An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV. Páigh agus Liúntais Chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.) Ar Aghaidh (Caibidil VI. Forála Ilghnéitheacha.)

18 1954

AN tACHT COSANTA, 1954

Caibidil V.

Dícháilíochtaí, Díolúintí agus Pribhléidí Comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.

Comhaltas cumann polaitíochta agus cumann rúnda a thoirmeasc.

103. —(1) Ní cead d'aon chomhalta de na Buan-Óglaigh ceangal le haon eagraíocht nó cumann polaitíochta ná le haon chumann rúnda ar bith ná bheith ina chomhalta den chéanna ná taobhú leis an gcéanna.

(2) Ní cead d'aon chomhalta de na hÓglaigh Cúltaca ceangal le haon chumann rúnda ar bith ná bheith ina chomhalta dhe ná taobhú leis.

(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin—

(a) a thoirmeasc ar oifigigh de na hÓglaigh Cúltaca bheith páirteach i ngníomhachtaí polaitíochta sonraithe más rud é, ar feadh tréimhse a bheas forógra i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís, nó ar feadh tréimhse a bheas cúltacairí gairmthe amach ar buan-tseirbhís faoi alt 88, go mbeidh na hoifigigh sin ag gabháil go leanúnach de thuras na huaire do dhualgais nó seirbhís mhíleata a dhlíd a dhéanamh mar oifigigh de na hÓglaigh Cúltaca, agus

(b) a thoirmeasc ar chúltacairí bheith páirteach sna gníomhachtaí polaitíochta sonraithe sin nuair a bheid arna ngairm amach ar buan-tseirbhís.

Dícháiliú le haghaidh comhaltais údaráis áitiúil.

104. —(1) Chun críocha an ailt seo—

(a) ciallaíonn an abairt “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun críocha na nAcht Rialtais Áitiúil, 1925 go 1946, agus folaíonn sí coiste gairm-oideachais agus coiste talmhaíochta;

(b) measfar oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca a bheith ar fostú go gníomhach aon uair a bheas sé ar fostú go leanúnach ar dualgas nó seirbhís mhíleata i rith tréimhse a bheas forógra i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís, nó i rith tréimhse a bheas cúltacairí gairmthe amach ar buan-tseirbhís faoi alt 88;

(c) measfar cúltacaire a bheith ar fostú go gníomhach aon uair a bheas sé gairmthe amach ar buan-tseirbhís.

(2)   (a) Beidh comhalta de na Buan-Óglaigh dícháilithe chun é a thoghadh nó a chomhthoghadh nó a cheapadh nó a bheith ina chomhalta d'údarás áitiúil.

(b) I gcás duine a bheas de thuras na huaire ina chomhalta d'údarás áitiúil a theacht chun bheith ina chomhalta de na Buan-Óglaigh, scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den údarás áitiúil sin.

(3) (a) Beidh comhalta de na hÓglaigh Cúltaca dícháilithe, ar feadh aon tréimhse a bheas sé ar fostú go gníomhach, chun é a thoghadh nó a chomhthoghadh nó a cheapadh ina chomhalta d'údarás áitiúil.

(b) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le comhalta de na hÓglaigh Cúltaca a bheas de thuras na huaire ina chomhalta d'údarás áitiúil—

(i) ní ghníomhóidh sé, i rith aon tréimhse a bheas sé ar fostú go gníomhach, mar chomhalta den údarás áitiúil sin, agus má ghníomhaíonn scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den údarás áitiúil sin,

(ii) d'ainneoin aon ní in aon achtachán a bhaineas le húdaráis áitiúla, ní dícháileofar é, ná ní scarfaidh sé lena oifig, mar chomhalta den údarás áitiúil sin toisc gan é a bheith i láthair ag cruinnithe an údaráis áitiúil sin i rith na tréimhse sin agus dá thoisc sin amháin.

Díolúine ó sheirbhís ghiúiré.

105. —Beidh gach duine acu seo a leanas díolmhaithe, le linn na dtráth seo a leanas, ó sheirbhís a thabhairt ar aon ghiúiré—

(a) gach comhalta de na Buan-Óglaigh i gcónaí,

(b) gach oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca ar feadh aon tréimhse a bheas sé ag fáil páighe i leith aon tseirbhíse nó dualgais mar oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca,

(c) gach cúltacaire—

(i) nuair a bheas sé faoi thréineáil agus ag fáil páighe, nó

(ii) nuair a bheas sé gairmthe amach ar buantseirbhís, nó

(iii) nuair a bheas sé gairmthe amach i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta.

