Stáit. |
[EN] |
Cúltacairí a ghairm amach i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta. |
90. —(1) Féadfaidh an tAire, aon uair a dhealrós sé gur gá é, a threorú go ngairmfear amach gach cúltacaire, nó an oiread cúltacairí agus is gá leis, i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta chun an tsíocháin phoiblí a chaomhaint nó d'athbhunú. |
[EN] | (2) Aon tráth a bhéarfas an tAire treoir faoin alt seo, seirbheálfar fógra ar gach cúltacaire lena mbaineann an treoir á cheangal air freastal a dhéanamh an tráth agus san áit a sonrófar sa bhfógra sin agus, chun críocha an Achta seo, beidh an cúltacaire sin, ón tráth sin amach, arna ghairm amach i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta agus fanfaidh gairmthe amach i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta go dtí go dtreoróidh an t-údarás míleata forordaithe é a scaoileadh. | |
[EN] |
Seirbhís chúltacairí a gairmfear amach i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta. |
91. —Gach cúltacaire a gairmfear amach i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta, dlífidh sé seirbhís mhíleata a thabhairt in aon áit laistigh den Stát. |
[EN] |
Tréineáil bhliantúil chúltacairí. |
92. —(1) Dlífidh gach cúltacaire nó aon chúltacairí áirithe dul faoi thréineáil laistigh den Stát nó ar bord longa Stáit lasmuigh d'fharraigí tórann an Stáit, pé trátha agus go ceann pé tréimhsí a forordófar (nach sia ná tríocha lá in aon bhliain), agus chuige sin féadfar iad a ghairm amach ó thráth go tráth a mhinice is gá agus féadfar a cheangal orthu freastal i pé áiteanna a threorós an tAire. |
[EN] | (2) Nuair a gairmfear cúltacaire amach le haghaidh tréineála, de bhun an ailt seo, seirbheálfar fógra air i dtaobh a ghairmthe amach amhlaidh agus i dtaobh an trátha agus na háite chun freastal a dhéanamh. | |
[EN] |
Tréineáil shaorálach chúltacairí. |
93. —Féadfaidh an tAire, le rialacháin, foráil a dhéanamh i dtaobh aon chúltacaire do dhéanamh freastail go saorálach le haghaidh pé tréineála a forordófar leis na rialacháin. |
[EN] |
Cúltacairí do dhéanamh freastail le haghaidh cigireachta. |
94. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le freastal tréimhsiúil cúltacairí go ceann tréimhsí (nach sia ná dhá uair sheachtód a chloig aon tréimhse díobh) ag áiteanna sonraithe le haghaidh cigireachta agus le haghaidh pé críocha eile a sonrófar sna rialacháin. |
[EN] | (2) Aon uair a ceanglófar ar chúltacaire freastal a dhéanamh, de bhun rialachán faoin alt seo, seirbheálfar air fógra ina thaobh sin agus i dtaobh an trátha agus na háite chun freastal a dhéanamh. | |
[EN] |
Cúltacairí a gairmfear amach ar buantseirbhís, etc., a cheangal le foireann, etc. |
95. —(1) Nuair a gairmfear cúltacaire amach ar buan-tseirbhís nó i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta nó le haghaidh tréineála faoi alt 92, féadfar, i rith tréimhse a ghairmthe amach amhlaidh, é d'fhostú le haghaidh seirbhíse, nó é a cheangal, le haon fhoireann aonad nó feadhain eile d'Óglaigh na hÉireann. |
[EN] | (2) Le linn do chúltacaire bheith ag freastal go saorálach le haghaidh tréineála de bhun rialachán faoi alt 93 nó le linn dó bheith ag freastal in aon áit de bhun rialachán faoi alt 94, féadfar é a cheangal le haon fhoireann, aonad nó feadhain eile d'Óglaigh na hÉireann. | |
[EN] |
Fógraí a sheirbheáil ar chúltacairí. |
96. —I gcás ina gceadaítear nó ina gceanglaítear leis an gCaibidil seo fógra a sheirbheáil ar chúltacaire, féadfar é a sheirbheáil air— |
[EN] | (a) trína sheachadadh dhó, nó | |
[EN] | (b) trína fhágaint ag a áit chónaithe chláraithe dheiridh, nó | |
[EN] | (c) trína chur leis an bpost i gclúdach a díreofar chuige ag a áit chónaithe chláraithe dheiridh. |