An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III. Seirbhís Chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.) Ar Aghaidh (Caibidil V. Dícháilíochtaí, Díolúintí agus Pribhléidí Comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.)

18 1954

AN tACHT COSANTA, 1954

Caibidil IV.

Páigh agus Liúntais Chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.

Rialacháin maidir le páigh, liúntais agus aiscí comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.

97. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) rátaí agus scálaí páighe, liúntas agus aiscí comhaltaí d'Óglaigh an hÉireann,

(b) na deontais a féadfar a thabhairt do chomhaltaí agus aonaid d'Óglaigh an hÉireann,

(c) na coinníollacha a bhainfeas le heisiúint na páighe, na liúntas, na n-aiscí agus na ndeontas sin.

(2) (a) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas—

(i) na suimeanna a féadfar d'fhorghéilleadh agus a bhaint as páigh agus liúntais chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann agus as aíscí agus deontais dóibh,

(ii) na suimeanna a féadfar a bhaint as deontais d'aonaid d'Óglaigh na hÉireann,

(iii) diúscairt na suimeanna a forghéillfear agus a bainfear amhlaidh,

(iv) an modh agus an nós imeachta is inleanta chun na suimeanna sin d'fhorghéilleadh agus a bhaint nó chun aon tsuimeanna eile a bhaint a húdaraítear leis an Acht seo,

agus féadfar na suimeanna sin d'fhorghéilleadh agus a bhaint agus iad a dhiúscairt dá réir sin.

(b) Ní fhorordóidh rialacháin faoin bhfo-alt seo—

(i) páigh d'fhorghéilleadh ach amháin i leith na nithe seo a leanas—

(I) neamhláithreacht de dhroim tréigin nó neamhláithreacht gan cead,

(II) comhalta a bheith faoi choimeád, faoi phríosúntacht nó faoi choinneáil,

(III) neamhláithreacht ó dhualgas de dheasca galair nó míchumais de dheasca aon chion a dhéanamh,

(IV) suimeanna nár héilíodh;

(ii) suimeanna a bhaint as páigh ach amháin i leith na nithe seo a leanas—

(I) earraí nó seirbhísí a soláthraíodh,

(II) leithroinnt phósta,

(III) fíneála, pionóis, damáistí, cúiteamh nó costais eile a gearradh,

(IV) maoin phoiblí nó maoin sheirbhíse a cailleadh, a bhí easpaíoch, a damáistíodh nó a dithíodh,

(V) fiach poiblí nó fiach seirbhíse, nó íocaíocht phoiblí nó íocaíocht sheirbhíse a dícheadaíodh.

(VI) caiteachas a rinneadh nó dliteanas faoina ndeachthas gan údarás.

(c) Ní bheidh an tsuim iomlán a bainfear, faoi rialacháin faoin bhfo-alt seo, as páigh fir, ach amháin fear atá á aistriú go dtí na hÓglaigh Cúltaca nó á urscaoileadh as Óglaigh na hÉireann, níos mó in aon tseachtain ná pé suim a bhéarfadh gur lú a gheobhadh sé ná trian dá pháigh don tseachtain sin.

(d) Gach rialachán a déanfar faoin bhfo-alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(3) Féadfaidh an tAire aon tsuim a forghéillfear nó a bainfear faoi fho-alt (2) den alt seo a loghadh go hiomlán nó go páirteach.

(4) Déanfar tagairtí do pháigh, liúntais, aiscí nó deontais sa Chaibidil seo d'fhorléiriú mar thagairtí do pháigh, liúntais, aiscí nó deontais is iníoctha faoi rialacháin a déanfar faoi fho-alt (1) den alt seo.

Suimeanna a bhaint as páigh fir maidir le horduithe áirithe cúirte.

98. —(1) Baineann an t-alt seo—

(a) le hordú ó chúirt shibhialta faoi alt 1 den Married Women (Maintenance in case of Desertion) Act, 1886,

(b) le hordú ó chúirt shibhialta faoi alt 75 nó 82 den Children Act, 1908,

(c) le hordú ó chúirt shibhialta faoi alt 99 den Children Act, 1908, á ordú do thuismitheoir nó caomhnóir ciontóra fíneáil, damáistí nó costais d'íoc,

(d) le hordú ó chúirt shibhialta faoi alt 3, 6, nó 7 d'Acht na Leanaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 (Uimh. 17 de 1930) ,

(e) le hordú ón gCúirt Dúiche faoi alt 28 nó 29 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) ,

(f) le hordú ó chúirt shibhialta faoi alt 232 nó 233 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 (Uimh. 19 de 1945) ,

(g) le hordú ó chúirt shibhialta chun aon airgead d'íoc a bheas dlite mar ailiúnas faoi ghníomhas scarúna,

(h) le hordú ó chúirt shibhialta chun ailiúnas d'íoc.