Airm, etc., chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann a bheith saor óna n-urghabháil.

106. —Ní bheidh urghabháil indéanta ar airm, lón lámhaigh, trealamh, riachtanais seirbhíse ná éadach seirbhíse comhalta d'Óglaigh na hÉireann faoi aon ordú, foraithne ná barántas cúirte ná faoi aon doiciméad arb ionann feidhm agus éifeacht dó agus d'ordú, foraithne nó barántas den tsórt sin ná faoi aon chineál eile tocsail.

Díolúine fear ó phróis shibhialta.

107. —(1) Ní déanfar ordú faoi alt 6 den Debtors (Ireland) Act, 1872, ná faoi alt 6 ná 8 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 (Uimh. 23 de 1940) , á ordú aon duine a chur i bpríosún—

(a) más fear de na Buan-Óglaigh é, nó

(b) más cúltacaire é atá, de thuras na huaire, gairmthe amach ar buan-tseirbhís.

(2) Ní déanfar ordú faoi fho-alt (1) d'alt 6 den Employers and Workmen Act, 1875, maidir le haon duine ar fear de na Buan-Óglaigh é nó ar cúltacaire é atá, de thuras na huaire gairmthe amach ar buan-tseirbhís.

(3) D'ainneoin aon ní i mír (22) d'alt 133 den Children Act, 1908, ní féadfar ordú faoi alt 75 ná faoi alt 82 den Acht sin i gcoinne duine atá, nó a bheas, ina fhear a chur i bhfeidhm tríd an duine sin a chur i bpríosún, más fear de na Buan-Óglaigh é, an fhaid a bheas sé ina fhear de na Buan-Óglaigh nó, más cúltacaire é, i rith aon tréimhse a bheas sé gairmthe amach ar buan-tseirbhís.

(4) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (5) d'alt 99 den Children Act, 1908, ní féadfar aon tsuimeanna a gearrfar agus a hordófar do thuismitheoir nó do chaomhnóir d'íoc faoin alt sin, nó ar fhorghéilleadh aon urrúis den chineál dá dtagartar san alt sin, a ghnóthú ar an modh a luaitear sa bhfo-alt adúradh ó dhuine atá, nó a bheas, ina fhear, más fear de na Buan-Óglaigh é, an fhaid a bheas sé ina fhear de na Buan-Óglaigh nó, más cúltacaire é, i rith aon tréimhse a bheas sé gairmthe amach ar buan-tseirbhís.

Díolúine ó inchúiseamh, etc., faoi alt 83 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939.

108. —Ní bheidh fear de na Buan-Óglaigh ná cúltacaire inchúisithe ná inphionóis, i rith aon tréimhse a bheas sé gairmthe amach ar buan-tseirbhís, i leith aon chiona faoi alt 83 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) .

Cosc, etc., a chur ar chomhalta den Gharda Síochána.

109. —(1) Má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn aon oifigeach go toiliúil, ar iarratas dleathach a dhéanamh chuige, aon chomhalta d'Óglaigh na hÉireann faoina cheannas a cúisíodh nó a ciontaíodh i gcion, seachas fear a cúisíodh i gcion faoi alt 83 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , a thabhairt suas do chomhalta den Gharda Síochána, nó má chuireann sé cosc go toiliúil, nó má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn go toiliúil, cabhrú le comhalta den Gharda Síochána, agus aon chomhalta den tsórt sin d'Óglaigh na hÉireann á ghabháil aige go dleathach, beidh an t-oifigeach sin ciontach in oilghníomh agus ar a chiontú ann dlífear príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá bhliain a chur air.

(2) Má ciontaítear oifigeach i gcion faoi fho-alt (1) den alt seo, bhéarfaidh an chúirt a chiontaigh é faoi deara go gcuirfear deimhniú ar bhreithiúnas na cúirte chun an Aire.

Gan duine a ciontófar nó a héigiontófar ag armchúirt d'atriail ag cúirt shibhialta.

110. —Má dhéanann armchúirt comhalta d'Óglaigh na hÉireann a chiontú nó d'éigiontú i gcion, ní bheidh an duine sin intriala ina dhiaidh sin ag cúirt shibhialta sa chion sin.

Daoine a bheas ag gníomhú faoin Acht seo a chosaint.

