An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil V. Dícháilíochtaí, Díolúintí agus Pribhléidí Comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.) Ar Aghaidh (CUID V. Araíonacht.)

18 1954

AN tACHT COSANTA, 1954

Caibidil VI.

Forála Ilghnéitheacha.

Sásamh in éagóra.

114. —(1) Más dóigh le haon oifigeach go bhfuil éagóir déanta air in aon ní ag aon oifigeach uachtarach nó oifigeach eile, lena n-áirítear a oifigeach ceannais, féadfaidh sé gearán a dhéanamh ina thaobh lena oifigeach ceannais, agus i gcás (agus sa chás sin amháin) nach ndéileálfaidh a oifigeach ceannais leis an ngearán chun sástachta an oifigigh sin, féadfaidh sé gearán a dhéanamh ar an modh forordaithe leis an Aire agus déanfaidh an tAire fiosrú i dtaobh an ghearáin agus bhéarfaidh a threoracha ina thaobh.

(2) Más dóigh le haon fhear go bhfuil éagóir déanta air in aon ní ag aon oifigeach, seachas a cheannasaí complachta, nó ag aon fhear, féadfaidh sé gearán a dhéanamh ina thaobh lena cheannasaí complachta, agus más dóigh leis go bhfuil éagóir déanta air ag a cheannasaí complachta i dtaobh gan sásamh a thabhairt dó ina ghearáin nó i dtaobh aon ní eile, féadfaidh sé gearán ina thaobh sin a dhéanamh lena oifigeach ceannais, agus más dóigh leis go bhfuil éagóir déanta air ag a oifigeach ceannais i dtaobh gan sásamh a thabhairt dó ina ghearán nó i dtaobh aon ní eile, féadfaidh sé gearán a dhéanamh ina thaobh sin ar an modh forordaithe leis an Ard-Aidiúnach, agus, má iarrann an fear air é, bhéarfaidh seisean tuairisc i dtaobh ábhair an ghearáin don Aire agus déanfaidh an tAire fiosrú i dtaobh an ghearáin agus bhéarfaidh a threoracha ina thaobh.

(3) Cuirfidh gach oifigeach lena ndéanfar gearán de bhun an ailt seo faoi deara fiosrú a dhéanamh i dtaobh an ghearáin sin, agus más deimhin leis, ar an bhfiosrú a dhéanamh, go bhfuil an ceart sa ghearán a rinneadh amhlaidh, déanfaidh sé pé bearta is gá chun lán-tsásamh a thabhairt don ghearánach in ábhar an ghearáin, agus i ngach cás cuirfidh in iúl ar an modh forordaithe don ghearánach cad é an beart a rinneadh maidir le hábhar an ghearáin.

(4) Déanfaidh an tAire rialacháin á fhoráil go bhféadfaidh aon duine a bheas faoi réir an Achta seo aon chúis mhíshásaimh a chur go pearsanta faoi bhráid pé oifigigh, ar pé ócáidí, a forordófar leis na rialacháin sin.

Maoin áirithe le comhaltaí marbha d'Óglaigh na hÉireann a bhailiú agus a dháil.

115. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “eastát seirbhíse”, maidir le comhalta marbh d'Óglaigh na hÉireann—

(a) páigh, liúntais, aiscí nó deontais a bheas dlite dhó,

(b) trealamh pearsanta a bhfuil cead aige faoi rialacháin é a choinneáil,

(c) earraí pearsanta, lena n-áirítear airgead, a gheofar air' nó i mbeairic, campa nó ceathrúna, nó a bheas ar shlí eile faoi chúram nó coimeád Óglaigh na hÉireann.

(2) Féadfar eastát seirbhíse comhalta mhairbh d'Óglaigh na hÉireann nó oifigigh de na hÓglaigh Cúltaca a éagfas le linn dó bheith ar fostú ar dualgas nó seirbhís mhíleata i rith tréimhse a bheas forógra i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís, nó i rith tréimhse a bheas cúltacairí gairmthe amach ar buan-tseirbhís faoi alt 88, nó eastát seirbhíse fir de na hÓglaigh Cúltaca a éagfas le linn dó bheith gairmthe amach ar buan-tseirbhís, a bhailiú, a riaradh agus a dháil do réir rialachán a dhéanfas an tAire.

Earraí pearsanta tréigtheora, neamhláithrí nó duine mhímheabhraigh a dhiúscairt.

116. —Diúscrófar do réir rialachán a dhéanfas an tAire earraí pearsanta agus oirneasa le comhalta d'Óglaigh na hÉireann ar tréigtheoir é, nó a bheas as láthair gan cead ar feadh lá agus fiche nó a éireos mímheabhrach, a gheofar i mbeairic, i gcampa, nó i gceathrúna, nó a bheas ar shlí eile faoi chúram nó coimeád Óglaigh na hÉireann.

Rialacháin chun críocha Coda IV.

117. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas—

(a) comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann a shannadh, trína gceapadh nó a n-aistriú nó ar shlí eile, do chóir sheirbhíse, foirne, aonaid nó feadhna eile d'Óglaigh na hÉireann, nó laistigh díobh,

(b) an modh ar a gceapfar earcaigh chun cór seirbhíse,

(c) fear d'aistriú ó chór seirbhíse go cór seirbhíse eile,

(d) aon duine, ní nó rud dá dtagartar sa Chuid seo mar dhuine, ní nó rud forordaithe,

(e) aon ní nó rud eile dá dtagartar sa Chuid seo mar ábhar do rialacháin agus nach dtugtar cumhacht shainráite don Aire chun rialacháin a dhéanamh ina leith.