(2) I gcás ordú lena mbaineann an t-alt seo a dhéanamh in aghaidh duine atá, nó a bheas ina dhiaidh sin, ina fhear de na Buan-Óglaigh, agus cóip den ordú sin a chur chun an Aire, ordóidh an t-údarás forordaithe pé cuid dá pháigh laethúil (nach mó ná dhá dtrian de, má tá céim sháirsint aige nó céim neamhchoimisiúnta airm is airde ná sin nó céim mhion-oifigigh nó céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh is airde ná sin, nó nach mó, in aon chás eile, ná trí ceathrúna dhi), is oiriúnach leis an údarás forordaithe, a bhaint as páigh an duine sin mar fhear de na Buan-Óglaigh agus a leithreasú mar shásamh nó mar shásamh páirteach sa tsuim (lena n-áirítear aon riaráistí a bheas faibhrithe agus aon chostais agus caiteachais) is iníoctha faoin ordú.

(3) Nuair a gairmfear cúltacaire amach ar buan-tseirbhís, beidh feidhm maidir leis ag fo-alt (2) den alt seo amhail mar atá feidhm aige maidir le fear de na Buan-Óglaigh.

Suimeanna a bhaint as páigh fir i leith cothabháil a mhná céile agus a chlainne.

99. —(1) Más dóigh leis an Aire go ndearna duine atá, nó a bheas ina dhiaidh sin, ina fhear de na Buan-Óglaigh, a bhean chéile nó aon duine dá leanaí dlisteanacha faoi bhun sé bliana déag d'aois a thréigint nó d'fhágaint dealamh gan cúis réasúnach, féadfaidh an tAire a ordú pé cuid dá pháigh laethúil (nach mó ná dhá dtrian di, má tá céim sháirsint aige nó céim neamhchoimisiúnta airm is airde ná sin nó céim mhion-oifigigh nó céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh is airde ná sin, nó nach mó, in aon chás eile, ná trí ceathrúna di), is oiriúnach leis an Aire, a bhaint as páigh laethúil an duine sin mar fhear de na Buan-Óglaigh agus í a chur chun feidhme i pé slí is oiriúnach leis an Aire chun an bhean chéile nó na leanaí dlisteanacha sin a chothabháil.

(2) Nuair a gairmfear cúltacaire amach ar buan-tseirbhís, beidh feidhm maidir leis ag fo-alt (1) den alt seo amhail mar atá feidhm aige maidir le fear de na Buan-Óglaigh.

Srian le suimeanna a bhaint as páigh, etc.

100. —(1) Ní bainfear aon tsuim as aon pháigh, liúntas, aisce ná deontas, mura rud é—

(a) go mbeidh sin údaraithe le rialacháin faoi fho-alt (2) d'alt 97, nó le halt 98 nó 99, nó le hAcht ón Oireachtas, nó

(b) go mbeidh sin údaraithe do réir fo-ailt (2) den alt seo.

(2) Má thoilíonn comhalta d'Óglaigh na hÉireann i scríbhinn leis, agus go gceadóidh an t-údarás forordaithe é, féadfar suim a bhaint as páigh, liúntais, aiscí nó deontais an chomhalta sin.

(3) Ní féadfar páigh, liúntais, aiscí ná deontais d'astú ná a chur ar fáil ar shlí eile trí phróis shibhialta chun aon fhiach d'íoc.

Páigh a choimeád siar i gcásanna áirithe.

101. —Má tharlaíonn aon cheist—

(a) maidir le aon pháigh, liúntas, aisce nó deontas a bheith dlite, nó

(b) maidir le méid aon pháighe, liúntais, aisce nó deontais a bheas dlite, nó

(c) maidir le haon tsuim a bheith le forghéilleadh nó le baint as aon pháigh, liúntas, aisce nó deontas, nó

(d) maidir le méid aon tsuime atá le forghéilleadh nó le baint as aon pháigh, liúntas, aisce nó deontas a bheas dlite,

cinnfear an cheist a luaithe is caothúil, agus, go dtí go ndéanfar an cinneadh sin, féadfar an pháigh, an liúntas, an aisce nó an deontas a choimeád siar, go hiomlán nó go páirteach.

Sannadh páighe, etc., a thoirmeasc.

102. —Beidh gach ionstraim (a shannfas nó a mhuirearós aon pháigh, liúntas, aisce nó deontas nó a chomhaontós é a shannadh nó é a mhuirearú) a dhéanfas comhalta d'Óglaigh na hÉireann ar neamhní mura rud é—

(a) gur chun tairbhe do theaglach (lena n-áirítear leanbh neamhdhlisteanach) an chomhalta sin a déanfar í, de bhun aon rialachán a dhéanfas an tAire ina thaobh sin, nó

(b) go mbeidh sí údaraithe le fo-alt (2) d'alt 100 nó le hAcht ón Oireachtas.