111. —(1) Más rud é, tar éis tosach feidhme an Achta seo, go dtosnófar aon chaingean, inchúiseamh nó imeacht eile i gcoinne aon duine i leith aon ghnímh a rinneadh de bhun an Achta seo nó chun an tAcht seo d'fhorghníomhú nó le hintinn é d'fhorghníomhú, nó i leith aon fhaillí nó mainneachtana líomhnaithe i bhforghníomhú an Achta seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) is san Ard-Chúirt a tionscnófar an caingean, an t-inchúiseamh nó an imeacht sin;

(b) ní bheidh aon ábhar caingin, inchúisimh ná imeachta den tsórt sin ann, ná ní tionscnófar é, mura dtosnaítear é laistigh de shé mhí i ndiaidh an ghnímh, na faillí nó na mainneachtana a gearánfar nó, má bhíonn díobháil nó damáiste leanúnach ann, laistigh de shé mhí tar éis deireadh a theacht leis sin;

(c) más é an cosantóir a gheobhas an breithiúnas in aon chaingean den tsórt sin, gabhfaidh costais leis a bheas le fómhas amhail idir aturnae agus cliant;

(d) más caingean i leith damáistí an imeacht, féadfar, in ionad nó i dteannta aon phléadála eile, tairiscint shásaimh roimh thosnú an chaingin a phléadáil;

(e) má tosnaíodh an caingean tar éis aon airgead mar shásamh in éileamh an ghearánaí a thairiscint nó má téitear ar aghaidh leis tar éis é d'íoc isteach sa chúirt agus nach ngnóthóidh an gearánaí níos mó ná an tsuim a tairgeadh nó a híocadh, ní ghnóthóidh sé aon chostais a ndeachthas fúthu tar éis na tairisceana nó na híocaíochta, agus beidh an cosantóir i dteideal costas a bheas le fómhas amhail idir aturnae agus cliant, amhail ó thráth na tairisceana nó na híocaíochta, ach ní dhéanfaidh an fhoráil seo aon difir do chostais ar aon urghaire sa chaingean;

(f) más dóigh leis an gcúirt nár thug an gearánaí leor-chaoi don chosantóir chun sásamh a thairiscint roimh thosnú na himeachta, féadfaidh an chúirt costais a dhámhachtain don chosantóir a bheas le fómhas amhail idir aturnae agus cliant.

(2) Is san Ard-Chúirt a tionscnófar aon chaingean i gcoinne comhalta nó feadhmhannaigh d'armchúirt i leith pianbhreithe ón armchúirt sin nó i leith aon ruda a rinneadh de bhuaidh, nó de bhun, na pianbhreithe sin.

Díolúine ó dhleachta agus dolaidh.

112. —(1) Ní bheidh aon dleacht ná doladh dob iníoctha do réir dlí dá éagmais seo, i leith úsáide aon phiara, calaidh, cé, áite calaíochta, bóthair phoiblí, bóthair, cirt shlí, droichid nó canálach, le n-íoc, ná ní féadfar a éileamh é a bheith le n-íoc, ag aon aonad ná feadhan eile d'Óglaigh na hÉireann ná ag aon oifigeach ná fear le linn dó bheith ar dualgas ná ag aon duine faoi choimhdeacht ná i leith gluaiseachta aon mhatériel le hÓglaigh na hÉireann.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo aon difir don dliteanas chun dleachta nó dolaidh d'íoc a bheas inéilithe go dleathach i leith aon fheithiclí nó árthach seachas cinn is le hÓglaigh na hÉireann nó atá i seirbhís Óglaigh na hÉireann.

Comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann a dhíolmhadh ó fhorála áirithe den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 .

113. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “Acht 1933” an t Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 11 de 1933) .

(2) Ní bheidh feidhm ag ailt 22 agus 39 d'Acht 1933 maidir le tiomáint feithicle inneallghluaiste is leis an Stát, nó atá ar shlí eile faoi urlámhas an Aire, ag aon chomhalta d'Óglaigh na hÉireann le linn dó bheith ar dualgas.

(3) Ní bheidh feidhm i rith tréimhse éigeandála ag na forála seo a leanas d'Acht 1933 maidir le haon chomhalta d'Óglaigh na hÉireann le linn dó bheith ar dualgas, is é sin le rá, ailt 22 agus 49, fo-alt (2) d'alt 149, fo-alt (5) d'alt 159 agus ailt 164 agus 166.